Cén aois is féidir liom?
Cén aois is féidir liom?
Tosú ar scoil
- Aois 4
Oideachas dara leibhéal a thosú
- Aois 12 ar an 1 Eanáir sa chéad bhliain scoile
An scoil a fhágáil
- Aois 16 nó ar chríochnú 3 bliana oideachais iarbhunscoile, cibé acu is déanaí
Tosú ag obair
- Aois 14 – suas le 7 n-uaire in aghaidh an lae (35 uair in aghaidh na seachtaine) le linn laethanta saoire ón scoil amháin
- Aois 15 – suas le 8 n-uaire le linn an téarma agus suas le 7 n-uaire in aghaidh an lae (35 uair in aghaidh na seachtaine) i rith laethanta saoire ón scoil
- Aois 16 – suas le 8 n-uaire in aghaidh an lae (40 uair in aghaidh na seachtaine)
Íosphá náisiúnta a fháil
- Aois 14 – 70% den íosphá
- Aois 18 – 80% den íosphá
- Aois 19 – 90% sa dara bliain fostaíochta tar éis aois 18 a bhaint amach
- Aois 20 – 100% sa tríú bliain fostaíochta tar éis aois 18 a bhaint amach
A bheith mar phrintíseach
- Aois 16 – Printíseacht SOLAS
- Aois 18 – Printíseach san Arm nó san Aerchór
A bheith mar bhall den Arm nó den Gharda Síochána
- Aois 18 – Arm, Aerchór nó an tSeirbhís Chabhlaigh
- Aois 18 – An Garda Síochána
A bheith mar Fheighlí Leanaí
- Níl aon íos-aois dhlíthiúil
Cánach a íoc
- Níl aon íos-aois
Tiomáint
- Aois 12 – bád le hinneall níos mó ná 3.7kW (5hp)
- Aois 16 – gluaisrothar suas le 11kW agus suas le 125cc, móipéidí agus cuadrothair, feithiclí oibre agus tarracóir talún a bhfuil leantóir acu nó nach bhfuil, agus mótar-soilse nach mó ná 15 kW
- Aois 17 – feithiclí le suíocháin do suas le 8 paisinéirí agus uas-mheáchan 3,500kg
- Aois 18 – gluaisrothar suas le 35kW, feithiclí earraí suas le 7,500kg
- Aois 21 – feithiclí earraí, bus le cóiríocht do suas le 16 paisinéir
Pas a fháil
- Aois 0-17 – pas cúig bliana
- Aois 18 – pas deich mbliana
Saoire nó eitilt a chur in áirithint
- Aois 18
Iarratas a dhéanamh ar Aoischárta Náisiúnta
- Aois 18
Aois dhigiteach an toilithe
- Aois 16 - má tá tú faoi 16, tá toiliú tuismitheora ag teastáil
Alcól a cheannach
- Aois 18
Alcól a ól
- Aois 18 – féadfaidh daoine faoi 18 alcól a ól i dteach príobháideach le toiliú tuismitheora
Toitíní a cheannach
- Aois 18
A bheith i mbun cearrbhachais
- Aois 18
Madra a bheith agat
- Aois 16 – caithfidh ceadúnas madra a bheith agat chun madra a choinneáil.
Toiliú le cóir leighis
- Aois 16
Fuil a thabhairt
- Aois 18
Tolladh coirp nó tatú a fháil
- Níl aon íos-aois dhlíthiúil
Fiacla a ghealadh
- Aois 18
Úsáid a bhaint as leapa gréine
- Aois 18
Toiliú le caidreamh collaí
- Aois 17
Iarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne
- Aois 16 – le Ordú Díolúine Cúirte
- Aois 18 – gan Ordú Díolúine Cúirte
Pósadh
- Aois 18
Déan teagmháil le do theaghlach breithe nó le do ghaolta
- Aois 18 – Má tá tú uchtaithe agus más mian leat teagmháil a dhéanamh le do theaghlach breithe nó faisnéis a roinnt le do theaghlach breithe, is féidir do shonraí a chur isteach sa Chlár Rogha Teagmhála. Más leanbh uchtaithe tú faoi 18 mbliana d’aois, féadfaidh tuismitheoir uchtála teacht isteach ar do shon.
An baile a fhágáil
- Aois 16 - le toiliú tuismitheora
- Aois 18 - gan toiliú tuismitheora
Cion coiriúil a bheith curtha i do leith
- Aois 10 – dúnmharú, dúnorgain, éigniú agus ionsaí forthromaithe gnéis
- Aois 12 – cionta coiriúla eile
Clárú le vótáil
- Aois 18 - toghcháin agus reifrinn uile. Má tá tú 16 nó 17 mbliana d’aois, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith ar an ‘liosta toghthóirí ar feitheamh’ ach níl tú i dteideal vóta a chaitheamh go dtí go mbainfidh tú 18 mbliana d’aois amach, agus ag an bpointe sin cuirfear le Clár na dToghthóirí go huathoibríoch thú.
Seasamh le haghaidh toghcháin
- Aois 18 - toghcháin áitiúla
- Aois 21 - toghcháin náisiúnta agus Eorpacha
- Aois 35 – toghcháin na huachtaránachta
Suí ar ghiúiré sa chúirt
- Aois 18
Conradh a dhéanamh atá ina cheangal de réir an dlí
- Aois 18 – seachas conarthaí áirithe, a bhaineann le riachtanais cosúil le bia nó do phrintíseachtaí
Uacht a dhéanamh
- Aois 18
M’ainm a athrú trí Ghníomhas Dlí
- Aois 14 - le toiliú tuismitheora
- Aois 18 - gan toiliú tuismitheora
Íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil i m’ainm féin
- Aois 16 – Liúntas Míchumais
- Aois 18 - Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta