Cáin Fháltais Caipitiúil

Réamhrá

Má fhaigheann tú bronntanas, b'fhéidir go mbeidh Cáin Bhronntanais le n-íoc agat air. Má fhaigheann tú oidhreacht tar éis báis, b'fhéidir go mbeidh Cáin Oidhreachta le gearradh air. Is cineálacha Cánach Fháltais Caipitiúil (CFC) iad an dá cháin seo.

Gearrtar cáin ar an sochar (an bronntanas nó an oidhreacht) má tá luach thar teorainn nó tairseach áirithe aige. Bíonn tairseacha saor ó cháin difriúla i gceist ag brath ar an ngaol idir an teisteoir (an duine a thugann an sochar) agus an tairbhí (an duine a fhaigheann an sochar). Tá roinnt díolúintí agus faoisimh éagsúla ann ag brath ar an gcineál bronntanais nó oidhreachta atá i gceist.

Tá tú díolmhaithe ó Cháin Fháltais Caipitiúil má fhaigheann tú bronntanas nó oidhreacht ó do chéile/páirtnéir sibhialta.

Baineann an cháin le gach maoin atá lonnaithe in Éirinn. Baineann sí freisin le maoin nach bhfuil lonnaithe in Éirinn nuair atá ceachtar den duine a thugann an sochar nó an duine atá á fháil ina chónaí nó ina ghnáthchónaí in Éirinn chun críocha cánach.

Grúpthairseacha

Is féidir bronntanais agus oidhreachtaí a fháil saor ó cháin suas go dtí méid áirithe. Athraíonn an méid saor ó cháin, nó an tairseach, seo ag brath ar an ngaol atá agat leis an duine a thugann an sochar. Tá trí chatagóirí nó grúpaí difriúla. Tá tairseach ag gach ceann a bhaineann leis na sochair iomlána a fuair tú sa chatagóir sin ón 5 Nollaig 1991 i leith.

Bíonn Grúpa A i gceist nuair atá an tairbhí, an duine a fhaigheann an sochar, mar pháiste ag an té atá á thabhairt. Bíonn leasleanbh nó páiste uchtaithe san áireamh anseo freisin.

Is féidir páiste altrama a bheith cuimsithe anseo má chónaigh an páiste altrama leis an diúscróir agus faoina chúram, agus gur chuir sé/sí an cúram ar fáil, ar a c(h)ostas féin, ar feadh tréimhse nó tréimhsí ar a laghad 5 bliana ar an iomlán sular shroich an páiste altrama 18 mbliana d’aois. Ní bhaineann an íostréimhse seo i gcás oidhreachta a thógtar ar dháta báis an diúscróra. Sa chás seo is é tairseach Grúpa A a bheidh i gceist chomh fada is go raibh an páiste altrama curtha faoi chúram an diúscróra roimh an dáta sin.

Baineann Grúpa A le tuismitheoirí a fhaigheann oidhreacht óna gclann, sa chás go nglacann an tuismitheoir úinéireacht iomlán an oidhreachta amháin. Má fhaigheann tuismitheoir oidhreacht agus gan úinéireacht iomlán a bheith acu ar an sochar, nó má fhaigheann tuismitheoir bronntanas, bíonn Grúpa B i gceist.

Má fhaigheann tuismitheoir oidhreacht óna bpáiste, le húinéireacht iomlán na hoidhreachta acu, bíonn sí díolmhaithe ó cháin más rud é go bhfuair an páiste oidhreacht nó bronntanas ó cheachtar den dá thuismitheoir nach raibh díolmhaithe ó Cháin Fháltais Caipitiúil sna cúig bliana roimhe sin. Ní gá cáin ar bith a íoc sa chás seo fiú má tá an oidhreacht ón bpáiste thar an tairseach.

Bíonn Grúpa B i gceist nuair atá an tairbhí mar:

  • Thuismitheoir (féach grúpa A freisin)
  • Sheantuismitheoir
  • Duine garchlainne nó iarua - féach thíos
  • Dhearthair nó dheirfiúr
  • Nó mar nia nó neacht ag an té atá á thabhairt - féach thíos

Má tá an duine garchlainne ina m(h)ionaoiseach (faoi 18 mbliana d'aois) agus má fhaigheann sé/sí bronntanas nó oidhreacht óna s(h)eantuismitheoir is féidir le Grúpa A a bheith i gceist má tá tuismitheoirí an duine garchlainne básaithe.

D'fhéadfadh tairseach Ghrúpa A a bheith i gceist más rud é go raibh nia nó neacht ag obair sa ghnó atá ag an té a thugann an sochar ar feadh na cúig bliana roimhe sin agus go gcomhlíonann sé/sí na critéir seo a leanas:

  • Ní mór gur gaol fola atá sa nia nó neacht seachas nia nó neacht trí phósadh
  • Is maoin a úsáideadh don ghnó, lena n-áirítear feirmeoireacht, nó scaireanna sa chuideachta, atá sa tabhartas nó san oidhreacht.
  • Más maoin atá sa tabhartas nó san oidhreacht, ní mór don nia nó neacht oibriú ar feadh níos mó ná 24 uair an chloig in aghaidh na seachtaine don diúscróir san áit a bhfuil an gnó ar siúl, nó don chuideachta más scaireanna atá sa tabhartas nó san oidhreacht. Má tá an gnó ar bun ag an diúscróir, a gcéile agus an nia nó neacht agus acu sin amháin, ní mór don nia nó neacht oibriú ar feadh níos mó ná 15 uair an chloig in aghaidh na seachtaine.
  • Níl feidhm leis an faoiseamh seo má thógtar an sochar faoi iontaobhas lánroghnach.

Bíonn Grúpa C i gceist do chaidreamh ar bith nach bhfuil san áireamh i nGrúpa A nó i nGrúpa B.

Má fhaigheann tú sochar ó ghaol le do chéile básaithe nó ó ghaol le do pháirtnéir sibhialta básaithe, is féidir measúnú a dhéanamh ort faoin ngrúpa céanna a mbeadh ag do chéile/páirtnéir sibhialta dá mbeadh siadsan ag fáil an tsochair óna ngaol. Mar shampla, má fhaigheann tú sochar ó athair do chéile/páirtnéir sibhialta, is é an Grúpa C an ghrúpthairseach a bheadh i gceist. Ach má fhaigheann tú sochar ó athair do chéile/páirtnéir sibhialta agus do chéile/páirtnéir sibhialta básaithe, ansin bheadh an ghrúpthairseach a bhaineann leat mar an gcéanna leis an tairseach do pháiste atá ag fáil sochar óna t(h)uismitheoir, sé sin Grúpa A.

Tairseacha CFC ó 10 Deireadh Fómhair 2018
Grúpa A: €320,000 Ta Grúpa A i gceist más páiste leis an teisteoir an tairbhí (cuirtear leasleanbh nó páiste uchtaithe san áireamh anseo freisin, agus páiste altrama i gcúinsí áirithe), nó duine garchlainne mionaoiseach a bhfuil a thuismitheoir marbh. Tig le tuismitheoir atá ag fáil oidhreachta (le leas iomlán) ó pháiste cáiliú do thairseach Grúpa A.
Grúpa B: €32,500

Tuismitheoir/ Deartháir/ Deirfiúr/ Neacht/ Nia/ Ua nó Banua/Dírshinsear leis an teisteoir

Grúpa C: €16,250 Gach cás eile
Tairseacha CFC
  2009 (roimh 8 Aibreán 2009) 8 Aibreán 2009 go 31 Nollaig 2009 1 Eanáir 2010 go 7 Nollaig 2010 8 Nollaig 2010 go 6 Nollaig 2011 7 Nollaig 2011 go 5 Nollaig 2012 6 Nollaig 2012 go 13 Deireadh Fómhair 2015 14 Deireadh Fómhair 2015 go 11 Deireadh Fómhair 2016 12 Deireadh Fómhair 2016 go 9 Deireadh Fómhair 2018
Grúpa A €542,544 €434,000 €414,799 €332,084 €250,000 €225,000 €280,000 €310,000
Grúpa B €54,254 €43,400 €41,481 €33,208 €33,500 €30,150 €30,150 €32,500
Grúpa C €27,127 €21,700 €20,740 €16,604 €16,750 €15,075 €15,075 €16,250

Luacháil

Is é an dáta luachála ná an dáta ar a mbunaítear luach margaidh na maoine atá i gceist sa tabhartas/oidhreacht.

I gcás tabhartais, is hiondúil gur é dáta na luachála dáta an tabhartais.

I gcás oidhreachta, is iondúil gur é an dáta luachála an chéad cheann de na dátaí seo a leanas:

  • An dáta is féidir an oidhreacht a chur ar leataobh nó a thabhairt don tairbhí
  • An dáta a gcoinnítear é chun sochair an tairbhí
  • An dáta a n-aistrítear chuig an tairbhí é nó a n-íoctar leis é

Is hiondúil gurb é an dáta báis an dáta luachála sna himthosca seo a leanas:

  • Tabhartas a dhéantar nuair a bhíonn duine ag smaoineamh ar an mbás (Donatio Mortis Causa)
  • Sa chás nár úsáideadh cumhacht cúlghairme. D’fhéadfadh sé seo tarlú nuair a dhéanann duine tabhartas maoine ach go gcoinníonn sé/sí an chumhacht an tabhartas a chúlghairm, nó a thógáil ar ais. Má chailltear é nó í agus go dtagann deireadh leis an gcumhacht seo, bíonn an faighteoir inchánaithe mar dhuine a fuair an sochar mar oidhreacht. Má bhí úsáid in aisce ag an tairbhí as an sochar roimhe seo, gearrfar cáin air/uirthi mar dhuine a fuair tabhartas de luach úsáide na maoine.

Luach inchánaithe

Is é an luach atá ar bhronntanas nó ar oidhreacht ná an luach ar an margadh ag an am go mbeidh tú i dteideal úsáid nó leas a bhaint as.

Is é an luach atá inchánach ná an luach ar an margadh lúide na asbhaintí seo a leanas.

Is féidir 'dliteanais, costais nó speansais ar bith atá iníoctha de réir ceart' a bhaint as. Bheadh fiacha a gcaithfear íoc de réir dlí agus atá le n-íoc ón sochar nó dá bharr i gceist anseo. Le hoidhreacht, bheadh costais shochraide, costais riaracháin an eastáit, nó fiacha atá dlite ag an duine mhairbh san áireamh anseo. Do bhronntanas, d'fhéadfadh costais dlí nó dleacht stampála a bheith san áireamh.

Má dhéanann tú íocaíocht as an sochar nó má thugann tú cúnamh nó cabhair eile mar chúiteamh air, is féidir é seo a bhaint as freisin. Tugtar 'comaoin' air seo, agus mar shampla d'fhéadfadh páirtíocaíocht, suim a íoctar leis an ndeontóir nó le duine eile go bliantúil, nó íocaíocht as fiacha an deontóra a bheith i gceist.

Má fhaigheann tú sochar ar feadh tréimhse theoranta seachas úinéireacht iomlán a fháil air, tá roinnt fachtóirí a thógtar san áireamh chun an luach a mheas. Mínítear an chaoi chun luach leasa teoranta a ríomh i dTreoir IT 39 de chuid na Coimisinéirí Ioncaim.

Ráta cánach

Sé an ráta caighdeánach ar Cháin Fháltais Caipitiúil ná 33% ar bhronntanais nó oidhreachtaí déanta ó mheán oíche an 5ú Nollaig 2012. B’é an ráta ná 30% roimhe sin. Ní bhaineann sé seo ach le suimeanna os cionn na grúpthairsí. Mar shampla, más rud é go bhfuair tú bronntanais de €550,000 luach inchánaithe ó do thuismitheoirí, ní íocfá cáin ach amháin ar an méid os cionn na grúpthairsí cuí. (ón 10 Deireadh Fómhair 2018: Grúpa A: €320,000). Mar sin, gearrfar cáin ag ráta 33% ar €230,000.

Díolúintí

Tá na nithe seo a leanas díolmhaithe ó Cháin Fháltais Caipitiúil:

  • Bronntanais nó oidhreachtaí ó chéile/páirtnéir sibhialta leat
  • Íocaíochtaí cúitimh nó íocaíochtaí ar dhamáistí
  • Sochair a úsáidtear i gcomhair costais leighis amháin do dhuine atá faoi éagumas buan de bharr galar fisiciúil nó meabhrach (pdf)
  • Sochair a thógtar ar mhaithe le carthanacht nó a fhaightear ó charthanas
  • Airgead buaite i gcrannchur, scuabgheall, cluiche nó gealltóireacht
  • Go hiondúil ní bhíonn Cáin Bhronntanais le gearradh ar shochair scoir ná ar íocaíochtaí iomarcaíochta nó pinsin. Más gaol leis an bhfostóir atá san fhostaí, áfach, nó más cuideachta phríobháideach an fostóir agus má mheastar go bhfuil an cuideachta á rialú ag an bhfostaí, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an díolúine seo a dhícheadú má mheasann siad go bhfuil an íocaíocht iomarcach.
  • Tacaíocht réasúnta chun leanbh nó céile/pairtnéir sibhialta a chothabháil nó chun oideachas a chur orthu.

Díolúintí eile

Tá an chéad €3,000 den luach iomlán aon bronntanais ar fad a fhaightear ó duine amháin i mbliain na féilire ar bith díolmhaithe. Ní bhaineann sé seo le hoidhreachtaí. Mar sin, b’fhéidir go bhfaighidh tú bronntanas ó roinnt daoine sa bhliain féilire chéanna agus beidh an chéad €3,000 ó gach duine díolmhaithe ó CFC. Ní bhaineann an díolúine seo le hoidhreacht.

Má fhaigheann tú bronntanas nó oidhreacht a bhí mar phríomháit cónaithe agat, b'fhéidir go mbeadh sé díolmhaithe ó cháin Mura bhfuil aon teach eile nó leas i dteach eile agat. Tá coinníollacha ann maidir leis an dtréimhse ama go gcaithfidh tú a bheith i do chónaí sa teach roimh agus tar éis duit an sochar a fháil. Tá tuilleadh eolais faoin díolúine do theach cónaithe ar láithreán na gCoimisinéirí Ioncaim agus ina lámhleabhar oibriúcháin.

Má fhaigheann tuismitheoir oidhreacht óna pháiste agus má ghlacann sé úinéireacht iomlán na hoidhreachta, bíonn sé inchánach faoi Ghrúpa A go hiondúil. Ach bíonn sé díolmhaithe más rud é gur thóg an páiste bronntanas nó oidhreacht ó cheachtar den dá thuismitheoir nach raibh díolmhaithe ó Cháin Fháltais Chaipitiúil sna cúig bliana roimhe sin.

Is hiondúil go mbíonn díolúine ag íocaíochtaí a laghdaíonn fiacha duine atá féimheach nó gar a bheith féimheach (Alt 82 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003).

Baineann díolúintí eile le hurrúis rialtais nó iontaobhais aonaid ina bhfuil an tairbhí neamhchónaitheach.

Faigh tuilleadh eolais ar dhíolúintí agus faoisimh i leith CFC ar revenue.ie.

Faoisimh

Faoiseamh gnó

Baineann faoiseamh cánach le bronntanais agus oidhreachtaí ar mhaoin gnó iad agus tugtar laghdú 90% do luach inchánach na maoine le haghaidh Cháin Fháltais Chaipitiúil. Faigh tuilleadh eolais faoi fhaoiseamh gnó ar revenue.ie.

Faoiseamh talmhaíochta

Baineann faoiseamh cánach le bronntanais agus oidhreachtaí ar mhaoin thalmhaíochta iad agus tugtar laghdú 90% do luach inchánach na maoine ar mhaithe le Cáin Fháltais Caipitiúil. Tá tuilleadh eolais faoi fhaoiseamh talmhaíochta ar revenue.ie.

Faoiseamh ar Mhaoin Oidhreachta

Tá díolúine ag tithe agus gairdíní nó réada a bhfuil fiúntas náisiúnta, eolaíochta, stairiúil nó ealaíonta ag baint leo ó Cháin Fháltais Caipitiúil má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe.

Coinníollacha

Ní mór áiseanna réasúnta féachana a bheith ar fáil don phobal, nó, i gcás réada, do chomhlachais nó do chumainn aitheanta.

Ní féidir an mhaoin a úsáid ar mhaithe le trádáil.

Ní mór áiseanna réasúnta féachana a bheith ar fáil don phobal i dtithe agus i ngairdíní ar feadh trí bliana roimh thabhartas nó oidhreacht.

Ní féidir an mhaoin a dhíol taobh istigh de shé bliana murar le hinstitiúid náisiúnta a dhíoltar é faoi chonradh príobháideach.

Is féidir an faoiseamh a aisghlámadh mura gcloítear leis na coinníollacha.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi faoiseamh ar mhaoin oidhreachta, féach na ar lámhleabhar oibriúcháin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tuairisceán cánach a dhéanamh agus CáinFháltais Caipitiúil a íoc

Más rud é go bhfuil bronntanas nó oidhreacht faighte agat tá tusa freagrach as aon Cháin Fháltais Caipitiúil atá dlite a íoc. Mura bhfuil cónaí ort in Éirinn, ní mór duit gníomhaire a fháil a chónaíonn in Éirinn chun freagracht a ghlacadh as CAT a íoc, mar shampla, aturnae a chónaíonn in Éirinn.

Caithfidh tú tuairisceán cánach a dhéanamh má tá a luach iomlán na bronntanais agus na n-oidhreachtaí atá faighte agat i ngrúpa ar bith, A, B nó C, ón 5 Nollaig 1991 i leith níos mó ná 80% den thairseach saor ó cháin don ghrúpa sin.

Mar shampla, más rud é go bhfuair tú bronntanas de €20,000 ó dheartháir leat agus ansin oidhreacht de €10,000 ó sheantuismitheoir, tagann an dá sochar seo faoi Grúpa B agus luach iomlán €30,000 acu. Is í €32,500 an tairseach do Ghrúpa B agus is é €26,000 80% di seo. Mar gheall go bhfuil na sochair i ngrúpa B os cionn 80% den tairseach saor ó cháin, caithfidh tú tuairisceán cánach a dhéanamh, cé go bhfuil an suim iomlán atá faighte faoin tairseach.

Dátaí íoc agus comhdú

Tá dáta socraithe um íoc agus tuairisciú CAT i gceist le haghaidh bronntanas nó oidhreachtaí a bhfuil dáta luachála tar éis an 14 Meitheamh 2010 nó ar an dáta sin ag baint leo. Ní mór do gach bronntanas agus oidhreacht lena mbaineann dáta luachála sa tréimhse 12 mhí dár críoch an 31 Lúnasa seo caite a bheith íoctha agus tuairiscithe faoin 31 Deireadh Fómhair.

Dá bhrí sin, má tá an dáta luachála idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa, ní mór duit an tuairisceán cánach a chomhlánú agus an cháin a íoc roimh an 31Deireadh Fómhair nó ar an dáta sin, sa bhliain sin. Má tá an dáta luachála idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig, ní mór duit an tuairisceán cánach a chomhlánú agus an cháin a íoc roimh an 31 Deireadh Fómhair sa bhliain dár gcionn.

Mar shampla

Má tá dáta luachála an 21 Feabhra 2018 ag baint le d’oidhreacht, ní mór duit an tuairisceán cánach a chomhlánú agus an cháin a íoc roimh an 31 Deireadh Fómhair 2018 nó ar an dáta sin.

Má tá dáta luachála an 6 Samhain 2018 ag baint le d’oidhreacht, ní mór duit an tuairisceán cánach a chomhlánú agus an cháin a íoc roimh an 31 Deireadh Fómhair 2019 nó ar an dáta sin.

Tá formhuirear i gceist ar íoc agus tuairisciú déanach CAT. Tá an formhuirear bunaithe ar chéatadán den cháin iomlán atá iníoctha don bhliain dá bhfuil an tuairisceán déanach agus bíonn sé grádaithe de réir fhad na moille. Tá teorainn fhoriomlán ar leibhéal an fhormhuirir a ríomhtar mar seo a leanas:

  • Formhuirear 5% suas go huasmhéid de €12,695, má chomhlánaíonn tú an tuairisceán cánach agus má íocann tú an cháin taobh istigh de dhá mhí ón dáta ar a ndéantar íoc agus tuairisciú.
  • Formhuirear 10% suas go huasmhéid de €63,485, mura gcomhlánaíonn tú an tuairisceán cánach agus mura n-íocann tú an cháin taobh istigh de dhá mhí ón dáta ar a ndéantar íoc agus tuairisciú.

Ní mór tuairisceáin chánach bronntanais agus oidhreachta a dhéanamh go leictreonach trí úsáid a bhaint as Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim, ach tá roinnt eisceachtaí i gceist leis sin. Tá foirm páipéir do thuairisceán cánach bronntanais agus oidhreachta (Foirm IT38S) ar fáil, ach ní ceadmhach duitse, an cáiníocóir, í a úsáid, mura gcomhlánaíonn tú na critéir seo a leanas:

  • Níl tú ag éileamh aon fhaoiseamh, díolúine nó creidmheas, seachas díolúine do bhronntanas beag
  • Is leas iomlán gan coinníollacha ná srianta atá sa sochar atá á ghlacadh agat
  • Is ó dhiúscróir amháin a tógadh an mhaoin a áirítear sa tuairisceán agus ní cuid de shochar níos mó atá ann

Imthosca speisialta

Is féidir an cháin a íoc i tráthchodanna ar feadh treimhse níos lú ná 60 mhí i gcúinsí áirithe. Baineann sé seo le maoin ar bith nach bhfuil úinéireacht iomlán ag an tairbhí uirthi.

Baineann sé freisin más rud é gur úinéireacht iomlán ar:

  • Mhaoin do-aistrithe é an sochar (tailte nó teach mar shampla) nó
  • Mhaoin inaistrithe ar mhaoin gnó nó talmhaíochta iad.

Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncam deacrachtaí airgid a thógáil san áireamh le cead a thabhairt duit aon cháin dlite a chuir siar.

Bronntanais nó oidhreachtaí a bhfuil dáta luachála roimh an 14 Meitheamh 2010 ag baint leo

Caithfidh tú an tuairisceán cánach a dhéanamh agus an cháin a íoc taobh istigh de ceithre mhí ó dháta na luachála. Is féidir é seo a dhéanamh trí Fhoirm IT 38 a líonadh. Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim Treoir maidir leis an Tuairisceán Féinmheasúnachta a líonadh (Foirm IT 38) ar fáil. Mura mbíonn an cháin íoctha taobh istigh de 4 mhí, gearrfar ús ort.

Teagmháil

An Aonad Náisiúnta Faisnéise CAT do Cháiníocóirí

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An tAonad um Cháin Fháltas Caipitiúil
9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtair
Baile Átha Cliath 1
D01 YT32.

Teil: 01 738 3673
Láithreán Gréasáin: https://www.revenue.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Samhain 2018