Bás a chlárú
- Réamhrá
- An méid a theastaíonn uait le bása chlárú
- Mura raibh aon ghaolta ag an duine afuair bás
- An deimhniú báis a fháil
- Táillí ar dheimhniú báis
- Sonraí teagmhála
Réamhrá
Ceanglas dlíthiúil é gur gá gach bás a tharlaíonn in Éirinn a chur i dtaifead agus a chlárú. Coimeádtar taifid a bhaineann le básanna ag Oifig an Ard-Chláraitheora, ina gcoimeádtar taifid a bhaineann le Breitheanna, Póstaí agus Básanna in Éirinn. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chóip de dheimhniú báis le haon Chláraitheoir Breitheanna, Póstaí agus Básanna nó le hOifig an Ard-Chláraitheora.
Bás a chlárú i rith phaindéim COVID-19
Nuair a fhaigheann duine bás mar thoradh ar COVID-19, ba cheart an bás a thabhairt le fios d’oifig an chróinéara áitiúil. Seolfaidh an cróinéir deimhniú chuig an oifig clárúcháin. Ní gá duit aon rud eile a dhéanamh.
An méid a theastaíonn uait le bása chlárú
Le bás a chlárú, caithfidh tú Foirm Fógra Báis a thabhairt leat ina luaitear cúis an bháis d’aon Chláraitheoir Breitheanna, Básanna agus Póstaí.
Faigheann tú an Fhoirm Fógra Báis ón dochtúir a d’fhreastail ar an duine a fuair bás. Caithfidh tú Cuid 2 den Fhoirm Fógra Báis a líonadh agus é a thabhairt leat go dtí an chlárlann. Beidh ort aitheantas grianghraif a thabhairt leat. Tá an clárúchán saor in aisce.
Ba cheart duit an bás a chlárú laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a fuair an duine bás. Tugtar a fhaide le 12 mí duit leis an mbás a chlárú, áfach. Má theastaíonn uair bás a chlárú breis agus 12 mhí i ndiaidh don duine bás a fháil, beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ard-Chláraitheora.
Mura fios cúis an bháis
Ní féidir le dochtúir an Fhoirm Fógra Báis a thabhairt duit murab eol dóibh cúis an bháis, nó murar chas siad leis an duine marbh sa mhí lá sular thit an bás amach. Sa chás seo, caithfidh siad cróinéir a chur ar an eolas ar féidir leo cinneadh a dhéanamh faoi cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn scrúdú iarbháis.
Má fuair an duine bás mar thoradh ar thimpiste, nó faoi chúinsí foréigneacha nó gan mhíniú, caithfear an cróinéir a chur ar an eolas.
D’fhéadfadh moill a bheith ar bhás a chlárú nuair a thugtar faoi scrúdú iarbháis. Cláraítear an bás go huathoibríoch nuair a chuirtear ionchoisne nó scrúdú iarbháis ar bun ar iarraidh an Chróinéara. Eisíonn an Cróinéir deimhniú don Chláraitheoir ina gcuimsítear na sonraí go léir atá le clárú.
Fad a bhíonn tú ag feitheamh le hionchoisne nó scrúdú iarbháis a dhéanamh, is féidir leat Deimhniú Eatramhach a fháil ar Fhíoras an Bháis ó oifig an Chróinéara. Is féidir leat é seo a úsáid le hinstitiúidí cosúil le bainc, comhlachtaí árachais agus an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas gur tharla an bás.
Marbh-bhreitheanna
Is féidir leat eolas a léamh faoi conas leanbh marbh-bheirthe a chlárú anseo.
Mura raibh aon ghaolta ag an duine afuair bás
Caithfidh ‘faisnéiseoir cáilithe’ an bás a chlárú. Is gnách gur duine muinteartha leis an duine a fuair bás an duine seo, ach d’fhéadfadh na daoine seo a leanas feidhmiú sa cháil seo freisin:
Gaol leis an duine marbh
Duine a chónaigh leis an duine marbh
Ionadaí pearsanta an duine mhairbh
Duine a bhí i láthair ag an mbás
Oifigeach an ospidéil nó na hinstitiúide ina bhfuair an duine bás
Duine a d’aimsigh an corp nó a ghlac ceannas ar an gcorp sin
An duine a shocraigh an tsochraid
Aon duine eile a bhfuil eolas aige/aici ar an mbás agus arb eol dóibh na sonraí a theastaíonn chun an bás a chlárú
An deimhniú báis a fháil
Is féidir leat cóipeanna den deimhniú báis a fháil ón oifig clárúcháin nuair a bhíonn an bás á chlárú agat. Le cóip de dheimhniú báis a fháil níos déanaí, is féidir leat freastal go díreach ar aon oifig clárúcháin shibhialta. Is féidir leat iarratas a dhéanamh, chomh maith, ar dheimhniú báis:
Trí fhoirm a sheoladh
Ar líne
I bpearsan ag clárlann
Ar ríomhphost nó ar an nguthán (níl sé ar fáil i mBaile Átha Cliath, Cill Dara agus Cill Mhantáin)
Táillí ar dheimhniú báis
Ní ghearrtar aon táille ar bhás a chlárú. Ach b’fhéidir go mbeidh ort íoc as cóip den deimhniú báis
Is iad seo a leanas na táillí a ghearrtar ar dheimhniú:
€20 ar dheimhniú iomlán caighdeánach
Tá cóip ar mhaithe le cuspóirí leasa shóisialaigh saor in aisce (teastaíonn litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí)
Tá cóip saor in aisce má bhí an té a bhásaigh níos óige ná 1 bliain d’aois agus má tá an deimhniú báis á fháil agat ag an tráth atá an bás á chlárú agat
€5 ar chóip neamhdheimhnithe d’iontráil sa Chlár
€10 chun teastas a fhíordheimhniú (níl seo ar fáil ach ó Oifig an Ard-Chláraitheora)
Sonraí teagmhála
Tá fáil ar fhaisnéis teagmhála do Chláir Bhreitheanna, Phóstaí agus Bhásanna ar fud na hÉireann ó láithreán gréasáin FSS agus ó d’Oifig Sláinte Áitiúil.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar dheimhniú.
Ba cheart iarratas ar chlárúchán déanach a dhéanamh le: