Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)

Réamhrá

Is cáin ar ioncam é an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU).

Íocann tú MSU má sháraíonn d’ioncam €13,000 sa bhliain.

Ní bhaineann sé le híocaíochtaí leasa shóisialaigh nó a leithéid, agus tá eisceachtaí áirithe eile ann: féach "Ioncam díolmhaithe ón USC" thíos.

Rialacha

Ioncam faoi dhliteanas i leith an MSU

Tá an Muirear Sóisialta Uilíoch iníoctha ar ioncam comhlán, lena n-áirítear pá barúlach (is pá barúlach é an luach a bhaineann le sochar neamhairgid, mar shampla sochar comhchineáil), i ndiaidh aon fhaoiseamh ar liúntais chaipitil áirithe. Tá an Muirear Sóisialta Uilíoch iníoctha ar ranníocaíochtaí pinsin.

Íocann tú an Muirear Sóisialta Uilíoch má tá d'ioncam comhlán níos mó ná €13,000 in aghaidh na bliana. Nuair atá d’ioncam níos mó ná an teorainn seo, íocann tú an MSU ar d’ioncam ar fad. I gcás lánúineacha pósta, caithfear le gach céile ina (h)aonar, ag a f(h)ostóir nó an soláthraí pinsin i rith na bliana. I gcás lánúineacha pósta nó páirtnéirí sibhialta, caitheann a bhfostóir nó a soláthróir pinsin le gach céile nó páirtnéir sibhialta ar bhealach aonair le linn na bliana.

Cé go bhfuil an fhéidearthacht ann nach bhfuil dliteanas ar bith ort i leith cháin ioncaim atá bunaithe ar do theidlíocht chreidmheasanna cánacha nó trí úsáid a bhaint as cailleanna nó liúntais chaipitiúla, d’fhéadfadh a bheith dliteanas ort fós an Muirear Sóisialta Uilíoch a íoc ar d'ioncam.

Tá roinnt foinsí ioncaim, ó áitíocht coillearnacha áirithe, mar shampla, brabúis áirithe ó tháillí staile, ó tháillí sheirbhísí na gcon agus léasú thalamh feirme, ó ioncam ríchíos paitinne agus tuilleamh scríbhneoirí, ealaíontóirí agus cumadóirí áirithe, díolmhaithe ó cháin ioncaim ach tá siad faoi dhliteanas ag an Muirear Sóisialta Uilíoch.

Ioncam díolmhaithe ón MSU

Ní íocann tú an Muirear Sóisialta Uilíoch más rud é nach bhfuil d'ioncam iomlán do bhliain ar leith níos mó ná €13,000. (Má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine nó más sealbhóir cárta leighis thú agus más ionann do chomhioncam don bhliain agus €60,000 nó níos lú, íocann tú ráta laghdaithe den MSU.)

Tá gach íocaíocht na Roinne Coimirce Sóisialaí, lena n-áirítear Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta agus pinsin Stáit, díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch. Tá íocaíochtaí den chineál céanna, ar nós íocaíochtaí a rinneadh mar chuid de scéimeanna Fostaíochta Pobail nó den Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas, díolmhaithe freisin. Tá leasa shóisialaigh nó íocaíochtaí cosúla a rinneadh ó thar lear díolmhaithe.

Tá ioncam i gcás ina bhfuil Cáin Choinneála ar Ús Taisce íoctha cheana díolmhaithe ón MSU.

Tá roinnt díolúintí eile. Ina measc seo tá:

Tá liosta iomlán eisceachtaí i ndoiciméad Ceisteanna Coitianta na gCoimisinéirí Ioncaim.

Íocaíochtaí iomarcaíochta

íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla díolmhaithe ón táille. Is ionann íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla agus pá dhá sheachtaine in aghaidh na bliana de sheirbhís móide seachtain bhónais faoi réir íocaíochta uasta de €600 in aghaidh na seachtaine. Ina theannta sin, tá íocaíochtaí iomarcaíochta níos mó ná an mhéid iomarcaíochta reachtúla díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch, suas go dtí teorainneacha áirithe. Tá na teorainneacha suas go dtí €10,160 móide €765 in aghaidh na bliana iomláine de sheirbhís de bhreis ar an iomarcaíocht reachtúla. Is féidir an díolúine bhunúsach seo a mhéadú arís, suas go dtí €10,000, mura bhfuil an duine ina bhall de scéim phinsean ceirde.

Tá an Muirear Sóisialta Uilíoch gearrtha ar an ioncam faoi dhliteanas i ndiaidh na ndíolúintí reachtúla thuas, agus i ndiaidh asbhaint bhreise ar bith le haghaidh Sochar Aoisliúntais Caipitiúil Caighdeánach (SACC).

Íocaíochtaí cothabhála

Braitheann conas a dhéileálfar le híocaíochtaí cothabhála chun críche an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ar cibé an bhfuil siad ina n-íocaíochtaí deonacha nó ina n-íocaíochtaí infhorghníomhaithe le dlí.

Íocaíochtaí cothabhála deonacha (íocaíochtaí a íocadh faoi chomhshocraíocht neamhfhoirmiúil):

  • Ní fhaigheann an céile atá ag déanamh na n-íocaíochtaí díolúine ón Muirear Sóisialta Uilíoch ar chuid dá n-ioncam a íocann siad mar chothabháil.
  • Níl an céile a fhaigheann na híocaíochtaí faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ar na híocaíochtaí cothabhála a fhaigheann siad.

Íocaíochtaí infhorghníomhaithe le dlí (iníoctha faoi oibleagáid dhlíthiúil):

  • Tá an céile a dhéanann na híocaíochtaí i dteideal díolúine ón Muirear Sóisialta Uilíoch ar chuid dá n-ioncam ar chothabháil a íocann siad go díreach nó go hindíreach lena c(h)éile. Níl aon díolúine d'aon chuid de na híocaíochtaí cothabhála a íoctar i leith chothabháil leanaí.
  • Féadfar fostaí ar mian leis/léi díolúine Mhuirear Sóisialta Uilíoch a éileamh i leith íocaíochtaí cothabhála infhorghníomhaithe le dlí i rith na bliana, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt dá (h)oifig párolla, nó is féidir leis/léi iarratas a dhéanamh ar na Coimisinéirí Ioncaim ag deireadh na bliana chun aon aisíoc Mhuirear Sóisialta Uilíoch dlite a éileamh.
  • Tá an céile a fhaigheann na híocaíochtaí faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ar an gcuid de na híocaíochtaí cothabhála a fhaigheann sé/sí ina leith féin. Níl aon chuid de na híocaíochtaí cothabhála a íoctar i leith chothabháil na leanaí faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch.

I gcás shocrú cothabhála infhorghníomhaithe le dlí, nuair a roghnaigh cúpla scartha i gcomhpháirt a bheith caite leo mar lánúin phósta chun críche cháin ioncaim, ní fhaigheann an céile a dhéanann na híocaíochtaí díolúine ón Muirear Sóisialta Uilíoch ar chuid dá (h)ioncam a íocann sé/sí mar chothabháil. Níl an céile a fhaigheann na híocaíochtaí faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch ar na híocaíochtaí cothabhála a fhaigheann siad.

Ranníocaíochtaí pinsin

Níl ranníocaíocht fhostóra nó soláthraí pinsin don scéim um shochair scoir ceadaithe faoi dhliteanas i leith an Mhuirir Shóisialta Uilíoch, ach tá ranníocaíochtaí an fhostaí.

Pinsin

Bíonn pinsin ghairme faoi réir an Mhuirir Shóisialta Uilíoch, ach ní bhíonn pinsin na Roinne Coimirce Sóisialaí nó pinsin dá samhail sin ó áiteanna thar lear faoi réir íoc as. Tá an MSU iníoctha ar íocaíochtaí cnapshuime pinsin amháin ar an gcuid níos mó ná €500,000.

Rátaí

I 2020, más níos lú ná €13,000 d'ioncam, ní íocfaidh tú aon Mhuirear Sóisialta Uilíoch (MSU). A luaithe a bhíonn d’ioncam os cionn na teorann seo, íocann tú an ráta ábhartha de MSU ar d’ioncam go léir. Mar shampla, má tá ioncam €13,000 agat, ní íocfaidh tú aon MSU. Má tá ioncam €13,001 agat, íocfaidh tú 0.5% ar ioncam a mhéid le €12,012 agus 2% ar ioncam idir €12,012 agus €13,001.

Ráta caighdeánach an MSU (2024)
Ráta Banda ioncaim
0.5% Ioncam suas go €12,012
2% Idir €12,012.01 agus €25,760
4% Idir €25,760.01 agus €70,044
8% Idir €70,044.01+
11% Ioncam féinfhostaithe os cionn €100,000
Ráta laghdaithe an MSU (2024)
Ráta Banda ioncaim
0.5% Ioncam suas go €12,012
2% An t-ioncam go léir os cionn €12,012

Bíonn rátaí laghdaithe an MSU i gceist sna cásanna a leanas:

  • Daoine os cionn 70 bliain d’aois nó a bhfuil a gcomhioncam don bhliain €60,000 nó níos lú
  • Sealbhóirí cárta leighis faoi bhun 70 bliain d’aois a bhfuil a gcomhioncam don bhliain €60,000 nó níos lú

Ní áiríonn ‘Comhioncam’ ar mhaithe le cuspóirí an MSU íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Ní mór go mbeidh cárta iomlán leighis agat (lena n-áirítear Cárta faoin Acht um Leasú Sláinte) chun cáiliú don ráta laghdaithe. Ní cháilítear daoine ag a bhfuil Cárta Cuairte LG, Cárta faoin Scéim Íoctha Drugaí, Cárta Eorpach um Árachas Sláinte nó Cárta faoin Scéim Tinnis Fhadtéarmaigh don ráta laghdaithe. Má bhaineann duine 70 bliain d’aois amach ag aon tráth le linn na bliana, bainfidh siad tairbhe ón ráta laghdaithe don bhliain go léir.

Ní chaithfear le daoine ag a bhfuil cártaí leighis Thuaisceart Éireann amhail daoine ag a bhfuil cárta leighis iomlán agus ní cháileofaí iad don ráta 2%. (I mbliain chánach 2011, chaith na Coimisinéirí Ioncaim le ‘hoibrithe trasteorann’ a thaistil ó Bhallstát eile den AE (ó Thuaisceart Éireann, mar shampla) le hoibriú sa Stát seo amhail daoine a bhíonn i dteideal cárta leighis iomlán go huathoibríoch. Ní hamhlaidh atá an scéal níos mó.)

Ioncam ó fhéinfhostaíocht thar €100,000

Baineann táille bhreise 3% le daoine ag a bhfuil ioncam ó fhéinfhostaíocht atá os cionn €100,000, is cuma cén aois an duine sin.

Tabhair faoi deara: Tá bónais a íocadh le fostaithe de chuid na cúig institiúid airgeadais a bhfuair tacaíocht airgid ón Stát inchurtha mhuirir i leith an MSU ag an ráta de 45% ar an méid iomlán sa chás go bhfuil an bónas níos mó ná €20,000 in aon bhliain chánach amháin.

Samplaí (2024)

Íocfaidh duine a thuilleann €50,000 sa bhliain an Muirear Sóisialta Uilíoch ar ráta de:

  • 0.5% ar an gcéad €12,012 = €60.06
  • 2% ar an chéad €13,748 = €274.96
  • 4% ar an iarmhéid de €24,240 = €969.60

Íocfaidh an duine seo €1,304.62 sa bhliain ar an iomlán.

Ní íocfaidh tú an Muirear Sóisialta Uilíoch mura sáraíonn d'ioncam iomlán do bhliain áirithe €13,000. Mar shampla, ní íocfaidh duine a thuilleann €13,000 sa bhliain an Muirear Sóisialta Uilíoch, ach íocfaidh duine a thuilleann €13,100 sa bhliain0.5% ar an € 12,012 (a thagann chun €60.06) agus 2% de na fágtha €1,088 (€21.76). Íocfaidh an duine seo €81.82 sa bhliain ar an iomlán.

Íocfaidh duine a bhfuil ioncam ó fhéinfhostaíocht €112,000 sa bhliain, an Muirear Sóisialta Uilíoch ar ráta de:

  • 0.5% ar an gcéad € 12,012 = €60.06
  • 2% ar an chéad €13,748 = €274.96
  • 4% ar an chéad eile €44,284 = €1,771.36
  • 8% ar an chéad €29,956 eile = €2,396.48
  • 11% ar an gcéad €12,000 = €1,320

Íocfaidh an duine seo €5,822.86 in 2024 sa bhliain 2024.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Eanáir 2024