Cáin Bhreisluacha

Réamhrá

Is cáin í Cáin Bhreisluacha (CBL) a ghearrtar ar dhíolachán earraí nó seirbhísí agus tá sí san áireamh sa phraghas i gcás fhormhór na dtáirgí agus na seirbhísí.

Má ordaíonn tú nó má thugann tú earraí isteach go hÉirinn ó áit lasmuigh den Aontas Eorpach (an AE), b’fhéidir go mbeidh ort CBL a íoc nuair a thagann na hearraí isteach in Éirinn.

Conas a ghearrtar CBL

Is cáin ar chaiteachas tomhaltóirí é CBL, mar sin, íocann gach duine a íocann as earraí agus seirbhísí CBL. Cuirtear san áireamh é i gcostas go leor rudaí a úsáidtear go minic, cosúil le héadaí agus peitreal, mar sin, ní thugann tú an céatadán CBL atá á íoc agat faoi deara. Nuair atá earraí nó seirbhísí á gceannach agat, cosúil le leictreachas agus seirbhísí gairmiúla, áfach, b’fhéidir go dtabharfaidh tú an méid CBL agus an ráta atá á ghearradh ort faoi deara ar do bhille.

Gearrtar CBL ag gach céim den díolachán nuair a thagann ardú ar chostas an ruda.

Is é 23% an ráta caighdeánach reatha de CBL.

Sampla

Díolann déantúsóir teilifís le mórdhíoltóir ar €100 agus gearrtar CBL air ar an méid sin ar ráta 23%. Mar sin, íocann an mórdhíoltóir €123 as an teilifís. Íocann an déantúsóir CBL €23 leis an rialtas ansin.

Ia dhiaidh sin, díolann an mórdhíoltóir an teilifís le miondíoltóir ar €200. Cuirtear CBL leis ar ráta 23%, mar sin, íocann an miondíoltóir €246 san iomlán. Caithfidh an mórdhíoltóir CBL €46 a íoc leis an rialtas, ach is féidir leis an CBL €23 atá íoctha leis an déantúsóir cheana féin a athéileamh, rud a fhágann €23, a íoctar leis an rialtas.

Nuair a dhíolfaidh an miondíoltóir an teilifís le tomhaltóir, beidh air an CBL a chur leis an bpraghas díolacháin freisin. Díolann sé an teilifís ar €300, móide CBL ar ráta 23%, rud a chiallaíonn go bhfuil praghas díolacháin €369 le híoc ag an tomhaltóir. Caithfidh an miondíoltóir an CBL a íoc leis an rialtas ach is féidir leis an CBL €46 atá íoctha aige leis an mórdhíoltóir a athéileamh, rud a fhágann go bhfuil €23 le híoc leis an rialtas.

Tá 23% faighte ag an rialtas anois ar an bpraghas a d’íoc an tomhaltóir as an teilifís (€69). Níor íoc an miondíoltóir, an mórdhíoltóir agus an déantúsóir ach an méid CBL a ghearr siad ar an gcéad ghrúpa eile ina ndiaidh.

CBL ar iompórtálacha

Ní bhaineann an mhír seo ach le CBL do thomhaltóirí a cheannaíonn earraí dá n-úsáid phearsanta.

Go ginearálta, caithfidh tú CBL agus dleacht iompórtála a íoc ar earraí ar bith atá á dtabhairt isteach go hÉirinn agat ó áit taobh amuigh den Aontas Eorpach (an AE). Cuimsítear ann seo earraí a cheannaítear ar líne agus trí phostdíol. Beidh ort CBL a íoc ar an ráta céanna agus atá infheidhmithe in Éirinn d’earraí cosúla.

Laistigh den AE, íoctar CBL go hiondúil sa Bhallstát inar cheannaigh tú na hearraí, tá roinnt eisceachtaí leis seo, áfach, féach thíos.

Má cheannaíonn tú ar líne

Ó áit lasmuigh den AE

Níl an díolúine ó CBL ar earraí a mhéid le luach €22 ó áiteanna lasmuigh den AE i gceist a thuilleadh ón 1 Iúil 2021. Gearrtar CBL ar na hearraí go léir a thagann isteach in Éirinn ó thíortha neamh-AE.

Ta roinnt miondíoltóirí ar líne cláraithe leis an Ionad Ilfhreastail Iompórtála (IOSS) chun gur féidir CBL a chur san áireamh sa phraghas a íocann tú ar na hearraí. Sula ndéanann tú ceannach, seiceáil cibé acu an áirítear nó nach n-áirítear costais cánach agus dleachta leis an bpraghas a fhógraítear.

Gearrtar dleacht chustam ar earraí ar a bhfuil luach breis agus €150.

Tá Dleacht Mháil le híoc ar alcól agus táirgí tobac agus dleacht ar leith é ó Dhleacht Chustam.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim treoir ar fáil maidir le hearraí a cheannach ó áiteanna lasmuigh den AE d’úsáid phearsanta ina bhfuil eolas ar conas an méid dleachtanna agus cánacha atá le híoc agat a ríomh.

Ó Bhallstát eile an AE

Má cheannaíonn tú earraí ar líne nó sa phost ó bhallstát eile an AE, féadfaidh tú CBL a íoc ar an ráta a ghearrtar in Éirinn. Murar sháraigh an soláthraí a bhfuil na hearraí á gceannach agat uathu Tairseach Ciandíolachán in Éirinn, íocfaidh tú CBL ar an ráta a ghearrfaí i dtír an cheannaigh. Is gnách go gcuirtear ar an eolas thú ar an méid CBL a bheith iníoctha nuair a dhéanann tú seiceáil amach.

Gearrtar dleacht mháil agus CBL ar tháirgí inmháil (mar shampla, alcól, tobac agus ola) a cheannaítear laistigh den AE tríd an idirlíon nó sa phost.

Ag taisteal leis na hearraí a cheannaigh tú

Ó áit lasmuigh den AE

Is féidir leat d’earraí (seachas táirgí tobac agus alcóil) a cheannach agus a thabhairt ó Stát neamh-AE go hÉirinn gan aon cháin a íoc, más rud é nach sáraíonn luach d’earraí:

•€430, má tá tú níos sine ná 15 bliana d’aois

•€215, má tá tú níos óige ná 15 bliana d’aois

Beidh ort CBL agus dleacht chustaim a íoc ar aon rud níos daoire ná na méideanna seo.

Má thugtar isteach rud a bhfuil luach níos mó air ná an teorainn €430 nó €215, beidh ort muirir iompórtála a íoc ar an luach iomlán. Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim eolas ar fáil má tá tú ag teacht isteach in Éirinn ó thíortha lasmuigh den AE.

Ó Bhallstát eile an AE

Níl teorainn ar bith ar an méid is féidir leat a cheannach agus a thabhairt leat agus tú ag taisteal idir tíortha an AE, chomh fada agus go gceannaítear na táirgí le húsáid go pearsanta, seachas lena n-athdhíol.

Tá CBL san áireamh i bpraghas an táirge i mballstát an AE agus ní féidir íocaíocht bhreise cánacha, CBL san áireamh, a ghearradh anseo in Éirinn. Is í an eisceacht a bhíonn i gceist ná nuair a bhíonn feithicil á hiompórtáil agat ón AE

Bíonn rialacha speisialta i bhfeidhm maidir le hearraí atá faoi réir dleacht mháil, áfach, cosúil le halcól agus táirgí tobac. D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim eolas má tá tú ag teacht isteach in Éirinn ó thíortha lasmuigh den AE.

Bronntanais ó áit lasmuigh den AE

Is féidir leat bronntanas a fháil ó áit lasmuigh den AE a mhéid le luach €45 gan muirir iompórtála a bheith le híoc agat. Caithfear an bronntanas a fhógairt i gceart, áfach. Cuirtear eolas breise ar fáil in treoir maidir leis an bhfaoiseamh atá ar fáil d’iompórtálacha ó thíortha neamh-AE a d’fhoilsigh na gCoimisinéirí Ioncaim.

CBL ar réadmhaoin chónaithe

Gearrtar CBL sna cásanna seo a leanas:

•Má cheannaíonn tú teach nua ó thógálaí nó forbróir, gearrfar CBL ar 13.5% ort

•Má cheannaíonn nó má dhíolann tú réadmhaoin ‘athláimhe’ nó reatha, níl ort CBL a íoc

•Má cheannaíonn tú suíomh le haghaidh tí ó úinéir talún, níl gá duit CBL a íoc murach go bhfuil comhaontú agat leis an úinéir talún agus le tógálaí chun an suíomh a fhorbairt

Má athdhíoltar réadmhaoin nua laistigh de 5 bliana óna críochnú, beidh sé inchánach do CBL mura raibh éinne ina chónaí inti ar feadh 2 bhliain ar a laghad. Tá <faisnéis mhionsonraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cathain a bhíonn réadmhaoin inchánach do CBL (pdf)>.

Más tiarna talún thú, ní féidir leat CBL a ghearradh ar chíos ó réadmhaoin chónaithe.

Má d’íoc tú CBL ar do theach (mar gheall gur cheannaigh tú ó fhorbróir nó ó thógálaí é), tá ort dleacht stampála a íoc ar bhunphraghas an tí – sular cuireadh an CBL san áireamh. Mar sin, mar shampla, má d’íoc tú €227,000 (CBL san áireamh) ar theach nua, tá an bunphraghas €200,000 móide CBL 13.5% (€27,000) ann seo agus ní íocann tú ach dleacht stampála ar an mbunphraghas €200,000.

Rátaí

Gearrtar CBL ar rátaí éagsúla d’earraí agus seirbhísí éagsúla. Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim eolas ar fáil ar na rátaí éagsúla CBL a ghearrtar. Cuirtear roinnt samplaí ar fáil thíos:

Is é 13.5% an ráta caighdeánach CBL. Gearrtar CBL ar an ráta seo ar na hearraí agus na seirbhísí go léir nach dtagann faoi chuimsiú na gcatagóirí ar a ngearrtar an ráta laghdaithe. Áirítear leo alcól, trealamh closamhairc, codanna agus oiriúintí gluaisteáin, dlúthdhioscaí, ríomhairí, seirbhísí sainchomhairleoireachta, cosmaidí, glantaigh, díosal, cuisneoirí, troscán agus fearastú, crua-earraí, seodra, buainteoirí, innealra, cógais (neamhbhéil, trealamh oifige, bia peataí, peitreal, páipéar, tobac, bréagáin, uirlisí, meaisíní níocháin, uisce buidéalaithe.

Ráta laghdaithe CBL é 13.5% d’earraí, breosla (gual, ola théimh, gás), leictreachas, táillí tréidliachta, foirgníocht agus seirbhísí foirgníochta, seirbhísí conraitheoireachta talmhaíochta, fruiliú gearrthéarmach gluaisteáin, seirbhísí glantacháin agus cothabhála san áireamh.

Ráta speisialta laghdaithe is ea 9% do nuachtáin agus saoráidí spóirt. Áirítear leis seo, chomh maith, ríomhleabhair agus nuachtáin a chuirtear ar fáil go leictreonach. Tháinig laghdú ar an ráta CBL a ghearrtar ar an earnáil fáilteachais agus turasóireachta aníos ó 13.5% go 9% ón 1 Samhain 2020 go dtí an 28 Feabhra 2023. Baineann seo le seirbhísí éagsúla siamsaíochta, cosúil le cead isteach go dtí pictiúrlanna, amharclanna, músaeim, páirceanna aonaigh agus páirceanna siamsaíochta. Gearrtar CBL ar 9% freisin ar ghruagaireacht agus ar ábhair áirithe ábhar chlóite, cosúil le bróisiúir, léarscáileanna agus cláir.

Ráta laghdaithe CBL é 4.8% a ghearrtar go sonrach ar thalmhaíocht. Gearrtar é ar bheostoc (seachas sicíní), cúnna, agus fruiliú capall.

Is iad na hearraí ar a ngearrtar CBL 0% (Nialasach) na heaspórtálacha ar fad: tae, caife, bainne, arán, leabhair, éadaí agus bróga do pháistí, leigheas béil do dhaoine agus d’ainmhithe, síolta glasraí agus crainn torthaí, leasúcháin, beathú d’ainmhithe móra, áiseanna míchumais cosúil le cathaoireacha rothaí, maidí croise agus áiseanna éisteachta.

Díolmhaithe ó CBL

Ní gá duit CBL a íoc ar sheirbhísí airgeadais, leighis nó oideachasúla. B’fhéidir nach bhfuil CBL le híoc agat freisin ar thaibhléirithe amharclainne nó ceoil beo (ach amháin iad siúd ina gcuirtear bia nó deochanna ar fáil feadh an taibhléirithe ar fad nó feadh cuid de).

An difríocht idir ráta nialasach agus a bheith díolmhaithe

Má dhéanann fear nó bean gnó earraí nó seirbhísí inchánach a sholáthar, lena n-áirítear iad siúd ar ráta nialasach, is féidir leo CBL a éileamh ar ais ón rialtas ar a gcuid ceannacháin inchánach gnó. Más rud é nach ndéanann duine ach seirbhísí nó earraí díolmhaithe a sholáthar, áfach, ní féidir leo CBL a athéileamh.

CBL a éileamh ar ais

Daoine nach bhfuil cláraithe do CBL

Faoi chúinsí áirithe, is féidir le daoine CBL a éileamh ar ais. Is féidir le daoine faoi mhíchumas aisíocaíocht CBL ar áiseanna agus fearais áiseanna a éileamh.

Daoine atá cláraithe do CBL

Caithfidh fear nó bean gnó clárú do CBL chun oibleagáidí cánach a chomhlíonadh don rialtas. Ceadaíonn clárú do CBL do ghnólacht freisin CBL a athéileamh ar earraí a ceannaíodh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Iúil 2022