Colscaradh a fháil in Éirinn

Réamhrá

Chun colscaradh a fháil in Éirinn, caithfidh tú coinníollacha áirithe a shásamh (féach ‘na rialacha chun colscaradh a fháil‘).

Más rud é go sásaíonn tú na coinníollacha sin, beidh tú in ann iarratas a dhéanamh chun cúirte ar fhoraithne colscartha. Ordú cúirte atá i gceist, agus luaite ann go bhfuil an pósadh díscaoilte (críochnaithe go hoifigiúil) agus fágann sé go bhfuil tú saor chun pósadh den athuair. Ní féidir foraithne colscartha a aisiompú, ach amháin in imthosca eisceachtúla.

Is féidir leis an gcúirt orduithe (rialuithe) a dhéanamh freisin maidir le:

Roimh duit colscaradh a fháil

Chun cúrsaí a rialáil sula bhfaigheann siad colscaradh, déanann a lán lánúin na nithe ag seo a leanas:

1. Déanann siad comhaontú idirscartha

Conradh atá i gceist leis seo, atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, idir tú féin agus do chéile. Leagtar amach ann bhur gcearta agus bhur ndualgais dá chéile agus sibh ag cur deireadh le bhur gcaidreamh. De ghnáth, déantar téarmaí an chomhaontaithe a shocrú tríd an idirghabháil nó an idirbheartaíocht a dhéantar le cúnamh aturnaetha

2. Déan iarratas ar an idirscaradh breithiúnach

Sa chás nach bhfuil an lánúin in ann teacht ar chomhaontas maidir le téarmaí chun maireachtáil ina n-aonar, is féidir leo iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh. Cáipéis dlíthiúil atá i gceist leis seo ina ndearbhaítear nach bhfuil oibleagáid ort féin agus ar do chéile cónaí le chéile in aontíos mar lánúin phósta. Féadfar don chúirt orduithe a dhéanamh freisin maidir le hábhair eile, dála an choimeádta agus na rochtana ar leanaí

Mar sin féin, ní gá ceachtar díobh siúd a dhéanamh roimh duit iarratas a dhéanamh ar an gcolscaradh.

Nuair a dhéanann tú iarratas ar fhoraithne colscartha, is féidir leis an gcúirt athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe idirscartha atá déanta agaibh cheana. Tá an t-athbhreithniú sin tábhachtach sa chás go bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí (nó ar chúinsí do chéile).

Na rialacha chun colscaradh a fháil inÉirinn

Sular féidir le cúirt colscaradh a dheonú, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith á sásamh:

1. Caithfidh nach bhfuil sibh ag cónaí in aontíos

Caithfidh nach bhfuil tú féin agus do chéile ag cónaí in éindí le 2 bhliain ar a laghad as na 3 bliana is deireanaí roimh duit a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar an gcolscaradh. Suas go dtí an 1 Nollaig 2019, is éard a bhí ann ná 4 bliana as na 5 cinn is deireanaí.

Tá sé soiléirithe san Acht um an Dlí Teaghlaigh 2019 (pdf) go gclúdaítear le lánúineacha ‘nach bhfuil in aontíos’ lánúineacha a bhfuil cónaí orthu sa bhaile céanna ach nach bhfuil ina gcónaí le chéile mar lánúin i gcaidreamh tiomanta pearsanta.

Luaitear san Acht freisin nach gcuirtear deireadh leis an caidreamh a bheith pearsanta mar gheall ar nach bhfuil gnéas i gceist leis an gcaidreamh a thuilleadh gan cúis eile a bheith ann.

2. Caithfidh tú a bheith i do chónaí in Éirinn

Caithfidh tú féin nó do chéile:

  • Sainchónaí (buanchónaí) a bheith ort in Éirinn tráth a ndéantar an t-iarratas, nó
  • A bheith i do chónaí le tréimhse 1 bhliain ar a laghad anuas roimh don iarratas a bheith déanta

3. Glacann tú leis nach mbeidh tú ag teacht ar ais le chéile arís

Ní mór nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go mbeidh réiteach.

4. Ní mór socruithe a dhéanamh chun aire a thabhairt do do chéile, do do leanaí agus do dhaoine eile

Caithfidh socruithe cearta a bheith déanta don chéile agus d'aon daoine chleithiúnacha sa teaghlach, leithéidí leanaí agus gaolta eile.

An gá dom Aturnae a fháil?

Ní gá duit aturnaeabhcóide a úsáid chun colscaradh a fháil. Is féidir leat ionadaíocht a dhéanamh ort féin, más mian leat é sin a dhéanamh. Mar sin féin, féadfar ceisteanna casta a bheith ann a d’fhéadfadh sé a bheith an-deacair mar gheall orthu iarratas a dhéanamh ar cholscaradh gan aon chabhair ghairmiúil a fháil.

Má tá aon saincheist ann nach bhfuil tú féin agus do chéile ar aon aigne faoi, moltar go láidir duit dul i dteagmháil le haturnae dlí teaghlaigh. Níor chóir duit féin ná do chéile an t-aturnae céanna a fhostú.

Aturnae a fhostú

Má roghnaíonn tú aturnae príobháideach a fhostú, ba chóir duit a bheith ar an eolas nach bhfuil aon ráta seasta le haghaidh na muirear ar tháillí dlí.

Faigh roinnt luachana sula gcinnfidh tú cén aturnae a bheidh á fhostú agat.

Is féidir faisnéis teagmhála aturnaetha atá lonnaithe i ngach cearn den tír a fháil ar shuíomh gréasáin an Dlí-Chumainn.

An cúnamh dlíthiúil

Is féidir leat fáil amach an bhfuil tú incháilithe leis an gCúnamh Dlíthiúil, ach teagmháil a dhéanamh leis an ionad dlí i do cheantar féin. Níl an cúnamh dlíthiúil saor in aisce agus caithfidh gach duine ranníocaíocht a íoc i leith na gcostas.

An chomhairle dlí saor in aisce

Is eagraíocht neamhspleách, dheonach é FLAC (Ionaid Comhairle Dlí In Aisce) a bhfuil clinicí comhairle dlíthiúla curtha ar fáil acu ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus oscailte do chách.

Reáchtálann FLAC líne faisnéise agus atreoraithe le linn uaireanta oifige le haghaidh na faisnéise dlíthiúla bunúsaí freisin.

Téigh i dteagmháil leis an Ionad Faisnéise do Shaoránaigh i do cheantar féin chun faisnéis a fháil faoi sheirbhísí FLAC i do cheantar.

An idirghabháil

Más rud é go bhfuil an cinneadh déanta agat idirscaradh nó colscaradh, is féidir leis an idirghabháil cabhrú leat téarmaí an chomhaontaithe a shocrú eadraibh féin. Is seirbhís í an idirghabháil a ligeann do lánúin a gcinntí a dhéanamh eatarthu féin, agus tá sé mar aidhm aici a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe uile.

Ní ionann an idirghabháil agus an chomhairleoireacht phósta nó seirbhís comhairle dlí.

Má dhéanann aturnae ionadaíocht ar do shon, caithfidh d’aturnae an idirghabháil a mhíniú duit agus a phlé leat mar rogha atá agat, agus caithfidh sé liosta d’idirghabhálaithe oiriúnacha a thabhairt duit.

Má roghnaíonn tú go ndéanfar ionadaíocht ar do shon ag aturnae, caithfidh tú dearbhú a fháil ón aturnae gur insíodh duit faoin idirghabháil mar rogha malartach in ionad na cúirteanna. Caithfidh tú an dearbhú seo a chur le d’iarratas cúirte.

Is seirbhís in aisce í an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh atá curtha ar fáil ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil chun cabhrú le lánúineacha in Éirinn a gcomhaontú féin a shocrú tríd an chaibidlíocht.

Conas iarratas a dhéanamh ar cholscaradh

Más rud é go bhfuil na coinníollacha chun colscaradh a fháil in Éirinn comhlíonta agat, féidir duit féin nó do do chéile iarratas ar fhoraithne colscartha a dhéanamh chun na cúirte. Cáipéis atá i gceist, agus luaite ann go bhfuil an pósadh díscaoilte (críochnaithe go hoifigiúil) agus fágann sé go bhfuil tú saor chun pósadh den athuair.

Agus d’iarratas á dhéanamh agat i san Oifig Cúirte Chuarda i do cheantar féin, ní mór duit 5 cháipéis a chur isteach:

1. Foirm iarratais (ar a dtugtar Bille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh)

Sa cháipéis seo déantar cur síos ort féin agus ar do chéile, ar do shlí bheatha agus ar an áit a bhfuil tú i do chónaí. Leagtar amach ann an tráth ar phós tú freisin, chomh maith leis an tréimhse ama nach raibh sibh in bhur gcónaí in aontíos le chéile agus ainmneacha agus dátaí breithe bhur leanaí.

Sa chás go raibh tú scartha ó do chéile roimhe seo, d’fhéadfadh comhaontú idirscartha a bheith agat. Má tá cáipéis dá leithéid ann, ní mór duit é a lua sa Bhille Sibhialta um Dhlí Teaghlaigh.

2. Mionnscríbhinn Acmhainne faoi mhionn (Foirm 37A)

Is éard atá i gceist leis an gcáipéis seo ná ráiteas agus leagtha amach ann do staid airgeadais, do shócmhainní (rudaí atá agat), d’ioncam, do chuid fiacha agus dliteanas (airgead atá dlite duit) agus d’eisíocaíochtaí, mar shampla. Caithfidh sé seo a bheith dearbhaithe seachas amháin sa chás go nglacann do chéile leis an ábhar atá ann. Is éard is brí le “dearbhaithe” ná go mbeidh ort a chruthú go bhfuil an fhaisnéis fíor le cáipéis dála ráitis bhainc, duillíní pá agus billí fóntais.

3. Mionnscríbhinn Leasa faoi mhionn a bhaineann le leas do leanaí (Foirm 37B)

Sa cháipéis sin leagtar amach sonraí pearsanta leanaí an phósta. Déantar cur síos inti ar an áit a bhfuil siad ina gcónaí agus cé leis a bhfuil siad ag cónaí. Déantar cur síos inti freisin ar oideachais agus oiliúna na leanaí, ar a sláinte, agus ar aon socruithe cúraim leanaí agus socruithe cothabhála agus rochtana atá ann.

4. Cáipéis ina ndearbhaítear gur cuireadh ar an eolas tú faoin idirghabháil (Foirm 37D)

Déanann aturnae an cháipéis sin a shíniú. Ní bhíonn an fhoirm seo ag teastáil más ag déanamh ionadaíochta ort féin atá tú.

5. Bunchóip do dheimhniú pósta Stáit

Féadfar go mbeidh ort aistriúchán oifigiúil a chur ar fáil sa chás nach i nGaeilge ná i mBéarla ata do dheimhniú pósta.

Tá na foirmeacha sin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. Is féidir leat cóipeanna de na cáipéisí sin a fháil ón Oifig Cúirte Cuarda is gaire duit, freisin.

Sa chás nach bhfuil tú féin agus do chéile ar aon aigne maidir le sonraí de chuid an cholscartha

Má dhéantar argóint in aghaidh an cholscartha, nó in aghaidh aon ghné de (is é sin le rá nach bhfuil tú féin agus do chéile ar aon aigne maidir leis na sonraí), beidh ar an duine eile foirmeacha a chur isteach chomh maith, lena n-áirítear:

1. Láithreas

Léirítear sa cháipéis seo rún an duine eile dul in aghaidh an iarratais ar cholscaradh (nó aon chuid de).

2. Cosaint (agus Frithéileamh, a bhfuil sonraí ann atá cosúil leis na cinn sa Bhille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh)

Sa cháipéis seo, leagtar amach argóint in aghaidh ábhair atá sa Bhille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh. Leagtar amach ann chomh maith an méid atá á éileamh ag do chéile a bheith i dteideal air.

3. Mionnscríbhinn Acmhainne (Foirm 37A)

Caithfidh sé seo a bheith dearbhaithe seachas amháin sa chás go nglacann an taobh eile leis an ábhar atá ann.

4. Mionnscríbhinn Leasa (Foirm 37B)

Más mian leat, is féidir leat glacadh leis (i mionnscríbhinn ghearr) an fhaisnéis go léir atá sa chéad Mhionnscríbhinn Leasa.

5. Cáipéis ina ndearbhaítear gur cuireadh ar an eolas tú faoin idirghabháil (Foirm 37D)

Má roghnaíonn tú ionadaíocht a bheith déanta ar do shon ag aturnae, beidh doiciméad ag teastáil uait agus luaite ann gur cuireadh comhairle ort faoin idirghabháil.

Tá na foirmeacha sin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. Is féidir leat cóipeanna de na cáipéisí sin a fháil ón Oifig Cúirte Cuarda is gaire duit, freisin.

Féadfar go n-iarrfaí ort tuilleadh cáipéisí a chomhdú sula dtabharfar dáta éisteachta, mionnscríbhinn ina ndeimhnítear gur seirbheáladh imeachtaí ar aon iontaobhaithe pinsin ábhartha agus fógra chun dáta a shocrú le haghaidh trialach, mar shampla.

Tar éis duit do chuid cáipéisí a bheith curtha isteach agat

Tar éis duit féin agus do chéile na cáipéisí riachtanacha go léir a chur isteach, tabharfar dáta díobh le haghaidh éisteachta cúirte. Beidh an éisteacht seo príobháideach. Féadfar don chúirt cead a thabhairt duit duine a bheith in éineacht leat.

Is féidir níos mó a léamh faoi na tosca a chuirtear sa mheá sa chúirt i gcás colscartha.

Má chinneann an chúirt go bhfuil forais agat le haghaidh colscartha, deonófar foraithne colscartha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an pósadh díscaoilte (críochnaithe go hoifigiúil) agus go bhfuil tú saor chun pósadh den athuair.

Uaireanta, is féidir le daoine gur daoine de lucht an phreasa iad i ndáiríre a bheith i láthair sa chúirt. Ní cheadaítear dóibh sonraí pearsanta a nochtadh.

Déantar an chuid is mó de na hiarratais ar an gcolscaradh sa Chúirt Chuarda. Mar sin féin, is féidir iarratas a dhéanamh ar fhoraithne colscartha san Ard-Chúirt freisin. Is annamh a bhíonn iarratais san Ard-Chúirt agus tá siad teoranta do chásanna ina bhfuil sócmhainní an-shuntasacha ar fad agus saincheisteanna casta faoin úinéireacht. Bíonn an t-ábhar sna foirmeacha a nglactar leo san Ard-Chúirt mar an gcéanna, ach d’fhéadfadh an t-ainm agus an uimhir a thugtar orthu éagsúil.

Colscaradh le toiliú

Tá an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh ar an gcolscaradh éagsúil sa chás go n-aontaíonn tú féin agus do chéile le téarmaí an cholscartha go huile is go hiomlán.

Fós féin, caithfidh gurb é an t-iarratasóir duine díobh, agus gurb é an freagróir an duine eile. Fós féin, ní mór díobh na rialacha chun colscaradh a fháil in Éirinn go léir a shásamh.

Is éard atá i gceist leis an próiseas, go hiondúil ,ná:

1. Cuireann an t-iarratasóir foirm iarratais isteach (Bille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh)

Caithfidh gur tú féin nó gur do chéile é ‘an t-iarratasóir’ agus foirm iarratais (ar a dtugtar An Bille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh) a bheith curtha isteach ag an duine sin sa Chúirt Chuarda ábhartha. San fhoirm sin, áirítear liosta d’aon orduithe a bhfuil sé ar intinn agat iad a iarraidh, teach an teaghlaigh, mar shampla, nó an chothabháil, an coimeád, pinsean srl.

2. Déanann an freagróir an fhoirm iarratais a dheimhniú

Caithfidh tú féin nó do chéile (cibé duine nár chuir isteach an fhoirm iarratais) a dhearbhú don chúirt go bhfuair sé nó sí cóip den iarratas. Caithfidh tú toiliú leis an iarratas freisin agus, más ábhartha, le haon orduithe atá ann. Mura mian leat (an freagróir) freastal ar an éisteacht, ní mór duit é sin a dhearbhú ar mhionnscríbhinn.

3. Cuireann tú féin agus do chéile Mionnscríbhinn Acmhainne (Foirm 37A) ar fáil

Leagtar amach san fhoirm seo staid airgeadais na daoine go léir, lena n-áirítear sócmhainní, ioncam, fiacha agus dliteanais, chomh maith le heisíocaíochtaí.

4. Cuireann tú féin agus do chéile Mionnscríbhinn Leasa (Foirm 37B) ar fáil

Má tá leanaí cleithiúnacha agat, ní mór duit féin agus do chéile Mionnscríbhinn Leasa (Foirm 37B) a chur isteach ina gcuirtear síos eolas faoi chúram, sláinte agus oideachas na leanaí. Déantar cur síos san fhoirm seo chomh maith ar:

  • Oideachas agus oiliúint na leanaí
  • Sláinte na leanaí
  • Socruithe cúraim leanaí
  • Socruithe cothabhála agus rochtana

Is féidir leis an bhfreagróir mionnscríbhinn ghearr a chomhdú gan a bheith ann ach comhaontas le ráiteas an iarratasóra, más mian leis.

5. Deimhnigh gur cuireadh ar an eolas tú faoin idirghabháil (Foirm 37D)

Má roghnaíonn an bheirt agaibh ionadaíocht a fháil ó aturnaetha, caithfidh tú féin agus do chéile ráiteas faoi mhionn a dhéanamh, agus luaitear ann gur cuireadh ar an eolas sibh faoin idirghabháil. Déanann d’aturnae an cháipéis sin a shíniú.

6. Fógra Foriarratais agus Mionnscríbhinn a chur isteach

Má tá tú féin agus do chéile ar aon aigne, go huile is go hiomlán, faoin gcolscaradh, ní mór duit Fógra Foriarratais a chur isteach agus iarratas déanta ann go ndéanfaidh an chúirt d’iarratas a bhreith agus cinneadh a dhéanamh ina leith. Caithfidh tú mionnscríbhinn a chur san áireamh leis ina ndeimhnítear gur lean tú na rialacha maidir le conas colscaradh a fháil, agus ina leagtar amach na téarmaí deiridh arna gcomhaontú freisin.

7. Cáipéisí eile

Ag brath ar do chúinsí, d’fhéadfadh cáipéisí eile a bheith á n-iarraidh freisin, mionnscríbhinn ina ndeimhnítear gur seirbheáladh imeachtaí ar aon iontaobhaithe pinsin ábhartha atá ann, mar shampla.

Fuair mé colscaradh i dtír eile - an aithnítear an colscaradh sin in Éirinn?

De ghnáth, aithnítear an colscaradh a dheonaítear i bhformhór na mballstát den AE go huathoibríoch sa tír seo gan gá iarratas cúirte a dhéanamh. Má tá díospóid ann, áfach, is féidir iarratas a dhéanamh go ndéanfaí nó nach ndéanfaí colscaradh ar leith a aithint anseo.

Sa chás nach bhfuil do cholscaradh aitheanta go huathoibríoch in Éirinn, is féidir iarratas a dhéanamh chun cúirt Éireannach chun téarmaí an cholscartha a bheith aitheanta anseo.

Braithfidh cinneadh na cúirte ar roinnt fachtóirí éagsúla:

  • An áit ar deonaíodh an colscaradh
  • An t-am ar deonaíodh é
  • Cibé an raibh ceachtar de na céilí ina gcónaí sa dlínse inar deonaíodh an colscaradh, fad na tréimhse sin, cibé acu an gnátháit chónaithe an duine sin a bhí ann nó nach raibh, agus an raibh sé i gceist acu fanacht ann.

An Bhreatimeacht agus colscarthaí

D’fhág an RA an AE an 31 Eanáir 2020 ag 11pm. Ón dáta sin i leith níl an RA ina ball den AE a thuilleadh agus meastar gur tríú tír í. Le linn na hidirthréimhse comhaontaithe (go dtí an 31 Nollaig 2020), bhí an ceart céanna ag saoránaigh na Breataine agus a dteaghlaigh maireachtáil, obair, sochair a éileamh, agus rochtain a fháil ar chúram sláinte san AE agus a bhí acu roimhe seo. Áirítear leis seo go mbeadh colscarthaí de chuid na Breataine aitheanta i mballstáit an AE.

Ó 11pm an 31 Eanáir2020, níl an RA clúdaithe a thuilleadh ag dlíthe an AE a bhaineann le hábhair phósta. Mar sin féin, foráiltear leis an Acht um Tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha) 2020 (pdf) go leanfar in Éirinn de cholscartha, d’idirscaradh dlíthiúil agus de neamhniú pósta a deonaíodh sa RA a aithint.

Faisnéis bhreise

Tá tuilleadh faisnéise faoi conas iarratas a dhéanamh ar cholscaradh ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Márta 2021