Bearta le dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil

Míbhuntáiste oideachasúil

Is éard atá i gceist le míbhuntáiste oideachasúil ná nuair a fhaigheann daoine áirithe níos lú tairbhe as an gcóras oideachais ná daoine eile.

Feictear míbhuntáiste oideachasúil ar go leor bealaí, go minic ag leibhéil ísle rannpháirtíochta nó gnóthachtála sa chóras oideachais foirmiúil.

D’fhéadfadh leanaí a bheith faoi mhíbhuntáiste, mar shampla, mar gheall ar:

  • Míchumas
  • Drochshláinte
  • Deacrachtaí litearthachta
  • Bochtaineacht

Foghlaim faoi chuid de na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil i scoileanna:

Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)

Tá sé mar aidhm ag an gclár Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS) míbhuntáiste oideachasúil a laghdú. Is polasaí de chuid na Roinne Oideachais é.

Faoin gclár DEIS, faigheann na scoileanna ina bhfuil an líon is airde daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil acmhainní breise. Tugadh roinnt clár a bhí ann cheana le chéile faoi chreat DEIS.

Leagtar amach i bPlean DEIS 2017 (PDF) aidhmeanna na Roinne Oideachais chun deiseanna a fheabhsú do dhaoine i bpobail atá i mbaol míbhuntáiste agus eisiamh shóisialta.

Féach liosta na scoileanna DEIS reatha. Foghlaim tuilleadh faoi na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do scoileanna DEIS ar Gov.ie.

Scéimeanna agus cláir chun míbhuntáiste oideachasúil a laghdú

Scéim an Túis Luaith

Is scéim idirghabhála coisctheach bliana é Tús Luath do leanaí réamhscoile (3 go 5 bliana d’aois) atá i mbaol gan a lánacmhainneacht a bhaint amach ar scoil. Tá sé ar fáil i scoileanna roghnaithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste áirithe.

Clár Críochnaithe Scolaíochta

Tá an Clár Críochnaithe Scoile dírithe ar leanaí sa bhunscoil agus san iar-bhunscoil atá i mbaol an scoil a fhágáil go luath, nó atá lasmuigh den scoil agus nár aistrigh chuig institiúid foghlama eile (mar shampla, Ógtheagmháil).

Tá sé mar aidhm ag an gclár cabhrú le leanaí:

  • An Ardteistiméireacht a chríochnú,
  • Cáilíocht a bhaint amach ag leibhéal comhionann leis an Ardteistiméireacht, nó
  • Leibhéal oiriúnach oideachais a bhaint amach a ligeann dóibh leanúint ar aghaidh chuig breisoideachas, oiliúint nó fostaíocht

Tá an clár maoinithe ag Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS).

Scéim Idirchaidrimh Baile Scoile agus an Phobail

Tá sé mar aidhm ag an Scéim Idirchaidrimh Baile Scoile agus an Phobail feabhas a chur ar chomhoibriú idir an baile, na scoileanna agus na pobail chun torthaí oideachais a fheabhsú do leanaí faoi mhíbhuntáiste.

Múinteoirí tacaíochta foghlama

Tugann múinteoirí tacaíochta foghlama tacaíocht bhreise do leanaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, go háirithe i réimsí na litearthachta agus na huimhearthachta. Go ginearálta, cuirtear an tacaíocht sin ar fáil trí theagasc breise i ngrúpaí beaga nó ina n-aonar. Is féidir leat treoirlínte do mhúinteoirí tacaíochta foghlama a fháil ar Gov.ie.

Clár an mBéilí Scoile

Maoiníonn Clár na mBéilí Scoile scoileanna chun bia a sholáthar do leanaí scoile.

Ó Mheán Fómhair 2023, tá Clár na mBéilí Te Scoilear fáil do gach bunscoil DEIS. I mí Aibreáin 2024, leathnaíodh é chuig go leor bunscoileanna lasmuigh de chlár DEIS. Is féidir leat liosta na scoileanna atá ceadaithe do Chlár na mBéilí Te Scoile a léamh.

Fógraíodh in Buiséad 2025 go leathnófar clár na mBéilí Scoile Teo chuig gach bunscoil eile ar bhonn céimnithe ó Aibreán 2025. Tabharfar isteach tionscadal píolótach nua 'ocras saoire béilí scoile' i samhradh 2025.

Tá 2 scéim ag an gclár:

  • An Scéim Uirbeach
  • Scéim na dTionscadal Áitiúil

An Scéim Uirbeach

Tacaíonn an Scéim Uirbeach le béilí scoile do bhunscoileanna i gceantair uirbeacha. Tá údaráis áitiúla freagrach as soláthraithe bia a sholáthar do scoileanna ar an scéim sin. Féadfaidh ceapairí, torthaí agus bainne a bheith i gceist le béilí sa scéim sin.

Scéim na dTionscadal Áitiúil

Tugann Scéim na dTionscadail Áitiúil maoiniú díreach do scoileanna agus do ghrúpaí a oibríonn a gclár béilí scoile féin (d’fhéadfadh na béilí a bheith te nó fuar).

Tugtar maoiniú go díreach do:

  • Bunscoileanna
  • Meánscoileanna
  • Scoileanna speisialta
  • Grúpaí áitiúla
  • Eagraíochtaí deonacha
  • Réamhscoileanna pobalbhunaithe

Leithdháiltear maoiniú bunaithe ar ráta in aghaidh an bhéile, in aghaidh an linbh, in aghaidh an lae. Ní úsáidfear maoiniú ach amháin le haghaidh bia a chomhlíonann caighdeáin chothaithe áirithe (PDF).

Tús Cothrom

Is scéim nua é Tús Cothrom a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le leanaí faoi mhíbhuntáiste i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim agus cúram leanaí in aois scoile.

Cruthófar ról Teagmhála Teaghlaigh agus Pobail, agus cuirfear maoiniú ar fáil do thacaíochtaí saincheaptha do leanaí chomh maith le béilí agus am foirne.

Beidh na tacaíochtaí spriocdhírithe ar fáil do leanaí atá:

  • I gceantair faoi mhíbhuntáiste
  • I bpobail an Lucht Siúil agus na Romach
  • Ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí trí chomhlacht urraíochta
  • Gan dídean
  • Sa chóras um Chosaint Idirnáisiúnta

Tosófar ar chomhchéimniú Tús Cothrom ó Mheán Fómhair 2024, agus táthar ag súil go mbeidh sé ag feidhmiú go hiomlán faoi 2028.

Tionscadail speisialta do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste

Tá na tionscadail seo a leanas dírithe ar dhaoine óga san aoisghrúpa oideachais dara leibhéal, ach tá siad ábhartha freisin do roinnt daltaí bunscoile.

UBU – D’Áit Do Spás

Is scéim maoinithe é UBU - D’Áit Do Spás a sholáthraíonn tacaíochtaí lasmuigh den scoil chun cabhrú le daoine óga idir 10-24 bliain d’aois a n-acmhainneacht a bhaint amach. Tá sé maoinithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY).

Díríonn na tionscadail ar fhorbairt phearsanta agus oideachas sóisialta daoine óga atá i mbaol:

  • Mí-úsáid drugaí
  • Coiriúlacht ógánach
  • Luathfhágáil scoile
  • Eisiamh sóisialta
  • Dífhostaíocht
  • Cleithiúnas leasa
  • Easpa dídine
  • Imeallú (mar shampla, cúramóirí óga; daoine ón bpobal LGBTI+; daoine faoi mhíchumas; agus daoine ón Lucht Siúil nó pobail Romach)

Ionaid Faisnéise don Aos Óg

Maoiníonn an DCEDIY líonra d’Ionaid agus de sheirbhísí Faisnéise don Aos Óg.

Tugann na hionaid faisnéis saor in aisce agus rúnda do dhaoine óga faoi ghairmeacha, oideachas, cúrsaí fostaíochta, cearta agus teidlíochtaí, fóillíocht, spórt, taisteal agus deiseanna Eorpacha.

Ógtheagmháil

Cuireann Ógtheagmháil deiseanna ar fáil d’oideachas bunúsach, d’fhorbairt phearsanta, do ghairmoiliúint agus do thaithí oibre do lucht luathfhágála scoile gan cáilíochtaí foirmiúla ar bith.

Tuilleadh faisnéise

Tá brí an mhíbhuntáiste oideachais leagtha amach san Acht Oideachais (1998).

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar:

Ionchuimsitheacht Shóisialta

An Roinn Oideachais
Cor na Madadh
Baile Átha Luain
Co na hIarmhí
Éire

Teil: (090) 648 3600

An Clár na mBéilí Scoile

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil: (071) 913 8625 or (071) 915 7100
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Samhain 2024