Sochar Linbh

Cad é Sochar Linbh?

Íocaíocht mhíosúil é Sochar Linbh a íoctar le tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí faoi 16 bliana d’aois. Is féidir leat Sochar Linbh a fháil do leanaí 16 agus 17 mbliana d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha nó ag tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha nó má tá siad faoi mhíchumas agus mura féidir leo tacú leo féin.

Ní íoctar Sochar Linbh d’aon leanbh atá 18 mbliana d’aois nó níos sine, fiú má bhíonn siad in oideachas nó faoi oiliúint lánaimseartha.

Ní ghearrtar cáin ar Shochar Linbh.

Rialacha chun Sochar Linbh afháil

Íoctar Sochar Linbh le máthair nó leasmháthair an linbh. Mura gcónaíonn an leanbh lena mháthair nó lena leasmháthair ach go bhfuil cónaí air lena athair nó lena leasathair, is féidir Sochar Linbh a íoc leo. Mura bhfuil an leanbh ina chónaí lena thuismitheoirí nó á chothabháil ag a dtuismitheoirí, féadfaidh an duine atá ag tabhairt aire don leanbh Sochar Linbh a fháil.

Chun cáiliú do Shochar Linbh, caithfidh cónaí a bheith in Éirinn ort agus caithfidh tú Coinníoll an Ghnáthchónaithe (CGC) a shásamh.

Íoctar Sochar Linbh do leanbh faoi 16 mbliana d’aois.

Is féidir leat Sochar Linbh a fháil do leanaí 16 nó 17 mbliana d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha nó ag tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha nó má tá siad faoi mhíchumas agus mura féidir leo tacú leo féin.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh laistigh de 12 mhí tar éis:

•Breith do naíonáin, nó

•An mhí ina ndearnadh duine muinteartha den leanbh, nó

•An mhí a tháinig do theaghlach chun cónaí in Éirinn, nó

•An dáta a thosaigh tú ag oibriú in Éirinn má tá do leanaí ina gcónaí i dtír eile san AE

Leanbh 16 nó 17 mbliana d’aois atá ar scoil

Má tá do leanbh 16 nó 17 mbliana d’aois agus in oideachas lánaimseartha, íocfar Sochar Linbh leat go dtí Meitheamh i ngach scoilbhliain. Ní íocfar íocaíocht eile leat go dtí go bhfilleann siad ar oideachas lánaimseartha i Meán Fómhair.

Gheobhaidh tú Sochar Linbh do mhí Iúil agus Lúnasa amháin má fhilleann do leanbh ar an oideachas i Meán Fómhair. Seolfaidh an Rannóg Sochair Linbh foirm iarratais chugat i Lúnasa. Caithfidh tú an fhoirm a líonadh agus a sheoladh ar ais nuair a fhilleann do leanbh ar oideachas lánaimseartha i Meán Fómhair.

Nuair a fhaigheann tú do chéad íocaíocht eile, cuirfear aon riaráistí atá le híoc leat san áireamh ann (airgead atá le híoc leat). Áireofar leis seo Sochar Linbh do mhí Iúil agus Lúnasa. Má shlánaíonn do leanbh 18 mbliana d’aois in Iúil nó Lúnasa agus má fhilleann siad ar oideachas i Meán Fómhair, gheobhaidh tú aon riaráistí Sochair Linbh, go dtí an mhí a bhainfidh siad 18 mbliana d’aois amach.

Mura bhfaigheann tú foirm sa phost ón Rannóg Sochair Linbh, líon an fhoirm Sochar Linbh CB2 i Meán Fómhair. Féach ‘Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh’ thíos.

Athruithe ar chúinsí

Caithfidh tú an RCS a chur ar an eolas i scríbhinn faoi aon athruithe a thagann ar do cúinsí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do d’éileamh ar Shochar Linbh. Samplaí d’athruithe ar chúinsí iad:

•Má thagann athrú ar do sheoladh

•Mura gcónaíonn do leanbh a thuilleadh leat, nó mura bhfuil siad faoi do chúram a thuilleadh

•Tosaíonn tú le húsáid a bhaint as banc nó oifig an phoist eile do d’íocaíochtaí sochair

•Fágann do leanbh, atá 16 nó 17 mbliana d’aois, oideachas lánaimseartha

•Fágann tú féin nó do leanaí Éire

•Tosaíonn tú féin nó do pháirtnéir ag oibriú i dtír eile

Úsáid Foirm CB56 leis an RCS a chur ar an eolas ar aon athruithe ar do chúinsí.

Saoránaigh an AE/an LEE

Más saoránach AE/an LEE thú a oibríonn in Éirinn, sásóidh tú coinníoll an ghnáthchónaithe (CGC).

Sásóidh tú an CGC freisin má bhí tú ag oibriú in Éirinn ach má éiríonn tú dífhostaithe agus má íoctar Sochar Cuardaitheora Poist leat.

Má tá do leanbh ag cónaí i dtír eile san AE/an LEE, ba cheart iarratas a dhéanamh freisin ar aon íocaíochtaí sochair teaghlaigh atá tú i dteideal a fháil sa tír ina gcónaíonn siad.

An Ríocht Aontaithe agus Sochar Linbh

D’fhág an RA an AE an 31 Eanáir 2020 - tugadh Brexit air seo go minic. Níor tháinig athrú ar na rialacha chun Sochar Linbh a fháil i ndiaidh Brexit. Mar shampla:

•Má oibríonn tú sa Ríocht Aontaithe agus má chónaíonn tú in Éirinn, leanfaidh tú le Sochar Linbh a fháil sa Ríocht Aontaithe agus le breisiú de Shochar Linbh a fháil ó Éirinn.

•Má oibríonn tú in Éirinn agus má chónaíonn tú sa Ríocht Aontaithe, leanfaidh tú le Sochar Linbh a fháil ó Éirinn.

•Má oibríonn tú agus má chónaíonn tú in Éirinn le do leanaí, agus má oibríonn do pháirtnéir (céile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir) sa Ríocht Aontaithe, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh in Éirinn.

Saoránaigh Neamh-AE/neamh-LEE

Mura saoránach an AE nó an LEE thú, caithfidh tú coinníoll an ghnáthchónaithe a shásamh chun cáiliú do Shochar Linbh in Éirinn.

Más saoránach neamh-AE/neamh-LEE thú agus má tá tú ag oibriú go dleathach in Éirinn, b’fhéidir go gcáileoidh tú do Shochar Linbh má tá cónaí ar do leanbh in Éirinn nó i stát eile an AE.

Tá eolas breise ar fáil inár gcáipéis faoi ghnáthchónaí.

Éilimh chalaoiseacha ar Shochar Linbh

Má dhéanann tú ráitis bhréagacha nó mhíthreoracha chun iarracht a dhéanamh Sochar Linbh a fháil duit féin, nó d’aon duine eile, ionchúiseofar thú. D’fhéadfaí fíneáil nó téarma príosúnachta, nó an dá rud, a ghearradh ort dá bharr.

Ráta Sochar Linbh

Íocaíocht €140 sa mhí do gach leanbh atá i gceist le Sochar Linbh. Íoctar é ar an chéad Mháirt i ngach mí. Má thosaíonn tú le Sochar Linbh a fháil den chéad uair do a naíonán, íocfar é ag tús na míosa i ndiaidh gur rugadh an leanbh.

I gcás cúpla, íoctar Sochar Linbh ar ráta uair go leith an ghnáthráta mhíosúil do gach leanbh. I gcás trírín, agus breitheanna iolracha eile, íoctar Sochar Linbh ar dhá uair an ghnáthráta mhíosúil do gach leanbh.

Sochar Linbh in 2024

Líon tí

Ráta míosúil

Leanbh amháin

€140

Beirt leanaí

€280

Triúr leanaí

€420

Ceathrar leanaí

€560

Cúigear leanaí

€700

Seisear leanaí

€840

Seachtar leanaí

€980

Ochtar leanaí

€1,120

Íocaíocht uilíoch é Sochar Linbh. Ciallaíonn seo nach ndéanann do leibhéal ioncaim agus do thaifead árachais shóisialaigh (ÁSPC) difear do cibé acu an n-íocfar nó nach n-íocfar leat é.

Ní gá duit Sochar Linbh a éileamh. Má dhéanann tú an cinneadh gan é a éileamh do naíonán nua nó an cinneadh stop a chur leis do do leanaí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Sochair Linbh. Féach “Cá ndéanfaidh mé iarratas?” thíos.

Breitheanna iolracha

Má thugann tú cúpla ar an saol, íoctar Sochar Linbh ar ráta uair go leith an ghnáthráta mhíosúil de Shochar Linbh do gach leanbh. I gcás trírín, agus breitheanna iolracha eile, íoctar Sochar Linbh ar dhá uair an ghnáthráta mhíosúil do gach leanbh.

Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh

Íoctar Sochar Linbh le máthair nó leasmháthair an linbh. Mura gcónaíonn an leanbh lena mháthair nó lena leasmháthair ach go bhfuil cónaí air lena athair nó lena leasathair, is féidir Sochar Linbh a íoc leo.

Mura bhfuil an leanbh ina chónaí lena thuismitheoirí nó á chothabháil ag a dtuismitheoirí, féadfaidh an duine atá ag tabhairt aire don leanbh Sochar Linbh a fháil.

iarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh i ndiaidh gur rugadh do naíonán

Má rugadh do naíonán in Éirinn, beidh ort breith do naíonáin a chlárú laistigh de 3 mhí i ndiaidh na breithe. I ndiaidh duit seo a dhéanamh, cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) tús le héileamh ar Shochar Linbh do do leanbh.

Tabharfar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) do do naíonán nua freisin.

Mura bhfuil éileamh á dhéanamh agat d’aon leanaí eile agus má chláraíonn tú breith do naíonáin laistigh de 3 mhí, cuirfidh an Rannóg Sochair Linbh tús le héileamh ar Shochar Linbh duit agus seolfaidh siad foirm chugat atá líonta go páirteach CB1 (pdf). Beidh eolas ar an bhfoirm freisin faoi conas is féidir leat éileamh a dhéanamh do do naíonán nua ar líne. Ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar líne ach má thugann an RCS cuireadh duit amhlaidh a dhéanamh.

Má tá éileamh á dhéanamh agat cheana féin ar Shochar Linbh do leanbh eile agus má chláraíonn tú breith do naíonáin nua laistigh de 3 mhí, cuirfear do naíonán nua le d’éileamh ar Shochar Linbh. Cuirtear tú leis an íocaíocht go huathoibríoch ón mí i ndiaidh na breithe. Scríobfaidh an RCS chugat lena dheimhniú cathain a thosófar an íocaíocht.

Mura rugadh do leanbh in Éirinn, nó murar chláraigh tú a mbreith laistigh de 3 mhí, caithfidh tú foirm CB1 Sochar Linbh a líonadh agus é a sheoladh chuig an Rannóg Sochair Linbh. Féach “Cá ndéanfaidh mé iarratas?” thíos.

Iarratas a dhéanamh ar Shochar Linbh do leanbh 16 nó 17 mbliana d’aois

Is féidir leat leanúint le Sochar Linbh a fháil do leanbh 16 nó 17 mbliana d’aois má tá siad faoi mhíchumas nó má tá siad in oideachas lánaimseartha nó má tá siad ag tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha. Beidh ort foirm CB2 Sochar Linbh a líonadh mí amháin roimh bhreithlá 16 bliana d’aois do linbh.

Ina theannta sin, caithfidh foirm CB2 a bheith sínithe agus stampáilte go hoifigiúil ag:

  • An scoil nó an coláiste, má tá do leanbh in oideachas lánaimseartha, nó
  • An scoil nó an coláiste, má tá do leanbh ag tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha, nó
  • Dochtúir, má tá do leanbh faoi mhíchumas agus mura féidir leo tacú leo féin ó thaobh cúrsaí airgeadais de

Má tá Sochar Linbh á fháil agat cheana féin don leanbh seo, seolfaidh an RCS foirm iarratais chugat atá líonta go páirteach. Beidh ort a dheimhniú go bhfuil do leanbh in oideachas lánaimseartha nó ag tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha, nó go bhfuil sé/sí faoi mhíchumas agus nach féidir leo tacú leo féin go fóill.

Más é seo an chéad uair a bhfuil Sochar Linbh á éileamh agat don leanbh seo, ba cheart duit foirm iarratais CB1 agus CB2 a líonadh.

Má bhíonn aon deacracht agat na foirmeacha seo a líonadh, is féidir leat cabhair a fháil ó Ionad Intreo nó oifig brainse Leasa Shóisialaigh nó do Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg an tSochair Linbh

Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar Oilibhéir Phluincéid Naofa
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92 T449

Uaireanta Oscailte: 9:15am go 4pm, Luan-Aoine (ríomhphost nó fón amháin)
Teil: (074) 916 4496
Lóghlao: 0818 300600
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Eanáir 2024