Creidmheas a fhógairt

Réamhrá

Tá rialacha ann maidir le conas is féidir seirbhísí airgeadais agus creidmheas a fhógairt. Tá ar an iasachtóir a sholáthraíonn an creidmheas a chinntiú go gcloítear leis na rialacha seo. Ní foláir nach bhfoilsíonn, nach dtaispeánann nó nach seolann iasachtóirí aon fhógra a sháraíonn na rialacha.

Is é Banc Ceannais na hÉireann a dhéanann monatóireacht ar fhógraíocht do na seirbhísí a rialálann sé.

Lena sheiceáil cibé acu an bhfuil gnóthas seirbhísí airgeadais á rialáil nó nach bhfuil ag an mBanc Ceannais, is féidir leat an clár a sheiceáil ag registers.centralbank.ie.

Rialacha

Is iondúil go gcaitheann fógraíocht na seirbhísí airgeadais agus creidmheasa a bheith soiléir, cothrom, cruinn agus gan bheith míthreorach. Caithfidh an méid a mhaítear sna ceannlínte agus sna hábhair fógraíochta bheith curtha ar fáil le malairt eolais i leith nithe ar nós rioscaí, táillí agus muirear ionas gur féidir leat roghanna láneolacha a dhéanamh.

Leagtar amach na príomhdhlíthe maidir le creidmheas a fhógairt san Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995.

Eolas caighdeánach

Caithfear eolas caighdeánach a áireamh le haon fhógraíocht a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa ina gcuimsítear ráta úis nó costas an chreidmheasa. Leagtar seo amach i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhaontuithe Creidmheasa Tomhaltóirí), 2010.

Caithfidh an t-eolas caighdeánach seo sampla ionadaíoch a úsáid agus an méid seo a leanas a shonrú go soiléir:

  • An ráta iasachta (ráta seasta nó inathraithe nó an dá rud) agus sonraí faoi aon táillí a chuimsítear i gcostas iomlán an chreidmheasa a mbíonn ar an tomhaltóir íoc as
  • Méid iomlán an chreidmheasa
  • Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (seachas i gcás rótharraingthe)
  • Fad an chomhaontaithe creidmheasa (más infheidhmithe)
  • Más íocaíocht iarchurtha atá sa chreidmheas i leith earra nó seirbhíse faoi leith, an praghas in airgead tirim agus méid aon réamhíocaíochta

An méid iomlán is gá duit a íoc agus méid na dtráthchodanna (más infheidhme)

I gcás morgáistí, má dhéanfar an iasacht a urrú i leith réadmhaoin chónaithe, caithfear seo a lua. Caithfear rabhadh a chur san áireamh, má d’fhéadfadh athruithe a d’fhéadfadh teacht ar an ráta malairte tionchar a imirt ar an méid a íocann tú.

Má tá ort comhaontú le seirbhís eile (cosúil le hárachas) chun teacht ar an gcomhaontú creidmheasa mar a fhógraítear é, agus murab eol costas na seirbhíse seo roimh ré, caithfear an riachtanas seo a lua go soiléir.

An Cód um Chosaint Tomhaltóirí

Cuireann Banc Ceannais na hÉireann Cód um Chosaint Tomhaltóirí ar fáil lena n-áirítear rialacha ar fhógraíocht. Baineann an Cód le formhór na ngnóthas seirbhísí airgeadais atá á rialáil ag an mBanc Ceannais.

Ní mór do ghnóthais feidhmiú go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ní foláir dóibh gan tú a mhíthreorú i leith na mbuntáistí a bhaineann le táirge nó seirbhís ar bith.

Caithfidh fógraí a léiriú go soiléir an méid atá á chur ar tairiscint ag an bhfógróir don tomhaltóir. Baineann na rialacha sa Chód le gach formáid d’fhógraíocht, an méid seo a leanas ina measc:

  • Teilifís, raidió, formáidí clóite
  • Fógraíocht lasmuigh, ar nós cláir fógraí, taispeántais fuinneoige, fógraíochta ar iompar poiblí, ag stadanna bus agus ag stáisiúin iarnróid
  • Fógraíocht ar líne, lena n-áirítear meirgí, míreanna aníos agus cineálacha eile nach iad
  • Fís-sruthú, micrea-bhlagadóireacht agus fothaí tráchtanna ar láithreáin na meán sóisialta
  • Láithreáin phlé idirlín
  • Láithreáin ghréasáin agus láithreáin mhargaíochta
  • Urraíochtaí d’innill chuardaigh
  • Ábhair bholscaireachta (ar nós teachtaireachtaí téacs)
  • Comórtais agus fógarfhocail ina gcuirtear chun cinn táirgí nó seirbhísí

Ní mór do na cuideachtaí a rialaítear faoin gCód nuair a fhógraíonn siad táirgí agus seirbhísí airgeadais:

  • A chinntiú gur soiléir, cruinn, nuashonraithe agus scríofa i ngnáthfhriotal é eolas ar bith a sholáthraíonn siad duitse
  • A chinntiú gur soiléir, cothrom agus cruinn iad a n-ábhair bholscaireachta agus nach míthreoraítear tú leo
  • Níl eochaireolas i bhfolach sa mhionchló

Iasachtóirí airgid

Cuirtear srian sna Rialacháin um Iasachtú Airgid a tugadh isteach in 2020 ar conas is féidir le hiasachtóirí airgid iasachtaí a chur ar tairiscint agus a chur chun cinn. Caithfidh fógraí ag iasachtóirí airgid a bheith cothrom agus níor cheart dóibh a bheith míthreorach.

Caithfear iad a chur i láthair go soiléir agus caithfear a lua go soiléir saghas na seirbhíse atá á fhógairt.

Más táirge ardchostais an iasacht, caithfear rabhadh soiléir a chur san áireamh i bhfógraí agus caithfidh siad thú a mholadh le machnamh a dhéanamh ar iasachtaí eile a chuireann iasachtóirí eile ar fáil.

I gcás iasachtaí faoi €200, baineann na riachtanais a leagtar amach thuas faoi ‘Eolas caighdeánach’.

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann ceisteanna agus freagraí maidir leis na rialacháin um iasachtú airgid (pdf).

Is féidir níos mó a léamh faoi rialacha a bhaineann le hiasachtóirí airgid.

Gearáin

Má bhraitheann tú go bhfuil aon fhógra nó promóisean creidmheasa míchruinn nó míthreorach, cuireann Banc Ceannais na hÉireann eolas ar fáil ar conas gearán a dhéanamh.

Cuireann Údarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann (ÚCFÉ) Cód Caighdeán um Chumarsáid Fógraíochta agus Mhargaíochta in Éirinn ar fáil lena n-áirítear caighdeáin ÚCFÉ maidir le seirbhísí agus táirgí airgeadais a fhógairt. Má dhéanann tú gearán le ÚCFÉ, seiceálfaidh ÚCFÉ cibé acu an mbaineann nó nach mbaineann an gearán le Cód Caighdeán ÚCFÉ. Is féidir le ÚCFÉ a mholadh gur cheart déileáil le do ghearán faoi Chód Iompair an Bhainc Cheannais.

Conas iarratas a dhéanamh

Má bhraitheann gur doiléir, míchruinn nó míthreorach aon fhógraíocht creidmheasa, is féidir leat í a thuairisciú don Aonad Fógraíochta sa Bhanc Ceannais ag enquiries@centralbank.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Lúnasa 2022