Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)

Réamhrá

Gearrtar Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) bhliantúil ar réadmhaoin chónaithe in Éirinn.

Tá tú faoi dhliteanas CMÁ in 2023 má bhí maoin chónaithe agat ar an 1 Samhain 2022.

Má d'íoc tú CMÁ in 2022 le modh íocaíochta athrá, amhail dochar díreach, leanfar den íocaíocht in 2023 mura roghnaíonn tú bealach eile le híoc. I measc na modhanna athrá tá asbhaintí CMÁ ó do thuarastal, pinsean nó íocaíocht cosanta sóisialaí. Má d'athraigh tú an banc, b'fhéidir go mbeidh ort do dhochar díreach a nuashonrú.

Má d'íoc tú CMÁ in 2022 le cineál íocaíochta nach ndéanann athdhéanamh go huathoibríoch, ní mór duit a roghnú cén chaoi ar mian leat CMÁ a íoc le haghaidh 2023. Féadtar é seo a dhéanamh i do thaifead maoine de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim

Ba chóir go mbeadh do mhodh íocaíochta deimhnithe agat leis na Coimisinéirí Ioncaim trí:

  • 2 Nollaig 2022, má roghnaíonn tú na híocaíochtaí a scaipeadh thar an mbliain
  • 12 Eanáir 2023, má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh in aon íocaíocht amháin

Mura raibh do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ ar an 1 Samhain 2021 ach má tá sí faoi dhliteanas ar an 1 Samhain 2022, ba chóir go mbeadh tuairisceán CMÁ tíolactha agat faoin 2 Nollaig 2022. Fiú má tá maoin agat atá díolmhaithe, ní mór duit fós tuairisceán Cánach Maoine Áitiúil a dhéanamh chun díolúine a éileamh.

Má bhí tú faoi dhliteanas CMÁ do 2022 ach nár thíolaic tú tuairisceán CMÁ, ba chóir duit é sin a dhéanamh anois.

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann a roghnú íocaíocht an CMÁ a iarchur i gcúinsí áirithe.

Cé ar gá dóibh CMÁ a íoc?

Caithfidh tú CMÁ a íoc má tá réadmhaoin chónaithe agat an 1 Samhain, réadmhaoin ar léas san áireamh. Tugtar an dáta dliteanais air seo.

Má tá breis agus úinéir amháin ann, is gá duit comhaontú a dhéanamh ar cén duine a íocfaidh an cháin, nó is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim é a bhailiú ó aon duine de na húinéirí.

I gcásanna áirithe, caithfidh tú an CMÁ a íoc mura tú féin an t-úinéir:

  • Más tionónta thú a bhfuil léas fadtéarmach de bhreis ar 20 bliain agat, nó
  • Má tá ceart agat cónaí sa réadmhaoin ar feadh do shaoil nó ar feadh breis agus 20 bliain nó má tá ceart agat cónaí ann d’eisiamh gach duine eile’

Íocann an tiarna talún CMÁ má tá réadmhaoin ar cíos ar ghnáthléas gearrthéarmach (níos lú ná 20 bliain).

Cé mhéad atá ar an gCáin Mhaoine Áitiúil?

Tá an cháin a íocann tú bunaithe ar luach margaidh na maoine ar an dáta luachála. Is é an dáta luachála le haghaidh CMÁ ná 1 Samhain 2021. Úsáidfear luach do mhaoine ar an dáta sin chun do CMÁ a ríomh do na blianta 2022–2025.

Is cáin fhéinmheasúnaithe é an CMÁ, mar sin ríomhann tú an cháin dhlite bunaithe ar do mheasúnú féin ar luach margaidh na maoine. Léigh faoin gcaoi le do mhaoin a luacháil don Cháin Mhaoine Áitiúil

Tá rátaí éagsúla CMÁ ann ag brath ar cén raon, nó banda luachála, ina bhfuil do luach maoine.

 
Local Property Tax

Valuation bands and basic rates for valuation period 2022–2025

Bandaí luachála agus bunrátaí don tréimhse luachála 2022–2025 Uimhir an bhanda luachála Banna luachála €
Bunráta an Mhuirir CMÁ € 1 0 – 200,000
90 2 200,001 – 262,500
225 3 262,501 – 350,000
315 4 350,001 – 437,500
405 5 437,501 – 525,000
495 6 525,001 – 612,500
585 7 612,501 – 700,000
675 8 700,001 – 787,500
765 9 787,501 – 875,000
855 10 875,001 – 962,500
945 11 962,501 – 1,050,000
1,035 12 1,050,001 – 1,137,500
1,189 13 1,137,501 – 1,225,000
1,408 14 1,225,001 – 1,312,500
1,627 15 1,312,501 – 1,400,000
1,846 16 1,400,001 – 1,487,500
2,064 17 1,487,501 – 1,575,000
2,283 18 1,575,001 – 1,662,500
2,502 19 1,662,501 – 1,750,000
2,721

In 2022, leathnaíodh na bandaí luachála agus íslíodh an ráta cánach. Le haghaidh rátaí roimhe seo, féach 'Tuilleadh eolais' thíos.

Réadmhaoin ar fiú níos mó ná €1.75 milliún í

Déantar réadmhaoine ar fiú níos mó ná €1.75 milliún iad a mheasúnú ar luach iarbhír na réadmhaoine seachas ar bhanda luachála.

Is é an muirear CMÁ do na réadmhaoine seo ná iomlán na nithe seo a leanas:

  • 0.1029% den chéad €1.05 milliún de luach margaidh na maoine
  • 0.25% den chuid idir €1.05 milliún agus €1.75 milliún
  • 0.3% den chuid os cionn €1.75 milliún

An fachtóir coigeartaithe áitiúil

Féadfaidh údaráis áitiúla an bunráta CMÁ a athrú ar réadmhaoine cónaithe ina gceantar. Is féidir na rátaí seo a mhéadú nó a laghdú suas le 15%. Tugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil air seo.

Féadfaidh réadmhaoine cónaithe den luach céanna i limistéir údaráis áitiúil éagsúla méideanna éagsúla CMÁ a íoc, ag brath ar cibé acu an bhfuil fachtóir coigeartaithe áitiúil curtha i bhfeidhm ag an údarás áitiúil nó nach bhfuil.

liosta de choigeartuithe CMÁ na n-údarás áitiúil le fáil ar ioncam.ie. Tá áireamhán CMÁ ar líne na Coimisinéirí Ioncaim freisin a ríomhann an cháin tar éis an fhachtóra choigeartaithe áitiúil.

Conas do thuairisceán um Cháin Mhaoine Áitiúil a chur isteach

Má chuir tú tuairisceán CMÁ isteach don bhliain 2022 maidir le do réadmhaoin, ní gá tuairisceán eile a chur isteach do 2023. Seans go mbeidh ort socrú a dhéanamh chun an CMÁ do 2023 a íoc.

Do na blianta 2022-2025, tá an CMÁ bunaithe ar luach do réadmhaoine ar an 1 Samhain 2021. Tugtar an dáta luachála ar an dáta seo.

Is gá duit tuairisceán CMÁ a chur isteach le haghaidh 2023 má tá réadmhaoin agat atá tar éis teacht chun a bheith faoi dhliteanas ó bhí an dáta luachála ann. Mar shampla, seans go bhfuil réadmhaoin agat a tógadh nó a tháinig chun bheith ina áit chónaithe tar éis an 1 Samhain 2021 agus mar sin, is réadmhaoin faoi dhliteanas í ar an 1 Samhain 2022. Má tá réadmhaoin nuathógtha nó athchóirithe agat, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an luach a bheadh uirthi ar an 1 Samhain 2021 dá mba rud é go raibh sí críochnaithe an uair sin.

Caithfidh tú measúnú a dhéanamh ar luacsémargaidh do réadmhaoine agus do thuairisceán CMÁ a chur isteach faoin 2 Nollaig 2022 nó a luaithe is féidir mura bhfuil sé déanta agat cheana féin.

Iarrtar ort do thuairisceán CMÁ a chur isteach, fiú sna cásanna seo a leanas:

Murar cláraíodh do réadmhaoin riamh le haghaidh dleacht stampa nó CMÁ, caithfear an réadmhaoin a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim ar dtús.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

Chun féachaint ar do thaifead CMÁ agus do thuairisceán CMÁ a dhéanamh ar líne, is féidir do shonraí logála isteach reatha le haghaidh moChúrsaí a úsáid nó Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Nó, is féidir logáil isteach go díreach chuig an tSeirbhís CMÁ ar líne.

Chun logáil isteach ar an tseirbhís CMÁ ar líne, beidh Aitheantas agus Uimhir Aitheantais Phearsanta do Réadmhaoine ag teastáil. Is féidir na sonraí sin a fháil ar chomhfhreagras CMÁ ar bith a fuair tú ó na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó Uimhir Thagartha Cánach ag teastáil uait freisin.

Mura bhfuil Uimhir Aitheantais agus Uimhir Aitheantais Phearsanta do Réadmhaoine agat, is féidir úsáid a bhaint as an tSeirbhís CMÁ ar líne chun na sonraí sin a iarraidh.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach CMÁ chun cabhair a fháil maidir leis an gCáin Mhaoine Áitiúil. Is féidir ceisteanna a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim freisin trí M'Fhiosruithe.

Na Coimisinéirí Ioncaim

Brainse Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)

Bosca Poist 1
Luimneach

Teil: +353 (0) 1 738 3626

Tuilleadh eolais

Rátaí roimhe seo a bhí i bhfeidhm ó 2013 go 2021

 
Local Property Tax

Valuation bands and basic rates for valuation period from 2013 to 2021

Bandaí luachála agus bunrátaí don tréimhse luachála 2013–2021 Uimhir an bhanda luachála Banda luachála €
Bunráta an Mhuirir CMÁ € 1 0 – 100,000
90 2 100,001 - 150,000
225 3 150,001 - 200,000
315 4 200,001 - 250,000
405 5 250,001 - 300,000
495 6 300,001 - 350,000
585 7 350,001 - 400,000
675 8 400,001 - 450,000
765 9 450,001 - 500,000
855 10 500,001 - 550,000
945 11 550,001 - 600,000
1,035 12 600,001 - 650,000
1,125 13 650,001 - 700,000
1,215 14 700,001 - 750,000
1,305 15 750,001 - 800,000
1,395 16 800,001 - 850,000
1,485 17 850,001 - 900,000
1,575 18 900,001 - 950,000
1,665 19 950,001 - 1,000,000
1,755

Achomhairc

Go ginearálta, toisc gur cáin fhéinmheasúnaithe í an CMÁ, ní thagann achomhairc fhoirmiúla chun cinn ach i líon beag cásanna.

Mura n-aontaíonn tú le meastachán ó na Coimisinéirí Ioncaim is féidir tuairisceán a chur isteach le d’fhéinmheasúnú féin ina ionad.

Ós rud é go bhfuil clár um réadmhaoine cónaithe curtha le chéile ag na Coimisinéirí Ioncaim ó fhoinsí éagsúla, d'fhéadfadh earráidí a bheith ann maidir le húinéireacht roinnt réadmhaoine. Má fuair tú foirm tuairisceáin CMÁ agus ní dóigh leat go bhfuil tú faoi dhliteanas i leith na réadmhaoine sin, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ón litir a fháil. Ba cheart míniú a thabhairt ar an gcúis nach bhfuil tú faoi dhliteanas; sonraí maidir leis an duine atá faoi dhliteanas, dar leat (ainm, seoladh agus Uimhir PSP); agus doiciméid tacaíochta. Tá sé tábhachtach go ndéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ós rud é go mbeidh tú faoi dhliteanas an cháin a íoc mura gceartaítear an earráid. Úsáidfidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an duine atá faoi dhliteanas. Mura n-aontaíonn tú leis an gcinneadh sin, is féidir an cinneadh a achomharc chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Is é an Coiste Tagartha um Luachanna Talún a chinneann achomhairc a bhaineann le luacháil réadmhaoine.

Mura n-aontaíonn tú leis na Coimisinéirí Ioncaim ar ábhair eile (mar shampla, cibé an réadmhaoin chónaithe í nó an féidir íocaíocht a chur siar) agus nach féidir an cheist a réiteach, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Measúnaithe foirmiúil nó cinneadh foirmiúil ar an ábhar chugat. Beidh do cheart chun achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc leagtha amach go soiléir ar na fógraí sin. Ní mór duit, áfach, tuairisceán a dhéanamh agus cáin ar bith atá dlite a íoc sular féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an Fhógra Measúnaithe nó cinneadh ar bith eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

An Muirear Teaghlaigh agus an Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha

Tháinig an Cháin Mhaoine Áitiúil in ionad an Mhuirir Teaghlaigh ar cuireadh deireadh leis ón 1 Eanáir 2013 ar aghaidh. Rinneadh riaráistí Muirear Teaghlaigh nár íocadh faoin 1 Iúil 2013 a aistriú go CMÁ agus bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim anois iad tríd an gcóras CMÁ.

Tugadh isteach an Táille ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha ar áiteanna cónaithe tánaisteacha in 2009 agus íoctar leis an údarás áitiúil ábhartha í. Ó 2014 ar aghaidh, ní ghearrtar an Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha a thuilleadh, ach tá dliteanais agus íocaíochtaí gan íoc fós á mbailiú. Má tá do theach á dhíol agat agus dualgas ort a chruthú gur íoc tú an Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha, is féidir deimhniú urscaoilte a iarraidh ón Údarás Áitiúil.

I ndiaidh 12 bhliain, téann na táillí in éag agus mar sin ní bhíonn siad le híoc a thuilleadh. Má bhí Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha ar réadmhaoin don bhliain 2009, chuaigh sé in éag ar an 1 Lúnasa 2021. Téann táillí do na blianta 2010-2013 in éag ar an 1 Aibreán. Chuaigh an Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha do 2010, mar shampla, in éag an 1 Aibreán 2022 agus rachaidh an muirear do 2013 in éag ar 1 Aibreán 2025. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar nppr.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Lúnasa 2023