Creidmheasanna agus faoisimh chánach fostaíochta

Réamhrá

Laghdaíonn faoisimh ó cháin ioncaim an méid cánach a chaithfidh tú a íoc. Ríomhtar do cháin chomhlán ag brath ar d'ioncam. Asbhaintear do chreidmheasanna cánach ansin chun an méid cánach a chaithfidh tú a íoc a fháil.

Míníonn an leathanach seo na creidmheasanna cánach a bhaineann le fostaíocht.

Creidmheas Cánach d’Fhostaithe

Má tá tú fostaithe, asbhaineann d'fhostóir cáin as d'ioncam thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. Tugtar Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) ar an gcóras asbhainte seo. Tá creidmheas cánach ar a dtugtar an Creidmheas Cánach d’Fhostaithe ag dul do gach cainíocóir ÍMAT. Is fiú €1,875 é seo sa bhliain 2024 (€1,775 sa bhlian 2023). Má tá tú pósta agus ag íoc cánach faoi chómheasúnacht, is féidir leat féin agus do c(h)éile Creidmheas Cánach d’Fhostaithe a éileamh.

Sochair ó fhostaíocht

In Éirinn, caithfidh tú cáin ioncaim a íoc ar fhormhór na sochar a sholáthraítear ó fhostaíocht chomh maith le pá. Baineann é seo freisin le sochair chomhchineáil. Is sochair chomhchineáil iad sochair faighte ag fostaí nach féidir a shóinseáil in airgead ach a bhfuil luach orthu ó thaobh airgid de. Ar na samplaí a d'fhéadfaí a lua tá soláthar gluaisteáin chuideachta, iasachtaí a tugadh ag rátaí speisialta nó soláthar cóiríochta. Tá roinnt sochair chomhchineáil saor ó cháin nó is féidir iad a ghlacadh go cáinéifeachtúil.

Más ag teilea-obair atá tú, is é sin, ag úsáid ríomhaire agus tú ag obair ón mbaile, is féidir le d' fhostóir ríomhaire, printéir nó trealamh eile a chur ar fáil duit. Sa chás seo, ní mheastar an trealamh atá curtha ar fáil in aghaidh cánach mar shochar comhchineáil chomh fada is a úsáidtear go príomha é chun críocha gnó. Má sholáthraíonn d'fhostóir speansais a bhaineann le costais cosúil le téamh agus soilsiú, is féidir iad a íoc saor ó cháin. Féach an Ioncaim IT 69 le haghaidh níos mó eolais faoi bheith ag obair ón mbaile.

Is féidir leat teacht ar eolas faoi shochair chomhchineáil agus conas a ghearrtar cáin orthu anseo agus ráta comhréidh caighdeánach. Tá liúntas costais ar ráta comhréidh caighdeánach (asbhaint) socraithe do na ranganna éagsúla fostaithe. Féach an liosta Costais ar Ráta Comhréidh (xls) atá ionadaithe grúpaí nó aicmí fostaithe. Ansin cuirtear an asbhaint comhaontaithe i bhfeidhm maidir le gach fostaí atá san aicme nó sa ghrúpa sin..

Speansais

Is féidir cuid de na speansais oibre a bhaint as d'ioncam sula meastar é le haghaidh cánach. Chun bheith cáilithe, caithfidh na speansais a bheith riachtanach le haghaidh do chuid oibre a dhéanamh agus caite go hiomlán i gcomhair an chuspóra sin agus sin amháin.

Ní ghearrtar cáin ar liúntas míleáiste a fhaigheann tú chun do ghluáisteáin a úsáid chun críocha gnó ach gan rátaí míleáiste na státseirbhísea sharú.

Níl aon fhaoiseamh cánach ann do chostais taistil ag dul chuig nó ag teacht ó obair.

Is scéim spreagtha cánach í an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre agus tá sé mar aidhm aici fostaithe a spreagadh rothaíocht chun na hoibre agus abhaile arís. Faoin scéim is féidir le fostóirí íoc as rothair agus as trealamh rothair dár bhfostaithe agus íocann an fostaí ar ais trí shocrú íobartha tuarastail de suas go 12 mí. Níl an fostaí faoi dhliteanas cánach, PRSI nó an Mhuirir Sóisialta Uilíoch ar a n-aisíocaíochtaí.

Féach eolas Ioncaim le haghaidh níos mó sonraí faoi speansais is féidir a asbhaint chun críocha cánach.

Ranníocaíochtaí pinsin

Tá ranníocaíochtaí i leith pinsin incháilithe le haghaidh faoisimh chánach. Faigh amach níos mó maidir le pinsin ghairme, pinsin phearsanta, agus Cuntais Choigiltis Phearsanta Scoir (CCPS).

Oibrithe trasteorann

Má tá cónaí ort in Éirinn agus má bhíonn tú ag comaitéireacht go laethúil nó go seachtainiúil go dtí d'áit oibre i dtír eile ina n-íocann tú cáin, tá seans ann go mbeidh tú i dteidil Faoisimh d'Oibrithe Trasteorann. Laghdaíonn sé seo do cháin in Éirinn chun an cháin atá íoctha agat thar lear a chur san áireamh. Déantar é seo tríd an gcáin a íocann tú in Éirinn ar d'ioncam iomlán a laghdú sa tslí is go bhfuil sé i gcomhréir le méid an ioncaim ó fhoinsí Éireannacha.

Mar shampla, cuirimis i gcás go raibh €50,000 mar ioncam iomlán agat, agus 5,000 de sin tuillte in Éirinn agus an fuílleach (45,000) tuillte agus cáin gearrtha air thar lear.

Is é an codán de d'ioncam iomlán ar ioncam Éireannach é ná 1/10 (5,000 roinnte ar 50,000).

Ríomhtar do dhliteanas cánach ioncaim Éireannach mar is gnách ar mhéid iomlán d'ioncaim, €50,000.

Ach faoi Fhaoiseamh d'Oibrithe Trasteorann, iolraítear an méid cánach seo faoi 1/10 chun an cháin a chaithfidh tú a íoc in Éirinn a fháil.

Tá coinníollacha áirithe ann ar fhad agus áit na hoibre. Féach anseo le haghaidh níos mó eolais faoi Fhaoiseamh d'Oibrithe Trasteorann (pdf).

Liúntas maraí

Má tá tú fostaithe ar bord loinge agus má chaitheann tú 161 lá ar a laghad sa bhliain féilire ar muir ag taistil go nó ó chalaí iasachta, tá seans ann ansin go mbeidh an liúntas maraí ag dul duit. Is fiú €6,350 an liúntas seo agus is liúntas é atá ar fáil ag do ráta cánach is airde.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoin liúntas maraí.

Creidmheas Cánach Iascaire

Má rinne tú iascaireacht ar bhád iascaigh cláraithe ar feadh 80 lá sa bhliain ar a laghad, féadfaidh tú creidmheas cánach ioncaim €1,270 sa bhliain a éiligh.

Níl sé ar fáil d'fheirmeoirí iascaigh. Má éilíonn tú an creidmheas seo, ní féidir leat an Liúntas Maraithe sa bhliain chéanna a éiligh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Eanáir 2024