Gairmchlár na hArdteistiméireachta
- Cad é Gairmchlár na hArdteistiméireachta?
- Ábhair agus measúnuithe Chlár Gairmoideachais na hArdteistiméireachta
- Slí chuig staidéar níos airde
- Táillí scrúdaithe Ardteistiméireachta
- Conas iarratas a dhéanamh
- Tuilleadh eolais
Cad é Gairmchlár na hArdteistiméireachta?
Is Ardteistiméireacht é Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) le fócas láidir ar an ngairm. Is rogha eile é sa tSraith Shinsearach go dtí an Ardteistiméireacht bhunaithe.
Díríonn an LCVP ar scileanna praiticiúla na mac léinn a fhorbairt do shaol na hoibre in éineacht lena n-ábhar acadúla.
Ní mór do mhic léinn LCVP:
- 5 ábhar seanbhunaithe Ardteistiméireachta lena n-áirítear an Ghaeilge
- 2 nascmhodúl ar oideachas fiontraíochta agus ullmhúchán don obair
Má tá díolúine agat ón nGaeilge, caithfidh tú ábhar eile a roghnú lena chinntiú go bhfuil 5 ábhar Ardteistiméireachta bunaithe agat.
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais na socruithe measúnaithe do scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí in 2025 (pdf), lena n-áirítear an LCVP.
Ábhair agus measúnuithe Chlár Gairmoideachais na hArdteistiméireachta
Na modúil nasc
Caithfidh mic léinn 2 nasc-mhodúl a dhéanamh:
- Ullmhúchán do shaol na hoibre
- Oideachas fiontraíochta
Tá na nascmhodúil bunaithe ar ghníomhaíochtaí agus tógtar iad thar 2 bhliain an chláir.
Is gnách go dtógann an 2 mhodúl idir 2 agus 3 thréimhse ranga in aghaidh na seachtaine, i gcomparáid le hábhar Ardteistiméireachta, a thógann idir 4 agus 5 thréimhse ranga in aghaidh na seachtaine de ghnáth.
Cabhraíonn na modúil naisc le mic léinn an t-eolas agus na scileanna a ghnóthaíonn siad trí na hábhair a roghnaíonn siad a chur i bhfeidhm sa saol lasmuigh den scoil.
Measúnú agus scrúduithe
Scrúdaítear ábhair na hArdteistiméireachta trí scrúdú caighdeánach na hArdteistiméireachta.
Déantar measúnú ar na nascmhodúil ag:
- Scrúdú scríofa cothrom le 40% de na marcanna iomlána
- Punann d’obair chúrsa arb ionann é agus 60% de na marcanna iomlána
Teastas
Fáigheann scoláirí an teastas céanna is a fháigheann scoláirí na hArdteistiméireachta, ach bíonn ráiteas eile sa Teastas faoi thoradh na módúil nascaithe (Pas, Fiúntas nó Gradam)
Slí chuig staidéar níos airde
Tugann an clár an deis chéanna do mhic léinn dul go dtí ollscoilanna agus coláistí agus a dhéanann an Ardteistiméireacht Bhunaithe.
Tá scéim grádaithe nua don Ardteist ó 2017. Ciallaíonn an scéim nua go ndearnadh leasú ar an Scála Pointí Comónta a úsáideann an CAO chun iontráil ar institiúidí tríú leibhéil a mheas.
Ó 2017, aithníonn na hInstitiúidí Teicneolaíochta agus na hollscoileanna na modúil naisc mar seo a leanas:
- Gradam: 66 pointe
- Tuillteanas: 46 points
- Pas: 28 points
Táillí scrúdaithe Ardteistiméireachta
Ní bheidh aon táille ar scrúdú na hArdteistiméireachta in 2025.
Conas iarratas a dhéanamh
Más scoláire thú atá ar freastal ar scoil dara leibhéil, cuirfidh an scoil do chuid sonraí chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
Más iarrthóir seachtrach thú (nach bhfuil ag freastal ar scoil) don Chúrsa Gairmiúil Ardteistiméireachta, ba chóir d’iarratas ar líne nó i scríbhinn dhéanamh agus a bheith curtha chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit faoin dáta deiridh
Tuilleadh eolais
Léigh tuilleadh faoin LCVP, lena n-áirítear tuilleadh ar mhodúil agus riachtanais an chláir, i Ráiteas Clár Gairmoideachais na hArdteistiméireachta (pdf).