Pas Éireannach do linbh a athnuachan

Réamhrá

Míníonn an doiciméad seo conas iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach do linbh a athnuachan. Tá eolas maidir le hiarratas a dhéanamh ar chéad phas Éireannach do linbh ar fáil freisin.

Caithfidh do leanbh a bheith ina s(h)aoránach Éireannach chun a bheith incháilithe do phas Éireannach.

Tá pasanna Éireannacha do leanaí bailí ar feadh 5 bliana. Chun go leanfaidh do pháiste ag taisteal thar lear tar éis an ama seo, beidh ort iarratas a dhéanamh chun a p(h)as Éireannach a athnuachan.

Má chuaigh pas is déanaí do linbh in éag níos mó ná 15 bliana ó shin, ba cheart go léifeá an doiciméad maidir le hiarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach mar dhuine fásta (má tá sé/sí 18 mbliana d'aois anois) nó céad phas Éireannach do linbh (más leanbh é/í fós ).

B'fhéidir gur mhaith leat iarratas a dhéanamh chun pas do linbh a athnuachan mar gheall ar

Is féidir leat pas do linbh a athnuachan ag am ar bith. Má dhéanann tú iarratas ar phas nua sula bhfuil ceann reatha do linbh éagtha, beidh an pas nua bailí ón dáta a dhéanann tú iarratas.

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha Seirbhís Mheabhrúcháin Pasanna ar fáil ina seoltar meabhrúchán chugat trí ríomhphost trí mhí sula mbeidh an pas éagtha. Beidh ort clárú don tseirbhís seo.

Is féidir leat pas Éireannach do linbh a athnuachan:

  • Ar líne, trí Phas Ar Líne
  • Tríd an bpost, le Post Passport
  • Go pearsanta, trí sheirbhís chuntair Oifig na bPasanna

Conas an tSeirbhís Pas ar Líne a Úsáid

Is féidir leat pas Éireannach a athnuachan ar líne, trí na treoracha céim ar chéim atá ar fáil ar an láithreán a leanúint. Is féidir leat athnuachan a dhéanamh ar líne ó áit ar bith ar domhan, chomh fada is nach bhfuil pas Éireannach roimhe seo as dáta níos faide ná 5 bliana.

Beidh ort pas do linbh roimhe sea sheoladh isteach má tá níos mó ná 6 mhí bailíochta fágtha air.

Grianghraif Dhigiteacha

Ní mór duit grianghraf digiteach a chur isteach mar chuid d'iarratas. Is féidir leat é seo a dhéanamh ar 3 bhealach:

  • Iarr ar sholáthraí grianghraf rannpháirteach grianghraf do linbh a thógáil, tabharfaidh sé cód uathúil duit le cur ar d'iarratas ar líne.
  • Iarr ar sholáthraí grianghraf rannpháirteach grianghraf do linbh a thógáil, agus iarr air é a chur ar ríomhphost chugat, nó an grianghraf a shábháil ar fheiste USB, nó modh stórála eile. Caithfidh tú rochtain a bheith agat ar an ngrianghraf agus d'iarratas ar líne á chríochnú agat
  • Tóg grianghraf do linbh sa bhaile le ceamara digiteach nó le fón cliste. Caithfidh an grianghraf íomhá do linbh ón choim aníos a thaifeadadh.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na riachtanais grianghraf don tSeirbhís Pas Ar Líne.

Fíorú aitheantais agus toiliú

Ag bun na foirme ar líne iarrfar ort Foirm Aitheantais agus Toilithe Pas Linbh a phriontáil. Ba chóir duit an fhoirm seo a thabhairt chuig finné a dhearbhóidh aitheantas do linbh.

Tá míniú níos leithne faoi thoiliú an chaomhnóra inár ndoiciméad maidir le hiarratas a dhéanamh ar chéad phas Éireannach do linbh.

Pas Éireannach do linbh a athnuachan trídan bpost

Is seirbhís é Post Passport a chuireann An Post ar fáil.

Más saoránach Éireannach atá ina chónaí in Éirinn tú, ba chóir duit foirm APS 1 a chomhlánú. Gheobhaidh tú an fhoirm seo i stáisiúin na nGardaí agus in aon Oifig Phoist. Ní féidir faoi láthair leagan páipéir den fhoirm iarratais a íoslódáil

Beidh ort pas do linbh roimhe sea sheoladh isteach má tá níos mó ná 6 mhí bailíochta fágtha air.

Grianghraif

Ní mór duit 4 ghrianghraf chomhionanna de do leanbh a tógadh le déanaí a chur isteach le d'iarratas. Ba chóir d'fhinné an iarratais dhá cheann de na grianghraif seo a shíniú ar a gcúl. Ba chóir don fhinné an uimhir fhoirm a thaispeántar i gcuid 9 den fhoirm iarratais a scríobh ar an dá ghrianghraf sínithe freisin. Má tá tú ag déanamh iarratais ar do phas in Éirinn caithfidh an finné a bheith ina b(h)all den Gharda Síochána.

eolas ar ghrianghraif pas atá níos mionsonraithe ar fáil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Post Passport thar lear

Soláthraíonn roinnt brainsí de chuid Oifig an Phoist sa Ríocht Aontaithe an tseirbhís Post Passport (pdf). Tá oifig an phoist sa Bhreatain Mhór a thairgeann Post Passport (Glaschú, Cardiff agus Learpholl).

Má tá tú ag déanamh iarratais ó thar lear, tá catagóirí oiriúnacha finné liostáilte ar an bhfoirm iarratais. Ba chóir don fhinné a uimhir theagmhála i rith an lae a lua ar an bhfoirm iarratais mar d'fhéadfadh sé go mbeadh sé seo le deimhniú ag an tSeirbhís Pasanna nó ag an ambasáid nó ag an gconsalacht ábhartha.

Athnuachan a dhéanamh go pearsanta

Tá an tseirbhís chuntair in Oifig na bPasanna ceaptha le freastal ar dhaoine a dteastaíonn uathu a bpasanna a athnuachan go práinneach, agus gan go leor ama acu chun iarratas a dhéanamh ar bhealaí eile. Sna cásanna seo, ba chóir duit coinne a chur in áirithe le hOifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh. Tá tuilleadh eolais faoi athnuachaintí gasta pasanna thíos.

Má tá tú i do chónaí thar lear agus mura bhfuil tú in ann an tSeirbhís Pas Ar Líne a úsáid, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach do linbh a athnuachan go pearsanta nó trí iarratas a sheoladh trí ghnáthphost nó post cláraithe chuig an ambasáid nó an chonsalacht Éireannach is gaire duit. Úsáidtear foirm APS 2.

Ní féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil. Is féidir leat an fhoirm iarratais a fháil ó ambasáid nó ó chonsalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil cónaí ort (nó ón ambasáid nó ón gconsalacht is gaire).

Táillí Pas

:Is iad na táillí ar phas do linbh a athnuachan:

Pass ar Line - €20, móide táille phostais €5

Post Passport - €30, móide táille An Post €9.50.

Servbhís Chuntair (go pearsanta ag Oifig na bPasanna) - €45. Gearrtar táille choinneála breise de €150 (athnuachan an lae chéanna) as an tseirbhís choinní práinneacha.

An tSeirbhís um ChoinníPráinneacha agus cáipéisí taistil éigeandála

An tSeirbhís um Choinní Práinneacha

Tá oifigí na Seirbhíse um Choinní Práinneacha suite i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Londain. Ní mór duit coinne a chur in áirithe roimh freastal ar an oifig, Tá 3 chineál coinne ann agus gearrfar táille ar an seirbhís choinne seo ag brath ar cé chomh tapaidh agus a bhíonn do phas ag teastáil uait.

  • Seirbhís athnuachana an lae chéanna. Is féidir na coinní seo a chur in áirithe 3 lá roimh ré.
  • Seirbhís athnuachana 4 lá. Is féidir na coinní seo a chur in áirithe 3 sheachtain roimh ré.
  • Seirbhís athnuachana 5 lá (Londain amháin). Is féidir na coinní seo a chur in áirithe 3 sheachtain roimh ré.

Doiciméid taistil éigeandála

I gcásanna fíoréigeandála, is féidir leis an oifigeach dualgais sa Roinn Gnóthaí Eachtracha doiciméad taistil éigeandála a bhfuil bailíocht theoranta aige a eisiúint. Seo a leanas samplaí d'éigeandálaí den sórt sin:

  • Cásanna anacair shuntasaigh ar nós básanna nó sochraidí gar ghaol thar lear
  • Cúram leighis práinneach thar lear

Ní féidir doiciméad taistil éigeandála a eisiúint do mhionaoisigh (ach amháin in imthosca an-teoranta), d'iarratasóirí céaduaire nó i gcásanna nach mbaineann éigeandáil leighis nó méala teaghlaigh leo.

Féadfaidh ambasáidí nó consalachtaí Éireannacha doiciméid taistil éigeandála a eisiúint freisin, chun pas ionad a fháil ar phas a cailleadh nó a goideadh thar lear.

Cé chomh fada a thógfaidh athnuachanphas mo linbh?

Tógann sé thart ar 15 lá oibre le hathnuachan casta ar líne a phróiseáil. Breathnaítear ar gach iarratas leanaí mar athnuachan chasta, mar ní mór toiliú gach caomhnóra a fhíorú.

Má tá tú ag ligean tríd an bPas Poist Seirbhíse, ba cheart duit 8 seachtaine ar a laghad a fhágáil chun d’iarratas a phróiseáil (gan amanna postais san áireamh). Is féidir an tréimhse seo a bheith níos faide ag amanna áirithe den bhliain mar gheall ar líon méadaithe na n-iarratas.

Seiceáil láithreán gréasáin na Seirbhíse Pasanna le haghaidh na n-amanna próiseála reatha

Doiciméid bhreise a d'fhéadfadh abheith ag teastáil uait

Más tusa an t-aon chaomhnóir, caithfidh tú mionnscríbhinn (AFF 1)suas chun dáta a chur ar fáil ag rá gur tusa an t-aon chaomhnóir gach uair a dhéanann tú iarratas ar phas do linbh a athnuachan.

Tá treoir ar an an bhfoirm iarrataisl maidir leis na cáipéisí atá ag teastáil i do chás.

Teagmhálacha Úsáideacha

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Pasanna ar an nguthán nó tríd an idirlíon. Is féidir leat coinne a dhéanamh freisin chun d'iarratas ar phas a chur isteach go pearsanta.

Oifig na bPasanna

Teach Knockmaun
42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 TN83
Éire

Uaireanta Oscailte: 9:00am -4:30pm, Mon-Fri
Teil: +353 (0)1 671 1633

Oifig na bPasanna

1a An Mál Theas
Cork
Ireland

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Deireadh Fómhair 2023