Ábhair airgid i ndiaidh an bháis

Réamhra

Nuair a fhaigheann duine atá gar duit bás, is féidir go mbraitheann sé sáraitheach. B’fhéidir go mbeadh sé deacair ort díriú ar rudaí praiticiúla mar rochtain ar airgead agus iarratas a dhéanamh ar chabhair airgeadais.

I gcás go leor daoine, d’fhéadfadh laghdú ar an méid airgid atá ar fáil chun tacú leat féin agus le do theaghlach a bheith nuair a fhaigheann duine atá gar duit bás. Tá cúnamh ar fáil. Tá eolas ar an leathanach seo faoi chuid de na saincheisteanna airgeadais a d’fhéadfadh go mbeadh ort déileáil leo tar éis méala.

Más céile nó páirtí an duine marbh, b’fhéidir go mbeidh ort rochtain a fháil ar a gcuid airgid a luaithe is féidir.

Leas sóisialach agus cáin

Má bhí íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil ag an duine éagtha nó má bhí liúntas cleithiúnaí á fháil agat, nó Liúntas do Chúramóirí chur cúram a thabhairt dóibh, ba cheart duit a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialta (RCS) go bhfuair siad bás. Déanann tú é seo trí dheimhniú báis (má tá ceann agat) nó fógra báis ó nuachtán a sheoladh chuig an rannan den RCS a bhí á íoc acu.

Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialta íocaíochtaí freisin atá ar fáil chun cabhrú le teaghlaigh le costais sochraide. D’fhéadfá a bheith i dteideal sochar a bhaineann le bás (mar shampla, An Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtí Sibhialta Marthanach.)

Cáin

Tá rialacha ann maidir le cáin ioncaim sa bhliain a bhfuair duine bás. D’fhéadfadh go mbeifeá in ann creidmheasanna breise cánach a éileamh sna blianta tar éis bhás céile nó páirtí sibhialta.

Iasachtaí agus fiacha

B’fhéidir go bhfuil imní ort gur fhág an dhune a bhfuil gar duit fiacha nach mór a aisíoc.

Iasachtaí pearsanta, cártaí creidmheasa agus rótharraingtí

Níl tú faoi dhliteanas (freagrach) ach amháin as na fiacha sin a shínigh tú féin dóibh. Má bhíonn aon deacracht agat aisíocaíochtaí a dhéanamh ar iasacht i d’ainm féin nó i gcomhainmneacha, ba chóir duit a chur in iúl don chomhlacht cad a tharla, agus cead a lorg uathu íocaíochtaí nua a leagadh amach bunaithe ar do choinníollacha nua.

Ba cheart aisíocaíochtaí ar iasacht in ainm aonair do dhuine a bhfuil gar duit a íoc as an eastát. Má iarrtar ort íocaíochtaí iasachta a chomhlíonadh ar son an duine éagtha, níl ort é seo a dhéanamh. Faigh comhairle mura bhfuil tú cinnte cad atá le déanamh. Cuireann an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA) cúnamh saor in aisce, faoi rún agus neamhspleách ar fail ar raon cúrsaí airgeadais. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le SBCA ar 0761 07 2000, 9am go 8pm, Luan go hAoine.

Tugtar ‘fiacha neamhurraithe’ ar chártaí creidmheasa, rótharraingtí bainc agus iasachtaí pearsanta. Le fiachas neamhurraithe, níl sé de cheart ag an gcreidiúnaí (an institiúid atá dlite) mír áirithe maoine a thógáil mura n-íocann an féichiúnaí. Aisíoctar na fiacha seo ón eastát. Ní gá duit ach fiacha a aisíoc leat féin má tógadh amach iad i gcomhainmneacha.

Mura bhfuil go leor airgid san eastát chun fiacha neamhurraithe a thóg an duine a fuair bás amach a aisíoc, agus nach gcumhdaítear na fiacha le beartas árachais, ní féidir leis an gcreidiúnaí a iarraidh ar aon duine eile an fiach a aisíoc. Mura mbíonn go leor airgid ar fáil ón eastát chun fiacha neamhurraithe a thóg an duine a fuair bás amach a aisíoc

Morgáistí

Má tá morgáiste agat a tógadh amach le duine a bhfuil gar duit, ba cheart duit seiceáil an bhfuil aisíocaíochtaí clúdaithe ag árachas cosanta morgáiste.

Mura gcumhdaítear é, ansin caithfidh tú leanúint ar aghaidh ag aisíoc an mhorgáiste. Má bhíonn aon deacracht agat leis seo, ba cheart duit labhairt le do sholáthraí morgáiste. Is féidir leat comhairle a fháil freisin ó MABS.

Eastát an duine éagtha

Nuair a fhaigheann duine bás, bíonn a (h)ionadaí pearsanta freagrach as a réadmhaoin a riaradh. Bíonn ar an duine seo, airgead agus réadmhaoin an duine éagtha a dháileadh amach de réir an uachta – nuair a bhíonn uacht leagtha amach – nó de réir na dlíthe díthiomnachta mura mbíonn uacht ar fáil.

Nuair a bhíonn uacht ag do chéile/páirtí sibhialta éagtha, tá an ceart agat roinnt den eastát a fháil go huathoibríoch. Tugtar “an ceart dlíthiúil chun an eastát a rochtain” ar an gceart seo. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a rochtain ar chearta pósta agus oidhreachta. Más duine scartha thú, déantar do chearta oidhreachta a dhiúltú nó a chur ar ceal go minic. Nuair a eisítear foraithne colscartha/díscaoileadh, déantar do chearta oidhreachta a chur ar ceal go huathoibríoch

Ní féidir le lánúineacha comhchónaithe in Éirinn, oidhreacht a chéilithe a rochtain go huathoibríoch nuair a fhaigheann páirtí amháin bás, ach is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig na cúirteanna ar fhoráil a dhéanamh duit ón eastát.

Cabhair le hábhair airgid

Má tá deacrachtaí airgeadais agat tar éis méala, is féidir leat comhairle a fháil ó do Sheirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid áitiúil (MABS) ar conas é seo a dhéanamh. Is saorsheirbhís, neamhspleách, rúnda í MABS le fostaithe oilte a sholáthraíonn comhairle airgid duit. Tá a sonraí teagmhála ar fáil i d’eolaí teileafóin áitiúil nó ar a láithreán gréasáin (www.mabs.ie).

Eagraíocht neamhspleách dheonach is ea FLAC (Ionaid Chomhairle Dlí In Aisce). Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit chun faisnéis a fháil faoi choinní i do chlinic teileafóin FLAC i do cheantar.

Ionaid Saorchomhairle Dhleathach

85/86 Sráid Dorset Uachtarach

Baile Átha Cliath 1

D01 P9Y3

Eire

Teil: +353 (0)1 874 5690

Lóghlao: 1890 350 250

Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie

Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Aibreán 2021

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Iúil 2024