Cionta Tíomána

Réamhrá

Má sháraínn tú riail bhóthair, is féidir leat cion tiomána a dhéanamh. Tá cionta tiomána in Éirinn leagtha amach sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 (arna leasú).

Baineann pionóis éagsúla le cionta tiomána, ag braith ar cé chomh tromchúiseach is atá an cion, agus uaireanta, ar an líon cionta a rinne tú roimhe seo.

Tá raon pionós ann, ó mhuirir sheasta, ar fíneálacha nach mór duit a íoc iad, go príosúnacht ar na cionta is tromchúisí. Má sheoltar fógra muirear seasta chugat agus má theipeann ort an muirear a íoc in am, gheobhaidh tú toghairm chúirte.

Baineann Éire úsáid freisin as córas pointí pionóis le haghaidh cionta tiomána.

Tá sé de chumhacht ag Gardaí tú a ghabháil de bharr roinnt cionta tiomána, mar shampla tiomáint faoi thionchar alcóil nó tiomáint chontúirteach.

Beidh tú dícháilithe freisin ó thiomáint má dhéanann tú cion agus má chinneann breitheamh tú a dhícháiliú ó thiomáint, nó má bhíonn 12 phointe pionóis agat ar do cheadúnas.

Leagtar amach sa cháipéis seo na cineálacha cionta tiomána atá leagtha amach i ndlí na hÉireann, agus déantar cur síos ar na pionóis atá ar fáil do na Gardaí nó do na cúirteanna. Míníonn sé freisin conas achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh pionós a eisiúint duit as cion tiomána.

Tá méaduithe tagtha ar na suimeanna atá le híoc do chionta muirir sheasta ón 27 Deireadh Fómhair 2022. Má thiomáineann tú níos tapúla ná an luasteorainn, gearrfar 3 phointe pionóis ort agus méadaítear an fhíneáil tosaigh aníos ó €80 go €160. Má úsáideann tú guthán póca agus tú ag tiomáint, gearrfar 3 phointe pionóis ort agus méadaítear méid an mhuirir sheasta aníos ó €60 go €120. Mura n-íocann tú na suimeanna íosta seo, méadaítear an fhíneáil le himeacht ama.

Tugadh 3 fhógra muirir sheasta eile isteach in 2023

Tá 3 fhógra muirir sheasta nua i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023. Áirítear leo seo fíneálacha:

  • €200 ar mhí-úsáid a bhaint as cead páirceála do dhaoine faoi mhíchumas
  • €80 ar pháirceáil go neamhdhleathach i mbá luchtaithe d’fheithiclí leictreacha
  • €200 ar thoirmeasc ar Fheithiclí Earraí Troma (HGVanna) a shárú agus bóthar poiblí sonraithe a iontráil gan chead

Méaduithe ar chionta muirir sheasta 2022

Tá méaduithe ar na suimeanna atá le híoc do na cionta muirir sheasta ón 27 Deireadh Fómhair 2022. Má thiomáineann tú níos tapúla ná an luasteorainn, gearrfar 3 phointe pionóis ort agus méadófar an fhíneáil tosaigh aníos ó €80 go €160. Má úsáideann tú guthán póca agus tú ag tiomáint, gearrfar 3 phointe pionóis ort agus méadaítear méid an mhuirir sheasta aníos ó €60 go €120. Mura n-íocann tú na suimeanna íosta seo, méadaítear an fhíneáil le himeacht ama. Léigh thíos chun teacht ar eolas breise. Leagtar na suimeanna nua amach i Rialacháin an Achta um Thrácht ar Bhóithre 2010 (Cuid 3) (Cion Muirir Sheasta), 2022 (pdf).

Cionta ceadúnaithe

Ní mór duit ceadúnas tiomána a bheith agat chun tiomáint in Éirinn. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi:

Baineann roinnt cionta tiomána le ceadúnais agus le bheith ag tiomáint leis an gceadúnas ceart.

Bheith ag tiomáint gan cheadúnas

Is cion é bheith ag tiomáint gan cheadúnas. Is féidir le Garda iarraidh ort do cheadúnas tiomána a thaispeáint chun é a scrúdú. Mura bhfuil do cheadúnas tiomána leat, ní mór duit é a thabhairt chuig stáisiún na nGardaí lena scrúdú laistigh de 10 lá. Má dhiúltaíonn tú d'ainm agus do sheoladh a thabhairt don Gharda, tá an chumhacht ag an nGarda tú a ghabháil.

Mura bhfuil ceadúnas reatha agat, agus má tá do cheadúnas tiomána imithe in éag níos lú ná 12 mhí sula ndearnadh an cion, d'fhéadfaí fíneáil €1000 a ghearradh ort. Má bhí sé níos mó ná 12 mhí ó bhí ceadúnas bailí agat (nó mura raibh ceadúnas bailí agat riamh), d'fhéadfaí fíneáil suas go €2000 a ghearradh ort.

Má thiomáineann tú agus tú dícháilithe ó thiomáint, nó má éilítear ort teastas inniúlachta nó teastais feidhmiúlachta a thaispeáint sula bhfaigheann tú ceadúnas tiomána ach má theipeann ort é sin a dhéanamh, d'fhéadfaí fíneáil suas le €5000 a ghearradh ort, nó d'fhéadfaí tú a chur i bpríosún ar feadh suas le 6 mhí, nó iad araon.

Tiomáinaithe Faoi Oiliúint agus Nuacheadúnaithe

Má tá ceadúnas foghlaimeora agat, caithfidh tiománaí a bheith a do thionlacan a bhfuil ceadúnas tiomána iomlán aige le 2 bhliain anuas ar a laghad. Má thiomáineann tú gan tionlacan, tá cion á dhéanamh agat. Tá fíneáil €160 agus 2 phointe pionóis i gceist leis an gcion seo. Mura n-íocann tú an fhíneáil agus má fhaigheann tú toghairm chúirte, d'fhéadfaí fíneáil €240 agus 4 phointe pionóis a ghearradh ort.

Tá sé de chumhacht ag na Gardaí an carr atá á thiomáint agat a urghabháil, fiú más le duine eile é. Má cheadaíonn duit do thiománaí foghlaimeora do charr a thiomáint gan tionlacan, d'fhéadfaí fíneáil €1000 a ghearradh ort.

Más gluaisrothaí faoi oiliúint thú, ní gá duit a bheith in éineacht leat i gcónaí. Ach ní féidir leat do ghluaisrothar a thiomáint gan tionlacan go dtí go bhfuil do bhunoiliúint tosaigh críochnaithe agat.

Ní mór do gach tiománaí faoi oiliúint (seachas i gcatagóir W, lena n-áirítear gluaisrothair) plátaí L ’a thaispeáint. Nuair éireoidh leat sa tástáil tiomána, caithfidh tú pláta 'N' a thaispeáint ar feadh 2 bhliain. Is cion é gan pláta L nó N a thaispeáint i gceart. D'fhéadfá 2 phointe pionóis agus fíneáil muirir sheasta €120 a fháil, méadaithe go 4 phointe pionóis agus €180 má chiontaítear tú sa chúirt.

Gan árachas ná cáin a bheith ar taispeáint

Tá sé de chumhacht ag na Gardaí d'fheithicil a ghaibhniú má thiomáineann tú gan cáin ná árachas.

Árachas

Caithfidh tú árachas gluaisteáin a bheith agat chun carr a thiomáint i d'ainm féin nó mar thiománaí ainmnithe ar pholasaí duine eile. Má lorgaíonn Garda do theastas árachais, ní mór duit é a sholáthar laistigh de 7 lá. Ionchúisítear cionta tiomána gan árachas sa chúirt. Gearrtar táille sheasta €60 mura bhfuil diosca árachais ar taispeáint (ag méadú go €90 tar éis 28 lá).

Má thiomáineann tú gan árachas, d'fhéadfaí fíneáil €5000 agus 5 phointe pionóis a ghearradh ort. D'fhéadfá a bheith curtha i bpríosún ar feadh suas le 6 mhí chomh maith. Féadfaidh an breitheamh a chinneadh tú a dhícháiliú ó thiomáint in ionad pointí pionóis a ghearradh ort. Is féidir leat tuilleadh a léamh inár ndoiciméad ar 'Árachas gluaisteáin'.

Cáin

Is cion é feithicil a thiomáint gan cháin agus is cion é tiomáint gan diosca reatha cánach a thaispeáint. Is féidir leat tuilleadh a léamh inár ndoiciméad ar 'Mótarcháin'.

Cionta Luais

Is cion é tiomáint agus tú ag sárú an luasteorann. Tá cur síos ar na teorainneacha luais éagsúla atá i bhfeidhm in Éirinn ar fáil inár gcáipéis Luaisteorainneacha in Éirinn.

Má thiomáineann tú thar an luasteorainn, gheobhaidh tú 3 phointe pionóis agus fíneáil muirear seasta €160. Mura n-íocann tú an fhíneáil laistigh de 28 lá, méadaíonn sé go €240. Mura n-íocann tú é seo laistigh de 28 lá (56 lá ó dháta an bhunfhógra), gheobhaidh tú toghairm chúirte, áit, más rud é go gciontaítear thú, a d'fhéadfaí fíneáil suas go €1000 agus suas le 5 phointe pionóis a ghearradh ort.

Cionta tiomána neamhairí agus contúirtí

Is cion é tiomáint in áit phoiblí gan chúram agus aird chuí. Má chreideann Garda go bhfuil tú tar éis a bheith ag tiomáint go míchúramach, ach gan aon timpiste a bheith mar thoradh air, is féidir leis an nGarda 2 phointe pionóis agus muirear seasta €80 a eisiúint duit as ucht "tiomáint gan aird chuí". Méadaíonn sé seo go 4 phointe agus €120 sa chúirt.

Tá roinnt cionta eile bunaithe ar gan comharthaí bóthair a leanúint, nó ar ghníomhú go míchúramach, agus is iondúil go ngearrtar pointí pionóis agus fógraí muirir sheasta orthu seo. I measc na samplaí tá: gan an bealach a ghéilleadh, soilse tráchta a bhriseadh agus gan stopadh ag acomhal. Is féidir leat liosta iomlán de chionta pointí pionóis a léamh ar rsa.ie.

Más cion níos tromchúisí é, d'fhéadfaí tú a chiontú i dtiomáint mhíchúramach agus fíneáil suas le €5000 a ghearradh ort. Má chiontaítear thú i dtiomáint neamhaireach agus bás nó mórdhíobháil choirp mar thoradh uirthi, d'fhéadfaí fíneáil suas le €10,000 a ghearradh ort agus d'fhéadfá a bheith curtha i bpríosún ar feadh suas le 2 bhliain, nó iad araon.

Tiomáint chontúirteach

Is cion é tiomáint go contúirteach in áit phoiblí. Má chiontaítear i dtiomáint chontúirteach thú, d'fhéadfaí fíneáil €5000 a ghearradh ort, nó d'fhéadfaí tú a chur i bpríosún ar feadh suas le 6 mhí, nó iad araon. Má chiontaítear thú i dtiomáint chontúirteach agus bás nó mórdhíobháil choirp mar thoradh uirthi, d'fhéadfaí fíneáil €20,000 a ghearradh ort agus d'fhéadfá a bheith curtha ar feadh suas le 10 mbliana, nó iad araon.

D'fhón póca a úsáid agus tú at tiomáint

Is cion é fón póca a bheith i do lámh, nó é a thacú le cuid eile de do chorp (mar shampla, idir do cheann agus do ghualainn), agus tú ag tiomáint. Is é an t-aon eisceacht ná má tá tú ag glaoch ar sheirbhísí éigeandála ar 999 nó 112.

Is cion é faisnéis a fháil ar do ghuthán agus tú ag tiomáint, fiú má tá do ghuthán daingnithe i gcóras lámhshaor. Tá sé dleathach labhairt ar do ghuthán agus tú ag úsáid córas lámhshaor, ach molann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre comhairle go láidir gan é seo a dhéanamh.

Is é an pionós as do ghuthán a úsáid agus tú ag tiomáint na muirear seasta €120, agus 3 phointe pionóis. Méadaíonn sé seo go muirear seasta €180, agus 5 phointe pionóis má chuirtear é faoi bhráid na cúirte mar gheall ar neamhíocaíocht.

Cionta tiomána faoi thionchar alcóil nó drugaí

Is cion é tiomáint in áit phoiblí má tá tú ró-mheisciúil chun smacht ceart a bheith agat ar d'fheithicil. Folaíonn meisceach alcól agus drugaí , nó an dá rud.

Is féidir le Gardaí bloc bóthair a chur ar bun chun alcóil agus drugaí a thástáil go randamach. Tá sé neamhdhleathach diúltú d'análú, agus d'fhéadfaí fíneáil €5000 a ghearradh ort, nó d'fhéadfaí tú a chur i bpríosún ar feadh suas le 6 mhí, nó iad araon.

Teorainneacha alcóil

Déanann tú cion má aimsítear an méid seo a leanas i dtástáil laistigh de 3 uair an chloig ó bheith ag tiomáint:

  • 50 milleagram (nó 20 milleagram i gcás tiománaithe faoi oiliúint nó tiománaithe nuacheadúnaithe) alcóil i 100 millilítear fola, nó
  • 67 milleagram (nó 27 milleagram i gcás tiománaithe faoi oiliúint nó tiománaithe nuacheadúnaithe) alcóil i 100 millilítear fuail, nó
  • 22 microgram (nó 9 micreagram i gcás tiománaithe faoi oiliúint nó tiománaithe nuacheadúnaithe) alcóil i 100 millilítear anála

Is é an pionós uasta do thiomáint faoi thionchar alcóil/drugaí ná fíneáil €5000 agus/nó príosúnacht ar feadh suas le 6 mhí. Bíonn dícháiliú ó thiomáint ar feadh 3 mhí ar a laghad mar thoradh ar gach cion tiomána óil.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi phionóis i leith cionta maidir le tiomáint ar meisce.

Cionta páirceála

Is cion é do charr a pháirceáil in áit a bhféadfadh sé a bheith contúirteach do dhaoine eile. Is féidir 3 phointe pionóis agus fíneáil muirear seasta €80 a ghearradh ort don chion seo. Mura n-íocann tú laistigh de 28 lá, méadaíonn an fhíneáil go €120. Má chiontaítear tú sa chúirt, d'fhéadfá fíneáil suas le €2500 a ghearradh i gcás an chéad chiona, nó suas le €4000 murab é an chéad chion atá agat faoin dlí seo.

Is cion é páirceáil i mbá páirceála do dhaoine faoi mhíchumas mura bhfuil suaitheantas páirceála do dhaoine faoi mhíchumas agat. Is é an pionós don chion seo ná fíneáil muirir sheasta €150 (ag méadú go €225 mura n-íocann tú laistigh de 28 lá). Déanann roinnt comhairlí cathrach agus contae feithiclí atá páirceáilte go neamhdhleathach i mbánna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a chlampáil.

€200 (a mhéadófar aníos go €300 mura n-íocann tú laistigh de 28 lá) a bheidh i méid an mhuirir sheasta ón 1 Eanáir 2023.

córas srianta agus fíneálacha páirceála i bhfeidhm ar fud na hÉireann freisin.

Ródacmhainneachta feithcle

Tá roinnt cionta bunaithe ar ródacmhainneacht d'fheithicle.

Feithiclí ar a bhfuil locht contúirteach

Má thiomáin tú feithicil “ar a bhfuil locht contúirteach” in áit phoiblí tá cion á dhéanamh agat. Ciallaíonn locht contúirteach go bhfuil an fheithicil contúirteach don phobal mar gheall ar a riocht. Is é an pionós don chion seo ná fíneáil suas le €5000 agus/nó príosúnacht suas le 3 mhí.

An Tástáil Náisiúnta Carranna (an SNTC).

Is cion é feithicil a thiomáint in áit phoiblí gan deimhniú reatha an SNTC a bheith aici. Baineann seo le feithiclí ar cláraíodh iad an chéad uair ceithre bliana ó shin. Is é méid an mhuirir sheasta €60 (a mhéadófar aníos go €90 mura n-íocann tú laistigh de 28 lá) agus gearrfar 3 phointe pionóis ort freisin. Is féidir 5 phointe pionóis agus fíneáil níos suntasaí agus/nó príosúnacht a ghearradh má thugtar chun cúirte thú mar gheall nár íoc tú.

Deimhniú ródacmhainneachta

Má tá tú ag tiomáint feithicle a bhfuil 8 suíochán paisinéara nó níos mó inti, nó má thiomáineann tú feithicil earraí, leantóir earraí nó otharcharr, ní mór duit deimhniú ródacmhainneachta a bheith agat. Mura féidir leat ceann a thaispeáint laistigh de 10 lá tar éis do na Gardaí é a iarraidh ort, tá tú ciontach i gcion.

Feidhmiúlacht chun tiomána

Is cion é tiomáint go poiblí má tá a fhios agat go bhfuil tú mífheidhmiúil de réir míochaine chun é sin a dhéanamh. Caithfidh tiománaithe atá 70 bliain d'aois nó níos sine (nó 70 bliain d'aois le linn saolré a gceadúnais), agus tiománaithe a bhfuil riochtaí leighis áirithe orthu, deimhniú feidhmiúlachta tiomána a bheith acu, iad sínithe ag a ndochtúir teaghlaigh. I gcásanna áirithe, is féidir le dochtúir teaghlaigh a chinneadh nach bhfuil tú in ann tiomáint, nó féadfaidh an NDLS a chinneadh nach bhfuil tú in ann tiomáint. Más amhlaidh atá, diúltófar ceadúnas duit. Is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh seo ..

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (pdf).

Cionta eile

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh pionós tiomána?

Braitheann an chaoi a ndéanann tú achomharc i gcoinne cinneadh pionós a ghearradh ort as cion mótair ar an gcineál pionóis a fuair tú.

Pointí pionóis agus fógraí muirir sheasta

Má eisíodh fógra muirir sheasta duit (le pointí pionóis nó gan phointí) is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig na Gardaí chun an muirear a chur ar ceal. Ní mór duit a léiriú go bhfuil cúiseanna maithe nóis imeachta nó cúiseanna eisceachtúla ann chun an muirear a chealú. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar achomhairc in aghaidh pointí pionóis agus fógraí muirir sheasta inár ndoiciméad Pointí pionóis i gcomhair cionta tiomána

Ciontú cúirte a achomharc

Má roghnaíonn tú gan fógra muirir sheasta a íoc laistigh de 56 lá, eisítear toghairm duit le bheith i láthair na Cúirte Dúiche. Tá roinnt cionta mótair nach féidir ach iad a ionchúiseamh sa chúirt (mar shampla, tiomáint gan árachas agus tiomáint chontúirteach). Éistear leis na cionta mótair tromchúiseacha sa Chúirt Chuarda, mar shampla tiomáint chontúirteach a bhfuil bás mar thoradh air.

Má chiontaítear tú i gcion mótair sa Chúirt Dúiche, is féidir leat an cinneadh a achomharc chuig an gCúirt Chuarda. Áirítear leis seo achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh na Cúirte Dúiche tú a dhícháiliú ón tiomáint. Ba chóir duit comhairle dlí a fháil má tá achomharc á bheartú agat. Is féidir leat comhairle dlí saor in aisce a fháil ó Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC).

Ní mór duit achomharc a chur isteach laistigh de 14 lá ón gciontú. Más mian leat ionadaíocht a dhéanamh ar do shon féin, is féidir leat cabhair a lorg ó chléireach na cúirte i do Chúirt Dúiche áitiúil maidir leis na foirmeacha is gá duit a chomhlánú. Nó is féidir le dlíodóir cabhrú leat.

Dícháiliú a bhaint

Má tá tú dícháilithe ó thiomáint, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a fháil ar ais. Déanann tú an t-iarratas chuig an gCúirt Dúiche ina ndearnadh an t-ordú dícháilithe. Cosnaíonn iarratas €55. Ní mór níos mó ná leathbhealach do thréimhse dícháilithe a bheith caite sula mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh.

Ní thabharfar do cheadúnas tiomána ar ais más rud é:

  • Go bhfuil tréimhse dhícháilithe 2 bhliain nó níos lú i gceist
  • Gur tugadh dícháiliú eile duit le 10 mbliana anuas

Is féidir leis an gcúirt an tréimhse dhícháilithe a laghdú go dhá thrian na tréimhse bunaidh dícháilithe nó go 2 bhliain, cibé acu is mó.

Is féidir leat tuilleadh eolais agus na foirmeacha a theastaíonn a fháil ó chléireach na Cúirte Dúiche.

Ceisteanna eile maidir le cionta tiomána

Cad a tharlaíonn má dhéanaim cion tiomána thar lear?

Ní aistrítear pointí pionóis agus formhuinithe ar cheadúnais tiomána a fhaightear i dtíortha eile (lena n-áirítear ballstáit an AE / LEE) idir stáit.

Ciallaíonn sé seo nach n-aistreofar na pointí pionóis nó na formhuinithe chuig ceadúnas tiomána Éireannach má fuair tú na pointí pionóis thar lear nó má tá formhuinithe agat ar do cheadúnas tiomána sula dtagann tú go hÉirinn.

Más rud é, áfach, go raibh tú dícháilithe ó thiomáint i dtír eile agus má gearradh é é seo sa bhreis ar phianbhreith phríosúnachta i leith cionta tiomána, b'fhéidir nach mbeidh tú in ann do cheadúnas tiomána coigríche iomlán a mhalartú ar cheadúnas tiomána iomlán anseo in Éirinn.

Ní hionann an cás idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann san áireamh) i gcás dícháiliú tiomána i leith cionta sonraithe. Déantar foráil dó seo le hAlt 40 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2016, a tháinig i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2017.

Faoin gcomhaontú seo idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, má tá ceadúnas Éireannach agat agus má tá tú dícháilithe ó thiomáint mar gheall ar chion tromchúiseach sa Ríocht Aontaithe, d'fhéadfá a bheith dícháilithe ó thiomáint in Éirinn freisin. Is féidir leis an gCúirt Dúiche ordú a dhéanamh tú a dhícháiliú ó bheith ag tiomáint in Éirinn as an gcion a rinneadh sa Ríocht Aontaithe. Tá na rialacha céanna i bhfeidhm má tá tú ag tiomáint in Éirinn ar cheadúnas RA, cé gur féidir le húdaráis na RA tú a dhícháiliú gan caingean chúirte ar leithligh a dhéanamh.

Cad a tharlóidh má táim ag tiomáint ar cheadúnas eachtrach in Éirinn?

Oibríonn pointí pionóis agus pionóis eile ar an gcaoi chéanna má tá tú ag tiomáint ar cheadúnas tiomána eachtrach. Féach ar ár ndoiciméad maidir le pointí pionóis i gcomhair cionta tiomána le haghaidh tuilleadh eolais.

Má tá tú ag tiomáint in Éirinn ar cheadúnas RA agus má tá tú dícháilithe ó bheith ag tiomáint in Éirinn, is féidir go mbeidh tú dícháilithe ó thiomáint sa Ríocht Aontaithe freisin. Féach 'Cad a tharlaíonn má dhéanaim cion tiomána thar lear?' thuas le haghaidh tuilleadh eolais.

An féidir liom cóip de mo thaifead ceadúnais tiomána a fháil?

Is féidir leat cóip de do thaifead ceadúnais tiomána a fháil ón tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS). Féach 'Teagmhálacha úsáideacha' thíos chun a gcuid sonraí a fháil.

Teagmhálacha úsáideacha

Tá faisnéis teagmhála do Chúirt Dúiche áitiúla chomh maith le faisnéis teagmhála do Chúirte Cuarda áitiúla ar fáil ag tús an uile eolaí gutháin phoiblí.

Tá faisnéis teagmhála do Chúirt Dúiche áitiúla chomh maith le faisnéis teagmhála do Chúirte Cuarda áitiúla ar fáil ag tús an uile eolaí gutháin phoiblí. agus ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2023