Créamadh
Réamhrá
Is rogha eile ar adhlacadh é creimeadh nuair a fhaigheann duine bás. Ceadaíonn gach sainchreideamh Críostaí agus formhór na reiligiún eile ar fud an domhain créamadh. Ní cheadaítear é i roinnt reiligiúin eile (e.g. Giúdachas Ceartchreidmheach agus Ioslam).
Tá roinnt créamatóiriamaí in Éirinn (féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos). Níl na háiseanna créamtha seo ann d’úsáid na ndaoine a chónaíonn go háitiúil amháin. Is féidir le duine ar bith créamadh a shocrú in aon cheann de na créamatóiriamaí seo.
Créamadh a shocrú
Más mian leat créamadh a shocrú ba chóir teagmháil a dhéanamh le hadhlacóir a chinnteoidh go gcomhlíonfar na ceanglais reachtúla (nó dlíthiúla). Is féidir tuilleadh a léamh faoi seo i ‘Rialacha agus Rialacháin’ thíos.
Cineálacha Seirbhísí
Tá trí chineál seirbhíse ar fáil i gcréamatóiriam:
Seirbhís Adhlactha
Is seirbhís í seo do dhaoine ar mian leo sochraid a bheith acu ina n-eaglais nó a n-ionad adhartha féin. Tar éis na seirbhíse eaglaise, tugtar an chónra go dtí an créamatóiriam agus bíonn seirbhís ghairid adhlactha ann, amhail mar a tharlódh ag adhlacadh i reilig.
Seirbhís Sochraide Iomlán
Is féidir an tseirbhís iomlán a bheith agat sa chréamatóiriam freisin. Go ginearálta, bíonn a séipéal féin ar an láthair ag créamatóiriamaí, agus uaireanta bíonn rogha séipéil acu de mhéideanna éagsúla. Is féidir seirbhís reiligiúnach nó neamhreiligiúnach a roghnú.
Sochraid Neamhsheirbhíse
Is féidir rogha a dhéanamh freisin gan seirbhís ar bith a bheith ann agus dul ar aghaidh go díreach chuig an gcréamadh.
Tar éis na seirbhíse
Tar éis na seirbhíse, tógtar an chónra chuig foirgneamh an chréamatóiriam. Déantar an corp a chréamadh laistigh den chónra. Caithfidh an chónra a bheith déanta as ábhair is féidir a dhó go sábháilte. Ní gá píosaí seodra a bhaint mura dteastaíonn, ach ní bheifear in ann iad a fháil ar ais i ndiaidh an chréamtha.
Ní chréamtar ach cónra amháin ag an am céanna. Deartar an coimeádán chun cónra amháin a choinneáil ag aon am amháin. Is é an t-aon eisceacht ó seo ná má iarrann teaghlach go ndéanfaí máthair agus leanbh an-óg a chréamadh le chéile. Beidh luaithreach na cónra chomh maith le luaithreach na marbh sa luaithreach a gheofar.
Luaithreach na marbh
Ó thús deireadh, maireann créamadh thart ar 5-6 huaire an chloig. Bíonn an luaithreach ar fáil go ginearálta laistigh de lá nó dhó. Is féidir socruithe a dhéanamh tríd an adhlacóir nó tríd an gcréamatóiriam na hiarsmaí a adhlacadh i ngairdín cuimhneacháin an chréamatóiriam nó a chur i mballa colmlainne. Is struchtúr é balla colmlainne ina bhfuil cuasáin bheaga agus is féidir síothla a choinneáil iontu.
Mar mhalairt air sin, is féidir an luaithreach a thógáil abhaile i síothal a fhaightear ón adhlacóir nó ón gcréamatóiriam. Is féidir na hiarsmaí a adhlacadh ansin in uaigh an teaghlaigh nó iad a scaipeadh áit éigin. Mura bhfuil an luaithreach le scaipeadh ar thalamh príobháideach, is ceart cead a fháil ón údarás cuí. Is féidir an luaithreach a scaipeadh ar muir. Tá sé de cheart ag an Aire Iompair rialacháin a dhéanamh maidir le taisí daonna a adhlacadh ar muir, ach níl sé sin déanta ag an bpointe seo. Tá treoirlínte deonacha ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo é seo a dhéanamh.
Rialacha agus rialacháin
Sular féidir leis an gcréamadh dul ar aghaidh, ní mór don dochtúir a d’fhreastail ar an duine nach maireann an uair dheireanach foirm a chomhlánú. Tá sé de cheangal ar an dochtúir freastail cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an ceart bás an duine a chur in iúl don chróinéir.
Ní mór do mholtóir leighis arna cheapadh ag an gcréamatóiriam an fhoirm seo a athbhreithniú agus a dheimhniú go bhfuil siad sásta leis na pointí seo a leanas:
- D'fhéach an dochtúir freastail ar chorp an duine roimh an mbás agus ina dhiaidh.
- Táthar tar éis cúis an bháis a shainaithint
- Ní gá an cás a tharchur chuig an gcróinéir
- Níl cúis ar bith ann nár chóir an corp a chréamadh
D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann créamadh láithreach a shocrú má tá cúis an bháis doiléir. I gcás mar seo, féadfaidh cróinéir Deimhniú Créamtha Cróinéara a chomhlánú a ligeann don chréamadh dul ar aghaidh. I gcásanna áirithe, tá sé de chumhacht ag Ceannfort de chuid an Gharda Síochána stop a chur le créamadh.
Níl aon reachtaíocht shonrach ann faoi láthair a bhaineann le créamadh in Éirinn. In éagmais reachtaíochta ar leith, tá a gcóid eitice féin forbartha agus á leanúint ag go leor créamatóiriamaí. Tá cód eitice forbartha ag Créamatóiriam Chnocán Iaróm, Reilig Ghlas Naíon agus Créamatóiriam an Oileáin le cúnamh ón Institiúid Bainistíochta Reilige & Créamatóiriam (ICCM), eagraíocht atá lonnaithe sa RA. Tá go leor Créamatóiriamaí eile freisin, ar nós Chréamatóiriam Shionainne, tiomanta don chód seo a leanúint.
Is féidir féachaint ar shuíomh gréasáin créamatóiriam féachaint an bhfuil an cód eitice a leanann siad le feiceáil ann, nó seol ríomhphost chucu chun tuilleadh eolais a lorg. Go ginearálta, bíonn a gcód cleachtais ar taispeáint ag créamatóiriamaí ionas gur féidir é a fheiceáil nuair a thugtar cuairt air.
Costais
Is é an difríocht is suntasaí ó thaobh costais de idir adhlacadh agus créamadh ná cibé an gcaithfear uaigh nua a cheannach don adhlacadh. Is gnách go mbíonn táillí an adhlacóra mar a chéile sa dá chás.
Créamadh uisce
Is rogha eile é créamadh uisce atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomparáid le créamadh lasair. Sa phróiseas seo, déantar aithris ar an bpróiseas nádúrtha a dtéann an corp tríd le linn adhlactha, nuair a bhristear cealla an choirp síos in uisce ach tarlaíonn sé thar thréimhse ama atá i bhfad níos giorra.
Tá créamadh uisce ar fáil in Éirinn anois. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo, ba cheart é a phlé le hadhlacóir.