Bunscoil a roghnú
- Bunscoil in Éirinn
- Bunscoileanna Náisiúnta
- Bunscoileanna Príobháideacha
- Scoil a aimsiú
- Ag cur isteach ar scoil
Bunscoil in Éirinn
Is gnách go dtosaíonn páistí ar an mbunscoil nuair a bhíonn siad 5 bliana d’aois. Tosaíonn siad i mí Mheán Fómhair, tús na scoilbhliana.
Is féidir leat do pháiste a thosú ar an mbunscoil, áfach, ó 4 bliana d’aois.
Is féidir leat a roghnú freisin do pháiste a mhúineadh sa bhaile.
Is cuma a roghnaíonn tú oideachas a chur ar do pháiste, sa bhaile nó ar scoil, ní mór duit a chinntiú go bhfaigheann do pháiste oideachas íosta áirithe ó aois a 6 go dtí 16 bliana d’aois.
Cineálacha bunscoile
Tá 2 chineál bunscoile ann:
- Bunscoileanna náisiúnta (ar a dtugtar scoileanna náisiúnta go minic) a mhaoiníonn an Stát iad agus ní ghearrann siad táillí
- Bunscoileanna príobháideacha, gearrtar táillí.
Téann formhór na bpáistí in Éirinn chuig bunscoil náisiúnta atá maoinithe ag an Stát.
Bunscoileanna Náisiúnta
Tá go leor bunscoileanna náisiúnta faoi úinéireacht agus faoi thacaíocht na n-eaglaisí éagsúla.
Tá scoileanna náisiúnta maoinithe ag an Stát agus ní íocann tú táille.
Is minic a úsáideann siad na litreacha tosaigh thíos le hainm na scoile chun cur síos a dhéanamh orthu mar scoil náisiúnta:
- NS: National School
- SNC: Scoil Náisiúnta na gCailíní
- SNB: Scoil Náisiúnta na mBuachaillí
- SN: Scoil Náisiúnta
Úsáideann roinnt scoileanna foirm Ghaeilge a n-ainm, mar 'Scoil Bhríde SN'. Ní chiallaíonn scoil le hainm Gaeilge, áfach, go múineann siad trí Ghaeilge.
Gaelscoileanna
Is scoileanna iad Gaelscoileanna a mhúineann trí Ghaeilge. Tá Gaelscoileanna maoinithe ag an stát. Is minic a bhíonn an focal Gaelscoil ina theideal acu.
Scoileanna speisialta
Freastalaíonn formhór na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar a mbunscoil áitiúil i rang príomhshrutha le páistí eile agus le tacaíocht bhreise. Féadfaidh siad freastal ar rang speisialta laistigh de scoil phríomhshrutha freisin.
Tá roinnt scoileanna speisialta ann freisin, lena:
- Aonaid chúraim chónaithe agus scoileanna do leanaí faoi mhíchumas
- Scoileanna do leanaí atá i mbaol agus do leanaí faoi mhíchumas foghlama ar leith
Leanaí a choinneáil
Cuirtear leanaí a ngearrtar tréimhse coinneála orthu chuig Campas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh.
Scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheacha
Is scoileanna sainchreidmheacha (reiligiúnacha) go leor de na scoileanna in Éirinn, agus dírítear iontu ar chreideamh amháin, mar shampla an Caitliceachas Rómhánach nó an Protastúnachas.
Áfach, tacaíonn an Roinn Oideachais le scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheacha (pdf). Tá na scoileanna seo maoinithe ag an Stát agus ní ghearrann siad táillí.
Is é an difríocht idir na scoileanna seo ná:
- Múineann scoileanna ilchreidmheacha do pháistí faoi thuairimí reiligiúnacha agus faoi chórais chreidimh éagsúla go cothrom
- Tá éiteas Caitliceach agus Protastúnach comhcheangailte ag scoileanna idirchreidmheacha
Leanann scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheacha Curaclam náisiúnta na Bunscoile. Foghlaimíonn páistí an Ghaeilge fós sna scoileanna seo.
Scoileanna Náisiúnta Phobail (SNP)
Is scoileanna ilchreidmheacha iad Scoileanna Náisiúnta Phobail (SNP) atá á mbainistiú ag na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna).
Foghlaimíonn leanaí atá ag freastal ar Scoileanna Náisiúnta Phobail faoi chreidimh agus faoi chórais chreidimh éagsúla (lena n-áirítear peirspictíochtaí aindiachaí agus daonnachaíocha). Úsáideann siad curaclam ilchreidimh agus bunaithe ar luachanna ar a dtugtar 'Goodness Me, Goodness You!'
Scoileanna Oideachas le Chéile
Is scoileanna ilchreidmheacha iad Scoileanna Oideachas le Chéile.
Is pátrún scoile é Oideachas le Chéile, rud a chiallaíonn go mbunaíonn sé scoileanna agus go ndéanann sé iad a bhainistiú. Faomhann sé an Bord Bainistíochta agus ceapann sé an príomhoide, na múinteoirí agus na Cúntóirí Riachtanas Speisialta. Tá bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Oideachas le Chéile ann.
Foghlaimíonn leanaí a fhreastalaíonn ar scoileanna Oideachas le Chéile faoi chreidimh agus faoi chórais chreidimh éagsúla go cothrom (lena n-áirítear peirspictíochtaí aindiachaí, agnostic, agus daonnachaíoch). Baineann na scoileanna seo úsáid as curaclam oideachais eiticiúil ar a dtugtar ' Learn Together'.
An Foras Pátrúnachta
Déanann scoileanna An Forais Pátrúnachta gach cumarsáid inmheánach a mhúineadh agus a stiúradh trí Ghaeilge. Is féidir le héiteas na scoileanna seo a bheith:
- Caitliceach
- Ilchreidmheach
- Idirchreidmheach
- Ion-chreidmheach (ag díriú ar reiligiún amháin).
Tá bunscoileanna agus iar-bhunscoileannay de chuid an Fhorais Phátrúnachta ann
Bunscoileanna Príobháideacha
Tá saoirse ag bunscoileanna príobháideacha an curaclam, an lá scoile, an scoilbhliain a roghnú
Go praiticiúil, soláthraíonn go leor bunscoileanna príobháideacha an bunchuraclam céanna atá leagtha amach do scoileanna náisiúnta, ach ní gá dóibh é a leanúint.
Scoil a aimsiú
Chun scoil a aimsiú is féidir leat bunscoileanna a chuardach de réir cineáil agus ceantair ag baint úsáide as uirlis ‘Find a School’ na Roinne Oideachais.
Is féidir leat do thorthaí cuardaigh a scagadh de réir éiteas, teanga theagaisc agus inscne. Tabharfar léarscáil duit a thaispeánfaidh na scoileanna a shásaíonn do rogha féin.
Tá suíomh gréasáin ag an gcuid is mó de na scoileanna ina bhfuil faisnéis faoina éiteas, a mbeartais, a gcuraclam agus na gníomhaíochtaí seach-churaclaim atá ar fáil. Is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh le scoil chun tuilleadh eolais a fháil.
Ag cur isteach ar scoil
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an scoil i scríbhinn. Má tá foirm iarratais acu, comhlánaigh an fhoirm nó déan iarratas trí litir.
Ní mór do gach bunscoil fógra iontrála agus polasaí iontrála a fhoilsiú.
Insíonn an fógra iontrála duit:
- Cathain a thosóidh an scoil ag glacadh le hiarratais don bhliain (cén uair ba cheart iarratas a dhéanamh)
- Cathain a gheobhaidh tú an cinneadh ar d’iarratas
- Nuair a chaithfidh tú áit a ghlacadh
Déanann an polasaí iontrála cur síos ar na rialacha a leanfaidh an scoil chun daltaí a roghnú agus conas a dhéanfaidh siad a gcinntí. Luann sé freisin cad a tharlóidh má bhíonn an scoil ró-shuibscríofa.
Idirdhealú
Ní féidir le scoileanna idirdhealú a dhéanamh má tá do leanbh:
- Faoi mhíchumas
- De chine eile
- Má tá sé ina bhall den Lucht Siúil.
Ní féidir leo idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar:
- Stádas teaghlaigh linbh
- Claonadh gnéasach
- Stádas pósta
- Inscne
- Reiligiún
I gcúinsí áirithe, áfach, is féidir le scoil tosaíocht a thabhairt do dhalta ó reiligiún mionlaigh atá ag iarraidh scoil a sholáthraíonn teagasc reiligiúnach cosúil leis an reiligiún nó an creideamh sin.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi bheartais iontrála i scoileanna.