Beartais iontrála i mbunscoileanna agus i meánscoileanna
- Réamhrá
- An dlí maidir le hiontrálacha scoile
- An bealach a roghnaíonn agus a thugann scoileanna tosaíocht do dhaltaí a dhéanann iarratas
- Critéir roghnúcháin do Ghaelscoileanna
- Iontráil daltaí faoi mhíchumas nó daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
- Iarratas a dhéanamh ar níos mó ná scoil amháin
- Cad a tharlóidh mura nglacann scoil le mo leanbh?
- Conas achomharc a dhéanamh má chinneann scoil gan glacadh le mo leanbh?
Réamhrá
In Éirinn, is gnách go bhfreastalaíonn daltaí ar a scoil áitiúil ach is féidir iarratas a dhéanamh ar son do linbh chun freastal ar scoil ar bith sa tír.
Is féidir do leanbh a chur chuig pé scoil is maith leat, ach áit a bheith ar fáil dó/di sa scoil sin.
Sa chás go bhfuil ganntanas áiteanna sa scoil, ní mór don scoil tosaíocht a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a mbeartas iontrála agus ar a bhFógra Iontrála Bliantúil. Caithfidh na doiciméid seo a bheith faofa ag bord bainistíochta na scoile . Ba cheart iad a bheith foilsithe ar shuíomh gréasáin na scoile agus ar fáil i scríbhinn ach iad a iarraidh.
An dlí maidir le hiontrálacha scoile
Tá sé mar aidhm ag an Acht Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2018 a chinntiú go bhfuil na rialacha maidir le hiontrálacha chuig scoileanna níos struchtúrtha, níos cothroime agus níos trédhearcaí ná mar a bhí.
Táillí agus ranníocaíochtaí
Ní féidir le scoileanna táillí a ghearradh nó ranníocaíochtaí a lorg mar choinníoll iontrála nó mar choinníoll iontrála leanúnaí, ach amháin i gcás meánscoileanna táillí, scoileanna cónaithe agus i leith iontrála ar chúrsaí iar-ardteistiméireachta nó cúrsaí breisoideachais arna reáchtáil ag iar-bhunscoileanna.
Creideamh
Ní féidir le bunscoileanna reiligiún a úsáid mar bhonn iontrála agus ní féidir leo tosaíocht a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcreideamh reiligiúnach. Tá roinnt eisceachtaí ann, áfach:
- Féadfaidh scoil a chuireann teagasc nó oideachas creidimh ar fáil i reiligiún mionlaigh tús áite a thabhairt do dhalta den reiligiún sin a bhfuil áit á lorg acu i scoil a sholáthraíonn teagasc nó oideachas creidimh atá ag teacht le, nó atá cosúil le, creideamh reiligiúnach an dalta sin.
- Is féidir le scoil a bhfuil sé mar aidhm aici luachanna reiligiúnacha áirithe a chur chun cinn iontráil a dhiúltú do dhalta nach den sainchreideamh sin iad más féidir a chruthú go bhfuil an diúltú sin riachtanach chun éiteas na scoile a choinneáil.
Iontráil bunaithe ar dháta an iarratais
Ní féidir le scoileanna an t-am agus an dáta a fhaightear iarratas a úsáid mar bhonn iontrála. Ciallaíonn sé seo nach féidir áiteanna scoile a leithdháileadh ar bhonn na n-iarratas is túisce a thagann isteach.
Caithfidh scoileanna daltaí a ligean isteach bunaithe ar a mbeartas iontrála agus ar a bhfógra iontrála.
Fógra iontrála
Ní mór do bhord bainistíochta scoile fógra iontrála bliantúil a fhoilsiú sula nglacfar le hiarratas ar bith aon bhliain ar leith. Caithfear an fógra a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na scoile agus a bheith ar fáil i scríbhinn ach é a iarraidh.
Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith ar an bhfógra iontrála:
- Conas teacht ar chóip de pholasaí iontrála na scoile
- Conas teacht ar fhoirm iarratais ar iontráil
- An dáta a thosóidh an scoil ag glacadh le hiarratais don bhliain i gceist
- Spriocdháta na scoile chun iarratais a fháil
- An dáta a chuirfidh an scoil a gcinneadh in iúl duit
- An dáta faoina gcaithfidh tú glacadh le háit
Mura bhfuil ró-éileamh ar an scoil, ba cheart don scoil leanúint ar aghaidh ag glacadh le hiarratais, fiú i ndiaidh an spriocdháta.
Caithfidh sé a bheith luaite sa pholasaí iontrála go ndéanfaidh an scoil freastal ar iontráil leanaí faoi mhíchumas nó leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais eile acu. Ní mór don scoil comhoibriú a dhéanamh leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun oideachas riachtanas speisialta a sholáthar.
Liostaí feithimh
Caithfidh scoileanna deireadh a chur de réir a chéile leis na liostaí feithimh atá acu faoin 31 Eanáir 2025. Amach anseo, is féidir le scoil liosta a choinneáil de na daltaí nár éirigh leo áit a fháil toisc go raibh ró-éileamh ar an scoil. Caithfidh an scoil an liosta seo a úsáid chun folúntas ar bith a thagann chun cinn le linn na scoilbhliana a líonadh.
Cúiseanna nach féidir le scoil a úsáid chun daltaí a roghnú
Ní féidir le scoil na cúiseanna seo a leanas a chur san áireamh agus daltaí á roghnú:
- Tinreamh an dalta ar réamhscoil (cé gur féidir leo freastal an dalta ar rang luath-idirghabhála nó ar réamhscoil ‘Tús Luath’)
- Cumas acadúil, scileanna nó inniúlacht an dalta (cé gur féidir iad seo a chur san áireamh in iarratais ar chúrsaí iar-ardteistiméireachta nó ar chúrsaí breisoideachais nó i gcúinsí áirithe san oideachas speisialta (féach thíos).
- Slí bheatha, stádas airgeadais, cumas acadúil, scileanna nó inniúlachtaí thuismitheoirí an dalta
- Freastal an dalta nó thuismitheoirí an dalta ar agallamh nó ar lá oscailte (cé gur féidir agallamh a chur san áireamh le haghaidh iontrála chuig an ngné chónaithe de scoil chónaithe)
- An dáta agus an t-am a fuair an scoil an t-iarratas chomh fada agus a chuirtear isteach é le linn na tréimhse leagtha amach san fhógra iontrála)
Iarratais a tharraingt siar
Féadfaidh scoil a tairiscint áite a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:
- Tugadh eolas mícheart nó míthreorach san iarratas
- Níor tugadh deimhniú go bhfuiltear ag glacadh leis an tairiscint áite faoin dáta a luaigh an scoil ina fógra iontrála bliantúil
- Níor tugadh deimhniú i scríbhinn go nglactar le beartas iompair na scoile agus go ndéanfar gach iarracht réasúnach a chinntiú go gcloítear leis an mbeartas sin ar iarratas ón scoil
- Níor cuireadh an scoil ar an eolas faoi thairiscintí a fuarthas ó scoileanna eile
An bealach a roghnaíonn agus a thugann scoileanna tosaíocht do dhaltaí a dhéanann iarratas
Go ginearálta, ní mór do scoileanna glacadh le gach dalta a dhéanann iarratas orthu mura bhfaigheann siad níos mó iarratas ná mar atá áiteanna (i bhfocail eile, má tá ró-éileamh ar an scoil).
Caithfidh beartas iontrála a bheith ag gach scoil. Leagtar amach sa pholasaí na rialacha a chuirtear i bhfeidhm má tá ró-éileamh ar an scoil. Cabhraíonn na rialacha roghnúcháin seo leis an scoil cinneadh a dhéanamh maidir leis na daltaí a nglacfar leo agus maidir leis an ord ina nglacfar leo.
Ní féidir le scoileanna idirdhealú a dhéanamh ar aon cheann de na forais seo a leanas:
- Inscne
- Stádas sibhialta
- Stádas teaghlaigh
- Gnéaschlaonadh
- Creideamh
- Míchumas
- Cine
- Duine den Lucht Siúil
- Riachtanais speisialta oideachais
Tá roinnt eisceachtaí ann maidir leis na rialacha seo:
Inscne
Mura nglacann scoil ach le daltaí d’inscne ar leith (scoil do chailíní nó scoil do bhuachaillí amháin), ní chaithfidh an scoil glacadh le dalta den inscne eile.
Éiteas creidimh
Cuireann go leor scoileanna in Éirinn luachanna creidimh áirithe chun cinn. Níl cead ag na scoileanna seo idirdhealú a dhéanamh agus daltaí de chreideamh ar leith a ligean isteach seachas daltaí eile, ach amháin sna cúinsí seo a leanas:
- Má tá sé mar aidhm ag scoil luachanna reiligiúnacha áirithe a chur chun cinn, is féidir leis an scoil iontráil a dhiúltú do dhalta nach den sainchreideamh sin iad más féidir a chruthú go bhfuil an diúltú sin riachtanach chun éiteas na scoile a choinneáil.
- Féadfaidh scoil a chuireann teagasc nó oideachas creidimh ar fáil i reiligiún mionlaigh tús áite a thabhairt do dhalta den reiligiún sin a bhfuil áit á lorg acu i scoil a sholáthraíonn teagasc nó oideachas creidimh atá ag teacht le, nó atá cosúil le, creideamh reiligiúnach an dalta sin.
Tá sé de cheart ag daltaí freastal ar scoil reiligiúnach gan aon teagasc reiligiúnach a fháil.
Critéir roghnúcháin do Ghaelscoileanna
Is féidir le Gaelscoileanna (bunscoileanna lán-Ghaeilge) tús áite a thabhairt do dhaltaí a bhfuil líofacht réasúnta aoisoiriúnach acu sa Ghaeilge má an scoil sásta go dtiocfadh cúlú ar líofacht an dalta sin mura ligfí isteach sa Ghaelscoil iad.
D’fhéadfadh iar-bhunscoil lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt do dhaltaí a d’fhreastail ar Ghaelscoil.
Iontráil daltaí faoi mhíchumas nó daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
Ní féidir le scoileanna idirdhealú a dhéanamh toisc go bhfuil leanbh faoi mhíchumas nó go bhfuil riachtanas speisialta oideachais aige/aici. Go teoiriciúil, ciallaíonn sé seo gur cheart go mbeifeá in ann iarratas a dhéanamh ar scoil ar bith agus gur cheart go ndéanfadh an scoil sin freastal ar do leanbh. Ach, le fírinne, níl na háiseanna iomchuí ag roinnt scoileanna glacadh le daltaí a bhfuil dianriachtanais speisialta acu.
Más fearr leat go bhfreastalódh do leanbh ar scoil speisialta nó ar rang speisialta i scoil a fhreastalaíonn ar chineálacha sonracha míchumais, beidh feidhm ag na critéir roghnúcháin thuas.
Más ‘scoil speisialta’ í an scoil a bhfuil tú ag déanamh iarratais uirthi, féadfaidh an scoil do leanbh a dhiúltú mura bhfuil an chatagóir sainriachtanais atá sonraithe ag do leanbh. Ní mór é seo a bheith luaite i bhfógra iontrála na scoile.
Má tá iarratas á dhéanamh agat chun áit a fháil do do leanbh i ‘rang speisialta’ i scoil a bunaíodh chun soláthar a dhéanamh go heisiach do dhaltaí a bhfuil catagóirí áirithe riachtanas speisialta acu, is féidir leis an scoil do leanbh a dhiúltú don rang sin mura bhfuil an chatagóir riachtanas speisialta sonraithe ag do leanbh. Ní mór é seo a bheith luaite i bhfógra iontrála na scoile.
Cad a tharlóidh mura féidir liom scoil oiriúnach a aimsiú do mo leanbh a bhfuil riachtanais speisialta aige/aici?
Níl na háiseanna iomchuí ag roinnt scoileanna glacadh le daltaí a bhfuil dianriachtanais speisialta acu. Mura bhfuil scoil i do cheantar le háiseanna do do leanbh, beidh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) nó Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach in ann cabhrú leat. Is féidir leo scoil i do cheantar a ainmniú do do leanbh agus ní mór don scoil sin soláthar breise a dhéanamh chun freastal ar do leanbh.
Déanann an tAcht Oideachais (Socrú i leith Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu), 2022 soláthar breise do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tá eolas foilsithe do scoileanna ag an Roinn Oideachais maidir le soláthar a dhéanamh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Iarratas a dhéanamh ar níos mó ná scoil amháin
Is féidir iarratas a dhéanamh ar níos mó ná scoil amháin ach ní féidir glacadh le níos mó ná áit amháin.
Má ghlacann tú le tairiscint ó scoil amháin agus má tá iarratas déanta agat ar scoil/scoileanna eile, ní mór duit an scoil óna bhfuil tú ag glacadh leis an tairiscint a chur ar an eolas faoi thairiscint ar bith eile a fuair tú, nó lena bhfuil tú ag súil, ó na scoileanna eile sin.
Ba cheart beartas iontrála na scoile a sheiceáil chun teacht ar na rialacha a bhaineann leis an gcaoi ar cheart duit an scoil a chur ar an eolas.
Faoin Acht Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2018, is féidir le boird bhainistíochta scoileanna faisnéis a chomhroinnt lena chéile faoi iarratais a fuarthas, faoi thairiscintí a rinneadh agus faoi thairiscintí ar glacadh leo.
Cad a tharlóidh mura nglacann scoil le mo leanbh?
Mura nglactar le do leanbh i scoil a ndearnadh iarratas uirthi, ba cheart don scoil scríobh chugat agus an chúis nó na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú a chur in iúl duit. Ba cheart freisin go dtabharfaí eolas duit faoi áit do linbh ar an liosta feithimh agus go míneofaí rangú do linbh i gcoinne chritéir roghnúcháin na scoile.
Féadfaidh an scoil sin scoil eile oiriúnach a mholadh duit chun iarratas a dhéanamh uirthi mura bhfuiltear in ann glacadh le do leanbh.
Má tá deacracht agat áit a aimsiú do do leanbh i scoil áitiúil, déan teagmháil le Seirbhís Leasa Oideachais Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ar 01-7718500.
Conas achomharc a dhéanamh má chinneann scoil gan glacadh le mo leanbh?
Is féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na scoile gan do leanbh a chlárú.
Má dhiúltaíonn scoil do leanbh a chlárú mar thoradh ar ró-éileamh, ní mór duit iarraidh ar bhord bainistíochta na scoile ar dtús athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh seo. Ní mór duit d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh ar Fhoirm Iarratais an Bhoird Bainistíochta (BOMR1). Caithfidh an bord bainistíochta toradh d’iarratas ar athbhreithniú a chur in iúl duit laistigh de 42 lá ó dháta an chinnidh iontráil sa scoil a dhiúltú.
Is féidir achomharc faoi Alt 29 a dhéanamh chuig an Roinn Oideachais, nuair a fhaightear toradh an athbhreithnithe ón mbord nó 42 lá tar éis an chinnidh iontráil a dhiúltú - cibé acu seo is luaithe. Ní mór achomharc faoi Alt 29 a dhéanamh leis an Roinn Oideachais, áfach, tráth nach déanaí ná 63 lá tar éis chinneadh bunaidh na scoile iontráil a dhiúltú. Bain leas as Foirm iarratais ar achomharc faoi Alt 29 chun achomharc a dhéanamh. Féach Ceisteanna Coitianta na Roinne maidir le hachomharc faoi Alt 29 nuair a bhíonn ró-éileamh ar scoil.
Má dhiúltaíonn scoil do leanbh a ligean isteach ar chúis eile seachas ró-éileamh a bheith ar an scoil, is féidir d’achomharc a dhéanamh chuig an Roinn Oideachais ar Fhoirm iarratais ar achomharc faoi Alt 29.
Sula ndéantar achomharc faoi Alt 29, is féidir athbhreithniú a lorg ar chinneadh an bhoird bhainistíochta gan do leanbh a ligean isteach. Chun achomharc a fháil, bain leas as Foirm Iarratais ar Athbhreithniú ag an mBord Bainistíochta (BOMR1). Má lorgaítear athbhreithniú, ní mór don bhord bainistíochta an toradh a chur in iúl duit laistigh de 42 lá ó dháta an chinnidh iontráil sa scoil a dhiúltú.
Mura dteastaíonn athbhreithniú uait, is féidir iarratas a dhéanamh láithreach ar achomharc neamhspleách faoi Alt 29.
Ní mór d’achomharc faoi Alt 29 a dhéanamh tráth nach déanaí ná 63 lá tar éis cinneadh bunaidh na scoile iontráil a dhiúltú.