An Ardteistiméireacht Fheidhmeach
- Réamhra
- Cúrsaí na hArdteistiméireachta Feidhmeach
- I dteideal oideachas níos airde agus cúrsaí triú-leibhéil eile
- Táille scrúdaithe na hArdteistiméireachta
- Conas iarratas a dhéanamh
- Tuilleadh eolais
Réamhra
Is clár Ardteistiméireachta ar leith agus neamhspleách í an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) a mhaireann 2 bhliain agus a ullmhaíonn daltaí don saol aosach agus don saol oibre.
Cuidíonn an clár le daltaí an méid a fhoghlaimíonn siad a chur i bhfeidhm sa saol mar atá.
Tá an clár 2 bhliain seo comhdhéanta de 4 bhloc, leathbhliain an ceann, ar a dtugtar seisiúin. Cuirtear creidiúintí i leith gnóthachtálacha i ngach seisiún.
Is clár difriúil é an Ardteistiméireacht bhunaithe a chlúdaíonn raon leathan ábhar a dhéantar thar 2 bhliain. Is féidir leat léamh faoin Ardteistiméireacht.
An Ardteistiméireacht Fheidhmeach 2024
Is féidir leat eolas a fháil faoi na socruithe measúnaithe do scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmí 2024.
Cúrsaí na hArdteistiméireachta Feidhmeach
Tá na cúrsaí ar fáil i dtrí phríomh-réimse:
- Ullmhú ghairmeach, tagann taithí oibre, fiontair agus cumarsáide faoi seo
- Oideachas ghinearálta, ag tairiscint scileanna saoil, ealaíon, oideachas shóisialta, caitheamh aimsire agus teanga
- Oideachas ghairmiúil.
Structúr an chúrsa
Tá gach cúrsa déanta suas de roinnt módúl. Déantar gach módúl thar tréimhse leathbhliana. Tá réimse leathan de chúrsaí praiticúla ann ar a nglaotar sainghnéithe gairmeacha orthu inár féidir leis an scoláire roghnú a dhéanamh.
Measúnú agus scrúduithe
Déantar measúcháin go leanúnach i rith an chúrsa agus tá scrúdú deireanach ann.
Déantar an measúchán nuair atá na módúil agus na gníomhaíochtaí praiticiúla críochnaithe, rud a thugann deis don scoláire an fhoghlaim a chomhthathú ó chúrsaí difriúla.
Caithfear an scrúdú deireanach dhéanamh sna réimsí seo :
- Béarla agus Cumarsáid
- Dhá shainghné ghairmiúil
- Feidhmiú Matamaitice
- Teanga
- Oideachas Sóisialta
Tá scrúdú scríofa agus scrúdú béil i ngach teanga. Tá scrúduithe praiticiúla ins na sainghnéithe gairmiúla. Déantar na scrúduithe scríofa i mí Meithimh ag an am céanna is a dhéantar na scrúduithe i gcóir na hArdteistiméireachta Bunaithe.
Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoin gcaoi a ndéantar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach a mheasúnú.
An teastas bronnta
Bronntar Ardteistiméireacht ar na scoláirí a éiríonn leo an clár a chríochnú. Bronntar an teastas ar thrí leibhéal:
Leibhéal | Creidiúintí is gá riachtanach |
Pass | 60-69% (120-139 creidiúintí) |
Fiúntas | 70-84% (140-169 creidiúintí) |
Céimíocht | 85-100% (170-200 creidiúintí) |
Bronntar Tuairisc Taithíochta ar na hiarrthóirí a fháigheann níos lú ná 60 creidiúintí nó nach gcríochnaíonn an cúrsa.
I dteideal oideachas níos airde agus cúrsaí triú-leibhéil eile
Is féidir le dalta ar a mbronntar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach dul ar aghaidh chuig raon an-leathan de Chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta. Tá siad seo ar fáil in iar-bhunscoileanna agus coláistí áitiúla.
Tá cúrsaí iar-ardteistiméireachta ar fáil ina leithéid d’ábhair agus Ealaín/Dearadh, Gnó, Eolaíocht, Seirbhísí/Fóillíocht agus Cumarsáid/Staidéar ar na Meáin Chumarsáide.
Féadfaidh dul ar aghaidh ó chúrsaí iar-ardteistiméireachta chuig dámhachtain arna haithint ag an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) Is féidir a fháil amach anseo cibé an bhfuil do chúrsa aitheanta ag an CNC.
Ní féidir dul díreach ar aghaidh chuig an altranas ach d'fhéadfadh go mbeadh siad i dteideal iarratas a dhéanamh mar mhac léinn lánfhásta le cáilíochtaí áirithe nó taithí ábhartha.
Is féidir le daltaí a bhfuil an Ardteistiméireacht Fheidhmeach acu dul ar aghaidh freisin chuig cláir phrintíseachta. Téann go leor daltaí go díreach isteach i bhfostaíocht.
An Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus an CAO
Ní féidir le daltaí a bhfuil an Ardteistiméireacht Fheidhmeach bainte amach acu iontráil dhíreach a fháil trí Chóras na Lár-Oifige Iontrála chuig na hollscoileanna nó na hinstitiúidí teicneolaíochta.
Bronntar dámhachtain leibhéal 5 nó leibhéal 6 ag deireadh go leor cúrsaí iar-Ardteistiméireachta. I gcásanna áirithe, is féidir dul ar aghaidh leis an dámhachtain seo chuig cúrsa tríú leibhéal in institiúid ardoideachais amhail institiúid teicneolaíochta nó ollscoil. Ba cheart na roghanna maidir le do bhealach chun cinn a phlé le soláthraí do chúrsa.
Táille scrúdaithe na hArdteistiméireachta
Ní bheidh aon táille ar scrúdú na hArdteistiméireachta in 2024.
Conas iarratas a dhéanamh
Más scoláire thú atá ar freastal ar scoil dara leibhéil, cuirfidh an scoil do chuid sonraí chuig Comisiúin na Scrúduithe Stáit.
Más iarrthóir seachtrach thú (nach bhfuil ag freastal ar scoil) don Ardteistiméireacht Fheidhmeach, ba chóir d’iarratas ar líne nó i scríbhinn dhéanamh agus a bheith curtha chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit faoin dáta deiridh.
Tá tráthchlár scrúduithe scriofa Ardteistiméireacht Fheidhmeach (pdf), tráthclár oibre chursa (pdf) agus páipéir scrúidaithe le feiceáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.