Úinéireacht na mbunscoileanna

Réamhrá

Tá go leor bunscoileanna in Éirinn faoi úinéireacht agus á dtacú ag na heaglaisí éagsúla. Íocann an Stát as formhór na gcostas tógála agus reáchtála. Chomh maith leis sin, is minic go ndéantar ranníocaíocht áitiúil i dtreo na gcostas reáchtála.

I gcás scoileanna Caitliceacha agus Eaglais na hÉireann, is gnách gurb iad na hiontaobhaithe deoise na húinéirí. Is minic go mbíonn bord iontaobhaithe ag scoileanna sainchreidmheacha eile a ainmníonn údaráis na heaglaise. Is gnách go mbíonn scoileanna il-sainchreidmheacha faoi úinéireacht cuideachta teoranta nó bord iontaobhaithe.

Faoi úinéireacht na sainchreideamh reiligiúnach atá bunscoileanna. Tá gníomhais iontaoibhe ann a shíníonn na húinéirí, a chinntíonn go leanfar leis an scoil a úsáid amhlaidh.

Is féidir le Gaelscoileanna a bheith sainchreidmheach agus cuimsítear iad sa phátrúnacht chéanna le scoileanna Caitliceacha, ach tá a gcuideachta theoranta féin ag cuid díobh. Is féidir leat teacht ar eolas breise inár gcáipéis ar shaghsanna éagsúla de bhunscoileanna.

Tá réimse éagsúil úinéirí ag na scoileanna speisialta - tá roinnt díobh faoi úinéireacht na Roinne Oideachais, tá roinnt faoi úinéireacht Choimisinéirí na nOibreacha, tá roinnt faoi úinéireacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tá roinnt faoi úinéireacht oird rialta.

Tá líon beag 'modhscoileanna’ ann, atá faoi úinéireacht an Stáit.

An pátrún

Bronntar san Acht Oideachais, 1998 an bonn reachtúil ar ról an phátrúin agus leagtar amach ann na rialacha maidir lena chinneadh cé hé/hí an pátrún. Is féidir leis an bpátrún an scoil a bhainistiú iad féin nó is féidir leo bord bainistíochta a cheapadh le gníomhú mar bhainisteoir. Faoin Acht, tá an chumhacht ag an bpatrún an bord a bhaint agus ceannas a ghlacadh ar an scoil a bhainistiú nó bord eile a cheapadh.

Coimeádann an Roinn Oideachais clár pátrún agus is féidir le duine ar bith, dá bharr, a sheiceáil go díreach cé hé/hí pátrún aon scoile náisiúnta.

Go ginearálta, déanann an pátrún ionadaíocht do na húinéirí agus is féidir le duine aonair nó le grúpa a bheith sa phátrún. Mar shampla:

  • Más iad easpaig Chaitliceacha agus Eaglais na hÉireann pátrúin na scoileanna laistigh den deoise, agus is gnách go dtugann an sagart paróiste faoi na feidhmeanna thar ceann an easpaig.
  • Is gnách gurb é pátrún scoile il-sainchreidmhí é bord na n-iontaobhaithe nó an chuideachta theoranta Ag Foghlaim Le Chéile.
  • D’fhéadfadh gaelscoileanna a bheith faoi phátrúnacht údaráis na heaglaise ach d’fhéadfaidís a roghnú a bheith faoi phátrúnacht Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, ar cuideachta theoranta é a bunaíodh don chuspóir.

Scoileanna a chistiú

Go traidisiúnta, cuireadh an suíomh do scoileanna náisiúnta ar fáil go háitiúil - cibé acu go díreach ag an bpátrún nó mar thoradh ar thiomsú airgid áitiúil. Chomh maith leis sin, rinneadh ranníocaíocht áitiúil i dtreo na gcostas tógála agus reáchtála. Rinneadh athruithe le himeacht na mblianta fad a bhí scoileanna il-sainchreidmheacha agus Gaelscoileanna á dtógáil agus nuair nach raibh bonn cistithe ‘áitiúil’ acu.

Ní fhaigheann bunscoileanna príobháideacha aon chistiú Stáit.

Costas suímh - scoileanna náisiúnta nua

Íocann an Stát costas iomlán an tsuímh. Tá an rogha i gcónaí ag an bpatrún an costas seo a íoc. Má íocann an Stát, is leis an Stát foirgneamh na scoile agus cuireann sé ar fáil don phatrún é faoi léas nó gníomhas iontaobhais.

Má íocann an patrún, is leis an bpatrún an scoil. Má íocann an scoil níl aon tionchar aige seo ar cé a bheidh ina phatrún.

Soiléirítear agus athluaitear san Acht Oideachais, 1998 an chaoi nach mbronntar aon cheart ná aon leas ar bhord bainistíochta maidir le talamh nó foirgnimh na scoile a bhfuil sé freagrach as..

Gaelscoileanna

Tá maoiniú do Ghaelscoileanna nua anois mar an gcéanna le scoileanna nua eile. Tá na seansocruithe fós i bhfeidhm do Ghaelscoileanna a bhfuil aitheantas buan nó sealadach acu ón Roinn Oideachais . Faoin seansocrú maidir le Gaelscoileanna cheannaigh an Roinn an suíomh agus d'íoc sí an costas iomlán tógála. I ngníomh, tá cuid mhaith Gaelscoileanna suite i bhfoirgnimh atá acu ar chíos agus tá an Stát ag íoc an chíosa.

Eagraíocht deonach í Gaelscoileanna Teo (le tacaíocht ón bhForas Teanga), atá ina heagraíocht chomhordnaithe do na scoileanna Gaeilge agus tugann sí cúnamh do thuismitheoirí Gaelscoileanna nua a bhunú.

Costas reatha na scoileanna

Íocann an stát deontas caipitíochta díreach ionann agus in aghaidh an dalta le gach bunscoil. Is é an Stát a íocann tuarastail na múinteoirí. Íoctar deontais chaipitíochta feabhsaithe i gcás páistí ag a bhfuil riachtanais oideachais speisialta, cuma más i scoileanna speisialta atá siad nó ag freastal ar ranganna speisialta sna gnáthscoileanna. Caitear na deontais chaipitíochta le costais reatha laethúla na scoile a ghlanadh agus ar ábhair agus acmhainní teagaisc.

Faigheann bunscoileanna deontas, chomh maith, le haghaidh seirbhísí airíochais agus rúnaíochta (ar a dtugtar an Scéim Deontais Seirbhísí Coimhdeacha). Theastaigh ranníocaíocht áitiúil roimhe seo ach tá deireadh curtha leis anois.

Tugtar deontas leabhar do gach scoil, chomh maith. Is ionann seo agus €21 in aghaidh an scoláire i scoileanna DEIS agus €11 in aghaidh an scoláire i scoileanna neamh-DEIS.

Tugtar deontas do gach scoil i dtreo an chostais a bhíonn ar mhionoibreacha.

Bíonn teideal ag roinnt scoileanna ar mhaoiniú breise de bhun scéimeanna éagsúla d'fhonn tabhairt faoin míbhuntáiste sna bunscoileanna ar nós DEIS agus Tús Luath.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Márta 2022