Gnéithe a thugann an cúirt san áireamh i gcásanna scaradh/colscaradh/díscaoilte
- Réamhrá
- Cad is orduithe coimhdeacha ann?
- Conas a dhéantar orduithe coimhdeacha?
- Gnéithe a thugann an chúirt sanáireamh nuair a bhíonn ordú coimhdeach á dhéanamh
- I ndiaidh ordú coimhdeach adhéanamh
- Eolas breise
Réamhrá
Is féidir leat deireadh dlíthiúil a chur le pósadh in Éirinn ar thrí bhealach – comhaontú idirscartha, idirscaradh breithiúnach agus colscaradh. Is féidir leat deireadh a chur le páirtnéireacht shibhialta freisin trí úsáid a bhaint as próiseas ar a dtugtar scaoileadh.
Go mbronnfar idirscaradh breithiúnach, colscaradh nó scaoileadh ort, caithfidh tú iarratas a dhéanamh leis na cúirteanna. Caithfidh an chúirt súil ar réimse tosca nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh ar d’iarratas, ar nós d’ioncaim agus chaighdeán do mhaireachtála.
Ag brath ar do chás, is féidir leis an gcúirt orduithe coimhdeacha a dhéanamh a imríonn tionchar ar ghnéithe éagsúla de do shaol. Mar shampla, is féidir leo seo baint le coimeád do leanaí agus le húinéireacht ar áit chónaithe an teaghlaigh.
Tugtar cuntas ar an leathanach seo ar na horduithe coimhdeacha i gcásanna idirscartha, colscartha agus scaoilte. Caitear súil ann freisin ar na príomhghnéithe a thugann an chúirt san áireamh nuair a bhíonn na horduithe seo á ndéanamh.
Cad is orduithe coimhdeacha ann?
Ordú é ordú coimhdeach (a dtugtar faoiseamh coimhdeach air, amanna) a dhéantar tríd an gcúirt lena chinntiú go ndéantar soláthar ceart do chéilí agus do chleithiúnaithe (ar nós leanaí) i ndiaidh gur chlis ar an bpósadh.
Is féidir réimse orduithe coimhdeacha a dhéanamh sna cúirteanna um an dlí teaghlaigh nuair a bhíonn idirscaradh breithiúnach, colscaradh nó scaoileadh á bhronnadh.
Baineann formhór na n-orduithe coimhdeacha cúirte leis an méid seo a leanas:
- Coimeád leanaí agus rochtain ar leanaí
- Íocaíochtaí cothabhála agus íocaíochtaí cnapshuime
- Úinéireacht ar áit chónaithe an teaghlaigh nó ar áit chónaithe a bhfuil comhúinéireacht air
- Áit chónaithe an teaghlaigh nó áit chónaithe a bhfuil comhúinéireacht air a áitiú
- Úinéireacht ar réadmhaoin agus ar shócmhainní, ar nós scaireanna
- Cearta pinsin
- Cearta comharbais.
Conas a dhéantar orduithe coimhdeacha?
Más féidir leat aontú ar conas sócmhainní, maoin agus freagrachtaí airgeadais a roinnt, is féidir leis an gcúirt orduithe a dhéanamh bunaithe ar do chomhaontú, ar choinníoll go bhfuil sé cothrom agus chun leasa an bheirt agaibh agus aon leanaí.
Mura féidir leat teacht ar chomhaontú, déanfaidh an chúirt idirghabháil agus déanfaidh sí na horduithe coimhdeacha riachtanacha bunaithe ar do chúinsí, ag cur prionsabail dlí i bhfeidhm ar nós cothroime, riachtanas agus ranníocaíocht.
Gnéithe a thugann an chúirt sanáireamh nuair a bhíonn ordú coimhdeach á dhéanamh
Déanfaidh an chúirt do chúinsí uile, agus cúinsí do theaghlaigh a thabhairt san áireamh sula ndéanfar ordú coimhdeach. Is féidir a áireamh leo seo:
Cóiríocht |
Riachtanais chóiríochta gach céile. Mar shampla, má tá áit éigin eile agat féin agus ag do chéile le fanacht, nó má tá an acmhainn ag ceachtar díobh áit chónaithe a aistriú. |
Airgeadas | Ioncam reatha agus dóchúil amach anseo gach céile, do chumas san áireamh airgead a thuilleamh agus aon sócmhainní atá agaibh
Riachtanais agus oibleagáidí airgeadais reatha agus amach anseo gach céile An t-ionchur a rinne gach céile nó páirtnéir sibhialta, agus is dóchúil a dhéanfaidh siad, le leas an teaghlaigh (áirítear leis seo aon ranníocaíocht a rinneadh a mhéadaigh ioncam agus acmhainní airgeadais an chéile eile) A mhéid a d’imir an pósadh nó an pháirtnéireacht shibhialta tionchar ar chumas gach céile airgead a thuilleamh Luach aon sochar a thug ceachtar céile suas mar gheall ar an idirscaradh breithiúnach, an colscaradh nó an scaoileadh |
Stíl mhaireachtála agus tionchar ar dhaoine muinteartha eile | Caighdeán maireachtála an teaghlaigh sular chlis ar an bpósadh nó an pháirtnéireacht shibhialta. Cé go gcuirfidh an chúirt seo san áireamh, glacfar leis, ina theannta sin, go mbeidh laghdú ar chaighdeán maireachtála na beirte céilí mar thoradh ar idirscaradh in go leor cásanna
Aois gach céile, fad an phósta nó na páirtnéireachta sibhialta, agus an fad ama a chónaigh na céilí nó na páirtnéirí sibhialta le chéile Má tá tú féin nó do chéile faoi aon mhíchumas fisiciúil nó meabhrach Cearta aon duine eile a ndéanann an t-idirscaradh breithiúnach, an colscaradh nó an scaoileadh difear dóibh (mar shampla, leanaí) |
Leanaí | Riachtanais chóiríochta aon leanaí
Riachtanais airgeadais do leanaí Riachtanais oideachais do leanaí Riachtanais sláinte fisiciúla agus mheabhairshláinte do leanaí |
Iompar | Iompar gach céile |
I ndiaidh ordú coimhdeach adhéanamh
Ní gá go mairfidh orduithe coimhdeacha go deo. Má thagann athrú ar do chúinsí le himeacht ama, nó má thagann athrú ar chúinsí do chéile, is féidir leat iarraidh ar an gcúirt na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- An t-ordú a athrú (téarmaí an ordaithe a athrú, mar shampla, an méid cothabhála is gá a íoc)
- An t-ordú a scaoileadh (stop nó deireadh iomlán a chur leis an ordú)
- An t-ordú a chur ar fionraí (an t-ordú a stopadh go sealadach)
Eolas breise
Is féidir léamh faoi conas iarratas a dhéanamh ar idirscaradh breithiúnach in Éirinn.
Is féidir leat léamh freisin faoi cholscaradh.
Más mian leat deireadh dlíthiúil a chur le do pháirtnéireacht shibhialta, is féidir léamh faoi iarratas a dhéanamh ar fhoraithne scaoilte.
B’fhéidir gur mian leat léamh faoin méid seo a leanas a freisin:
- Idirghabháil teaghlaigh i measc lánúineacha atá i mbun idirscartha
- Orduithe cothabhála agus comhaontuithe
- Conas a mheasúnaítear pinsin i rith idirscartha, colscartha nó scaoilte
- Cearta comharbais i ndiaidh idirscartha/colscartha/scaoilte
Nó is féidir leat cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin na gCúirteanna chun teacht ar eolas breise ar cholscaradh agus idirscaradh breithiúnach.