Córas iarratais agus riachtanais iontrála coláistí
- Ag cur isteach ar choláiste
- Dátaí tábhachtacha i gcomhair iarratas CAO
- Riachtanais iontrála
- Táillí iarratais CAO
- Conas iarratas a dhéanamh
- Sonraí teagmhála an CAO
Ag cur isteach ar choláiste
Déanann tú iarratas ar bheagnach gach cúrsa lánaimseartha fochéime tríú leibhéal tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO).
I measc na gcúrsaí fochéime atá ar fáil in ollscoileanna agus in institiúidí teicneolaíochta tá seo a leanas:
- Ardteastais - Leibhéal 6
- Gnáthchéimeanna Baitsiléara - Leibhéal 7
- Céimeanna Baitsiléara Onóracha - Leibhéal 8
Cuireann an CAO lámhleabhar liosta na cúrsaí go léir atá ar fáil agus a eolas ar conas iarratas a dhéanamh.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun staidéar a dhéanamh in institiúidí tríú leibhéal trí vthairseach an CAO.</a>
Cúrsaí lasmuigh den CAO
Is bealach nua é an clár oideachais tríú leibhéal chun céim a bhaint amach. Ní gá iarratas a dhéanamh tríd an CAO. Is féidir leat eolas a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin na hOifige Náisiúnta Treasacha (NTO).
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) go díreach chuig na coláistí aonair. Ní dhéanann tú iarratas tríd an CAO.
Dátaí tábhachtacha i gcomhair iarratas CAO
Iarratais CAO do 2025-2026
Tá iarratais CAO do 2025-2026 ar oscailt ón 5 Samhain 2024. Is é 5pm an 1 Feabhra 2025 an spriocdháta d’iarratais CAO.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ‘Tábla na bpríomhdhátaí le haghaidh iarratais CAO 2025-2026’ thíos.
Iarratais dhéanacha
Dúnfar iarratais dhéanacha ar CAO 2025-2026 ar 1 Bealtaine 2025.
Ní féidir breithniú a dhéanamh ort do HEAR nó DARE ná measúnú a dhéanamh ort mar mhac léinn lánfhásta má dhéanann tú iarratas déanach.
Cúrsaí iarratais srianta
Is cúrsaí iarratas teoranta iad roinnt cúrsaí.
Tá próisis luathmheasúnaithe (amanna chomh luath le Feabhra) ag a leithéid seo de chúrsaí agus ní mór iad a lua i d' iarratas CAO in am chun go mbeidh an institiúid ard-oideachais in ann an próiseas a eagrú.
Ciallaíonn sé sin nach féidir leat iarratas déanach a dhéanamh. Féach féilire an CAO maidir le trialacha agus agallaimh iarratais shrianta.
Athrú intinne
Tá seans eile agat chun d'iarratas a athrú, saor in aisce, ón 6 Bealtaine 2025 go dtí 5 i.n. ar an 1 Iúil 2025.
Cúrsaí leighis
Maidir le cúrsaí sa leigheas, ní mór duit an Tástáil Iontrála na nGairmeacha Sláinte (HPAT) a dhéanamh. Is féidir leat eolas agus dátaí tábhachtacha a fháil ar shuíomh gréasáin HPAT-Ireland.
Is féidir leat léamh freisin faoi chláir iontrála iarchéime sa leigheas in 2025 ar shuíomh gréasáin an CAO.
Tábla de phríomhdhátaí d'iarratais CAO 2025-2026
Date |
What’s happening? |
5 November 2024 |
Online applications will open |
20 January 2025 |
Closing date for online applications at discounted fee |
1 February 2025 |
Closing date for on-time applications |
March and April 2025 |
Interviews and portfolio presentations for most restricted-application courses (see above) |
1 May 2025 |
Closing date for late applications |
6 May 2025 |
Online change-of-mind facility opens |
1 July 2025 |
Online change-of-mind facility closes |
TBC |
CAO makes ‘Round A’ offers to applicants who are not awaiting grades for the 2025 Leaving Certificate. For example, mature students, candidates who deferred places, people who need visas, and some others |
TBC |
CAO makes ‘Round Zero’ offers (for graduate entry medicine candidates and some other categories) |
TBC |
Closing date for ‘Round Zero’ offers |
TBC |
Leaving Certificate 2025 results come out |
TBC |
‘Round 1’ offers are available online from 2pm |
TBC |
CAO opens its ‘Available Places facility’ |
TBC |
Closing date to accept a ‘Round 1’ offer |
TBC |
‘Round 2’ offers are available online |
TBC |
Closing date to accept a ‘Round 2’ offer |
TBC |
CAO will make further offers to fill any vacancies |
5 November 2025 |
CAO opens applications for 2026-2027 academic year |
Riachtanais iontrála
Pointí Ardteistiméireachta
Cuirtear pointí ar fáil do mhic léinn a bhfuil scrúdú na hArdteistiméireachta déanta acu ar son na dtorthaí a fhaigheann siad sa 6 ábhar is fearr a dhéanann siad, ag iarracht amháin den Ardteistiméireacht.
Braitheann na pointí a bhronntar ar an leibhéal a ghnóthaíonn an mac léinn san ábhar. Is féidir an t-áireamhán ar qualifax.ie a úsáid chun na pointí a bhaineann le do thorthaí a ríomh.
Tá an stádas céanna ag an Teastas Stáit a thairgtear do mhic léinn don Ardteistiméireacht 2021 agus atá ag na hArdteistiméireachta a bronnadh ar mhic léinn sna blianta roimhe sin.
Braitheann an méid pointí iontrála a theastaíonn d'aon chúrsa:
- Ar an méid áiteanna, agus
- An líon iarrthóirí do na háiteanna sin.
Mar sin athraíonn an leibhéal iontrála ó bhliain go bliain. Tugtar pointí níos airde do na páipéir a dhéantar ag an Ardleibhéal ná páipéir ag an nGnáthleibhéal.
Féadfaidh roinnt ollscoileanna pointí bónais breise a leithdháileadh don mhatamaitic Ardleibhéil..
Foilsíonn an CAO íosmhéid na bpointí la haghaidh gach cúrsa chomh luath agus a dhéantar gach babhta tairiscintí. Is féidir seiceáil na bpointí riachtanacha i mblianta roimhe freisin.
Má tá tú faoi mhíchumas
D'fhéadfá cáiliú le haghaidh scéim Bhealach Rochtana Míchumais ar Oideachas (DARE), atá dírithe ar fheabhas a chur ar rochtain ar an ardoideachas do lucht fágála scoile faoi mhíchumas.
Bealach Rochtana ar Ardoideachas (BRA)
Má chomhlíonann tú critéir áirithe, d'fhéadfá cáiliú don scéim iontrála Bealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR). Leithdháileann an scéim seo roinnt áiteanna tríú leibhéal ar bhonn pointí laghdaithe ar lucht fágála scoile ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta.
Sainriachtanais acadúla iontrála
Ní mór do scoláirí na riachtanais iontrála acadúla ar leith (ar a dtugtar riachtanais mháithreánacha freisin) a theastaíonn don chúrsa is mian leis nó léi a dhéanamh.
Is féidir leat eolas mionsonraithe a fháil faoi na riachtanais iontrála acadúla ó gach ollscoil, coláiste nó institiúid.
An Earnáil ollscoileanna
Tá formhór na n-ollscoileanna in Éirinn maoinithe ag an Stát, ach is gnách go mbíonn siad uathrialach. Is ollscoil phríobháideach í Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI).
Is iad na hollscoileanna in Éirinn:
- Ollscoil na hÉireann (OÉ) arb í an scáth-ollscoil í a chlúdaíonn an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Ollscoil na Gaillimhe, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
- Ollscoil Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar go ginearálta Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD).
- Ollscoil Luimní
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
- Ollscoil Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte RCSI
Earnáil na teicneolaíochta
Cuimsíonn earnáil na teicneolaíochta ollscoileanna teicneolaíochta (TUanna) agus institiúidí teicneolaíochta (TFanna).
Tá 5 ollscoil theicneolaíoch ann:
- Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TU Baile Átha Cliath) – institiúidí teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Thamhlachta agus Bhaile Bhlainséir roimhe seo
- Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan MTU) – institiúidí teicneolaíochta Chorcaí agus Thrá Lí roimhe seo
- Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre Iarthar Láir (TUS) – institiúidí teicneolaíochta Luimnigh agus Bhaile Átha Luain roimhe seo
- Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) – institiúidí teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Shligigh agus Leitir Ceanainn roimhe seo. Bhain mic léinn a bhain céim amach i 2021-2022 ó na hinstitiúidí sin cáilíochtaí ollscoile amach
- Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) – institiúidí Cheatharlach agus Phort Láirge roimhe seo. Bhain mic léinn a bhain céim amach i 2021-2022 ó na hinstitiúidí sin cáilíochtaí ollscoile amach.
Tá 2 institiúid teicneolaíochta ann:
- Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT), Dún Laoghaire
- Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
Coláistí oideachais
Soláthraíonn coláistí oideachais sainoiliúint do mhúinteoirí bunscoile. Tá bunghráid áirithe do mhatamaitic agus do Bhéarla.
Leagann an Roinn Oideachais na riachtanais iontrála amach chuig sainoiliúint do mhúinteoirí.
Cúrsaí IarArdteistiméireachta
Ní leithdháiltear áiteanna ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta ná ar an gclár oideachais tríú leibhéal ar bhonn pointí. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le soláthraí an chúrsa chun eolas a fháil faoi na riachtanais iontrála.
Táillí iarratais CAO
Iarratas | Ráta |
Online only discounted rate by 20 January 2025 (discounted rate not available for paper applications) |
Iarratas ar líne ráta lascainithe faoi 20 Eanáir |
€30 | Iarratas ar pháipéar agus ar líne faoi 1 Feabhra 2025 |
€45 | Iarratas déanach ar líne faoi 1 Bealtaine |
€60 | Iarratas déanach pháipear faoi 1 Bealtaine |
Conas iarratas a dhéanamh
Iarratas tríd an LOI
I gcomhair institiúidí ardoideachais rannpháirteacha, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne tríd an CAO.
Iarratas a dhéanamh go díreach chuig coláistí
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an institiúid ardoideachais chuí (ní tríd an CAO) sna cásanna seo a leanas:
- Cúrsaí iarchéime
- Iontráil do chúrsaí ag leibhéal níos airde ná an chéad bhliain
- Cúrsaí gairide, téarma amháin, páirtaimseartha agus cúrsaí ócáideacha
- Ath-iontráil do Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Mhuire Gan Smál, Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Luimní
- Cúrsaí leantacha ag na hinstitiúidí teicneolaíochta
- Aon chúrsa nach luaitear i lámhleabhar an LOI
- Iarrthóirí lánfhásta áirithe
- Céimithe nó Iarrthóirí lánfhásta chuig Coláiste Ríoga na Máinlia
Cónaí lasmuigh den AE
Má tá tú nó má bhí tú do i do chónaí lasmuigh den AE b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh go díreach chuig roinnt institiúidí ard-oideachais (IAO).
Déan teagmháil le hoifig iontrála an HEI chun a fhiafraí ar chóir duit iarratas a dhéanamh tríd an CAO nó go díreach chuig an Institiúid Ardoideachais.
Seiceáil na nósanna imeachta iarratais don chúrsa is fearr leat i gcónaí, mar d'fhéadfadh earráidí a bheith deacair nó dodhéanta a cheartú.
Ba chóir duit do chuid fiosrúchán a dhéanamh i bhfad roimh dháta deiridh an 1 Feabhra, agus tráth nach déanaí ná an Nollaig roimhe sin is fearr.