Seirbhís síceolaíochta i scoileanna

Cad é measúnú síceolaíochta?

Is féidir le measúnú síceolaíochta cabhrú lena dheimhniú an bhfuil nó nach bhfuil riachtanais speisialta ag do leanbh ar scoil.

Ní iarrfaidh an scoil ar shíceolaí a bheith bainteach ach i ndiaidh gur bhreithnigh siad riachtanais an linbh.

Má tá deacrachtaí foghlama, mothúchánacha nó iompraíochta ag do leanbh, tá an scoil ar a bhfreastalaíonn do leanbh freagrach as measúnú a dhéanamh ar riachtanais do linbh. Cabhróidh an measúnú leis an scoil oideachas agus idirghabháil feabhais do linbh a phleanáil.

Is féidir leat léamh faoin bpróiseas a úsáideann scoileanna le breithniú a dhéanamh ar riachtanais speisialta oideachais linbh.

Clár píolótach comhairleoireachta i mbunscoileanna

clár píolótach comhairleoireachta bunaithe ag an Roinn Oideachais do líon beag bunscoileanna i 7 gcontae. Níl an tseirbhís chomhairleoireachta a chuirtear ar fáil faoin gclár píolótach in ionad sheirbhís Síceolaíochta Cúraim Phríomhúil FSS nó CAMHS. Ní thagann sé in ionad NEPS laistigh de scoil. Is féidir le baill foirne scoile le tacaíocht ó NEPS leanaí a atreorú chuig an tseirbhís ar feadh suas le 6 sheisiún comhairleoireachta. Déanfar é seo i gcomhairle agus le cead na dtuismitheoirí, ach ní féidir le tuismitheoirí a leanbh a tharchur go díreach chuig an gclár. Tá tuilleadh faisnéis ar fáil do leanaí faoin gclár comhairleoireachta agus faisnéis do thuismitheoirí faoin gclár comhairleoireachta.

Conas a roghnaítear leanbh do mheasúnú síceolaíochta?

Má cheapann múinteoir go bhfuil deacracht ag do leanbh déileáil leis an ngnáthchuraclam, ba cheart duit a bheith curtha ar an eolas air seo.

Sula n-iarrtar ar mheasúnú síceolaíochta do leanbh, ba cheart d’fhoireann na scoile machnamh a dhéanamh faoi mhúinteoireacht fhorlíontach.

Má dhéanann an scoil an cinneadh go dteastaíonn measúnú do do leanbh, ba cheart don phríomhoide nó don mhúinteoir cruinniú a shocrú leat mar thuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil an linbh.

Ba cheart na cúiseanna atá leis an measúnú a phlé agus ba cheart gach mír den fhoirm thoilithe le haghaidh measúnú síceolaíochta - foirm 1 (pdf) a mhíniú sula n-iarrtar ort an fhoirm a shíniú.

Caithfidh síceolaithe a thugann faoi mheasúnuithe casadh leat, a dtorthaí a mhíniú agus cóip den tuarascáil síceolaíochta a thabhairt duit.

Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (an SNSO) measúnuithe síceolaíochta ar fáil i scoileanna.

Is féidir leat bileog eolais ar an SNSO do thuismitheoirí a fháil (pdf).

Cé a dhéanann an measúnúsíceolaíochta?

Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (an SNSO) seirbhísí síceolaíochta ar fáil i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna poiblí agus príobháideacha agus in ionaid oideachais ghaolmhara.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi sheirbhísí an SNSO sa leabhrán Oibriú le Chéile le Difear a Dhéanamh do Leanaí (pdf) ar gov.ie.

Tá an SNSO lonnaithe i 8 réigiún. Oibríonn sé leis an scoil leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Tabhairt faoi chásobair aonair leanaí agus daoine óga
  • Seirbhís chomhairliúcháin a sholáthar do mhúinteoirí agus tuismitheoirí
  • Páirt a ghlacadh i dtionscadail ábhartha a bhaineann le síceolaíocht oideachais
  • Meabhairshláinte i scoileanna a chur chun cinn

Mura gcuireann an SNSO seirbhís ar fáil do do scoil, is féidir leo úsáid a bhaint as an Scéim chun Measúnuithe Síceolaíochta a Ordú (an SMSO).

Cad é an Scéim chun Measúnuithe Síceolaíochta a Ordú (an SMSO)?

Mura bhfuil do scoil lonnaithe i réigiún ina gcuirtear seirbhís an SNSO ar fáil, is féidir leo úsáid a bhaint as an Scéim chun Measúnuithe Síceolaíochta a Ordú (an SMSO).

Cabhraíonn an SMSO le scoileanna freastal ar an ngá práinneach atá le comhairle shíceolaíochta fad atá seirbhís an SNSO á tabhairt isteach i ngach scoil. Níl ach síceolaithe a liostaítear ar an liosta reatha incháilithe chun tabhairt faoi obair faoi scéim an SMSO. Is féidir leat eolas breise a léamh ar an Scéim chun Measúnuithe Síceolaíochta a Ordú (an SMSO).

Leasanna do linbh a chosaint

Tá seirbhísí measúnaithe síceolaíochta i bhfeidhm chun gur féidir le leanaí a bhfuil riachtanais foghlama speisialta acu tairbhe a bhaint as na hacmhainní riachtanacha. Beidh eagla ar roinnt leanaí roimh chasadh le síceolaí, áfach. Má thuigeann leanbh go bhfuil deacrachtaí ar scoil acu, b’fhéidir go ndeimhneoidh an fhéidearthacht go gcasfaidh siad le síceolaí go bhfuil laige acu. Ar an gcúis seo, níor cheart do scoil measúnú aonair a choimisiúnú ach má tá siad cinnte dearfa go rachaidh an toradh chun sochair an linbh, tar éis labhairt le tuismitheoirí an linbh.

Cuireann an SNSO comhairle ar fáil faoi cibé acu ar cheart nó nár cheart duit a insint do do leanbh go ndéanfaidh síceolaí measúnú ar a riachtanais foghlama.

Ar mhaithe le rúndacht do linbh a chosaint, ní thagraítear dóibh ach trína n-inisealacha sa cháipéisíocht go léir a sheolann údaráis scoile ar aghaidh chuig an SNSO.

Caithfidh gur bhain na síceolaithe go léir ar phainéal an SNSO imréiteach an Gharda Síochána amach. Moltar freisin go mbuaileann comhalta d’fhoireann na scoile isteach san agallamh measúnaithe uair nó dhó.

Ba cheart tabhairt faoi mheasúnú, de ghnáth, i scoil do linbh, áit a bhfuil cur amach acu ar an timpeallacht. Seomra ar leith sa phríomhfhoirgneamh agus i ngar d’oifig na scoile é an t-ionad is fearr.

Cé a íocann as measúnúsíceolaíochta?

Déanann an SNSO íocaíocht go díreach leis an síceolaí. Ní aisíocann an SNSO scoileanna ná tuismitheoirí as measúnuithe.

Ní féidir leis an SNSO thú a aisíoc más tuismitheoir thú a choimisiúnaigh measúnú síceolaíochta príobháideach. Sa chás seo, is féidir leat faoiseamh cánach ar chostais leighis a éileamh i ndiaidh gur tháinig deireadh leis an mbliain. Is féidir leat eolas breise a fháil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Conas iarratas a dhéanamh armheasúnú síceolaíochta

Is gnách go n-atreoraíonn an príomhoide scoile leanaí chuig an SNSO. Ba cheart duit aon bhuarthaí maidir le deacrachtaí foghlama a phlé le pearsanra na scoile ar dtús. Má bhíonn cheisteanna agat faoi sheirbhís agus measúnuithe an SNSO, ba cheart duit iad a chur go díreach ar phearsanra na scoile.

Déanann tú iarratas, go ginearálta, ar sheirbhísí an SNSO trí phríomhoide scoile scoil do linbh.

Seirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais

Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
D01 RC96
Éire

Teil: (01) 889 2700

Is féidir eolas teagmhála a fháil anseo don oifig SNSO in Éirinn (pdf)

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Nollaig 2023