Scéim iompair do scoileanna dara-leibhéil

Réamhra

Soláthraíonn an scéim iompair scoile iompar do dhaltaí iar-bhunscoile a bhfuil cónaí orthu níos mó ná 4.8 ciliméadar ón scoil is gaire dóibh. Tá an scéim maoinithe ag an Roinn Oideachais.

Reáchtálann Bus Éireann an tseirbhís bus scoile thar ceann na Roinne Oideachais. Socraíonn an Roinn agus Bus Éireann cad é an scoil ábhartha, ag breithniú:

  • Éiteas
  • Teanga
  • An bealach is giorra ó theach an linbh.

Ní chuirtear an tseirbhís ar fáil ach amháin nuair a bhíonn ar a laghad deichniúr daltaí i gceantar ar leith ar féidir le bealach bus freastal tíosach a dhéanamh air. Fiú nuair a bhaineann dalta na critéir aoise agus faid amach d’iompar scoile, níl aon teidlíocht dhlíthiúil ann d’iompar.

Ba é an dáta deiridh le haghaidh iarratas nua ar sheirbhísí iompair scoile don scoilbhliain 2024-2025 ná 26 Aibreán 2024. Is féidir leat iarratas déanach a chur isteach, ach níl aon ráthaíocht ticéad (féach ‘Iarratais dhéanacha’ thíos).

Tá iarratais ar sheirbhísí iompair scoile 2024-2025 oscailte anois. Féadfaidh tú d’iarratas a chur isteach ar láithreán gréasáin Bhus Éireann (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Iompar Scoile’ thíos).

Daltaí ón Úcráin

Ba chóir do dhaltaí ón Úcráin cuairt a thabhairt ar gov.ie/ukraine chun sonraí a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh ar iompar scoile. Níor cheart do dhaltaí ón Úcráin iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Bus Éireann. Leanfar ar aghaidh ag glacadh le hiarratais de réir mar a dhéantar teaghlaigh a athlonnú nó de réir mar a thagann teaghlaigh nua isteach.

Leanfar ar aghaidh ag glacadh le hiarratais de réir mar a dhéantar teaghlaigh a athlonnú nó de réir mar a thagann teaghlaigh nua isteach.

Athruithe molta ar an scéim iompair scoile

Tá athruithe molta in athbhreithniú ar an scéim iompair scoile ar an gcaoi a n-oibríonn an scéim, le go mbeidh níos mó daltaí in ann busanna a úsáid faoi 2030.

Moltar ann:

  • Deireadh a chur leis an riachtanas maidir leis an ‘scoil is gaire’, sa chás go bhfuil bealaí bus ann cheana féin nó áit a bhfuil dóthain éilimh ar bhealach nua (10 ndalta ar a laghad)
  • An t-achar a theastaíonn do dhaltaí le cáiliú don scéim iompair scoile a laghdú

Is féidir leat tuairisc achomair (pdf) agus an tuarascáil deiridh iomlán (pdf) den athbhreithniú ar iompar scoile a léamh.

Buiséad 2025: táillí laghdaithe iompair scoile do 2025-2026

Fógraíodh i mBuiséad 2025 go bhfanfaidh táillí iompair scoile don scoilbhliain 2025-2026 ag €50 do dhaltaí bunscoile, €75 do dhaltaí iar-bhunscoile agus €125 ar thicéad teaghlaigh.

Cé atá in ann úsáid a bhaint as anScéim Iompar Scoile?

Le bheith i dteideal iompair scoile a fháil, ní mór do dhalta:

  • A bheith cláraithe in iar-bhunscoil aitheanta, agus
  • Cónaí ort 4.8 ciliméadar nó níos mó ón scoil is gaire duit

Tá leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu incháilithe freisin d’iompar saor in aisce chuig agus ó scoileanna speisialta agus chuig ranganna speisialta.

Cá bhfuil na pointí bailithe?

Ní mór do thuismitheoirí a shocrú a leanbh a thabhairt a fhad leis an bpointe bailithe is gaire ar bhealach an bhus. Go ginearálta, eagraíodh bealaí bus ionas nach mbíonn breis agus 3.2 ciliméadar le taisteal ag dalta sula mbaineann siad an pointe bailithe amach.

Is féidir an tseirbhís bus a shíneadh chuig pointe níos gaire, má íocann tuismitheoirí, sa chás gurb infhéideartha é seo a dhéanamh i dtaobh cúrsaí ama de agus sa chás nach n-eascródh mór-chur isteach as do dhaltaí eile a úsáideann an tseirbhís.

Is féidir le daltaí a fhreastalaíonn ar mheánscoil aitheanta nach í an mheánscoil shannta dá limistéar an tseirbhís a úsáid más ann do dhóthain spáis ar an mbus, a fhad agus a chónaíonn siad ar a laghad 4.8 ciliméadar ón scoil atá i gceist.

Is féidir iompar a thabhairt do dhaltaí d'fhonn cabhrú leo freastal ar an meánscoil Ghaeilge nó ar an meánscoil is gaire dóibh ar mhaithe lena n-éiteas ar leith má tá siad ina gcónaí ar a laghad 4.8 ciliméadar ón scoil sin.

Deontais d’áiteanna iargúlta

Íocann an Roinn deontais d’áiteanna iargúlta mar ranníocaíocht i dtreo socruithe iompair do dhaltaí incháilithe nach bhfuil seirbhís iompair ar fáil dóibh. Is féidir na deontais seo a íoc, freisin, do dhaltaí incháilithe a chónaíonn 3.2 ciliméadar nó níos mó ón bpointe bailithe is gaire d’iompar scoile.

Caighdeáin

Bíonn coinne leis go n-iompraíonn leanaí a úsáideann iompar scoile iad féin go freagrach agus go mbíonn aird acu ar a sábháilteahct féin agus ar shábháilteacht daoine eile. Is ann do threoirlínte (pdf) ina gcuimsítear na caighdeáin lena bhfuil coinne agus conas a dheileálfar le haon mhí-iompraíocht.

Táillí laghdaithe ar iompar poiblí

Cuireann Bus Átha Cliath, an LUAS agus an DART táillí lamháltais ar fáil do pháistí scoile le linn téarmaí scoile.

Táillí iompair scoile a íoc

Is iad seo a leanas na táillí ar iompar scoile in 2024-2025:

  • €50 do leanbh bunscoile/lamháltais
  • €75 do leanbh iar-bhunscoile/lamháltais

Is é an táille uasta do theaghlach ná €125

Ba é an 7 Meitheamh 2024 an dáta deiridh le haghaidh íocaíochtaí.

Má dhéanann tú íocaíocht dhéanach nó má chuireann tú isteach sonraí cárta leighis tar éis an spriocdháta, meastar go bhfuil d’iarratas déanach agus ní ráthaítear suíochán duit.

Iompar lamháltais

Déanfar leanaí nach bhfuil incháilithe d’iompar scoile, ach a chomhlánaíonn an próiseas iarratais agus íocaíochta in am, a mheas le haghaidh suíocháin spártha a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis éascú a dhéanamh ar leanaí incháilithe. Tagraítear do na suíocháin seo mar shuíocháin lamháltais.

Daltaí le cárta leighis

Tá daltaí atá i dteideal iompar scoile agus a bhfuil cárta leighis bailí acu i dteideal iompar scoile saor in aisce chuig an scoil is gaire. Chun cáiliú, ní mór sonraí an chárta leighis a chur isteach chuig Bus Éireann faoin spriocdháta atá leagtha síos. Níl an tarscaoileadh cárta leighis infheidhme maidir le suíocháin lamháltais.

Níl sealbhóir cárta leighis atá ag tosú ar fhreastal ar scoil níos faide ar shiúl ná an t-ionad oideachais is gaire duit i dteideal iompar saor in aisce chuig an scoil sin.

Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Iompar Scoile

Má tá do leanbh ag dul ar an rolla in iar-bhunscoil den chéad uair, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iompar scoile ar líne ar láithreán gréasáin Bhus Éireann. Is féidir leat dul i dteagmháil le Bus Éireann le ceisteanna faoi d’iarratas nó ticéad.

Iarratais dhéanacha

Ba é an 26 Aibreán 2024 an dáta deiridh le haghaidh iarratas nua ar sheirbhísí iompair scoile don scoilbhliain 2024-2025.

Is féidir leat iarratas déanach a chur isteach, ach níl aon ráthaíocht ticéad agus ní dhéanfar é seo a mheas ach:

  • Ar bhonn lamháltais, sa chás is fearr
  • Má tá suíocháin ar fáil
  • Má chomhlíonann do leanbh na critéir

Ní bheidh iarratais dhéanacha incháilithe don deontas ceantair iargúlta mura bhfuil bealach ar fáil.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh ar m’iarratas ar iompar scoile?

Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh ar d’iarratas ar iompar scoile, ba chóir duit an fhoirm achomhairc a chomhlánú ar líne. Féadfaidh tú aon doiciméid bhreise a sheoladh chuig an mBord Achomhairc um Iompar Scoile.

Tuilleadh Faisnéise

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Iompar Scoile ar liosta Ceisteanna Coitianta Bus Éireann agus ar Gov.ie.

Má tá ceisteanna agat faoi iompar scoile, is féidir leat dul i dteagmháil le Bus Éireann nó dul i dteagmháil le Rannóg Iompar Scoile na Roinne Oideachais.

Chun ceisteanna a chur faoi amchláir, pointí bailithe, bealaí agus iarratais ar dheontais iompair, ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig áitiúil iompair scoile de chuid Bhus Éireann.

Léigh tuilleadh faoin Scéim Iompar Iarbhunscoile (pdf).

An Roinn Oideachais

An Rannóg Iompair Scoile
Bóthar Phort Laoise
Tulach Mór
Uíbh Fháilí
Éire

Teil: (057) 932 5466/7
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Nollaig 2024