Pas Éireannach a athnuachan mar Dhuine Fásta

Réamhrá

Míníonn an doiciméad seo conas do phas Éireannach a athnuachan má tá tú os cionn 18 mbliana d'aois.

Ní mór duit a bheith i do shaoránach Éireannach chun a bheith incháilithe do phas Éireannach.

Tá pasanna Éireannacha do dhaoine fásta bailí ar feadh deich mbliana. Chun leanúint ar aghaidh ag taisteal thar lear tar éis an ama seo, beidh ort iarratas a dhéanamh chun do phas Éireannach a athnuachan. B'fhéidir gur mhaith leat iarratas a dhéanamh freisin ar do phas a athnuachan toisc -

  • go bhfuil do phas caillte, goidte nó damáistithe
  • gur athraigh tú d'ainm

Má chuaigh do phas is déanaí in éag níos mó ná 15 bliana ó shin, ba cheart duit an doiciméad maidir le hiarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach a léamh.

Is féidir leat do phas a athnuachan ag am ar bith. Má dhéanann tú iarratas ar phas nua sula bhfuil do cheann reatha éagtha, beidh do phas nua bailí ón dáta a dhéanann tú iarratas.

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha Seirbhís Mheabhrúcháin Pasanna ar fáil ina seoltar meabhrúchán chugat trí ríomhphost trí mhí sula mbeidh do phas éagtha. Beidh ort clárú don tseirbhís seo.

Más mian leat an t-ainm ar do phas a athrú toisc, mar shampla, go bhfuil tú pósta, ba chóir duit do phas a athnuachan.

Is féidir leat do phas Éireannach a athnuachan:

  • Ar líne, trí Phas Ar Líne
  • Tríd an bpost, le Post Passport
  • Go pearsanta, trí sheirbhís chuntair Oifig na bPasanna

Do phas a athnuachan trí Phas Ar Líne

Is féidir leat pas Éireannach a athnuachan ar líne, trí na treoracha céim ar chéim atá ar fáil ar an láithreán a leanúint. Is féidir leat athnuachan a dhéanamh ar líne ó áit ar bith ar domhan, chomh fada is nach bhfuil pas Éireannach roimhe seo as dáta níos faide ná 5 bliana.

Ní gá duit d'aitheantas a fhíorú nuair a bhíonn do phas á athnuachan agat tríd an tseirbhís ar líne. Má tá níos mó ná 12 mhí bailíochta fágtha ar do phas reatha tráth an iarratais athnuachana, beidh ort an pas bunaidh a sheoladh isteach tríd an bpost.

Grianghraif Dhigiteacha

Ní mór duit grianghraf digiteach a chur isteach mar chuid d'iarratas. Is féidir leat é seo a dhéanamh ar 3 bhealach:

  • Iarr ar sholáthraí grianghraf rannpháirteach do ghrianghraf a thógáil, tabharfaidh sé cód uathúil duit le cur ar d'iarratas ar líne.
  • Iarr ar sholáthraí grianghraf rannpháirteach do ghrianghraf a thógáil, agus iarr air é a chur ar ríomhphost chugat, nó an grianghraf a shábháil ar fheiste USB, nó modh stórála eile. Caithfidh tú rochtain a bheith agat ar an ngrianghraf agus d'iarratas ar líne á chríochnú agat
  • Tóg grianghraf sa bhaile le ceamara digiteach nó le fón cliste. Caithfidh an grianghraf d'íomhá ón choim aníos a thaifeadadh.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na riachtanais grianghraf don tSeirbhís Pas Ar Líne.

Do phas a athnuachan tríd an bpost trí Post Passport

Is seirbhís é Post Passport a chuireann An Post ar fáil.

Más saoránach Éireannach atá ina chónaí in Éirinn tú, ba chóir duit foirm APS 1 a chomhlánú. Gheobhaidh tú an fhoirm seo i stáisiúin na nGardaí agus in aon Oifig Phoist. Ní féidir faoi láthair leagan páipéir den fhoirm iarratais a íoslódáil

Má tá níos mó ná 12 mhí bailíochta fágtha ar do phas reatha tráth an iarratais athnuachana, beidh ort an pas bunaidh a sheoladh isteach tríd an bpost.

Grianghraif

Ní mór duit 4 ghrianghraf chomhionanna díot a tógadh le déanaí a chur isteach le d'iarratas. Ba chóir d'fhinné an iarratais dhá cheann de na grianghraif seo a shíniú ar a gcúl. Ba chóir don fhinné an uimhir fhoirm a thaispeántar i gcuid 9 den fhoirm iarratais a scríobh ar an dá ghrianghraf sínithe freisin. Má tá tú ag déanamh iarratais ar do phas in Éirinn caithfidh an finné a bheith ina b(h)all den Gharda Síochána.

eolas ar ghrianghraif pas atá níos mionsonraithe ar fáil.

Post Passport thar lear

Soláthraíonn roinnt brainsí de chuid Oifig an Phoist sa Ríocht Aontaithe an tseirbhís Post Passport (pdf). Tá oifig an phoist sa Bhreatain Mhór a thairgeann Post Passport (Glaschú, Cardiff agus Learpholl).

Má tá tú ag déanamh iarratais ó thar lear, tá catagóirí oiriúnacha finné liostáilte ar an bhfoirm iarratais. Ba chóir don fhinné a uimhir theagmhála i rith an lae a lua ar an bhfoirm iarratais mar d'fhéadfadh sé go mbeadh sé seo le deimhniú ag an tSeirbhís Pasanna nó ag an ambasáid nó ag an gconsalacht ábhartha.

Iarratas a dhéanamh go pearsanta

Tá an tseirbhís chuntair in Oifig na bPasanna ceaptha le freastal ar dhaoine a dteastaíonn uathu a bpasanna a athnuachan go práinneach, agus gan go leor ama acu chun iarratas a dhéanamh ar bhealaí eile. Sna cásanna seo, ba chóir duit coinne a chur in áirithe le hOifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh. Tá eolas maidir leis an Seirbhís Choinne Phráinneach le fáil thíos.

Má tá tú i do chónaí thar lear agus mura bhfuil tú in ann an tSeirbhís Pas Ar Líne a úsáid, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do phas Éireannach a athnuachan go pearsanta nó trí iarratas a sheoladh trí ghnáthphost nó post cláraithe chuig an ambasáid nó an chonsalacht Éireannach is gaire duit. Úsáidtear foirm APS 2.

Ní féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil. Is féidir leat an fhoirm iarratais a fháil ó ambasáid nó ó chonsalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil cónaí ort (nó ón ambasáid nó ón gconsalacht is gaire).

Táillí ar áthnuachaintí Pas

Pas caighdeánach 10 mbliana 34 leathanach

  • Pas Ar Líne - € 75 (+ €15 postas má chónaíonn tú lasmuigh d'Éirinn)
  • Post Passport - € 80 (+táille € 9.50)
  • Go pearsanta - €95

Pas mór 10 mbliana 66 leathanach

  • Pas Ar Líne - € 105 (+ €15 postas má chónaíonn tú lasmuigh d'Éirinn)
  • Post Passport - € 110 (+táille € 9.50)
  • Chomh maith leis sin, cuireann An Post rogha 'Iarratas Teaghlaigh' ar fáil inar féidir suas le 4 iarratas ar phasanna a chur isteach i gclúdach amháin. Is í an táille bhreise ar Iarratas Teaghlaigh ná €16.

Cé chomh fada is a thógfaidhm'athnuachan ar phas?

Críochnaítear athnuachaintí ar líne laistigh de thart ar 10 lá oibre.

Tógann sé thart ar 15 lá oibre le hathnuachan casta ar líne a phróiseáil. Is éard atá i gceist le hathnuachan casta nuair a iarrtar ort doiciméid bhreise a chur isteach nó nuair a bhíonn faisnéis ar do phas á athrú agat. D’fhéadfá a bheith ag athrú d’ainm nó ag tuairisciú pas caillte nó goidte.

Má tá tú ag athnuachan tríd an tseirbhís Post Passport, ba chóir duit 8 seachtaine ar a laghad a fhágáil chun d'iarratas a phróiseáil (gan amanna postais san áireamh). Is féidir an tréimhse seo a bheith níos faide ag amanna áirithe den bhliain mar gheall ar líon méadaithe na n-iarratas.

Seiceáil láithreán gréasáin na Seirbhíse Pasanna le haghaidh na n-amanna próiseála reatha

Dul chun cinn d'iarratas ar phas a rianú

Cuireann Seirbhís na bPasanna Seirbhís Rianaithe Pasanna ar fáil, a ligeann duit stádas d'iarratais a sheiceáil ar líne. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit an uimhir iarratais ó d'fhoirm a bheith agat (i gcúinne uachtarach na láimhe clé den fhoirm) chun é seo a dhéanamh.

Seirbhís Choinne Phráinneach agus doiciméid taistil éigeandála

Seirbhís Choinne Phráinneach

Tá an Seirbhís Choinne Phráinneach lonnaithe i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Londain. Ní mór duit coinne a chur in áirithe sula dtéann tú go dtí an oifig. Tá 3 saghas coinne ann agus beidh táille i gceist leis an tseirbhís choinne seo ag brath ar an bpráinn atá ag baint le d’iarratas ar phas.

  • Seirbhís athnuachana ar an lá céanna. Is féidir na coinní seo a chur in áirithe 3 lá roimh ré.
  • Seirbhís athnuachana 4 lá. Is féidir na coinní seo a chur in áirithe 3 seachtaine roimh ré.
  • Seirbhís athnuachana 5 lá (Londain amháin). Is féidir na coinní seo a chur in áirithe 3 seachtaine roimh ré.

Athnuachaintí gasta agus doiciméid taistil éigeandála

Athnuachaintí gasta

Tá Seirbhís Athnuachana Gasta ar fáil in Oifig na bPasanna Bhaile Átha Cliath do dhaoine fásta agus leanaí atá ag athnuachan a bpas agus atá ag taisteal i gceann níos lú ná 3 lá oibre. Is féidir leat coinne a dhéanamh don tSeirbhís Athnuachana Gasta ag pasappointments.ie.

Doiciméid taistil éigeandála

I gcásanna fíoréigeandála, is féidir leis an oifigeach dualgais sa Roinn Gnóthaí Eachtracha doiciméad taistil éigeandála a bhfuil bailíocht theoranta aige a eisiúint. Seo a leanas samplaí d'éigeandálaí den sórt sin:

  • Cásanna anacair shuntasaigh ar nós básanna nó sochraidí gar ghaol thar lear
  • Cúram leighis práinneach thar lear

Ní féidir doiciméad taistil éigeandála a eisiúint do mhionaoisigh (ach amháin in imthosca an-teoranta), d'iarratasóirí céaduaire nó i gcásanna nach mbaineann éigeandáil leighis nó méala teaghlaigh leo.

Féadfaidh ambasáidí nó consalachtaí Éireannacha doiciméid taistil éigeandála a eisiúint freisin, chun pas ionad a fháil ar phas a cailleadh nó a goideadh thar lear.

Doiciméid bhreise a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait

Athrú ainm

Más mian leat an t-ainm ar do phas a athrú chuig d'ainm pósta, ní mór duit do dheimhniú pósta shibhialta nó do dheimhniú páirtnéireachta sibhialta a chur isteach.

Má eisíodh do phas roimhe seo i d'ainm pósta agus más mian leat do phas nua a eisiúint i d'ainm réamhphósta ní mór duit do dheimhniú breithe agus d'ordú cúirte idirscartha bhreithiúnaigh, do chomhaontú idirscartha nó d'fhoraithne colscartha a chur isteach. Seachas sin, beidh ort 2 dhoiciméad oifigiúla a chur isteach a léiríonn go raibh d'ainm réamhphósta á úsáid agat ar feadh 2 bhliain.

Má d'athraigh tú d'ainm ar chúis eile, beidh ort fianaise dhoiciméadach a chur isteach go bhfuil an t-ainm á úsáid agat ar feadh 2 bhliain ar a laghad.

Má aithnítear tú leis an leagan Gaeilge de d'ainm ach mura bhfuil cruthúnas agat ar úsáid 2 bhliain, is féidir glacadh le cruthúnas ar úsáid 6 mhí ar a laghad. Má ghlactar leis an gcruthúnas ar úsáid 6 mhí, cuirfear leagan Béarla de d'ainm ar an bpas freisin.

Mura bhfuil do chuid doiciméad i mBéarla ní mór duit leagan Béarla deimhnithe a sholáthar freisin, iad aistrithe ag aistritheoir cláraithe.

Aithint inscne

Is féidir leat iarratas a dhéanamh i do rogha inscne má tá Deimhniú um Aithint Inscne faighte agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Beidh ort do Dheimhniú um Aithint Inscne agus do dheimhniú breithe a chur isteach mar ath-eisiúint i ndiaidh aitheantas inscne. Ní mór duit fianaise dhoiciméadach a sholáthar freisin go bhfuil tú ag úsáid an ainm go leanúnach ar feadh 2 bhliain ar a laghad.

Teagmhálacha Úsáídeacha

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Pasanna ar an nguthán nó tríd an idirlíon. Is féidir leat coinne a dhéanamh freisin chun d'iarratas ar phas a chur isteach go pearsanta.

Oifig na bPasanna

Teach Knockmaun

42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach

Baile Átha Cliath

2D02 TN83

Éire

Uaireanta Oscail te: 9:00rn - 4:30in, Luan-Aoine

Teil: +353 (0) 1 671 1633

Leathanach baile: https://www.dfa.ie/passports-citizenship/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Deireadh Fómhair 2023