Club nua a bhunú

Tosú

Má tá cumann á chur ar bun agat, cosúil le cumann spóirt, tá roinnt ceisteanna ann ar cheart duit machnamh a dhéanamh orthu:

  • An bhfuil dóthain baill fhéideartha ann?
  • An bhfuil dóthain oibrithe deonacha ann chun an cumann a reáchtáil?
  • An bhfuil cumann eile ann sa cheantar atá ag freastal cheana ar an ngá atá le cumann den sórt sin?

Má tá comhlacht náisiúnta rialaithe (CNR) ann don spórt nó don ghníomhaíocht, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leo chun comhairle a fháil.

A luaithe a bheidh cinneadh déanta agat chun cumann a bhunú, beidh roinnt rudaí a mbeidh comhaontú le déanamh agat orthu.

An cumann a chur le chéile

Struchtúr an chumainn

Ceann de na chéad rudaí a mbeidh ort cinneadh a dhéanamh fúthu ná cén struchtúr dlíthiúil atá le húsáid don chumann. Is é an struchtúr is coitianta agus is simplí do chumann ná an comhlachas neamhchorpraithe. Seo an struchtúr a phléimid sa cháipéis seo.

Is éard atá i gceist leis ná sraith rialacha a chur i dtoll a chéile chun an caidreamh idir baill an chumainn a rialú. Tugtar bunreacht an chumainn air seo. Is gnách go ndéanann sé foráil do choiste chun gnóthaí an chumainn a reáchtáil. Ní bhíonn aon phearsantacht ar leith dhlíthiúil ag an gcumann faoin struchtúr seo agus bíonn baill an chumainn faoi dhliteanas go pearsanta i leith ghníomhaíochtaí nó fhiachais an chumainn. Más mian leis an gcumann foireann nó réadmhaoin a léasú, d’fhéadfadh go dtugann siad faoi deara go bhfuil an iomad de shrian ar chomhlachas neamhchorpraithe dó seo.

Cuireann Spórt Éireann eolas ar fáil ar na saghsanna éagsúla struchtúr dlíthiúil, anuas ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le gach saghas, i bPaca Tacaíochta an CNR ar a láithreán gréasáin.

B’fhéidir gur mian leat an cumann a chlárú mar charthanas. Is féidir leat teacht ar níos mó eolais inár gcáipéis ‘Cad é carthanas?’. Féach freisin ‘Eolas breise’ thíos chun teacht ar shonraí faoi charthanas a chur ar bun.

Ainm an chumainn

Caithfidh ainm a bheith ar do chumann ar mhaithe le cáipéisí foirmiúla a chur le chéile agus cuntas bainc a oscailt. Féadfaidh ainm ar bith a ndéanann tú cinneadh air bheith i gceist leis an ainm, ach ba cheart seiceáil lena chinntiú nach bhfuil an t-ainm céanna in úsáid ag cumann áitiúil eile.

Bunreacht an Chumainn

Cáipéis scríofa atá i mbunreacht an chumainn ina luaitear na rialacha agus na struchtúir a rialaíonn an cumann. Tugtar cuntas ann ar fheidhmeanna an chumainn agus ar na nósanna imeachta le haghaidh ballraíochta, cruinnithe agus coistí. Is gnách go dteastaíonn bunreacht cumainn chun cistiú a fháil agus má chuirtear isteach ar fhaoiseamh cánach.

Má tá comhlacht náisiúnta rialaithe ann, b’fhéidir go mbeidh sé ábalta bunreacht samhla a sholáthar duit a d’fhéadfá a chur in oiriúint do do chumann féin. Is gnách go mbíonn cóipeanna ag cumainn spóirt dá mbunreacht ar a láithreáin ghréasáin. Is féidir leat teacht ar threoir ar bhunreachtanna ar láithreán gréasáin an Rialálaí Carthanas.

Oifigigh an chumainn

Teastaíonn roinnt oifigeach ó chumann chun an cumann a reáchtáil. Is é an bunriachtanas:

  • Cathaoirleach
  • Rúnaí
  • Cisteoir

Poist thofa iad seo agus is baill de choiste an chumainn iad na baill. D’fhéadfadh baill eile bheith ar an gcoiste, amhail a leagtar amach i mbunreacht an chumainn, mar shampla Oifigeach Tiomsaithe Airgid. Féadfaidh cumann feidhmeanna eile bheith aige seachas poist fhoirmiúla chumainn a bhféadfadh daoine sa chumann tabhairt fúthu ar bhonn deonach.

Cruinnithe

Ba cheart duit cruinnithe a chur ar siúl chun cabhrú leis an gcumann a reáchtáil.

Cruinniú ginearálta bliantúil

Tionóltar cruinniú ginearálta bliantúil (CGB) gach bliain chun gur féidir le gach ball ionchur a bheith acu isteach i reáchtáil an chumainn. Toghtar coiste an chumainn ag an CGB.

Cruinnithe an choiste

Grúpa ball atá i gcoiste an chumainn atá freagrach go foirmiúil as an gcumann a bhainistiú. Féadfaidh coiste a bhunú le feidhmeanna a shainaithnítear go soiléir cabhrú lena shainaithint céard a dhéanann daoine sa chumann agus féadfaidh sé cabhrú leis an ualach oibre a leathadh. Ba cheart don choiste casadh ar a chéile roinnt uaireanta sa bhliain. Tá fáil ar eolas ar chód cleachtais le haghaidh dea-rialachas eagraíochtaí pobail, deonacha agus carthanúla ag governancecode.ie.

Airgeadas

Beidh ort cistí a thiomsú chun an cumann a reáchtáil. I dtosach báire, is dócha go dtiocfaidh na cistí seo ó shíntiúis bhallraíochta. Ba cheart duit cuntas a thabhairt freisin ar reáchtáil an chumainn don bhliain. Cabhróidh seo leat buiséad ioncaim agus caiteachais a chruthú do na chéad 12 mhí eile.

Teastóidh cuntas bainc uait in ainm an chumainn. Is gnách go n-iarrfaidh an banc ar bheirt sínitheoirí chun airgead a aistarraingt nó chun seiceanna a shíniú.

Ní mór don Chisteoir ceann amháin den dá rud a leanas a choimeád.

  • Leabhar cuntas bainc chun sonraí de ghnóthaí airgeadais an chumainn a chur i dtaifead, nó
  • Clár ríomhaire ónar féidir asphriontaí a dhéanamh i bhformáid leabhar cuntais. Ba cheart na socruithe cuí cúltaca a dhéanamh chun caillteanas sonraí nach bhfuiltear in ann a aisghabháil a sheachaint.

Ba cheart gach airgead agus seic a fhaightear a íoc isteach i gcuntas bainc an chumainn agus a chur i dtaifead sa leabhar cuntais. I gcás airgid a fuarthas, ba cheart fáltas a eisiúint. Tharlódh go mbeadh na cuntais le hiniúchadh gach aon bhliain.

Tá scéim faoisimh cánach ann ar ioncam le haghaidh roinnt carthanas incháilithe agus comhlachtaí eile faofa, lena n-áirítear comhlachtaí spóirt. Tá fáil ar eolas ar fhaoiseamh cánach le haghaidh comhlachtaí spóirt sa mhír carthanas agus comhlachtaí spóirt ar revenue.ie.

Árachas

Mar chomhlachas neamhchorpraithe, ní bhíonn baill an cumainn faoi dhliteanas pearsanta i leith ghníomhaíochtaí nó fhiachais an chumainn. Ar an ábhar sin, ba cheart don chumann árachas leordhóthanach a fháil chun a gcuid ball a chumhdach. Ba cheart dóibh árachas oiriúnach dliteanais phoiblí a bheith acu, mar aon le hárachas slánaíochta gairmiúla dá gcuid gníomhaíochtaí. D'fhéadfadh comhairle ar árachas bheith ar fáil ón gcomhlacht náisiúnta rialaithe, más ann dó.

Cosaint Sonraí

Tháinig an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) i bhfeidhm ar fud an AE an 25 Bealtaine 2018. Méadaíonn an rialachán seo na freagrachtaí atá ar chumainn faoi conas a dhéanann siad sonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid agus a stóráil. Caithfidh cumainn a bhfreagrachtaí a thuiscint faoin dlí um chosaint sonraí agus caithfidh go bhfuil nósanna imeachta leordhóthanacha i bhfeidhm acu.

Sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil

Nuair a bhunaíonn tú cumann nua, tosóidh tú le sonraí pearsanta a bhailiú nó a úsáid, mar shampla, le ballraíocht do chumainn a bhainistiú. Beidh ort toiliú daoine a fháil leis seo a dhéanamh. Caithfear toiliú a iarraidh cibé acu má tá úsáid á baint agat as foirmeacha ballraíochta páipéir, bunachair shonraí ballraíochta nó as córais eile. Nuair a iarrann tú ar thoiliú le sonraí daoine a phróiseáil, mar shampla, ar fhoirmeacha ballraíochta nó do ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, caithfidh tú iad a chur ar an eolas ar na rudaí seo a leanas:

  • Ainm agus sonraí teagmhála an chumainn
  • Na cúiseanna go mbailítear na sonraí
  • Na húsáidí a bhainfear astu
  • Cé dóibh a nochtfar a sonraí (agus má aistreofar iad go háiteanna lasmuigh den AE)
  • An bunús dlí atá leis na sonraí a bhailiú
  • Cé chomh fada a choimeádfar na sonraí
  • Gur féidir leo gearán a dhéanamh mura bhfuil siad sásta leis an mbealach a chomhlíonann an cumann na rialacháin um chosaint sonraí
  • Má dhéanfar cinnteoireacht uathoibrithe ar a sonraí
  • A gcearta aonair faoin RGCS, mar shampla, maidir le sonraí a rochtain, a cheartú agus a scriosadh, féach thíos.

Caithfidh tú an t-eolas seo a sholáthar i bhfriotal soiléir atá éasca le tuiscint. Caithfidh gur féidir leat a thaispeáint freisin gur tugadh toiliú (ní féidir glacadh le boscaí réamhthiceáilte nó le neamhghníomhaíocht mar thoiliú).

Sonraí leanaí a phróiseáil

Má oibríonn do chumann le leanaí agus má dhéanfaidh sé a sonraí a bhailiú agus a phróiseáil, caithfidh tú a chinntiú go bhfuil córais i bhfeidhm agat lena n-aois a dheimhniú agus toiliú a bhailiú óna gcaomhnóirí. Is féidir eolas breise a fháil faoi shonraí leanaí a phróiseáil ag dataprotection.ie.

Daoine a iarrann ar theacht ar shonraí a choimeádtar fúthu

Tá roinnt ceart faoin RGCS ag daoine nach mór do chumainn a chomhlíonadh agus a bheith in ann freagairt dóibh. I measc na bpríomhcheart, tá a bheith i dteideal na rudaí seo a leanas:

  • Teacht ar na sonraí pearsanta a choimeádtar fúthu
  • Go gceartófar a sonraí pearsanta má tá siad míchruinn nó neamhiomlán
  • Go scriostar a sonraí pearsanta
  • Go gcoisctear próiseáil a n-eolais, cinnteoireacht uathoibrithe san áireamh
  • Go gcuirtear in aghaidh margaíocht dhíreach
  • Eolas faoi bhailiú agus próiseáil a sonraí pearsanta, mar shampla, conas agus cén fáth a ndéantar iad a bhailiú agus a phróiseáil, agus má dhéanfar na sonraí a roinnt le tríú páirtí (mar a luaitear thuas).

Caithfidh gur féidir le cumainn freagairt d’iarrataí a dhéanann daoine ar mian leo teacht ar na sonraí pearsanta atá á gcoimeád ag an gcumann fúthu laistigh de 1 mhí. Is féidir níos mó a léamh faoi chearta faoin RGCS.

Sáruithe ar shonraí a thabhairt le fios

Caithfear sonraí pearsanta a choimeád go slán (agus iad a chriptiú má tá úsáid á baint as teicneolaíocht) agus níor cheart iad a choimeád ach chomh fada agus a theastaíonn siad don bhunchuspóir a bailíodh iad. Má sháraítear do shlándáil agus má mhilltear, má chailltear, má athraítear sonraí pearsanta daoine nó má thagann duine nó eagraíocht neamhúdaraithe orthu, caithfidh tú é seo a chur in iúl don Choimisiún Cosanta Sonraí (an CCS).

Caithfidh tú sárú ar shonraí a thabhairt le fios laistigh de 72 uair an chloig i ndiaidh go gcuirtear ar an eolas thú air. Caithfear sáruithe ar shonraí ar féidir leo díobháil a dhéanamh do dhuine aonair, mar shampla, bradaíl aitheantais, a thabhairt le fios don duine atá i gceist freisin.

Is féidir cigireacht a dhéanamh ar do chumann agus d’fhéadfaí pionóis mhóra a ghearradh air má sháraíonn tú an RGCS.

Is féidir teacht ar níos mó eolais ag dataprotection.ie.

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

Caithfidh Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar dhaoine a oibríonn le leanaí nó daoine fásta leochaileacha. Is féidir leat teacht ar eolas breise faoi seo inár gcáipéis ar ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Oibriú le leanaí agus daoine óga

Má oibríonn do chumann le leanaí, ba cheart duit beartais agus nósanna imeachta sonracha a fhorbairt ar conas timpeallacht shábháilte a chruthú chun cosc a chur ar dhíobháil nó mí-úsáid d’aon turas a dhéanamh do/a bhaint as na leanaí a úsáideann do sheirbhísí. Ba cheart go bpléifí na ceisteanna seo a leanas sna beartais agus nósanna imeachta seo:

  • Déileáil le buarthaí um chosaint leanaí
  • Buarthaí um chosaint leanaí a thuairisciú
  • Oibriú go sábháilte le leanaí
  • Foireann a earcú agus a bhainistiú
  • Feasacht agus oiliúint ar chumhdach leanaí
  • Tuismitheoirí agus leanaí a thabhairt san áireamh
  • Na straitéisí cumhdaigh a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú

Chun teacht ar eolas breise faoi dhea-chleachtas cosanta, féach an cháipéis Cosaint Leanaí: Treoir maidir le Beartas, Nós imeachta agus Cleachtas (pdf) de chuid Tusla.

Eolas breise

Comhlacht tacaíochta agus ionadaíoch é The Wheel d’eagraíochtaí pobail agus deonacha agus do charthanas. Soláthraíonn sé eolas ar charthanas a bhunú anuas ar bhileog eolais ar charthanas a bhunú (pdf) ar a láithreán gréasáin.

Is é an tÚdarás Rialála Carthanas (an ÚRC) an ghníomhaireacht rialála reachtúil náisiúnta d’eagraíochtaí carthanachta. Caithfidh aon eagraíocht ar mian leo oibriú mar charthanas clárú leis an ÚRC. Tá eolas breise ar fáil ar láithreán gréasáin an ÚRC.

Tugtar roinnt ainmneacha éagsúla ar Chuideachtaí Forbartha Áitiúla (CFÁanna), Comhpháirtíochtaí Ceantair Áitiúil agus Comhpháirtíochtaí LEADER. I measc rudaí eile, soláthraíonn siad tacaíochtaí do ghrúpaí pobail.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Eanáir 2023