Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí

Réamhrá

Is uimhir shainiúil tagartha í d'uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a chabhraíonn leat sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas in Éirinn a fháil.

Sular féidir uimhir PSP a leithdháileadh duit, ní foláir duit a léiriú go dteastaíonn ceann uait i gcomhairidirbhirt le comhlacht sonraithe. Mar shampla, má tá tú ag glacadh le fostaíocht, teastaíonn uimhir PSP uait chun clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ní idirbheart le comhlacht sonraithe é bheith ag lorg oibre agus níor cheart d’fhostóirí cuardach i gcomhair d’uimhreach PSP agus iad i mbun earcaíochta. Níor chóir go bhféachfadh fostóir le huimhir PSP a fháil má tá tú ag glacadh le fostaíocht laistigh den eagras.

Is feidir leat líosta de ghníomhaireachtaí Stáit a usáideann uimhreacha PSP a fháil chun daoine aonair a aithint ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Bíonn 7 n-uimhir le litir amháin nó dhá litir ina ndiaidh i gceist le hUimhir PSP i gcónaí.

Is ainm nua don uimhir chánach (RSI) é an PSP. Má tá uimhir PSP do chéile ar aon uimhir leat agus má chríochnáionn d'uimhir PSP le 'W', b'fhéidir go mbeadh uimhir PSP nua de dhíth ort. Féach 'Uimhreacha W a chéimniú amach' thíos chun tuilleadh eolais a fháil.

D’Uimhir PSP a úsáid

Is féidir leat d'uimhir PSP a úsáid le haghaidh:

Tá uimhir PSP eisithe duit cheana má:

  • Rugadh in Éirinn tú i rith nó tar éis 1971
  • Thosaigh tú ag obair in Éirinn tar éis 1979
  • Tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh
  • Tá tú ag glacadh páirte sa Scéim Íocaíochta Drugaí.

Bíonn uimhreacha PSP clóscríofa ar na cáipéisí seo a leanas:

  • Cárta Seirbhísí Sóisialacha
  • Cárta Íocaíochta Drugaí
  • Cárta Cuairte LG
  • Cárta Eorpach um Árachas Sláinte
  • Measúnú Cánach
  • Fógra Creidmheasanna Cánach ÍMAT
  • Carta Íocaíochta Sealadach.

Céimniú amach uimhreacha W

Roimh 2000 nuair a phós roinnt daoine bhí orthu an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí céanna lena gcéile a úsáid, ach le W ag deireadh na huimhreach. D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim an uimhir W seo chun céilí a aithint i gcaidreamh ina ndearnadh Measúnú Comhpháirteach ar an lánúin.

D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim uimhir W chun céilí a aithint i gcaidreamh ina ndearnadh Measúnú Comhpháirteach ar an lánúin. Bhí an uimhir W nasctha le huimhir PSP an Chéile Inmheasúnaithe (is é seo an téarma a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim don chéile a ngearrtar cáin air/uirthi ar ioncam na beirte).

Tá na huimhreacha W á gcéimniú amach de réir a chéile. Níor eisíodh uimhir W ar bith ó 1999 i leith.

Más mar an gcéanna d’uimhir PSP le huimhir PSP do chéile, agus má tá W ag deireadh d’uimhreach, caithfidh tú uimhir nua PSP a fháil más amhlaidh:

  • Go bhfuil do chéile tar éis bás a fháil
  • Go bhfuil tú scartha nó colscartha ó do chéile
  • Gur eisíodh uimhir Árachais Shoisialta ort roimh 1979

Má eisíodh uimhir PSP nua ort tar éis 1979 agus sular phós tú, is féidir leis an Roinn an bunuimhir a bhí agat a ath-eisiúint ort má iarrann tú é.

Má tá d’uimhir W á athrú agat i gcomhair uimhir PSP nua, ní gá duit dul tríd an bpróiseas iarratais céanna le gach duine eile. Chun d’uimhir nua a fháil nó chun do sheanuimhir a fháil ar ais, téigh i dteagmháil le Rannóg Aitheantais na gCliant sa Roinn Sóisialaí, is í an uimhir theileafóin ná 0818 927 999 ó (071) 967 2616.

Ba cheart duit aon eagrais ag a bhféadfadh do sheanuimhir bheith ina seilbh a chur ar an eolas nuair a fhaigheann tú d’uimhir nua ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Mar shampla, d’fhostóir, do bhanc, an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána, an FSS agus na Coimisinéirí Ioncaim – is féidir leat na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i leith d’Uimhreach PSP nua tríd an tSeirbhís Phoist agus Pinsin ar líne a úsáid nó dul i dteagmháil le d’oifig chánach.

Táim chun bogadh go hÉirinn sul i bhfad – conas a fhaighim Uimhir PSP?

Leithdháiltear Uimhreacha Phearsanta Seirbhíse Poiblí UPSP ag agallamh aghaidh ar aghaidh. Ach is féidir coinne a chur in áirithe d’uimhir PSP sula bhogann tú go hÉirinn-féach ‘Coinní ar líne’ thíos. Ba chóir duit freastal ar an Ionad Clárúcháin PSP, sa chontae ina mbeidh cónaí ort. Iarrfar ort fianaise cháipéisíochta d’aitheantas agus de chónaí in Éirinn a thaispeáint. Beidh fianaise cháipéisíochta eile de dhíth, ag brath ar do náisiúntacht. Tá liosta iomlán de na cáipéisí ar riachtanach mar fhianaise ar d’aitheantas iad le fáil anseo.

Níl cónaí orm in Éirinn ach teastaíonn uimhir PSP uaim – conas a fhaighim í?

I roinnt cásanna, d’fhéadfadh Uimhir PSP bheith ag teastáil ó dhaoine nach gcónaíonn in Éirinn. Mar shampla, d’fhéadfadh duine atá ina t(h)airbhí faoi uacht Éireannach uimhir PSP a sholáthar sular féidir bronnadh probháide a eisiúint.

Is iad Seirbhísí Sainaitheanta Cliaint (CIS) de chuid na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a sholáthraíonn seirbhís d’iarratasóirí neamhchónaitheacha nach féidir leo freastal ar Ionad Clárúcháin PSP ainmnithe agus a dteastaíonn uimhir PSP uathu. Má theastaíonn uait leas a bhaint as an tseirbhís úd, ní mór duit fianaise cáipéisíochta a léiriú go dteastaíonn uimhir PSP uait i gcomhair idirbhirt le comhlacht sonraithe. Ní féidir leat leas a bhaint as an bpróiseas iarratais eisceachtúil seo má tá tú i do chónaí in Éirinn nó má tá sé ar d’intinn athlonnú go hÉirinn ar feadh tréimhse ama ar bith. Déantar iniúchtaí ar iarratais PSP go tréimhsiúil agus b’fhéidir go bhfiafrófaí faisnéis breise díot.

Má tá cónaí i dTuaisceart Éireann nó sa Ríocht Aontaithe ort agus má tá tú ag oibriú i bPoblacht na hÉireann (oibrí trasteorann), féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP sa ghnáthbhealach ag Ionad sannta Cláraithe PSP.

Teastaíonn uimhir PSP uaim i gcomhair duine atá tar éis bháis - cén chaoi a bhfaighidh mé í seo?

D’fhéadfadh uimhir PSP bheith de dhíth ó thráth go chéile ar dhuine nach maireann, de ghnáth nuair a bhítear ag plé le deonú probháide.

Ba cheart duit sna cásanna úd cóip den teastas báis agus na mionsonraí go dteastaíonn an uimhir PSP uathu a chur chuig Seirbhísí Sainaitheanta Cliaint na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí - faightear an seoladh thíos.

Rialacha

Chun uimhir a fháil, beidh ort foirm iarratais a líonadh agus dearbhú aitheantais a chur ar fáil.

Fianaise i leith d’aitheantais

 
Más duine tú: Teastóidh uait na nithe seo a leanas a tháirgeadh mar fhianaise i leith d’aitheantais:
Saoránach Éireannach a rugadh i bPoblacht na hÉireann Do theastais bhreithe

agus

ID i bhfoirm grianghraif, ar nós do phas nó ceadúnais tiomána
Saoránach Éireannach trí éadóirseacht nó trí Chlárú Breithe Eachtrannach Pas reatha nó Teastas Éadóirseachta

Do theastas Clárúcháin Bhreithe Eachtrach agus ceadúnas tiomána Éireannach nó Briotanach nó cead foghlaimeora Éireannach
Saoránach Éireannach a rugadh i dTuaisceart Éireann nó saoránach Briotanach Pas reatha

Do theastas breithe ina nochtar ainm breithe do mháthar agus ceadúnas tiomána reatha
Saoránaigh an AE (seachas cinn Éireannacha agus Briotanacha) Pas reatha nó cárta aitheantais náisiúnta
Neamh-Shaoránaigh an AE Pas reatha

Fianaise i leith do sheolta

Caithfidh tú fianaise i leith do sheolta a léiriú. Is féidir leat leas a bhaint as aon cheann de na cáipéisí seo a leanas chuige sin (ní mór den doiciméad do ainm agus do sheoladh a thaispeáint agus gan a bheith níos sine ná trí mhí):

  • Bille fóntais teaghlaigh
  • Litir/cáipéis oifigiúil
  • Ráiteas airgeadais
  • Léas maoine nó comhaontú tionóntachta
  • Deimhniú seolta ag tríú páirtí ar nós príomhoide/riarthóra scoile, úinéara nó bainisteora cóiríochta/maoine*.

*Má tá tú ag fanacht le cairde nó le gaolta is amhlaidh ar inghlactha é bunbhille teaghlaigh móide nóta ó shealbhóir an bhille ag deimhniú go bhfuil tú i do chónaí ag seoladh an bhille. Is féidir an nóta sin a bhreacadh ar an mbille é féin.

Iarratais Linbh

Tugtar Uimhir PSP do leanaí a rugadh in Éirinn nuair a chláraítear a mbreith leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin (POC). Ciallaíonn sé seo nach gá duit iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP do leanbh a rugadh in Éirinn.

Ciallaíonn sé sin nach gá duit iarratas a dhéanamh i gcomhair uimhir PSP i leith linbh a bheirtear in Éirinn.

Ní leithdháiltear uimhir PSP go huathoibríoch áfach más lasmuigh den Stát atá seoltaí an bheirt tuismitheoirí. Má theastaíonn uimhir PSP uait i gcás mar sin ní mór duit iarratas a dhéanamh ar dtús ag ionad leithdháilte uimhir PSP.

Is é an tuismitheoir/caomhnóir a chaitheann iarratas a dhéanamh i leith uimhreachta PSP do leanaí a chónaíonn, ach nár rugadh in Éirinn. Caitheann uimhir PSP bheith ag duine amháin de na tuismitheoirí/caomhnóirí ionas go mbeidh an leanbh cláraithe agus nasctha lena gcuid sonraí.

Ba chóir go bhfreastalódh an tuismitheoir, an tuismitheoir altrama, an caomhnói, nó an t-ionadaí scoile leis an leanbh, agus fianaise i leith a n-aitheantais féin, aitheantas an linbh, fianaise i leith an riachtanais d’uimhir PSP a sholáthar, agus fianaise a sholáthar i leith an ghaoil idir an tuismitheoir/caomhnóir agus an leanbh. Ba chóir go soláthrófaí freisin fianaise i leith seolta. Is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí a thuilleadh fiosruithe a dhéanamh mar a meastar bheith riachtanach chun an gaol idir an leanbh agus an duine atá ag iarraidh uimhir PSP a dheimhniú.

Meastar duine faoi bhun 18 bliain déag d’aois bheith ina leanbh chun críoch leithdháileadh uimhreach PSP.

Rialáil Calaoise PSP

Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí monatóireacht ar shaincheisteanna maidir le calaois aitheantais, cabhraíonn sí le dréachtú nósanna imeachta um próiseáil na n-iarratas agus fiosraíonn sí cáipéisí amhrasta. Ní mór don fhoireann in oifigí leasa shóisialaigh seiceáil a dhéanamh ar bharántúlacht na gcáipéisí tacaíochta, agus cásanna amhrasacha a chur ar aghaidh chuig saineolaithe calaoise cáipéisí i gcomhair a seiceála.

Uimhir PSP a fháil do leanbh

Breathnaítear ar dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois mar leanbh le haghaidh iarratais ar uimhir PSP.

Tugtar uimhir PSP do leanaí a rugadh in Éirinn má tá siad cláraithe leis an bPríomh-Oifig Chlárúchán (poc) laistigh de 3 mhí ó rugadh iad. Sa chás seo, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP do linbh.

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP linbh:

  • Ní chláraítear breith an linbh laistigh de 3 mhí
  • Saolaítear an leanbh in Éirinn agus tá seoltaí na beirte tuismitheoirí lasmuigh d'Éirinn
  • Tá an leanbh ina chónaí in Éirinn, ach ní rugadh é in Éirinn

Caithfidh uimhir PSP a bheith ag duine de na tuismitheoirí nó caomhnóirí chun an leanbh a chlárú agus a nascadh lena sonraí.

Chun uimhir PSP a fháil do leanbh, ba chóir do thuismitheoir nó caomhnóir foirm iarratais REG1M (pdf) a chomhlánú agus cruthúnas a sholáthar ar:

  • A bhféiniúlacht féin
  • Féiniúlacht an linbh
  • An gá atá le huimhir PSP
  • An gaol idir an tuismitheoir nó/caomhnóir agus an leanbh
  • A seoladh

Ba chóir duit an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig an Ionad Leithdháilte Uimhir PSP is gaire duit.

Tar éis d'iarratas a bheith próiseáilte, postálfaidh an Roinn litir chugat mar aon le hUimhir PSP do linbh.

Conas iarratas a dhéanamh

Is í don Roinn Coimirce Sóisialaí amháin is féidir uimhir PSP a thabhairt duit. Is féidir liosta Oifigí Leasa Shóisialaigh Áitiúla a chláraíonn Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí ar an suíomh gréasáin gov.ie. Tabhair faoi deara go n-oibríonn roinnt oifigí córas coinne amháin . Ba chóir duit dul i dteagmháil leis an oifig chun seiceáil an bhfuil coinne riachtanach. Is iondúil go n-eisítear Cárta Seirbhísí Poiblí nuair a leithdháiltear uimhir PSP duit. Ciallaíonn sé sin go dtógfar do ghrianghraf nuair a fhreastalóidh tú ar oifig i gcomhair chlárú na huimhreach PSP nua. Glacfaidh sé tuairim 4-5 lá nó go dtiocfaidh fógra d’uimhir PSP tar éis do choinne.

Coinní ar líne

Is féidir leat coinne a dhéanamh ar líne ag mywelfare.ie anois má theastaíonn uait uimhir PSP a fháil nó chun clárú i gcomhair Cárta Seirbhísí Poiblí.

Caithfidh tú clárú leis an láithreán ar dtús. Teastaíonn ríomhphoist chuige sin.

Clóbhuail an fógra agus tabhair leat chuig do choinne é i dteannta leis na cáipéisí riachtanacha (a liostaítear san fhógra), nuair a bheidh do choinne ceaptha agat.

Tá liosta Ionaid Chlárúcháin ar Líne PSP ar fáil ar gov.ie.

Mura bhfuil d'uimhir PSP ar eolas agat, téigh i dteagmháil le d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh agus gheobhaidh an fhoireann ansin d'uimhir duit.

Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil gníomhaireacht, duine, nó gníomhaire ar leith i dteideal d'uimhir PSP a iarraidh nó a úsáid, ba cheart duit dul i dteagmháil le Seirbhísí Aitheantais Chliaint sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Ba choir duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Aitheantais Chliaint trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar líne nó tríd an nguthán ag 0818 927 999 nó (071) 967 2616.


Athrú seoladh

Seirbhísí Aitheantas Cliant

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Lóiste na Sionainne
Cora Droma Rúisc
Contae Liatroma

Teil: (071) 967 2616 or 0818 927 999
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Deireadh Fómhair 2023