Ag filleadh ar Éirinn

An saoránach Éireannach thú atá i do chónaí thar lear agus ag smaoineamh ar aistriú tí?

Fileann eisimircigh Éireannacha go hÉirinn ar go leor cúiseanna. Seans go bhfuil tú ag teacht ar ais ag obair, nó chun dul ar scor. B'fhéidir go bhfuil leanaí agat agus gur mhaith leo fás suas níos gaire don teaghlach, nó b'fhéidir go bhfuil tú ag bogadh tí chun aire a thabhair do bhall den teaghlach.

Is cuma cén fáth ar fhill tú go hÉirinn agus cibé céim den saol atá agat, tá an faisnéis againn atá uait chun do thuras a phleanáil.

Tá an tairsach um Fhilleadh ar Éirinn ar citizensinformation.ie maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtacha. Is féidir leat an tairseach a iniúchadh ag baint úsáide as na naisc thíos.

Déan iniúchadh ar an tairseach Filleadh ar Éirinn

Do thuras abhaile a phleanáil

Faisnéis phraiticiúil chun do thuras abhaile a phleanáil, lena n-áirítear do chuid agus peataí a thabhairt leat, feithicil a almmhairiú, doiciméid a fhíordheimhniú, agus táillí custaim.

Cónaitheacht agus saoránacht

Áirítear leis sin faisnéis faoi shaoránacht, ag fáil pasanna do leanaí a rugadh thar lear, agus ag tabhairt do chéile nó do pháirtí neamh-LEE go hÉirinn leat.

Áit a aimsiú le maireachtáil nuair a fhilleann tú ar Éirinn

Faisnéis ar thacaíochtaí tithíochta sóisialta, conas teach a fháil ar cíos, rialacháin cíosa, morgáiste a fháil agus maoin a cheannach, agus scéimeanna chun maoin atá ann cheana a fheabhsú.

Ag dul ar scor in Éirinn

Faisnéis do dhaoine a bhfuil sé beartaithe acu dul ar scor in Éirinn, lena n-áirítear teidlíocht ar phinsin Stáit Éireannacha, tithíocht do dhaoine scothaosta, saorthaisteal, agus an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais (Scéim Chothrom na Féinne).

Ag eagrú do chuid airgeadais

Faisnéis ar chuntas bainc a oscailt, an córas cánach in Éirinn, iasacht a fháil, stair chreidmheasa agus polasaithe árachais.

Ag cur isteach ar leas sóisialach nuair a fhileann tú ar Éirinn

Tugtar breac-chuntas ar conas a oibríonn an córas leasa shóisialaigh in Éirinn, cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil, riachtanais chónaithe agus conas iarratas a dhéanamh ar thacaíocht más gá duit é.

Ag tosú ar an obair

Áirítear leis seo aitheantas ar do cháilíochtaí oideachais agus oiliúna eachtacha, conarthaí fostaíochta, cáin ioncaim a íoc agus do chearta fostaíochta in Éirinn a thuiscint.

Gnó a bhunú in Éirinn

Faisnéis faoi ghnó a thosú in Éirinn, foireann a fhostú, éirí féinfhostaithe, agus tacaíochtaí d'úinéirí gnólachtaí beaga.

Ag tabhairt aire do shláinte

Tugtar breac-chuntas ar chóras sláinte na hÉireann agus conas a oibríonn sé, do theidlíocht ar chúram sláinte poiblí, árachas sláinte príobháideach a fháil, agus rochtain ar chúram sláinte do chuairteoirí.

Dul timpeall in Éirinn

Áirítear leis seo carr a cheannach, do cheadúnas tiomána eachtach a thiontú go ceadúnas Éireannach, árachas gluaisteáin a fháil, agus an líonra iompair phoiblí a úsáid.

Ag teacht abhaile go hÉirinn le clann

Áirítear leis seo leanbh a bheith agat in Éirinn, do roghanna cúram leanaí, uimhir PSP a fháil do leanaí, agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh do theaghlaigh agus do leanaí.

Oideachas agus scolaíocht

Faisnéis ar oideachas na luath-óige, do leanaí a chlárú ar scoil, díolúine ón nGaeilge a fháil, agus táillí ar oideachas tríú leibhéal.

Ní féidir leat an rud atá uait a fháil?

Mura bhfuil tú in ann an rud atá uait a fháil, nó má tá moltaí agat maidir le cad is féidir linn a dhéanamh níos fearr, cuir in iúl dúin. Seol ríomhphost chuig returning2ireland@ciboard.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Eanáir 2024