Cáilíochtaí múinteora
- Rialú múinteoirí
- Oideachas agus cáilíochtaímúinteoirí
- Múinteoirí a cáilíodh lasmuighd’Éirinn
- Leanúint d'fhorbairt ghairmiúil
- Clárú múinteoirí
Rialú múinteoirí
Déanann an Rannóg Oideachais Múinteoirí de chuid na Roinne Oideachais maoirseacht ar bheartas agus cleachtas oideachais múinteoirí le haghaidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht caighdeán gairmiúil don mhúinteoireacht agus rialaíonn agus cuireann sí gairm na múinteoireachta chun cinn in Éirinn. Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta cód iompair ghairmiúil le chéile do mhúinteoirí ina gcuimsítear caighdeáin mhúinteoireachta, eolas, scileanna agus inniúlacht. Anuas air sin, coimeádann sí clár múinteoirí – féach ‘Clárú múinteoirí’ thíos.
Oideachas agus cáilíochtaímúinteoirí
Múinteoirí bunscoile
Caithfidh múinteoirí bunscoile a bheith cáilithe chun raon ábhar bunscoile a mhúineadh do leanaí idir 4 agus 12 bliana d'aois. Is féidir leat eolas a fháil faoi na cáilíochtaí is gá duit a bheith ina mhúinteoir bunscoile ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.
Tá liosta ar shuíomh gréasain na Comhairle Teagaisc des na coláistí aitheanta a chuireann cláir fhaofa ar fáil.
Riachtanais Gaeilge: Ní mór go mbíonn múinteoirí bunscoile in ann an Ghaeilge agus an réimse ábhair bhunscoile a mhúineadh trí Ghaeilge.
Múinteoirí iarbhunscoile
De ghnáth tá iachall ar na múinteoirí iarbhunscoile 1 ábhar ar a laghad a mhúineadh a ndearna siad staidéar air go leibhéal na céime. Ní gá do mhúinteoirí iarbhunscoile cáilíocht a bheith acu sa Ghaeilge mura bhfuil siad fostaithe i scoil Ghaeltachta nó i scoil áit a bhfuil an Ghaeilge ina meán teagaisc.
Baintear cáilíocht amach de ghnáth trí bhunchéim a fháil ó institiúid aitheanta tríú leibhéal. Ní mór 1 ábhar ar a laghad ó churaclam na n-iarbhunscoileanna le haghaidh Clár na hArdteistiméireachta a bheith san áireamh leis an gcéim seo. Leanann cáilíocht iarchéime san oideachas an bhunchéim, ar nós an Ard-Dioplóma san Oideachas (H.Dip.Ed) nó Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (PDE).
Aitheantas do cháilíochtaí
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht reachtúil a leagann na caighdeáin de bhaint amach acadúil agus d’oiliúint ghairmiúil a theastaíonn ó mhúinteoirí.
Múinteoirí faoi oiliúint
Is féidir le múinteoirí faoi oiliúint ar éirigh leo an chéad 2 bhliain de chlár fochéime creidiúnaithe Oideachas Tosaigh Múinteoirí iarratas a dhéanamh ar chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Múinteoirí a cáilíodh lasmuighd’Éirinn
Cáilíochtaí a aithint
Más múinteoir bunscoile nó iar-bhunscoile thú a cáilíodh lasmuigh d’Éirinn agus más mian leat múineadh i scoil aitheanta, caithfidh tú iarratas a dhéanamh go n-aithneofaí do cháilíochtaí sula gclárófar thú. Próiseálann an Chomhairle Mhúinteoireachta iarratais agus rialaíonn sí iontrálacha i ngairm na múinteoireachta in Éirinn.
Caithfidh an Chomhairle glacadh le cáilíochtaí a baineadh amach lasmuigh d’Éirinn. A luaithe a aithníodh do cháilíochtaí, is féidir leat iarratas a dhéanamh ansin ar chlárú. Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta tuilleadh faisnéise ar fáil do mhúinteoirí a cháiligh thar lear.
Scéim na gcúntóirí teanga iasachta
Ligeann an scéim seo do chúntóirí teanga ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón Spáinn, ón Ostair agus ón Iodáil agus ón mBeilg/an Vallúin-an Bhruiséil a bheith sannta d’iarbhunscoileanna agus do choláistí in Éirinn. Is féidir lena gcuid líofachta cúnamh a thabhairt do mhic léinn teanga iasachta a thuiscint agus a labhairt agus tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh ar an modh maireachtála agus ar nósanna i dtíortha eile. Ar an dóigh chéanna, is féidir le mic léinn Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise agus Spáinnise as Éirinn iarratas a chur isteach chun oibriú mar chúntóirí Béarla sna tíortha a liostaítear thuas. Is féidir leat teacht ar shonraí faoin scéim Cúntóir Béarla ar gov.ie.
Leanúint d'fhorbairt ghairmiúil
Tá líon tacaíochtaí ar fáil do mhúinteoirí le haghaidh forbartha gairmiúil leanúnach.Cuireann Rannóg Oideachais Mhúinteoirí na Roinne tacaíocht ar fáil do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí i roinnt réimsí ar nós athchóiriú an churaclaim, scileanna na bpríomhoidí a fheabhsú mar cheannairí agus mar bhainisteoirí, bainistíocht scoileanna a éascú agus rannpháirtíocht tuismitheoirí in oideachas a gcuid leanaí a mhéadú. Cuireann sé tacaíocht ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh áirithe lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le réimsí tosaíochta an tsoláthair oideachais ar nós míbhuntáiste agus cuimsiú, oideachas do mhic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, bainistíocht dhearfach ar iompraíocht agus tacaíocht teanga do mhic léinn eachtrannacha.
Ionaid oideachais
Eagraíonn an líonra d'ionaid oideachais ar fud na tíre seachadadh áitiúil ar chláir náisiúnta d'fhorbairt ghairmiúil múinteoirí thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna. Eagraíonn na hionaid clár áitiúil éagsúlaithe de ghníomhaíochtaí do mhúinteoirí, do bhainistíocht scoile agus do thuismitheoirí mar fhreagra ar éileamh.
Seirbhís Forbartha Gairmiúla do Mhúinteoirí
Soláthraíonn an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) forbairt agus tacaíocht ghairmiúil chun cabhrú le múinteoirí agus le scoileanna an t-oideachas is fearr is féidir a sholáthar do gach dalta agus mac léinn. Soláthraítear deiseanna um Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach do mhúinteoirí ar bonn náisiúnta agus i gcomhoibriú le líonra an Ionaid Oideachais.
Oiliúint le haghaidh riachtanais speisialta oideachais
Comhordaíonn, forbraíonn agus seachadann Seirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta raon tionscnamh forbartha gairmiúla agus struchtúir tacaíochta do phearsanra scoile a oibríonn le mic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu in socruithe oideachais éagsúla. Ina measc seo tá bunscoileanna agus iarbhunscoileanna príomhshrutha, scoileanna speisialta agus ranganna speisialta atá ceangailte le scoileanna príomhshrutha.
Clárú múinteoirí
Caithfidh múinteoirí atá fostaithe i bpoist mhúinteoireachta atá cistithe ag an Stát i scoileanna aitheanta a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta go n-íocfar ó chistí poiblí.
Teastaíonn grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus teistiméireacht faoi charachtar chun clárú. Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta sonraí faoi chlárú ar fáil do mhúinteoirí.