Scrúdú agus torthaí na Sraithe Sóisearaí
- Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí
- Sraithe Sóisearaí 2024
- Dámhachtainí agus gráid na Sraithe Sóisearaí
- Táille Scrúdú na Sraithe Sóisearaí
- Toradh na Sraithe Sóisearaí
- Conas do thorthaí a achomharc
- Tuilleadh eolais
Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí
Déantar scrúdú na Sraithe Sóisearaí ag deireadh na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna.
Reáchtáiltear an scrúdú scríofa i mí an Mheithimh sa tríú bliain den tSraith Shóisearach.
Is féidir leat eolas a fháil faoi scrúdpháipéir an Teastais Shóisearaigh roimhe seo.
Sraithe Sóisearaí 2024
Is féidir leat eolas a fháil faoin socrú measúnaithe do scrúduithe na Sraithe Sóisearaí 2024.
Tá na dátaí do thrialacha praiticiúla léirithe ceoil sa tSraith Shóisearach 2024 ar fáil.
Foilseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) amchlár na scrúduithe agus tuilleadh eolais don tSraith Shóisearach 2024.
Dámhachtainí agus gráid na Sraithe Sóisearaí
In 2022, tháinig Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) in áit an Teastais Shóisearaigh. Cuireann sé measúnú rangbhunaithe leis an gclár, atá bunaithe ar an obair a rinne an dalta sa dara agus sa tríú bliain.
Tá tuilleadh eolais faoi na hathruithe ar an tSraith Shóisearach ar fáil ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).
Gráid Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí
Raon Céatadáin | Grád |
90 nó os a chionn | Gradam |
75 ach níos lú ná 90 | Ardtuillteanas |
55 ach níos lú ná 75 | Tuillteanas |
40 ach níos lú ná 55 | Gnóthaithe |
20 ach níos lú ná 40 | Gnóthaithe go páirteach |
Níos lú ná 20 | Neamhghrádaithe |
Ó 2014 go 2021, bhí bandaí gráid “A-NG” a bhain leis an sean-Teastais Shóisearaigh agus tuairisceoirí nua na Sraithe Sóisearaí “Neamhhhnóthaithe-Gradam” le feiceáil ar Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí.
Táille Scrúdú na Sraithe Sóisearaí
Ní bheidh aon táille ar scrúdú na Sraithe Sóisearaí in 2024.
Toradh na Sraithe Sóisearaí
Is féidir leat do thorthaí a fháil ó do scoil agus ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Beidh do scrúduimhir agus d’uimhir aitheantais phearsanta ag teastáil chun do thorthaí a rochtain ar líne. Is féidir an dá uimhir seo a fháil ó do scoil.
Ag fáil do thorthaí ó bhlianta roimhe seo
Chun ráiteas deimhnithe ar scrúdú a fháil, is féidir iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó an fhoirm iarratais a úsáid. Ní mór duit na sonraí pearsanta seo leanas a chur ar fáil:
- Ainm agus sloinne
- Ainm ag am an scrúdaithe (más difriúil)
- Seoladh reatha
- Uimhir ghutháin i rith an lae
- Dáta breithe
- Bliain an scrúdaithe
- Ainm agus seoladh na scoile
- Scrúduimhir (más eol)
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
Léigh tuilleadh faoi iarratas a dhéanamh ar ráiteas ar thorthaí scrúduithe.
Conas do thorthaí a achomharc
Más maith leat achomharc a dhéanamh ar thorthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí, ba cheart duit iarratas a dhéanamh trí do scoil.
In 2023, ba é €32 an táille achomhairc do gach ábhar. Aisíocadh an táille má bhronntar grád níos airde mar thoradh ar an achomharc.