Díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge
- Cad í díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge?
- Díolúintí ón nGaeilge 2022-2023
- Cé ar féidir leis cur isteach ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge?
- Conas iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge
- Conas cinneadh a achomharc
- Cá ndéanfaidh mé iarratas?
Cad í díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge?
Tá an Ghaeilge ar cheann de na croí-ábhair sa churaclam scoile in Éirinn.
Is féidir leat cur isteach ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Má fhaigheann tú díolúine, ní gá duit staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.
Ní féidir leat díolúine a fháil ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i scoil inarb í an Ghaeilge príomhtheanga an teagaisc.
Le díolúine a fháil ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ar scoil, caithfidh tú critéir áirithe a shásamh – féach ‘Cé ar féidir leis cur isteach ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge?’ thíos.
Díolúintí ón nGaeilge 2022-2023
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ar scoil, caithfidh tú na critéir a shásamh a leagtar amach i gCiorclán 54/2022 (do bhunscoileanna) agus Ciorclán 55/2022 (d’iar-bhunscoileanna) na Roinne Oideachais.
Chun teacht ar eolas breise ar na critéir chun díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a fháil - féach ‘Cé ar féidir leis cur isteach ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge?’ thíos.
Díolúintí a tugadh roimh 2022
Ní féidir iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ach faoi na rialacha a dtugtar cuntas orthu sa Chiorclán atá i bhfeidhm ag tráth an iarratais. Is féidir leat eolas breise a fháil faoi na rialacha a rialaíonn an díolúine ón nGaeilge roimh Mheán Fómhair 2022 ón Roinn Oideachais.
Is féidir cinneadh a dhéanamh faoi iarratais a próiseáladh a fhaide leis an 31 Lúnasa 2022 faoi rialacha na gciorclán nua nó faoi na hiarchiorcláin, ag brath ar cad is mó a oireann don scoláire.
Riachtanais Ghaeilge do chúrsaí tríú leibhéal
Má theastaíonn ó chúrsa tríú leibhéal a iontráil gur bhain an scoláire marc áirithe amach sa Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta, is féidir le scoláirí a bhí díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge díolúine a fháil freisin ón riachtanas seo. Cuireann gach coláiste féin a rialacha féin i bhfeidhm dó seo. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar chúrsa tríú leibhéal tríd an Lár-Oifig Iontrála (an CAO), ba cheart duit cóip den deimhniú díolúine a sheoladh le d’fhoirm iarratais de chuid an CAO.
Mura bhfuair tú díolúine a fháil ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ar scoil faoi na rialacha a leagann an Roinn Oideachais amach, is féidir leat iarratas a dhéanamh go fóill leis an institiúid tríú leibhéal ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ina riachtanais ar leibhéal iontrála. Déanfaidh an institiúid tríú leibhéal cinneadh faoi d’iarratas
D’fhéadfadh an coláiste iarraidh ort freisin foirm iarratais díolúine a líonadh agus cáipéisíocht tacaíochta a sheoladh. Ba cheart duit an scéal a fhiosrú leis an gcoláiste féin chun teacht ar shonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar dhíolúine.
Cé ar féidir leis cur isteach ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge?
Is féidir le tuismitheoir nó caomhnóir iarratas a dhéanamh go dtugtar díolúine dá leanbh ó staidéar staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, má cheapann siad go sásaíonn a leanbh na critéir. Caithfidh an leanbh a bheith cláraithe i scoil phríomhshrutha ina múintear trí Bhéarla.
Ní dhéanfar breithniú ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a thabhairt do do leanbh ach faoi chúinsí eisceachtúla.
Déanann príomhoide na scoile an cinneadh faoi dhíolúine a thabhairt do scoláire tar éis plé a dhéanamh le tuismitheoirí nó caomhnóirí scoláire, an múinteoir ranga, múinteoirí oideachais speisialta agus an scoláire féin.
Má cheadaítear díolúine, bíonn an rogha ag tuismitheoirí agus scoláirí gan an díolúine a úsáid, ach ní bhaintear an ceart díobh é a chur i bhfeidhm amach anseo.
I measc na scoláirí ar féidir leo díolúine a fháil ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, tá:
- Scoláirí atá á gclárú tar éis cúrsa iomlán bunoideachais a chríochnú lasmuigh den Stát, agus nach raibh an deis acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge
- Scoláirí 12 bhliain d’aois nó níos sine a fuair a n-oideachas lasmuigh den Stát ar feadh ar a laghad 3 bliana i ndiaidh a chéile, agus ní raibh an deis acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge
- Leanaí le hionadaithe taidhleoireachta nó consalachta eachtracha in Éirinn (bunscoileanna amháin)
Scoláirí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu
Is féidir le scoláirí a bhain rang a dó amach, ar a laghad, agus a shásaíonn na coinníollacha seo a leanas go léir díolúine a fháil:
- Scoláirí a bhfuil deacracht mhór litearthachta acu a leanann de bheith i gceist tar éis go raibh teacht acu ar chur chuige difreáilte i leith teanga agus litearthachta le himeacht ama. Ba cheart seo a dhoiciméadú i bPlean Tacaíochta Scoláire.
- Scoláirí a bhain scór caighdeánaithe ag nó faoi bhun na 10ú peircintíle amach i léitheoireacht focal, léamhthuiscint nó litriú.
Scoláirí a bhfuil riachtanais iolracha agus sheasmhacha acu
Is féidir le scoláirí a bhain rang a dó amach, ar a laghad, agus a shásaíonn na coinníollacha seo a leanas go léir díolúine a fháil:
- Scoláirí a bhfuil ardleibhéal de riachtanais shuntasacha, iolracha agus sheasmhacha acu a imríonn tionchar ar a bhfoghlaim agus a rannpháirtíocht i mbeatha na scoile
- Scoláirí a bhfuil fianaise shubstainteach scríofa ag a scoil go bhfuil na riachtanais i gceist go fóill in ainneoin Plean Tacaíochta Scoláire a bheith ann a cuireadh i bhfeidhm ar feadh ar a laghad 2 bhliain
- Caithfidh gur tugadh gach deis réasúnta do scoláirí an Ghaeilge a fhoghlaim i ranganna príomhshrutha
- Tá an príomhoide sásta go bhfuil díolúine a thabhairt chun sárleasa an scoláire
Cad iad riachtanais iolracha agus sheasmhacha?
Tá riachtanais iolracha agus sheasmhacha marthanach agus trom ó thaobh cineáil de agus imríonn siad tionchar suntasach ar fheidhmiú laethúil an scoláire ar scoil.
Díolúine do scoileanna speisialta agus do ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha
Is féidir a mheas go bhfuil na scoláirí seo a leanas díolmhaithe agus ní gá dóibh iarratas a dhéanamh ar dheimhniú díolúine:
- Scoláirí i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha
- Scoláirí a chláraigh roimhe seo i scoil speisialta nó i rang speisialta
- Scoláirí atá incháilithe agus a moladh clárú i scoil speisialta nó i rang speisialta.
Is féidir le húdaráis scoile cinntí a dhéanamh faoi riachtanais foghlama Gaeilge scoláirí atá i ranganna speisialta. Bíonn súil leis, áfach, go dtugann scoileanna deiseanna do scoláirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Gaeilge agus cultúrtha a mhéid agus is féidir.
Is féidir leat níos mó a léamh faoin díolúine ón nGaeilge i gCeisteanna Coitianta do thuismitheoirí na Roinne Oideachais.
Conas iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge
Déanann tú iarratas leis an bpríomhoide scoile ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá foirm iarratais ar fáil ag gov.ie.
Ba cheart duit na cúiseanna a chur san áireamh go bhfuil tú ag cur isteach ar an díolúine. Ní dhéanfar breithniú do dhíolúintí ach ar leanaí a shásaíonn na critéir a leagtar amach i gciorcláin na Roinne Oideachais maidir le díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.
Caithfidh tú fianaise dhoiciméadach faoi aois agus iarscolaíocht an scoláire a cheangal, má bhaineann siad leis an gcúis go bhfuil an díolúine á lorg.
Caithfidh an scoil toradh d’iarratais a dheimhniú i scríbhinn laistigh de 21 lá tar éis d’iarratas a fháil.
Eiseofar deimhniú díolúine duit atá sínithe ag an bpríomhoide scoile má cheadaítear díolúine.
Fianaise faoi mhíchumas
Ó Mheán Fómhair 2019 ar aghaidh, ní theastaíonn measúnuithe síceolaíochta agus scóir chumais chognaíoch (IQ) a thuilleadh nuair a chuirtear isteach ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.
Má lorgaítear an díolúine de bharr deacracht litearthachta, caithfidh go mbíonn deacrachtaí foghlama móra agus seasmhacha agat in ainneoin go raibh teacht agat ar chur chuige difreáilte i leith foghlaim teanga agus litearthachta le himeacht ama. Caithfidh fianaise a bheith ag an scoil freisin go raibh scór caighdeánaithe ag nó faoi bhun na 10ú peircintíle bainte amach ag an scoláire i dtástáil ghnóthachtála litearthachta amháin, ar a laghad, i léitheoireacht focal, léamhthuiscint nó litriú.
Is féidir leat níos mó a léamh faoi ionstraimí tástála caighdeánaithe in Treoir maidir le tástálacha discréideacha ar ghnóthachtáil litearthachta sa Bhéarla a roghnú (pdf), a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais.
Plean Tacaíochta Scoláire
Caithfidh an scoil fianaise dhoiciméadach a choimeád do scoláirí a bhfuil riachtanas oideachais speisialta acu sa Phlean Tacaíochta Scoláire. Ba cheart go gcuimseofaí na rudaí seo a leanas sa phlean:
- Athbhreithnithe rialta ar riachtanais foghlama mar chuid de thimthriall leanúnach measúnaithe
- Spriocanna a leagan amach
- Idirghabháil agus athbhreithniú, scóir thástála san áireamh i léitheoireacht focal, léamhthuiscint, litriú nó scóir eile theanga nó litearthachta
Conas cinneadh a achomharc
Mura gcomhaontaíonn tú leis an gcinneadh chun díolúine a dhiúltú do do leanbh, is féidir leat cinneadh na scoile a achomharc leis an gCoiste Achomhairc Díolúintí Gaeilge (an IEAC) trí úsáid a bhaint as an bhfoirm achomhairc oifigiúil. Caithfidh tú achomharc a dhéanamh laistigh de 30 lá ón dáta a chuirtear ar an eolas thú i scríbhinn ar chinneadh na scoile.
Déanfaidh an Coiste breithniú ar na forais a thugtar don diúltú, trí úsáid a bhaint as critéir na Roinne don díolúine agus aon cháipéisíocht tacaíochta atá ar fáil don scoil ag tráth an chinnidh.
Is féidir leat eolas breise agus foirm achomhairc na díolúine ón nGaeilge a fháil chun an cinneadh a achomharc ar gov.ie
Cá ndéanfaidh mé iarratas?
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh leis an bpríomhoide scoile i scríbhinn chun go dtabharfar díolúine do do leanbh. Is féidir leat foirmeacha iarratais a fháil ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge
Tá eolas breise ar fáil ag gov.ie.