Do stair chreidmheasa

Réamhrá

Is éard atá i do stair chreidmheasa ná eolas faoi aon iasachtaí atá agat. Áirítear leis sonraí cosúil le:

  • Saghas na n-iasachtaí
  • Méid na n-iasachtaí
  • An méid atá le híoc ar ais go fóill
  • Aon íocaíochtaí nach ndearnadh

Tá an t-eolas seo liostaithe i dtuairisc chreidmheasa.

Tá tuairiscí creidmheasa ar fáil d’iasachtóirí (amhail bainc agus comhair chreidmheasa) lena seiceáil nuair atá iarratais ar iasachtaí á mbreithniú acu.

Coimeádtar tuairiscí creidmheasa sa Phríomh-Chlár Creidmheasa (PCC). Ní thugann an Príomh-Chlár Creidmheasa scór creidmheasa ná rátáil chreidmheasa. Déanann d’iasachtóir cinneadh faoi d’iarratas ar iasacht bunaithe ar a mbeartas creidmheasa féin.

Is féidir leat cóip de do thuairisc chreidmheasa féin a iarraidh ar líne nó is féidir leat iarratas a dhéanamh sa phost.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar rótharraingt, morgáiste, cárta creidmheasa nó saghas eile d’iasacht, is féidir leat do thuairisc chreidmheasa a sheiceáil sula ndéanann tú iarratas. Is féidir leis cabhrú leat aon íocaíochtaí nach ndearna tú a aimsiú nárbh eol duit nach ndearna tú, nó aon bhotúin i do thuairisc chreidmheasa a aimsiú.

Is féidir leat iarraidh go ndéantar eolas mícheart a cheartú. Tá an ceart agat freisin ráiteas a chur le do thuairisc chreidmheasa le haon chúinse speisialta a mhíniú.

Tugtar cuntas ar an leathanach seo ar conas a úsáideann iasachtóirí do thaifead creidmheasa, an t-eolas atá ann agus conas is féidir leat é a sheiceáil.

Conas a úsáideann iasachtóirí do thaifead creidmheasa

Nuair a dhéanann tú iarratas ar iasacht nó ar chineál eile creidmheasa, ar nós cárta creidmheasa, rótharraingthe, fruilcheannaigh nó plean conartha pearsanta (PCP), is féidir leis an iasachtóir do stair chreidmheasa a úsáid nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi cibé acu iasacht a thabhairt duit nó a mhalairt.

Is féidir an t-eolas ar do thuairisc creidmheasa a úsáid chun cinneadh a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

  • Ar chóir iasacht a thabhairt duit
  • An méid airgid a ligfí duit a fháil ar iasacht
  • An méid úis le gearradh ort

Is féidir le hiasachtóirí do thuairisc chreidmheasa a sheiceáil sna cásanna seo a leanas:

  • Déanann tú iarratas ar iasacht nua
  • Déanann tú iarratas go ndéanfar d’iasacht reatha a athstruchtúrú
  • Tá riaráistí agat ar iasacht reatha

Tá teorainn chárta creidmheasa nó rótharraingthe sáraithe agat.

Faoi dhlí an AE, caithfidh iasachtóirí do chumas creidmheasa a mheas sula n-aontaíonn siad le hiasacht a thabhairt duit. Is é a chiallaíonn cumas creidmheasa ná do chumas an iasacht a aisíoc. Ní mór an measúnú seo a bheith bunaithe ar an eolas a sholáthraíonn tú mar chuid d'iarratas ar iasacht, agus ar an eolas i do thuairisc chreidmheasa.

B'fhéidir go gciallódh eolas i do thuairisc chreidmheasa go bhféadfadh iasachtóirí a chinneadh gan iasacht a thabhairt duit, fiú má tá an t-ioncam agat chun an iasacht a aisíoc. D’fhéadfaidís d'iasacht a dhiúltú má chreideann siad go mb'fhéidir go bhfuil riosca ard ag baint leo ar iasacht duit.

Cad a tharlaíonn má dhiúltaítear iasacht a thabhairt duit?

Má dhiúltaítear iasacht duit mar gheall ar eolas i do thuairisc chreidmheasa, caithfidh an t-iasachtóir seo a insint duit.

Baineann seo le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí pearsanta do shuimeanna idir €200 agus €75,000. Ní bhaineann sé le morgáistí.

Cad é an Príomh-Chlár Creidmheasa?

Cuireann an Príomh-Chlár Creidmheasa tuairiscí creidmheasa ar fáil d’iasachtaithe agus iasachtóirí. Bunachar sonraí é ina stóráiltear eolas pearsanta agus creidmheasa ar iasachtaí €500 nó níos mó. Oibríonn Banc Ceannais na hÉireann é.

Thosaigh an Príomh-Chlár Creidmheasa le hiasachtaí a chur i dtaifead ón 30 Meitheamh 2017. Coimeádann sé taifead ar feadh 5 bliana i ndiaidh go ndearnadh an íocaíocht dheireanach d’iasacht.

Ní dhéanann an Príomh-Chlár Creidmheasa cinneadh faoi cibé acu an dtugtar nó nach dtugtar iasacht duit. Baineann iasachtóirí úsáid as an tuairisc chreidmheasa chun d'iarratas ar iasacht a mheas sula ndéanann tú cinneadh. Féadfaidh siad freisin d'ioncam agus d'íocaíochtaí a chur san áireamh, amhail cíos agus fóntais. Tá critéir éagsúla ag iasachtóirí éagsúla chun iasachtaí a cheadú.

Biúró Creidmheasa na hÉireann

Chuir Biúró Creidmheasa na hÉireann (BCÉ) seirbhís rátála creidmheasa ar fáil go dtí an 30 Meán Fómhair 2021. Eagraíocht phríobháideach a bhí faoi úinéireacht a comhaltaí, agus institiúidí airgeadais go príomha a bhí inti. Scrios BCÉ a thaifid i ndiaidh gur stop sé leis an tseirbhís a sholáthar.

Cén t-eolas atá ar anbPríomh-Chlár Creidmheasa?

Cuirtear iasachtaí le haghaidh €500 nó níos mó san áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Áirítear leis an méid seo a leanas ó Mheitheamh 2017 ar aghaidh:

  • Cártaí creidmheasa
  • Morgáistí
  • Rótharraingtí
  • Iasachtaí pearsanta

Áirítear leis ón 31 Márta 2018:

  • Iasachtaí ó údarás áitiúil
  • Iasachtaí ó iasachtóir airgid
  • Iasachtaí gnó

Áirítear leis ón 30 Meitheamh 2019:

  • Comhaontuithe fruilcheannaigh
  • Airgeadas sócmhainní
  • Pleananna conartha pearsanta (PCPanna)

Cén iasachtaí nach n-áirítear?

Ní chuirtear an t-eolas seo a leanas san áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa:

  • Billí fóntais
  • Taifid gheallbhróicéirí
  • Eolas ar ioncam agus tuarastal
  • Taifid na Seirbhíse Cúirteanna – cosúil le heolas faoi orduithe tráthchoda nó astuithe tuillimh
  • Taifid Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (cosúil le heolas faoi fhógraí um fhaoiseamh fiachais, dócmhainneacht nó féimheacht phearsanta)
  • Cuntais taisce
  • Dliteanais chánach

Cén t-eolas fút a choimeádtar ar an mbunachar sonraí?

Áirítear leis an eolas pearsanta ar an mbunachar an t-eolas seo a leanas a bhaineann leat:

  • Ainm
  • Dáta breithe
  • Seoltaí reatha agus roimhe seo
  • Uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP)
  • Inscne
  • Éirchód
  • Uimhir ghutháin

Áirítear le heolas faoi chreidmheas:

  • Saghas na hiasachta (mar shampla, cárta creidmheasa, morgáiste, rótharraingt, iasacht phearsanta)
  • Ainm an iasachtóra
  • Méid na hiasachta
  • Iarmhéid nár íocadh
  • Méid na n-íocaíochtaí atá dlite thar téarma, más ann dóibh
  • Dáta na chéad íocaíochta eile
  • Méid na chéad íocaíochta eile

Toiliú d’iasachtóir do stair chreidmheasa a sheiceáil

Nuair a dhéanann tú iarratas ar iasacht, caithfidh an t-iasachtóir an Príomh-Chlár Creidmheasa a sheiceáil má tá an iasacht le haghaidh €2,000 nó níos mó.

Is féidir le hiasachtóirí an Príomh-Chlár Creidmheasa a sheiceáil freisin má tá an t-iarratas ar iasacht do shuim atá faoi €2,000 nó:

  • D’iarr tú go ndéanfaí iasacht reatha a athstruchtúrú
  • Tá riaráistí le híoc ar iasacht reatha nó sáraíodh teorainn ar chárta creidmheasa nó rótharraingt

Ní theastaíonn do thoiliú go seiceálfaidh iasachtóirí an Príomh-Chlár Creidmheasa.

Ar leith uaidh sin, b’fhéidir go mbeidh ort cead a thabhairt don iasachtóir do stair chreidmheasa a sheiceáil ar bhunachar sonraí eile. De ghnáth, tá an toiliú seo mar chuid de do chomhaontú conartha nuair a dhéanann tú iarratas an chéad uair ar iasacht, mar sin, b’fhéidir nach dtabharfaidh tú faoi deara go bhfuil toiliú á thabhairt agat.

Do thuairisc chreidmheasa

Is féidir leat do thuairisc chreidmheasa a iarraidh saor in aisce ag aon tráth (is féidir teorainn a chur ar iarrataí saor in aisce iomarcacha). Féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin an Phríomh-Chláir Chreidmheasa le tuairisc chreidmheasa shamplach agus míniú ar théarmaí (pdf) a fheiceáil.

An bhfuil rátáil nó scór ar do thuairisc chreidmheasa?

Teicníc é scóráil chreidmheasa nó rátáil chreidmheasa a thugann achoimre ar do stádas creidmheasa ag pointe ar leith ama.

Ní dhéanann an Príomh-Chlár Creidmheasa tuairiscí creidmheasa a scóráil nó a ghrádú. Déanfaidh d’iasachtóir cinneadh faoi d’iarratas ar iasacht bunaithe ar a mbeartas creidmheasa féin.

Cé eile ar féidir leo teacht ar do thuairisc chreidmheasa?

Ní féidir ach le hiasachtóirí teacht ar do thuairisc chreidmheasa? Is féidir leo seo a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

  • Déanann tú iarratas ar iasacht nua
  • Déanann tú iarratas go ndéanfar d’iasacht reatha a athstruchtúrú
  • Tá riaráistí agat ar iasacht reatha
  • Tá teorainn chárta creidmheasa nó rótharraingthe sáraithe agat

Ní féidir le haon duine eile, cosúil le fostóirí nó tiarnaí talún, teacht ar do thuairisc chreidmheasa ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa gan do thoiliú.

Conas is eol duit cé a chaith súil ar do thuairisc?

Taispeánfar ar do thuairisc chreidmheasa gach uair a d’fhéach iasachtóir ar d’eolas agus an chúis go ndearna siad sin. Tugtar ‘lorg coise’ air seo. Ciallaíonn sé go mbeidh a fhios agat cé a d’fhéach ar do thuairisc chreidmheasa agus cathain a d’fhéach siad air?

A iarraidh go n-athrófar do thuairisc chreidmheasa

Má chreideann tú go bhfuil eolas míchruinn, neamhiomlán nó as dáta i do thuairisc chreidmheasa, tá an ceart agat iarratas a dhéanamh le d’iasachtóir agus leis an mBanc Ceannais leis an eolas a leasú a choimeádtar ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh le d’iasachtóir agus leis an mBanc Ceannais leis an eolas a leasú a choimeádtar ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa (pdf) má chreideann tú go bhfuil an t-eolas míchruinn, neamhiomlán nó as dáta.

Má chreideann tú go ndearna duine eile pearsanú ort, tá an ceart agat fógra maidir le pearsanú amhrasta a chur in airde ar do thuairisc.

Ráiteas a chur le do thuairisc chreidmheasa

Is féidir leat ráiteas pearsanta a chur le do thaifead creidmheasa le hé a shoiléiriú (pdf). Tugtar ‘ráiteas mínitheach’ air seo.

Mar shampla, má bhí costais shuntasacha le híoc agat mar gheall gur chlis ar chaidreamh, méala, breoiteacht nó cúis eile, is féidir leat na sonraí seo a chur le do thaifead.

Caithfidh an ráiteas a bheith fíriciúil, caithfidh sé baint leis an eolas sa tuairisc chreidmheasa, agus caithfidh níos lú ná 200 focal a bheith ann. Níor cheart go mbeadh eolas ann a d’fhéadfadh duine aonair eile a shainaithint (cosúil lena n-ainm nó a n-ionad oibre).

Is féidir leat eolas breise a fháil i mbileog eolais an Bhainc Cheannais Ráiteas mínitheach a chur i mo thuairisc chreidmheasa (pdf).

Cuirtear an ráiteas seo le do thuairisc chreidmheasa agus is féidir féachaint air nuair a thagtar ar do shonraí. Níl ar iasachtóirí do ráiteas a chur san áireamh, áfach, nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ort d’iasacht.

Sosanna íocaíochta COVID-19

D’fhógair na 5 bhanc miondíola (Bainc-Aontas Éireann (AIB), Banc na hÉireann, KBC, Permanent TSB agus Banc Uladh), anuas ar a gcomhlacht ionadaíoch, Cónaidhm Bhaincéireachta agus Íocaíochtaí Éireann (BPFI) sraith beart chun tacú le daoine agus gnólachtaí ar imir COVID-19 tionchar orthu an 18 Márta 2020. Áiríodh leis na bearta iasachtóirí morgáiste neamhbhainc agus gnóthais seirbhísithe creidmheasa.

Faoi na bearta, d’fhéadfadh iasachtóirí sos íocaíochta a fhaide le 6 mhí a ghlacadh do ghnólachtaí agus custaiméirí pearsanta a dheonú, a fhaide leis an 30 Meán Fómhair 2020. Má chomhaontaíonn tú le sos íocaíochta COVID-19 a fháil le d’iasachtóir:

  • Ní bheadh ‘íocaíocht chaillte’ ar do thuairisc chreidmheasa i gceist leis an sos íocaíochta.
  • Ní dhéanfaí difear do do stair chreidmheasa

D’fhéadfadh iasachtóirí, a fhaide leis an 30 Meán Fómhair 2020, sos íocaíochta a fhaide le 6 mhí a ghlacadh do ghnólachtaí agus custaiméirí pearsanta a dheonú mar gheall ar COVID-19. Má chomhaontaigh tú le sos íocaíochta COVID-19 a fháil le d’iasachtóir, ní shainaithneofar é ar do thuairisc chreidmheasa agus ní thaispeánfar aon íocaíochtaí nach ndearnadh.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat cóip de do thuairisc chreidmheasa a fháil trí iarratas a dhéanamh ar líne leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa nó ar ríomhphost nó sa phost.

Mar chuid den iarratas, beidh cruthúnas ag teastáil ón bPríomh-Chlár Creidmheasa i leith d’aitheantais: d’ainm, seoladh agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP). Déantar é seo lena chinntiú go ndéantar do chearta um chosaint sonraí a chosaint.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar ríomhphost, caithfidh tú d’fhoirm iarratais líonta a chló, a shíniú agus a scanadh agus é a cheangal (le cóipeanna scanta de do cháipéisí aitheantais).

Má tá iarratas á dhéanamh agat sa phost, beidh ort cruthúnas maidir le d’aitheantas a chur faoi iamh le d’fhoirm iarratais shínithe.

Leis an gcuma atá ar thuairisc chreidmheasa a fheiceáil agus lena thuiscint cad a chiallaíonn sé, is féidir leat tuairisc chreidmheasa shamplach (pdf) agus míniú ar théarmaí (pdf) a íoslódáil.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Biúró Creidmheasa na hÉireann

Teach ICB
Newstead
Bóthar Chluain Sceach
Baile Átha Cliath 14

Teil: (01) 260 0388
Facs: (01) 260 0390
Láithreán Gréasáin: http://www.icb.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Iúil 2023