Caomhnóireacht

Reachtaíocht

Tugann caomhnóireacht i dteideal tuismitheoir, nó duine eile, cinntí tábhachtacha a dhéanamh maidir le tógáil an linbh sin, mar shampla, cinneadh a dhéanamh ar reiligiún, oideachas, cóir leighis an linbh agus an áit a bhfuil cónaí orthu.

Ní hionann caomhnóireacht agus coimeád, baineann sé sin le cúram laethúil linbh.

Tá sé éagsúil le rochtain freisin, is é sin an ceart dlíthiúil atá ag leanbh agus duine fásta teagmháil a dhéanamh lena chéile nuair nach gcónaíonn siad le chéile.

Cearta caomhnóireachta

Is féidir le caomhnóireacht linbh a bheith:

  • Uathoibríoch
  • Trí chomhaontú idir an dá pháirtí
  • Trí chinneadh breithimh sa chúirt

Caomhnóireacht uathoibríoch

Seans go bhfuil cearta uathoibríocha caomhnóireachta agat cheana féin. Ciallaíonn sé sin nach gá duit iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chaomhnóireacht linbh.

Tá cearta uathoibríocha ag na daoine seo a leanas:

  • Gach máthair bhreithe, bíodh sí pósta nó ná bíodh. Ní athraíonn sé seo ach amháin má thugtar an leanbh suas le huchtú.
  • An bheirt tuismitheoirí pósta lena n-áirítear tuismitheoirí linbh uchtaithe. Tá feidhm aige sin beag beann ar cibé an bpósann an lánúin roimh bhreith an linbh nó ina dhiaidh. Ní athraíonn scaradh nó colscaradh an ceart uathoibríoch seo.
  • Tuismitheoir neamhphósta má tá cónaí air nó uirhti le máthair an linbh ar feadh 12 mhí as a chéile. Ní mór go n-áireofaí leis an tréimhse ama seo freisin 3 mhí ar a laghad leis an máthair agus an leanbh tar éis bhreith an linbh. Ní gá go mbeadh an tréimhse 3 mhí díreach tar éis na breithe. Ní mór do mháthair an linbh aontú ar an am a chaitear in aontíos céileachais.

Caomhnóireacht trí chomhaontú

Níl cearta caomhnóireachta uathoibríocha ag athair nach bhfuil pósta le máthair a linbh i ndáil leis an leanbh sin. Má aontaíonn an mháthair é a bheith ceaptha go dlíthiúil mar chaomhnóir, ní mór dóibh dearbhú reachtúil comhpháirteach a shíniú. Ní mór an dearbhú reachtúil (IR 210 de 2020) (pdf) a shíniú i láthair Coimisinéara SíochánaCoimisinéir Mionnaí. Má tá níos mó ná leanbh amháin ann, ba chóir dearbhú reachtúil ar leith a dhéanamh i ndáil le gach ceann acu. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht suas go dtí go sroichfidh leanbh 18 mbliana d’aois.

Iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht chun na cúirte

Mura n-aontaíonn an mháthair go mbeadh caomhnóireacht ag an athair, féadfaidh an t-athair iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht chuig an gCúirt Dúiche.

Chomh maith le haithreacha, féadfaidh daoine áirithe eile iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar chaomhnóireacht:

  • Is féidir le leas-tuismitheoir, páirtnéir sibhialta nó duine a chónaigh le tuismitheoir ar feadh 3 bliana ar a laghad, iarratas a dhéanamh chun na cúirte má tá an leanbh ina chomhthuistí ar feadh níos mó ná 2 bhliain acu.
  • Duine a sholáthair cúram laethúil an linbh ar feadh tréimhse leanúnach níos faide ná bliain mura bhfuil aon tuismitheoir nó caomhnóir ag an leanbh atá toilteanach nó in ann cearta agus freagrachtaí caomhnóra a fheidhmiú.

Féadfar athair (nó duine eile) arna cheapadh ag an gcúirt mar chaomhnóir a chur as oifig mar chaomhnóir ag dáta amach anseo. De ghnáth is caomhnóir saoil é athair atá pósta le máthair linbh.

Ag cur deireadh le caomhnóireacht

Críochnaíonn caomhnóireacht nuair a shroicheann an leanbh 18 mbliana d'aois mura bhfaigheann caomhnóir bás nó má bhaintear as roimhe sin.

Caomhnóireacht shealadach

Is féidir le tuismitheoir caomhnóir sealadach a ainmniú (pdf) trí úsáid a bhaint as foirm speisialta a fhéadfaidh an chúirt a cheapadh má tá tinneas nó gortú tromchúiseach ar an tuismitheoir a chuireann cosc orthu a bhfreagrachtaí caomhnóireachta a fheidhmiú i leith a linbh. Leagfar amach scóip chearta an chaomhnóra shealadaigh in Ordú na Cúirte Dúiche, a bheidh comhionann leis na mianta a leag tú amach san fhoirm de ghnáth.

Tá tuilleadh eolais ar chearta agus ar fhreagrachtaí aithreacha ar fáil ó Treoir.

Fadhbanna maidir le pasanna linbh

Tá cásanna áirithe ann ina mbeidh cinneadh breitheamh ag teastáil uait maidir le pas linbh a eisiúint. Mar shampla, sna cásanna seo a leanas:

  • Diúltaíonn caomhnóir amháin an fhoirm iarratais ar phas a shíniú

Má tá beirt chaomhnóirí ann, caithfidh an bheirt acu an fhoirm iarratais ar phas linbh a shíniú. Má dhiúltaíonn caomhnóir amháin an fhoirm iarratais a shíniú, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt go n-eiseofar pas an linbh gan a shíniú nó a síniú.

  • Tá caomhnóir amháin ann nach féidir é nó í a aimsiú

Féadfar go dtarlóidh sé nach bhféadfaí dul i dteagmháil le caomhnóir. Sa chás seo, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt chun pas an linbh a eisiúint gan síniú a fháil.

  • Ní féidir le caomhnóir rochtain a fháil ar phas linbh

Féadfaidh cúirt coinníollacha a chur i bhfeidhm maidir leis an áit ina bhfuil pas linbh. Mar shampla, féadfaidh an chúirt an pas a shealbhú. D’fhéadfadh duine ainmnithe arna cheapadh ag an gcúirt é a shealbhú freisin agus gan é a scaoileadh ach amháin faoi choinníollacha áirithe. Sa chás sin, beidh ar chaomhnóir iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt chun an pas a scaoileadh. I gcónaí, breithneoidh an chúirt céard is fearr ó thaobh leas an linbh.

Conas iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht

Déantar formhór na n-iarratas ar chaomhnóireacht, nó chun deireadh a chur leis an ngá atá le toiliú caomhnóra maidir le heisiúint pas linbh, sa Chúirt Dúiche. Chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche tá roinnt céimeanna le glacadh.

Beidh ort na foirmeacha iarratais ar chaomhnóireacht agus aon fhoirmeacha eile d’fhonn pas a eisiúint is gá a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. Ag brath ar an gcineál iarratais atá á dhéanamh agat, féadfar go mbeidh ort foirm Ráitis Socruithe (pdf) a chomhlánú agus cóip di a cheangal le d’iarratas.

Mura féidir leat foirm a íoslódáil, féadfaidh tú í a iarraidh ón oifig Cúirte is áitiúil duit.

Ní ghearrann an tSeirbhís Chúirteanna táille as iarratais dlí teaghlaigh a dhéanamh.

Leas Sóisialach

Má tá leanbh ina chónaí leat agus tú freagrach as a gcúram, féadfaidh tú tacaíocht leasa shóisialaigh a fháil.

Mar shampla, d’fhéadfá cáiliú chun Sochar Linbh a fháil, ar íocaíocht mhíosúil é le gach tuismitheoir nó caomhnóir leanaí faoi 16, nó faoi 19 má tá an leanbh san oideachas lánaimseartha nó má tá an leanbh faoi mhíchumas.

D’fhéadfá cáiliú freisin d’Íocaíocht Chaomhnóra sheachtainiúil má tá leanbh ina c(h)ónaí leat agus má tá tú freagrach as a c(h)úram. Ní gá duit a bheith i do chaomhnóir dlíthiúil chun iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Caomhnóra.

Tuilleadh faisnéise

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
D07 F95Y
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/

Kinship Care Ireland

Teil: 087 1487124
Láithreán Gréasáin: https://www.kinshipcare.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.kinshipcare.ie/contact/

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Samhain 2024