Úinéireacht agus oibriú drón in Éirinn

Cad is drón nó UAS ann?

Is éard atá i ndrón nó Córas Aerárthaí gan Foireann (UAS) ná aerárthaí cianphíolótacha a dhéanann duine ar an talamh a rialú le cianrialtán.

Baineann éagsúlacht le dróin ó thaobh méide agus meáchain de, agus féadtar gnéithe amhail ceamaraí nó braiteoirí a bheith feistithe orthu.

Más úinéir dróin in Éirinn tú nó má úsáideann tú drón in Éirinn, baineann dlíthe agus rialacha éagsúla leat, beag beann ar cibé an úsáideann tú an drón chun críocha oideachais, eolaíochta nó caitheamh aimsire.

Baineann an dlí maidir le dróin le cineálacha eile aerárthach freisin nach bhfuil píolóta ar bord acu. Áirítear leis seo samhlacha eitilte raidiórialaithe áirithe.

Má eitlíonn tú drón in Éirinn a bhfuil meáchan níos mó ná 250 gram ann nó má tá ceamara nó braiteoir air, caithfidh tú clárú mar oibritheoir dróin le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann.

Ní fhéadfaidh duine drón a oibriú ar bhealach a d’fhéadfadh cur isteach ar aerárthaí eile, nó a d’fhéadfadh beatha a chur i mbaol nó damáiste a dhéanamh do mhaoin.

Clárú mar oibritheoir dróin

Ní mór d’úinéirí dróin clárú leis an Údarás Eitlíochta na hÉireann chun drón de mheáchan 250 gram nó níos mó a eitilt. Baineann costas €30 leis an gclárú agus maireann sé 2 bhliain. Má tá cónaí ort san Aontas Eorpach, ní gá duit ach clárú sa tír ina bhfuil cónaí ort, agus ní i ngach tír inar mian leat do dhrón a eitilt.

Fiú má tá meáchan do dhrón níos lú ná 250 gram, ní mór duit clárú má tá ceamara nó braiteoir air mura gcomhlíonann sé an treoir maidir le 'bréagán'.

Chun clárú, ní mór duit:

  • A bheith 16 bliana d’aois nó os a chionn
  • Cuntas a bhunú agus d'aitheantas a fhíorú
  • Cúrsa oiliúna a dhéanamh ar líne a mhaireann thart ar 15 nóiméad

Má tá do dhrón os cionn 4kg, nó má tá sé ar intinn agat gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh le do drón, ní mór duit tabhairt faoi oiliúint bhreise.

Nuair a bheidh tú cláraithe, caithfidh tú do dhrón a lipéadú le d’aitheantas oibritheora dróin.

Cá háit is féidir liom mo dhrón a eitilt?

Níor chóir drón a eitilt:

  • Ar bhealach a d’fhéadfadh aerárthach eile a chur i mbaol
  • In aice le haerárthach atá ag gluaiseacht nó i gciorcad tráchta aeradróim
  • Ar bhealach a chuireann daoine, an comhshaol nó maoin i mbaol

Déantar dróin a eitilt a dheighilt i 3 chatagóir, bunaithe ar an riosca a bhaineann le gach cás:

  • Catagóir oscailte
  • Catagóir shonrach
  • Catagóir dheimhnithe

Má tá tú ag eitilt drón atá níos lú ná 25kg laistigh de theorainneacha na catagóire ‘oscailte’, ní gá duit cead a fháil roimh ré don eitilt. Tá 3 fhochatagóir sa chatagóir ‘oscailte’ – A1, A2 agus A3.

Chun drón a bhfuil meáchan níos mó ná 25 cileagram air a eitilt, nó chun do dhrón a eitilt lasmuigh de theorainneacha na gcatagóirí ‘oscailte’, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Údarú Oibríochtúil ó Údarás Eitlíochta na hÉireann.

Make sure to always look at the UAS geographical zone map before you fly your drone. There are specific places where you are not allowed to fly your drone, or you might need permission to fly. Some areas may have certain restrictions or limitations on flying your drone. The IAA website has more information.

Is féidir le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann nó leis na Gardaí do dhrón a thógáil uait má tá siad den tuairim gur dócha go n-úsáidfidh tú é de shárú ar na rialacháin.

Catagóir oscailte

Baineann an chatagóir oscailte le heitiltí drón a mheastar a bheith ina riosca íseal.

Caithfidh dróin sa chatagóir oscailte a bheith níos lú ná 25kg agus ceann de na marcanna aitheantais aicme 0, 1, 2, 3 nó 4 a bheith orthu. Ní gá marc aitheantais aicme a bheith ar dróin a ceannaíodh roimh an 1 Eanáir 2023.

Is féidir leat drón sa chatagóir ‘oscailte’ (meáchan níos lú ná 25kg) a eitilt gan chead, chomh fada agus a chomhlíontar na cúinsí seo a leanas:

  • Níl an drón níos mó ná 120 méadar os cionn leibhéal na talún nó leibhéal an uisce atá díreach thíos faoi
  • Níl an drón lasmuigh de d’amharclíne
  • Níl an drón ar, nó in aice le, criosanna díolmhaithe áirithe amhail timpeall ar ospidéil nó aeradróim
  • Níl alcól nó breoiteacht ag cur isteach ar do chumas an drón a oibriú.

Bíonn srianta i bhfeidhm ar na nithe a seo a leanas:

  • Cibé an féidir leat, agus a mhéad is féidir leat, eitilt thar nó in aice le daoine nó sluaite nach bhfuil baint acu leis an drón
  • Cibé an féidir leat an drón a eitilt i gceantair uirbeacha

Braitheann na srianta ar an bhfochatagóir ina bhfuil an drón agus cén marc aitheantais ranga atá air.

Ní féidir le do dhrón earraí contúirteacha a iompar ná rudaí ar bith a scaoileadh.

Catagóir shonrach

Cumhdaíonn an chatagóir shonrach eitiltí dróin a mheastar go mbaineann meánleibhéal riosca leo.

Ní féidir dróin atá níos mó ná 25kg a eitilt gan cead sainráite ó Údarás Eitlíochta na hÉireann. Más mian leat do dhrón a eitilt lasmuigh de theorainneacha na ‘catagóire oscailte’ ní mór duit Údarás Eitlíochta na hÉireann a chur ar an eolas agus fanacht le haghaidh Údarú Oibríochtúil de ghnáth.

Eachtraí a bhaineann le dróin

Má bhíonn do dhrón i dtimpiste ina dtarlaíonn gortú tromchúiseach nó bás duine, ní mór duit fios a chur ar na páirtithe seo a leanas:

Ní mór duit na heagraíochtaí thuasluaite a chur ar an eolas freisin má tá baint ag do dhrón le heachtra thromchúiseach a bhféadfadh gortú nó bás duine teacht aisti.

Is féidir leis an nGarda Síochána an drón a choinneáil má tá amhras orthu gur sáraíodh an dlí.

Féadfaidh oibritheoir ceadúnaithe aeradróim frithchóras UAS a úsáid chun cur isteach ar aerárthach gan foireann nó chun é a dhíchumasú nó a urghabháil chun sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus an phobail a chinntiú.

Is féidir le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann ordú a thabhairt d’oibritheoir dróin árachas a fháil chun tríú páirtithe a chumhdach.

Dróin agus cosaint sonraí

Má oibríonn tú drón ar a bhfuil ceamara nó gléas éisteachta atá in ann íomhánna nó físeáin a thaifeadadh de dhaoine a d’fhéadfaí a shainaithint (trí zúmáil isteach nó gan zúmáil isteach), d’fhéadfá a bheith i do rialtóir sonraí faoi na Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí.

Caithfear próiseáil sonraí pearsanta ar bith, lena n-áirítear taifeadtaí digiteacha a bhailiú, a mhalartú nó a tharchur, a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí um chosaint sonraí. Ní mór bunús dlí a bheith agat chun na sonraí pearsanta sin a phróiseáil. e.g.

  • Go bhfuil toiliú an duine agat, nó
  • Go bhfuil leas dlisteanach agat i bpróiseáil na sonraí pearsanta, agus níl ach tionchar íosta á imirt ar chearta an duine.

D’fhéadfadh go n-iarrfaí ort Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí a ullmhú.

Is féidir an tionchar ar chearta cosanta sonraí an duine a íoslaghdú trí úsáid a bhaint as bogearraí geamhaithe, nó modh éigin eile chun a chinntiú nach bhfuil an duine so-aitheanta.

Má úsáidtear drón chun pictiúir nó físeáin a ghlacadh mar ghníomhaíocht áineasa, d’fhéadfadh sé sin a bheith díolmhaithe ón dlí um chosaint sonraí, ach amháin mura bhfoilsíonn tú na híomhánna nó na físeáin do lucht féachana gan srian.

Is féidir níos mó a léamh i dTreoir an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le Dróin a Úsáid.

Tuilleadh eolais

Rialaíonn dlí an AE dearadh, sonraíochtaí, monarú agus margaíocht córas aerárthach gan foireann laistigh den mhargadh Eorpach.

Leagtar amach ann freisin rialacha dochta maidir le breiseáin agus gabhálais ionchasacha is féidir le hoibritheoirí a cheannach agus a chur ar a gcuid drón.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar shuíomh gréasáin Údarás Eitlíochta na hÉireann.

Údarás Eitlíochta na hÉireann

Foirgneamh na hAmanna
11-12 Sráid D'Olier
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 1 603 1100
Láithreán Gréasáin: https://www.iaa.ie/
R-phost: info@iaa.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Lúnasa 2023