Socraithe oideachais don Lucht Siúil
Oideachas don Lucht Siúil
Tá na cearta oideachais céanna ag páistí an lucht siúil is atá ag páistí lonnaithe. Caithfidh siad na rialacha a bhaineann le freastal ar an scoil a chomhlíonadh mar a chéile.
Féadfaidh leanbh den Lucht Siúil rochtain a fháil ar bhreis tacaíochtaí foghlama sa bhunscoil agus ar thacaíochtaí i scoil iar-bhunscoile má shainaithnítear go bhfuil riachtanas oideachais ag an leanbh sin.
Aithníodh an Lucht Siúil go foirmiúil mar ghrúpa eitneach ar leithligh i Stát na hÉireann i mí an Mhárta 2017. Is tionscnamh tras-Rannach é an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach 2017-2021 (pdf) chun saol na bpobal Taistealaithe agus na Romach in Éirinn a fheabhsú. . Comhoibríonn an Roinn Oideachais , Tusla agus Grúpaí Ionadaithe an Lucht Siúil ar bhearta a bhaineann le hoideachas a mholtar sa straitéis, chun rannpháirtíocht an Lucht Siúil san oideachas a fheabhsú.
Oideachas don Lucht Siúil a chomhordú
D’fhoilsigh an Coiste Comhairleach ar an Oideachas don Lucht Siúil Tuarascáil agus Moltaí do Straitéis Oideachais don Lucht Siúil. Príomhchuspóir de chuid na tuarascála ná deireadh a chur le soláthar leithscartha don Lucht Siúil agus cuimsiú leanaí agus daoine óga den Lucht Siúil in oideachas príomhshrutha.
Tá fáil ar threoirlínte maidir le hoideachas don Lucht Siúil i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ar fáil ón Roinn Oideachais Scileanna.
Tá an Roinn Oideachais freagrach as oideachas don Lucht Siúil ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal a chomhordú.
Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais freagrach as oideachas don Lucht Siúil ag breisoideachas agus ardoideachas