Pasanna Éireannacha - forbhreathnú

Réamhrá

Is doiciméad taistil atá aitheanta go hidirnáisiúnta a dhearbhaíonn do chéannacht agus do náisiúntacht é pas.

Ní mór duit a bheith i do shaoránach Éireannach chun a bheith i dteideal pas Éireannach.

Is féidir leat saoránacht Éireannach a fháil trí bhreith nó trí shliocht nó trí eadóirsiú. Más céile nó páirtí sibhialta saoránaigh Éireannaigh tú is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shaoránacht trí eadóirsiú má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe.

Is doiciméad dlíthiúil tábhachtach é do phas. Ba chóir duit é a choinneáil in áit shábháilte i gcónaí. Tá uimhir aitheantais uathúil ag gach pas Éireannach. Ba chóir duit nóta den uimhir seo a choinneáil, má chailltear nó má ghoidtear do phas.

Ligeann do phas Éireannach duit taisteal thar lear agus tugann sé teidlíocht duit seirbhísí tacaíochta taidhleoireachta áirithe a fháil ó ambasáidí Éireannacha má bhíonn deacrachtaí agat thar lear. Cé gur doiciméad taistil atá aitheanta go hidirnáisiúnta é do phas Éireannach, ní thugann sé ceart uathoibríoch duit bheith ligthe isteach i dtíortha eile.

Eisíonn Rialtas na hÉireann do phas Éireannach trí Sheirbhís Pasanna na Roinne Gnóthaí Eachtracha in Éirinn. Eisítear pasanna Éireannacha freisin trí ambasáidí agus consalachtaí na hÉireann ar fud an domhain. Déanann tú iarratas ar an ambasáid nó ar chonsalacht ábhartha má tá tú i do chónaí thar lear.

Is féidir leat eolas a fháil freisin ar:

  • Conas iarratas a dhéanamh ar do chéad phas Éireannach mar dhuine fásta
  • Pas Éireannach a athnuachan
  • Do chéad phas Éireannach do linbh
  • Pas Éireannach do linbh a athnuachan
  • Pas atá caillte nó goidte a athsholáthar
  • Paschártaí Éireannacha

Pasanna atá inléite ag meaisín aus pasanna leictreonacha (rPasanna)

Is éard atá i gceist ná pas atá inléite ag meaisín ná pas a bhfuil 2 líne chlóite ag bun an leathanaigh bheathaisnéise [an leathanach grianghraif], ar féidir le meaisín iad a léamh. Nuair a léitear iad, soláthraíonn na línte seo an fhaisnéis chéanna leis an eolas a thugtar ar an leathanach beathaisnéise.

Tá pas leictreonach (mar an gcéanna le gnáthphas inléite ag meaisín ach tá ciorcad nó slis chomhtháite beag leabaithe sa leathanach grianghraif. Stórálann an tslis íomhá dhigiteach den ghrianghraf agus sonraí pearsanta an tsealbhóra phas go sábháilte. Ligeann an tslis do rialuithe teorann teicneolaíocht aitheanta aghaidhe a úsáid. Thosaigh Oifig Phasanna na hÉireann le rPhasanna a eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2006.

Seirbhís mheabhrúcháin pasanna

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha Seirbhís Mheabhrúcháin Pasanna ar fáil a sheolann meabhrúchán chugat trí ríomhphost trí mhí sula mbeidh do phas éagtha. Beidh ort clárú don tseirbhís seo.

Paschártaí

Is doiciméad taistil é paschárta pas Éireannach ar féidir leat é a úsáid le haghaidh taistil san Aontas Eorpach, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (lena n-áirítear an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) agus san Eilvéis in ionad leabharphas. Tá méid an chárta cosúil le cárta creidmheasa.

An dara pas do thaistealaithe gnó

Má tá tú ag taisteal go minic dod' ghnó, b'fhéidir go mbeidh pas eile de dhíth ort nuair a bhíonn do phas reatha á choimeád ag ambasáid chun críocha eisiúint víosa. Ceadaíonn an dara pas duit taisteal nuair a tharlaíonn sé seo.

Cén áit is féidir liom taisteal ar mo phas Éireannach?

Tá sé de cheart ag saoránaigh uile an AE dul go ballstát eile de chuid an AE agus bheith ina gcónaí ann ar feadh suas le 3 mhí. Ní gá duit ach pas bailí nó cárta aitheantais náisiúnta a bheith agat. Ní féidir le ballstáit an AE coinníollacha breise a leagan síos maidir le bailíocht nó fad íosta an chárta aitheantais nó an phas. Ciallaíonn sé seo nach gcaithfidh do phas a bheith bailí, abraimis ar feadh 6 mhí roimh ré sula gceadófar duit dul isteach i stát eile de chuid an AE.

Tá saoránaigh Éireannacha atá ag taisteal chuig cinn scríbe taobh amuigh den AE faoi réir rialuithe agus riachtanais pasanna sonracha na dtíortha sin. D'fhéadfaí go mbeidh víosa de dhíth ort chun taisteal chuig do cheann scríbe, agus/nó víosa idirthurais má tá ort eitiltí a aistriú. B'fhéidir go mbeidh ar do phas a bheith bailí ar feadh tréimhse áirithe freisin. Bíonn na socruithe seo éagsúil ó thír go tír, mar sin déan teagmháil le hambasáid na tíre ábhartha sula dtaistealaíonn tú chun an t-eolas is déanaí a fháil ar na riachtanais seo.

Ainmneacha agus inscní ar phasanna Éireannacha

De ghnáth, eisítear do phas san ainm agus san inscne atá ar do dheimhniú breithe. Mar sin féin, is féidir leat a iarraidh go mbeidh ainm agus/nó inscne dhifriúil ar do phas ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Pósadh nó páirtnéireacht shibhialta: Más mian leat do phas a bheith eisithe i d'ainm pósta nó páirtnéireachta sibhialta ba chóir duit do dheimhniú pósta shibhialta nó do dheimhniú páirtnéireachta sibhialta a chur isteach.
  • Tá d'ainm difriúil ar do dheimhniú breithe: Má tá an t-ainm lena bhfuil aithne ag daoine ort difriúil ón ainm ar do dheimhniú breithe agus mura bhfuil sé seo mar gheall ar phósadh, ar pháirtnéireacht shibhialta nó ar uchtáil, caithfidh tú fianaise dhoiciméadach a sholáthar go bhfuil bhí an t-ainm á úsáid go leanúnach agat ar feadh 2 bhliain ar a laghad. Tá feidhm ag an riail seo fiú má tá Deimhniú um Aithint Inscne faighte agat.
  • Tá aithne ag daoine ort tríd an leagan Gaeilge de d'ainm: Más é an leagan Gaeilge de d'ainm an an t-ainm lena bhfuil aithne ag daoine ort ach mura bhfuil cruthúnas agat ar úsáid 2 bhliain, is féidir glacadh le cruthúnas go bhfuil sé in úsáid agat ar feadh 6 mhí ar a laghad. Má ghlactar leis an gcruthúnas ar úsáid 6 mhí, cuirfear an leagan Béarla de d'ainm ar an bpas freisin.
  • Aitheantas inscne: Is féidir leat iarratas a dhéanamh san inscne is fearr leat má tá Deimhniú um Aithint Inscne faighte agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Ní mór duit do Dheimhniú um Aithint Inscne agus do theastas breithe a chur isteach mar atheisiúint tar éis aitheantas inscne. Ní mór duit fianaise dhoiciméadach a sholáthar freisin go bhfuil tú ag úsáid an ainm ar bhonn leanúnach ar feadh 2 bhliain ar a laghad.

I measc na ndoiciméad lena léirítear cruthúnas úsáide tá ceadúnais tiomána, ráitis bhainc, doiciméid árachais, cánach agus leasa shóisialaigh. Ba chóir duit 2 dhoiciméad ar a laghad a chur isteach le d'iarratas.

Mura bhfuil an t-ainm ar do phas díreach mar an gcéanna leis an ainm ar do dheimhniú breithe, is féidir leat a chur in iúl ar an bhfoirm iarratais go dteastaíonn ainm do theastas breithe ar an bpas. Tugtar "tuairim a thaifeadadh ar do phas" air seo. Is féidir leis seo cabhrú le deacrachtaí a sheachaint má dhéanann tú iarratas ar víosa nó ar chead oibre thar lear.

Níl teidil mar an tUasal, Bean, Iníon, Dr, Rev., Sir, Lady, Lord, curtha ar phasanna Éireannacha.

An féidir m'iarratas a dhiúltú?

Mura bhfuil an tSeirbhís Pasanna sásta gur chruthaigh tú do chéannacht nó do stádas saoránachta, féadfar d'iarratas a dhiúltú. Mar sin féin, is iondúil go rachaidh Seirbhís na bPasanna i dteagmháil leat chun cáipéisí nó eolas breise a iarraidh sula n-eiseofar diúltú foirmiúil.

Féadfar d'iarratas ar phas a dhiúltú más rud é:

  • Go mbeadh sé ina bhaol do shlándáil náisiúnta, do shlándáil tíre eile, nó go bhféadfadh sé sábháilteacht an phobail a chur i mbaol
  • Go soláthraíonn tú faisnéis nó doiciméid bhréagacha nó mhíthreoracha
  • Go bhfuil ordú eisithe ag na cúirteanna pas linbh a thabhairt suas
  • Go bhfuil pas Éireannach tugtha duit cheana féin, agus níor thug tú cúis bhailí chun iarratas a dhéanamh ar phas nua Éireannach

Má dhiúltaítear do d'iarratas ar phas Éireannach, tá sé de cheart agat an cinneadh a achomharc - féach 'Achomhairc Pas’ thíos.

An féidir mo phas a chealú nó a chúlghairm?

Má chailltear nó má ghoidtear do phas agus má chuireann tú é seo in iúl do Sheirbhís na bPasanna, cuirfear do phas ar ceal.

Tá sé de chumhacht ag Seirbhís na bPas do phas a chúlghairm más rud é:

  • Go gcúlghaireann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais do shaoránacht trí eadóirseacht
  • Gur eisíodh an pas trí dhearmad nó go calaoiseach
  • Go bhfuil an pas a chealú ar mhaithe le sábháilteacht nó slándáil an phobail, in Éirinn nó thar lear

Féadfar pas linbh a chúlghairm ar ordú cúirte, má chreideann an chúirt gurb é lár leas an linbh an pas a bhaint.

Toiliú do phas do linbh

Caithfidh do leanaí a bpas féin a bheith acu, agus ní féidir leo taisteal ar phas a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí. Ní saoránaigh Éireannacha go huathoibríoch iad gach leanbh a rugadh in Éirinn.

Ní féidir pas linbh a eisiúint ach le toiliú gach duine de chaomhnóirí an linbh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chaomhnóireacht leanaí.

Is féidir leat treoir níos mionsonraithe a fháil ar conas iarratas a dhéanamh ar chéad phas Éireannach do linbh, nó conas pas do pháiste a athnuachan.

Achomhairc ar dhiúltú do phas

Is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an Oifigeach Achomhairc Pas ar chinneadh diúltú d'iarratas ar phas Éireannach, nó do phas Éireannach a chúlghairm. Ba chóir duit achomharc a lorg i scríbhinn.

Tacóidh an tOifigeach Achomhairc Pas le cinneadh Oifig na bPasanna, nó molfaidh sé go n-athrófar an cinneadh bunaidh.

Ní gá do Sheirbhís na bPasanna moladh an Oifigigh Achomhairc Pas a chomhlíonadh. I gcás mar seo, ba chóir go gcuirfeadh Seirbhís na bPasanna in iúl duit na cúiseanna nach gcomhlíonfaidh sí moltaí an Oifigigh Achomhairc Pas.

Níor cheart an tOifigeach Achomhairc Pas a úsáid chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh diúltú d'iarratas ar shaoránacht Éireannach trí eadóirsiú.

Teaghmhálacha úsáideacha

Oifig na bPasanna

Teach Knockmaun
42-47 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 TN83
Éire

Uaireanta Oscailte: 9:00am -4:30pm, Mon-Fri
Teil: +353 (0)1 671 1633

Oifig na bPasanna

1a An Mál Theas
Cork
Ireland

An tOifigeach Achomhairc Pas

An Roinn Gnóthaí Eachtracha,
80 Faiche Stiabhna,
Baile Átha Cliath 2

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Eanáir 2023