Seirbhísí traenach

Réamhrá

Fochuideachta de chuid Chóras Iompair Éireann (CIE) comlacht atá in úinéireacht an Stáit, is ea Iarnród Éireann. Tá sí freagrach as seirbhísí traenach a riaradh. Tagann Iarnód Éireann faoin Roinn Iompair. Cuireann an comhlacht seirbhísí traenach do phaisinéirí ar fáil ar fud na tíre agus chomh maith leis sin soláthraíonn sé an seirbhísí iarnróid do chomaitéirí, lena n-áirítear an tseirbhís DART i mBaile Átha Cliath.

Tá saorthaisteal ar sheirbhísí iarnróid an Stáit ar fáil do gach duine go buan ina gcónaí in Éirinn atá 66 bliana d'aois agus os a chionn. Tá daoine áirithe faoi an aois sin i dteideal. Léigh tuilleadh eolais faoi Saorthaistil anseo.

Buiséad 2024: síneadh ar tháillí laghdaithe ar iompar poiblí

Fógraíodh go leanfar le táillí laghdaithe 20% ar iompar poiblí in 2024. Leanfaidh an laghdú praghais 50% ar an gCárta Leap do Dhaoine Fásta Óga go dtí deireadh na bliana 2024.

DART

Ritheann an DART (Iompar sciobtha Bhaile Átha Cliath agus a cheantracha) taobh le cósta Oirthear na hÉireann ó Mhullach Íde i gContae Bhaile Átha Cliath go dtí Na Clocha Liath i gContae Chill Mhantáin. Tá sonraí na n-áiseanna atá ar fáil i ngach stáisiún DART agus Cláir Ama DART ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann. Is féidir táillí a íoc le hairgead glan nó is féidir le paisinéirí ticéid a cheannach roimh ré chun leas a bhaint as lascainí i gcomhair a dturas. Is féidir leat úsáid a bhaint freisin Cártaí Leap.

Tá áiseanna páirceála don taistealaí i mórán stáisiún DART chun taistealaithe lae a spreagadh chun a gcarranna a fhágáil i gcarrchlóis na stáisiún ionas go laghdofaí an méid tráchta sa chathair.

Comaitéara

Oibríonn seirbhísí comaitéara i gceantar Bhaile Átha Cliath idir Dún Dealgan, Dún Búinne, Longfort, Port Laoise agus Guaire. Tá seirbhísí comaitéara i gceantar Chorcaí idir Mala, Cóbh go Mainistir na Corann chomh maith. Tá Léarscáileanna den ghréasán traenach comaitéara, eolas faoi tháillí agus cláir ama do na seirbhísí ar fad ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann.Is féidir leat úsáid a bhaint Cártaí Leap.

Idirchathracha

Cuireann seirbhísí idirchathracha Iarnróid Éireann ceangail traenach ar fáil idir príomhbhailte agus cathracha. Imíonn seirbhísí idirchathracha ó Stáisiún Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile, agus cuireann siad seirbhís ar fáil chuig na háiteanna seo a leanas: Béal Féirste, Sligeach, Béal an Átha, Cathair na Mart, Gaillimh, Luimneach, Inis, Trá Lí, Corcaigh, Port Láirge agus Europort Ros Láir. Feidhmionn an tseirbhís Enterprise idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus comhsholáthraíonn Iarnród Éireann agus Northern Ireland Rail an tseirbhís.

Ritheann seirbhísí idircathracha eile idir Europort Ros Láir agus Luimneach; Corcaigh agus Trá Lí; Corcaigh agus Luimneach; agus Luimneach agus Gaillimh. Freastalaíonn an tseirbhís Idirchathracha roinntear na carráistí idir rang a haon agus rang caighdeánach.

Traenacha Eorpacha

Tá eolas ar fáil faoi thicéid agus cláir ama roinnt seirbhísí traenacha sa Ríocht Aontaithe agus san Eorap ar shuíomh idirlín Iarnród Éireann.

Seirbhísí do phaisinéirí le míchumais

Féadfar socruithe speisialta a dhéanamh do phaisinéirí le míchumais, ach moltar duit dul i dteagmháil leis an stáisiún ábhartha nó Oifig Theagmhála do dhaoine le Míchumas Gluaiseachta ag Iarnród Éireann ar a laghad 24 uair roimh tús an turais agus cuid de shonraí do phleananna taistil a thabhairt dóibh. Ba cheart go gclúdófaí na rudaí seo a leanas:

  • Cén t-am agus cén áit a mbeidh do thraen ag fágáil
  • Cá bhfuil tú ag dul agus an gcaithfidh tú aistriú idir thraenacha i rith do thurais
  • An cineál míchumais atá ort
  • An mbeidh tú ag taisteal i d'aonar nó in éineacht le compánach
  • An mbeidh cúnamh uait agus tú ag teacht nó ag imeacht ón stáisiún.

Ba cheart duit foireann chuí Iarnród Éireann a chur ar an eolas maidir le hathrú ar bith a thagann ar do thuras nó má tá sé le cur ar ceal.

Tá cuid de na stáisiúin in ann spás chun carr a phairceáil a chur ar fáil d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus tá rochtain do dhaoine le míchumas chuig ar a laghad ardán amháin i chuile stáisiún. Bíonn ardán inaistrithe ar fáil sa chuid is mó staisiún d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí atá ag taisteal ar thraenacha idircathracha agus traenacha comaitéara chun go mbeidh siad in ann bordáil ón ardán isteach sa charráiste. Má tá grúpa daoine a úsáideann cathaoireacha rothaí ag taisteal le chéile ba cheart Iarnród Éireann a chur ar an eolas roimh ré ionas gur féidir na háiseanna riachtanacha a chur ar fáil.

Is féidir rochtain a fháil díreach ó na hárdain chuig traenacha DART agus tá doirse leathana ar na traenacha agus spás fairsing do chathaoireacha rothaí.

Ó mhí na Samhna 2019 ar aghaidh , is féidir leat ar rá le do chomhphaisinéirí eile go dteastaíonn beagán ama uait toisc go bhfuil riocht nó míchumas ort, trí Chárta JAM a thaispeáint. Cabhraíonn an cárta seo le paisinéirí a bhfuil bac cumarsáide orthu a rá go bhfuil “nóiméad amháin” agus foighne ag teastáil uathu. Is féidir leat tuilleadh faoin tseirbhís seo a léamh ar láithreán gréasáin Transport for Ireland.

Tá córas glórfhógartha ag an gcuid is mó de na stáisiúin phríomhlíne agus fobhailteacha agus ag na stáisiúin DART uilig chun sonraí traenacha agus seirbhísí a thabhairt do dhaoine le míchumais amhairc. Tá leacáin tadhlacha curtha ar fáil i gcuid de na stáisiúin chun cúnamh a thabhairt do dhaoine le míchumais amhairc agus in ardaitheoirí i stáisiúin níos nua, tá cnaipí le códanna Braille agus teicnic "ardaitheoir a labhraíonn". Is féidir na háiseanna atá ar fáil i stáisiún ar bith i ngréasán Iarnróid Éireann a sheiceáil ach breathnú ar a shuíomh idirlín. Tá treoir do phaisinéirí d'iarnród faoi mhíchumas ar a shuíomh gréasáin freisin.

Ainmhithe

Tá cead treoir agus cúnamh madraí taisteal ar gach seirbhís gan srian. Tá cead ag peataí taisteal ar DART nó comaitéara traenacha choinníoll go bhfuil siad srian i gceart. Is féidir madraí taisteal ach amháin ar thraenacha idirchathracha sa garda veain (urrann neamh-paisinéirí).

Bagáiste

Ba cheart bagáiste a chur sna racaí bagáiste, racaí lasnairde nó i-idir spásanna suíochán atá ar fáil go speisialta. Ní foláir duit chomh maith a dhéanamh cinnte nach bhfuil do bhagáiste ag cur isteach ar phaisinéirí eile. Tá eolas ar rothair sheolann ar thraenacha ar fháil ar shuíomh idirlín Iarnród Éireann.

Gearáin

Má tá gearáin agat faoi sheirbhísí Iarnróid Éireann ba cheart iad a chur faoi bhráid bhainisteoir an stáisiúin chu. Má tá tú ag iarraidh dul níos faide le do ghearán, d'fhéadfá dul i dteagmháil le Caidreamh le Custaiméirí, Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath 1. Moltar duit litir gearáin a scríobh a chlúdaíonn an oiread sonraí agus is féidir (dáta agus am taistil, an áit óna raibh tú ag taisteal, an áit a bhí tú ag taisteal chuici agus uimhir fóin). Ba cheart duit do thicéad a sheoladh, chomh maith, má tá sé fós agat. B'fhéidir go bhfaighfeá freagra ar do ghearán láithreach ach muna bhfaigheann, gheobhaidh tú admháil taobh istigh de thrí lá, agus ba cheart duit freagra iomlán a fháil taobh istigh de 15 lá. Is féidir chomh maith gearán a dhéanamh nó ceist faoi sheirbhís chustaiméara a chur ar an idirlíon.

Cúiteamh agus aisíocaíochtaí

Má tá moill fhada curtha do sheirbhís de bharr cúise ar bith atá faoi smacht Iarnróid Éireann, d'fheadfá a bheith i dteideal dearbhán lascaine. Braitheann luach na ndearbhán lascaine ar fhad na moille agus an táille a d'íoc tú ar do thuras singil (sé sin, thart ar leath luach thicéad fillte).

Eisítear dearbháin lascaine chomh maith muna dtugtar suíochán duit a chuir tú in áirithe sa chás nach bhfuil suíochán eile den chaighdeán céanna ar fáil duit.

Má chuirtear do thraen ar ceal nó má tá moill air agus má shocraíonn tú gan an turas a dhéanamh, tabharfar aisíocaíocht duit in airgead tirim má thugann tú an ticéad nár úsáideadh ar ais láithreach go dtí an oifig inar cheannaigh tú é.

Má shocraíonn tú ar chúis ar bith gan ticéad traenach atá ceannaithe agat a úsáid, d'fhéadfá iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht ag príomhstáisiún Idirchathrach ar bith, oifig DART i Stáisiún an Phiarsaigh, nó i Lárionad taistil ar bith. D'fhéadfadh táille riaracháin a bheith i gceist. Mura cheannaigh tú do thicéad ó Iarnród Éireann, ba cheart duit é a thabhairt ar ais chuig an áit inár cheannaigh tú é. Socróidh eisitheoir an ticéid aisíocaíocht ar bith atá dlíte agus d'fhéadfadh sé táille réasúnta riaracháin a ghearradh.

Maoin chaillte

Tá oifig na mbeart caillte i ngach stáisiún agus tugtar rudaí faighte ar thraenacha isteach ansin, áit a choinnítear iad go dtí mbailítear iad. Ba cheart dul i dteagmháil leis an stáisiún cuí le tuilleadh eolais a fháil.

Rialacha

Baic ar línte iarnróid agus ar dhroichid

Foráiltear in Alt 14 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997 gur cion é trácht iarnróid a chur i mbaol. Áirítear leis seo aon bhac baolach a chaitheamh ar iarnród, baint d’aon innealra iarnróid etc. Toirmisctear san Acht, chomh maith, baint d’aon trealamh comharthaíochta, nó de ghléasanna a úsáidtear chun trácht iarnróid a rialú.

Má dhéantar thú a thriail sa Chúirt Dúiche os comhair breithimh, is é an pionós uasta do na cionta seo fíneáil aicme C nó 12 mhí sa phríosún nó an dá rud.

Má dhéantar thú a thriail sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, is é an pionós uasta ná fíneáil nó príosúnacht 7 mbliana nó an dá rud.

Rataí

Táillí

Braitheann táillí ar an tseirbhís a úsáidtear agus tá sonraí iomlán ar fáil faoi tháillí siamsaíochta, táillí do thaisteal lae agus táillí traenacha sa Ríocht Aontaithe agus san Eorap ó shuíomh idirlín Iarnróid Éireann. Is féidir ticéid íoctha roimh ré a cheannach ó na hoifigí ticéid uilig. Cuirtear táillí lascaine ar fáil ach an cárta aitheantais chuí a thaispeáint.

Is féidir Leap Cártaí a úsáid ar sheirbhísí DART agus comaitéara.

Ceadaíonn an Cárta Leap do Mhic Léinn na mic léinn a fháil táillí go substaintiúil lascainithe ar Iarnród Éireann, Luas agus Bhus Átha Cliath. Tá sé ar fáil ach do mhic léinn lánaimseartha in oideachas dara agus tríú leibhéal.

Ní foláir do dhaoine atá ag éileamh Saorthaisteal Pas Taistil bailí eisithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a thaispeáint.

Conas iarratas a dhéanamh

cláir ama do phaisinéirí ar fáil ar shuíomh idirlín Iarnróid Éireann.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Iarnród Éireann

Príomhoifig
Stáisiún Uí Chonghaile
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 8366 222
Lóghlao: 0818 366222
Láithreán Gréasáin: http://www.irishrail.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.irishrail.ie/contact-us
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Deireadh Fómhair 2023