Coistí Cróinéara
- Réamhrá
- Conas a oibríonn ionchoisní?
- Cathain a bhíonn giúirériachtanach?
- Finné ag ionchoisne
- Torthaí ionchoisne
- Teagmháil
Réamhrá
Fiosrúchán oifigiúil poiblí é ionchoisne atá faoi stiúir cróinéara (agus bíonn giúiré bainteach freisin i gcásanna áirithe) a fhiosraíonn cúis bháis thobainn, bás nach bhfuil aon mhíniú air nó bás foréigneach. Is féidir leis an gcróinéir, nó giúiré, fíricí a dheimhniú maidir leis an méid seo a leanas:
•Aitheantas an duine mhairbh
•Conas, cathain agus cén áit ar tharla an bás
•Na cúinsí a bhaineann leis an mbás
Tá teaghlach an duine mhairbh i dteideal freastal ar ionchoisne, ach níl oibleagáid dhlíthiúil orthu a bheith ann. Má fhreastalaíonn an teaghlach ar an ionchoisne, ní theastaíonn ionadaíocht dhlíthiúil uathu. Má táthar ag dul i mbun caingean dlí mar thoradh ar an mbás, is féidir leis an teaghlach aturnae a fhostú chun freastal ar an ionchoisne agus na nótaí cuí a ghlacadh.
Ní gnách go gcuirtear ionchoisne ar bun más féidir le scrúdú iarbháis míniú a thabhairt ar chúis an bháis.
Conas a oibríonn ionchoisní?
Nuair a fhaigheann duine bás agus más bás tobann, mínádúrtha nó foréigneach é, caithfear é a thabhairt le fios don Chróinéir. Is féidir leis an gCróinéir a shocrú go ndéanfar scrúdú iarbháis ar an gcorp, murar socraíodh go ndéanfar an scrúdú sin nó mura ndearnadh an scrúdú sin cheana féin.
Má léiríonn an scrúdú iarbháis go raibh cúiseanna nádúrtha leis an mbás, ní bhíonn ionchoisne ag teastáil. Is féidir leis an gCróinéir Deimhniú Cróinéara a eisiúint don Chláraitheoir Breitheanna agus Básanna, a chláróidh an bás ansin agus a eiseoidh an deimhniú báis. Má tá cúis mínádúrtha leis an mbás, nó murab eol saincheisteanna eile a bhaineann leis an mbás, tugann an Cróinéir faoi ionchoisne. Má fuair breis agus duine amháin bás sa teagmhas céanna, is féidir leis an Aire Dlí agus Cirt an cinneadh a dhéanamh nach dteastaíonn ach ionchoisne amháin, agus is féidir leis iarraidh ar an gCróinéir i gceantar amháin chun ceannas a ghlacadh ar an ionchoisne do na daoine marbha a bhféadfadh go raibh cónaí orthu i gceantair eile.
Is féidir leis an Aire ionchoisne a ordú freisin nuair a milleadh corp an duine mhairbh nó nach féidir iad a aisghabháil.
Teaghlach an duine mhairbh a chur ar an eolas
Caithfidh an Cróinéir fógra ar a laghad 14 lá a thabhairt faoin dáta a bheidh an t-ionchoisne ar siúl do na daoine seo a leanas:
•Daoine muinteartha an duine mhairbh
•Finnéithe ar gá dóibh freastal
•Duine ar bith eile a mheasann an Cróinéir gur cheart fógra a thabhairt dóibh faoin ionchoisne
Cad a tharlaíonn má dhéanann na Gardaí cúisimh choiriúla?
Is féidir le Garda sinsearach iarraidh ar an gCróinéir an t-ionchoisne a chur ar athlá (a chur ar feitheamh) má tá breithniú á dhéanamh ar chúisimh choiriúla nó má rinneadh cheana féin iad.
I ndiaidh go ndearnadh cinneadh faoi na cúisimh choiriúla, is féidir leis an gCróinéir a roghnú an t-ionchoisne a atosú má mheasann an Cróinéir go bhfuil cúiseanna speisialta ann le hamhlaidh a dhéanamh.
Cuirtear ionchoisní ar siúl go poiblí
Cuirtear na hionchoisní go léir ar siúl go poiblí agus is féidir le haon duine freastal orthu. Is féidir tuairiscí ionchoisne a fhoilsiú sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla, ach i gcleachtas, ní dhéantar ach líon beag ionchoisní a thuairisciú, i bhfírinne. Is féidir leat a cóip de thuairisc ionchoisne a fháil ó Oifig an Chróinéara nuair a críochnaíodh an t-ionchoisne. Féach ‘Torthaí ionchoisne’ thíos.
Cathain a bhíonn giúirériachtanach?
Faoi roinnt cúinsí, caithfidh giúiré a bheith i láthair ag ionchoisne. Tá gach saoránach atá níos sine ná 18 mbliana d’aois a chónaíonn laistigh de cheantar cróinéara faoi dhliteanas fónamh ar an ngiúiré murach go bhfuil siad díolmhaithe. Tá idir 6 agus 12 dhuine i ngiúiré ionchoisne. Teastaíonn giúiré ag ionchoisne sna cásanna seo a leanas:
•Dúnmharú, dúnorgain nó naímharú (nuair a mharaíonn máthair a leanbh nuair a bhíonn an leanbh níos óige ná 12 mhí d’aois) is cúis leis an mbás
•Thit an bás amach i bpríosún
•Ba thimpiste, nimhiú nó galar, ar gá roinn nó cigire rialtais a chur ar an eolas air, ba chúis leis an mbás
•Tharla an bás faoi chúinsí, a chuirfeadh ba(i)ll an phobail i mbaol dá leanfaidís ar aghaidh nó dá dtarlóidís arís
•Measann an Cróinéir go dteastaíonn giúiré
Chun freastal mar ghiúróir ag ionchoisne, gheobhaidh tú toghairm a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána a sheirbheáil ort. Is féidir an toghairm seo a sheirbheáil trí é a thabhairt duit i bpearsan nó trí é a sheoladh chugat sa phost cláraithe. De rogha air sin, is féidir an toghairm a sholáthar do dhuine atá níos sine ná 16 bliana d’aois a chónaíonn i d’áit chónaithe. Is cion é má theipeann ort freastal ar sheirbhís ghiúiré gan leithscéal réasúnta agus gearrfar pionóis ort.
Mura féidir leis an ngiúiré, ina iomláine, ag an ionchoisne comhaontú lena fhíorasc, caithfidh an Cróinéir glacadh le cinneadh tromlaigh ón ngiúiré. Mura bhfuil fíorasc tromlaigh ann, caithfidh an Cróinéir an giúiré a scaoileadh agus ionchoisne nua a chur ar siúl.
Finné ag ionchoisne
Déanann an Cróinéir cinneadh faoi cén finnéithe ar cheart dóibh fianaise a thabhairt ag an ionchoisne agus an t-ord inar cheart dóibh a bhfianaise a thabhairt. Caithfear fianaise a chur i láthair in ord loighciúil chun cur síos a dhéanamh ar an tsraith cúinsí a bhaineann leis an mbás. Bunaíonn toradh an scrúdaithe iarbháis cúis leighis an bháis.
Má tá ort freastal ar ionchoisne mar fhinné, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar chaillteanas tuillimh agus ar chostais. Leagtar na rátaí le haghaidh táillí agus costas amach in ionstraim reachtúil.
Torthaí ionchoisne
Ní dhéantar duine ar bith a fháil ciontach nó neamhchiontach ag ionchoisne, agus ní dhéantar cinneadh faoi dhliteanas coiriúil nó sibhialta. Déanann an Cróinéir gach teistíocht, tuairisc scrúdaithe iarbháis agus taifead fíoraisc a chaomhnú agus cuirtear ar fáil don phobal iad.
Nuair a bheidh na himeachtaí críochnaithe, cuirtear fíorasc ar fáil maidir le haitheantas an duine mhairbh, agus le conas, cathain agus cén áit ar tharla an bás. I measc an réimse fíorasc is féidir leis an gCróinéir nó an giúiré a dhearbhú, tá an méid seo a leanas:
•Bás de thimpiste
•Míthapa
•Féinmharú
•Cúiseanna nádúrtha
•Marú neamhdhleathach
•Fíorasc oscailte
Ciallaíonn fíorasc ‘oscailte’ nach míníonn an fhianaise cúis agus cúinsí an bháis go hiomlán nó go soiléir. Is minice a úsáidtear é nuair nach mbíonn fíorasc ar bith eile cuí.
Is féidir leis an gcróinéir nó an giúiré moladh ginearálta a dhéanamh freisin chun cosc a chur ar bhásanna atá cosúil leis seo tarlú, gan cinneadh a dhéanamh faoi cé air a raibh locht an bháis.
I ndiaidh gur críochnaíodh an t-ionchoisne, eiseoidh an Cróinéir deimhniú chun gur féidir an bás a chlárú i gceart.
Tuairiscí oifigiúla ar ionchoisní
Mar gheall gur fiosrúcháin phoiblí iad ionchoisní, is féidir cóip a fháil de thuairisc an scrúdaithe iarbháis agus d’aon teistíocht a glacadh ag an ionchoisne, cóip den fhíorasc san áireamh. Ní bhíonn na tuairiscí seo oifigiúla ar fáil ach tar éis gur cuireadh an t-ionchoisne i gcrích. Gearrtar táille bheag ar na cáipéisí seo. Níl páipéir ionchoisne ar fáil sula gcuirfear an t-ionchoisne ar bun.
Teagmháil
Má rinneadh thú a thoghairm mar fhinné nó mar bhall de ghiúiré d’ionchoisne, cuirfear ar an eolas thú ar an dáta, an t-am, agus an t-ionad. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin ionchoisne, déan teagmháil le do stáisiún Gardaí áitiúil.
Is féidir leat cóipeanna de thuairiscí oifigiúla ionchoisní a fháil ó oifig an Chróinéara. Chun tuairisc a fháil, beidh ort scríobh chuig Oifig an Chróinéara agus iarraidh ar an eolas seo agus ainm an duine mhairbh, dáta an bháis, an t-ospidéal a bhí i gceist (más ann dó) agus dáta an ionchoisne (más eol duit seo) a chur san áireamh.