Ag éirí i do shaoránach Éireannach

Réamhrá

Is tír cheannasach, neamhspleách í Éire agus tá rialacha agus dlíthe aici maidir le cé atá i dteideal saoránacht Éireannach.

Ba Éireannaigh iad formhór shaoránaigh na hÉireann go huathoibríoch nuair a rugadh iad. Roimh 1 Eanáir 2005, bhí gach duine a rugadh ar oileán na hÉireann ina shaoránach Éireannach de réir breithe. Tar éis leasú ar Bhunreacht na hÉireann, ní teidlíocht uathoibríoch a thuilleadh do gach duine a rugadh ar oileán na hÉireann an tsaoránacht trí bhreith.

Má rugadh tú thar lear, tá tú i dteideal saoránacht Éireannach má rugadh do thuismitheoir in Éirinn. Má rugadh do sheantuismitheoirí in Éirinn, b’fhéidir go mbeidh tú in ann saoránacht a éileamh trí Clár na Breitheanna Eachtracha.

Is féidir le cónaitheoirí Éireannacha a tháinig ó thar lear iarratas a dhéanamh chun bheith ina saoránaigh Éireannacha trí eadóirseacht.

Is saoránaigh AE iad saoránaigh na hÉireann freisin, rud a chiallaíonn gur féidir leo maireachtáil, obair agus staidéar a dhéanamh in aon bhallstát eile den AE.

Tá cur síos sa doiciméad seo ar cé atá in ann saoránacht Éireannach a éileamh nó iarratas a dhéanamh uirthi, na cearta atá ag saoránaigh na hÉireann agus ta freagraí ar roinnt ceisteanna ginearálta ar dhlí saoránachta na hÉireann.

Saoránacht Éireannach agus andlí

Saoránacht Éireannach i mBunreacht na hÉireann

Is é Bunreacht na hÉireann dlí bunúsach an Stáit agus glacadh leis in 1937. Tháinig sé in áit Bhunreacht Shaorstát na hÉireann.

Thug Bunreacht Shaorstát na hÉireann saoránacht do dhuine ar bith a chónaigh ar chríoch Shaorstát na hÉireann agus:

  • Tráth achtaithe an bhunreachta a raibh cónaí air/uirthi ar chríoch Shaorstát na hÉireann

agus

  • a rugadh in Éirinn é, nó ba mhac nó iníon é/í le duine a rugadh in Éirinn

  • a raibh cónaí air/uirthi in Éirinn ar feadh 7 mbliana nó níos mó

Níor thug sé cearta saoránachta d’aon duine a rugadh tar éis Bhunreacht Shaorstát na hÉireann a achtú. Ina áit sin, dúirt sé go mbeadh sé seo leagtha amach sa dlí.

Nuair a tháinig Bunreacht na hÉireann ina áit, rinneadh saoránach d’Éirinn d’aon duine ar deonaíodh saoránacht de Shaorstát na hÉireann dó faoi fhorálacha an Bhunreachta roimhe seo. Deir Airteagal 9 de Bhunreacht na hÉireann go gcinnfí “fáil agus caillteanas” nó saoránacht Éireannach sa todhchaí de réir an dlí.

Ritheadh an 19ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Chuir sé seo an ceart chun saoránachta trí bhreith sa Bhunreacht.

Ritheadh an 27ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann trí reifreann in 2004. Chuir sé seo deireadh leis an gceart uathoibríoch chun saoránachta trí bhreith do dhuine ar bith a rugadh in Éirinn tar éis 1 Eanáir 2005 agus thug sé údarás ar ais don Oireachtas (parlaimint na hÉireann) cinneadh a dhéanamh ar dhlíthe faoi shaoránacht trí bhreith.

Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta na hÉireann

Ligeann Bunreacht na hÉireann don Oireachtas dlíthe a dhéanamh chun cinneadh a dhéanamh ar cé ar féidir leo a bheith ina saoránach Éireannach tar éis an Bunreacht a achtú (i 1937). Ba é an dlí saoránachta ba thábhachtaí a ritheadh tar éis 1937 ná an tAcht um Náisiúntacht agus Saoránacht Éireannach 1956.

Bhí roinnt forálacha tábhachtacha san Acht seo:

  • Saoránach Éireannach go huathoibríoch ab ea aon duine a rugadh in Éirinn. Bhí daoine a rugadh i dTuaisceart Éireann i dteideal a bheith ina saoránaigh Éireannacha dá roghnóidís siad é.
  • Bunaíodh Clár na mBreitheanna Eachtracha do dhírshliochtaigh shaoránach Éireannach a rugadh thar lear.
  • D’fhéadfadh mná céile shaoránaigh na hÉireann (ach ní fir chéile) saoránacht Éireannach a éileamh trí dhearbhú iar-phósta a shíniú. Tháinig deireadh leis an gcleachtas seo in 2005.
  • Leagadh amach rialacha eadóirseachta.

Leasaíodh an tAcht roinnt uaireanta, an leasú ba thábhachtaí in 2004, tar éis an 27ú Leasú ar an mBunreacht. Chuir sé seo deireadh leis an gceart uathoibríoch ar shaoránacht Éireannach trí bhreith dóibh siúd go léir a rugadh in Éirinn.

Tuaisceart Éireann agus SaoránachtÉireannach

Thug an tAcht um Náisiúntacht agus Saoránacht Éireannach 1956 an ceart do dhaoine a rugadh i dTuaisceart Éireann saoránacht Éireannach a éileamh dá roghnóidís é sin a dhéanamh.

Dheimhnigh Comhaontú Aoine an Chéasta, a shínigh idir rialtais na hÉireann agus Rialtas na Breataine in 1998, go bhféadfadh daoine a rugadh i dTuaisceart Éireann a roghnú a bheith ina saoránaigh Briotanacha nó Éireannacha.

Ón 1 Eanáir 2005, má rugadh tú i dTuaisceart Éireann, is féidir leat saoránacht Éireannach a éileamh más saoránaigh de chuid na Breataine nó na hÉireann iad do thuismitheoir (nó do thuismitheoirí), nó má bhí duine acu ina c(h)ónaí ar oileán na hÉireann ar feadh 3 ar a laghad as an 4 bliana díreach roimh do bhreith.

Féadfaidh tú níos mó a léamh faoi shaoránacht trí bhreith nó trí ghinealach.

Cé atá i dteideal saoránachtÉireannach?

Tá tú i dteideal saoránacht Éireannach a éileamh má bhaineann ag aon cheann díobh seo a leanas:

  1. Rugadh tú in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann roimh 1 Eanáir 2005
  2. Rugadh tú in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann tar éis 31 Nollaig 2004

agus

Ba Éireannach duine amháin (nó an bheirt) de do thuismitheoirí a bhí i dteideal a bheith ina s(h)aoránach Éireannach nó ina s(h)aoránach Briotanach tráth do bhreithe

Ba shaoránach Éireannach nó Briotanach duine amháin (nó an bheirt) de do thuismitheoirí agus fuair sé/sí bás sular rugadh tú

Bhí duine amháin (nó an bheirt) de do thuismitheoirí i dteideal cónaí in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann gan aon srian ar a t(h)réimhse cónaitheachta.

Bhí duine amháin (nó an bheirt) de do thuismitheoirí ina c(h)ónaí go dlíthiúil ar oileán na hÉireann ar feadh 3 bliana as na 4 bliana díreach roimh do bhreith (ní chuimsíonn sé seo cónaí ar víosa mac léinn, ná cónaí agus tú ag fanacht le cinneadh cosanta idirnáisiúnta nó cónaí faoi dhearbhú um chosaint choimhdeach)

  1. Rugadh tú thar lear

agus

Rugadh duine amháin (nó an bheirt de do thuismitheoirí) in Éirinn agus bhí sé/sí i dteideal saoránacht Éireannach

Rugadh do sheantuismitheoir in Éirinn agus cláraigh tú do bhreith ar Chlár na mBreitheanna Eachtracha

Tráth do bhreithe, bhí do thuismitheoir ina shaoránach Éireannach trí chlárú le Clár na mBreitheanna Eachtracha nó trí eadóirsiú

  1. Rugadh in Éirinn tú agus níl tú i dteideal a bheith i do shaoránach d'aon tír eile.

Is féidir leat léamh faoi shaoránacht trí breith.

Cé atá i dteideal iarratas adhéanamh ar shaoránacht Éireannach trí eadóirseacht?

Sa chuidseo, ní fholaíonn áit chónaithe dhlíthiúil (nó áit chónaithe in-áireamh) am a caitheadh ar víosa mac léinn nó am a caitheadh ag fanacht le cinneadh ar Chosaint Idirnáisiúnta.

Chomh maith leis na coinníollacha thíos, caithfidh dea-cháil a bheith ort freisin. Tugtar saoránacht trí eadóirseacht de réir rogha an Aire Dlí agus Cirt.

Mura bhfuil tú i dteideal saoránachta trí bhreith nó trí ghinealach, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun bheith i do shaoránach Éireannach trí eadóirseacht má:

1. Tá tú i do chónaí in Éirinn go dlíthiúil ar feadh 5 bliana as na 9 mbliana deiridh dar críoch an lá roimh d’iarratas

Agus

Bhí tú i do chónaí in Éirinn go dlíthiúil ar feadh na tréimhse 12 mhí roimh d’iarratas

Agus

Tá tú os cionn 18

2. Fuair tú dearbhú mar dhídeanaí ón Aire Dlí agus Cirt

Agus

Tá tú i do chónaí go dlíthiúil in Éirinn ar feadh 3 bliana ag críochnú lá do iarratais

Agus

Bhí tú i do chónaí in Éirinn go dlíthiúil ar feadh na tréimhse 12 mhí roimh d’iarratas

Agus

Tá tú os cionn 18

3. Is leanbh tú a rugadh in Éirinn nach bhfuil i dteideal saoránachta trí bhreith

Agus

Tá tú féin agus duine amháin (nó an bheirt) de do thuismitheoirí i bhur gcónaí in Éirinn go dlíthiúil ar feadh 5 bliana as na 9 mbliana dar críoch lá do iarratais

Agus

Tá tú féin agus duine amháin (nó an bheirt) de do thuismitheoirí tar éis cónaí go dlíthiúil in Éirinn ar feadh na tréimhse 12 mhí roimh d’iarratas

Tá do thuismitheoir anois ina shaoránach eadóirsithe Éireannach

Agus

Bhí tú i do chónaí in Éirinn ar feadh 3 bliana ar a laghad roimh d’iarratas

4. Tá tú pósta faoi láthair nó i do pháirtí sibhialta le shaoránach Éireannach

Agus

Bhí tú i do chónaí in Éirinn go dlíthiúil ar feadh 3bliana as na 5 bliana roimh lá d’iarratais

Agus

Bhí tú i do chónaí in Éirinn go dlíthiúil ar feadh na tréimhse 12 mhí roimh d’iarratas

Agus

Tá sibh pósta agus ag maireachtáil le chéile ar feadh 3 bliana

Dé-shaoránacht

Ta dé-shaoránacht ceadaithe in Éirinn, rud a chiallaíonn gur féidir leat a bheith i do shaoránaigh Éireannach agus fóst i do shaoránach tíre eile.

Ní cheadaíonn roinnt tíortha dé-shaoránacht agus ba cheart duit rialacha saoránachta do thíre dúchais a sheiceáil má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach.

Más dé-shaoránach tú, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do phas neamh-Éireannach a bheith stampáilte le Formhuiniú ‘Gan Coinníoll ‘(ar a dtugtar Stampa 6 freisin). Deir an stampa seo go bhfuil sé de cheart agat cónaí in Éirinn gan aon choinníollacha ama.

Cearta shaoránaigh na hÉireann

Más saoránach Éireannach tú, tá tú i dteideal

Saoránacht Éireannach a thabhairtsuas

Más saoránach Éireannach tú atá i do chónaí thar lear, agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar shaoránacht tíre eile b’fhéidir go mbeidh ort do shaoránacht Éireannach a thabhairt suas.

Déanann tú é seo trí dhearbhú eachtrannach a dhéanamh.

Má bhí tú i do shaoránach Éireannach de réir breithe, féadfaidh tú do shaoránacht Éireannach a atosú trí dhearbhú saoránachta a dhéanamh (pdf).

Tuilleadh eolais

Is féidir leat léamh faoi:

tuilleadh eolais faoi shaoránacht Éireannach ar láithreán Gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS). Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig INIS freisin ag Citizenhipinfo@justice.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Márta 2024