Fianaise

  • Overview

    Fianaise
    Cur síos atá anseo ar na cineálacha fianaise gur féidir a tharraingt anuas i dtriail sibhialta nó choiriúil in Éirinn.
  • Tá rialacha i bhfeidhm in Éirinn ar conas láthair tromchoire a chosaint agus ar conas imscrúdú a dhéanamh uirthi. Tugtar faisnéis duit ar na rialacha seo agus ar na treoracha go gcaithfear a chomhlíonadh i gcás coire ar réadmhaoin phríobháideach nó in áiteanna poiblí.

  • Tá cur síos sa cháipéis seo ar fhíorfhianaise, sin í fianaise ábharach, inláimhsithe mar shampla rud, taifead caiséid, asphrionta ríomhaire nó grianghraf.

  • Is fianaise scríofa é rud ar bith a bhfuil scríobh air. Cé na rudaí a bheadh san áireamh anseo agus cén chaoi a ndéantar fianaise mar seo a cheadú sa chúirt?

  • Fianaise a thugann an té a d'fhulaing nó fianaise a thugann finné a ainmníonn an cúisí mar an té a rinne an choir í fianaise aitheantais.

  • Is iondúil go mbaintear úsáid as fianaise DNA i dtrialacha le aitheantas daoine a chruthú. Faigh amach anseo cén chaoi a mbaintear úsáid as an bhfianaise seo.

  • Tugtar fianaise imthoisceach ar fhianaise a bhaineann le fíricí gur féidir conclúidí nó tuairimí a bhaint astu.

  • Fianaise atá ceadaithe sa chúirt ach atá amhrastúil í fianaise amhrastúil, sin le rá gur fianaise í seo a bhíonn bréagach nó mícheart go minic sa deireadh.

  • Céard í fianaise chlostráchta? Cén fáth nach féidir go hiondúil an fhianaise seo a tharraingt anuas sa chúirt agus céard iad na heisceachtaí inár féidir fianaise chlostráchta a cheadú?

  • Ní cheadaítear fianaise a fritheadh ar bhealach a sháraigh d'aonturas agus go fiosach do chearta bunreachtúla a úsáid i gcúirteanna na hÉireann.

  • Tá cúinsí ann ina bhféadfadh tú diúltú cáipéisí a chur ar fáil don chúirt nó ceisteanna faoi leith a fhreagairt sa chúirt.