Coimisinéirí Mionn

Réamhrá

Duine atá i gCoimisinéir Mionnaí a bhfuil an t-údarás aige/aici bheith mar fhinné ar cháipéisí tábhachtacha dlí a shíniú, mionnscríbhinní agus dearbhuithe reachtúla san áireamh. Ceapann an Príomh-Bhreitheamh iad agus is gnách gurb aturnae é/í, i bhformhór na gcásanna. Is féidir le gach aturnae atá ag cleachtadh mionnaí a riar, chomh maith. Murab ionann agus Coimisinéir Síochána, gearrann Coimisinéir Mionnaí táillí ar a seirbhísí.

Cathain a theastódh Coimisinéir Mionnaí uait?

B’fhéidir go dteastóidh Coimisinéir Mionnaí uait sna cásanna seo a leanas:

  • Tá fianaise á tabhairt agat i mionnscríbhinn le haghaidh imeachtaí cúirte in Éirinn
  • Tá dearbhasc, dearbhú, admháil, scrúdú nó fianú á dhéanamh ar chúiseanna éagsúla, ar mhaithe le himeachtaí cúirte nó ar mhaithe le cáipéisí a chlárú san áireamh

Má theastaíonn Coimisinéir Mionnaí uait, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le haturnae agus a fhiafraí an gcuireann siad an tseirbhís seo ar fáil don phobal. B’fhéidir go mbeidh ort fianaise a sholáthar don Choimisinéir i dtaobh d’aitheantais, cosúil le pas nó ceadúnas tiomána.

Próiseas

Nuair a fhreastalaíonn tú ar Choimisinéir Mionnaí, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

  • Cinnteoidh siad go bhfuil cáipéis agat atá scríofa síos
  • D’aitheantas a sheiceáil
  • A dheimhniú gur léigh tú an mhionnscríbhinn nó an cháipéis agus go dtuigeann tú an méid a luaitear inti
  • Iarraidh ort a mhionnú go bhfuil an mhionnscríbhinn fíor
  • A dheimhniú go ndearnadh mionnú ceart ar an mionnscríbhinn trí "giúrád" a dhéanamh, a chuireann d’ainm, an áit agus an dáta i gcuntas.

Chun mionnú a dhéanamh, úsáidfidh tú téacs naofa. Cuirfidh an Coimisinéir Mionnaí téacsanna éagsúla naofa ar fáil. Mura bhfuil tú reiligiúnach, is féidir leat dearbhú a dhéanamh, seachas mionn.

Rátaí

Tugtar na táillí is féidir le Coimisinéir Mionnaí a ghearradh i Rialacha na nUaschúirteanna (Táillí is Iníoctha le Coimisinéirí Mionnaí) (I.R. Uimhir 616 de 2003). Is iad siúd:

  • Gearrtar táille €10 in aghaidh gach sínithe chun ráitis a dheimhniú.
  • Táille €2 ar gach foilseán atá ceangailte leis an gcáipéis, a mhéid le táille uasta €30.

Moltar duit na táillí a sheiceáil roimh ré mar gheall go bhféadfaidís a bheith éagsúil. Má bhíonn ar an gCoimisinéir Mionnaí taisteal chugat, is dócha go ngearrfar táille bhreise, mar shampla.

Níor cheart do Choimisinéir Mionnaí, ar Coimisinéir Síochána é/í, chomh maith, táillí a ghearradh ar mhionnaí a riar nó ar glacadh le dearbhuithe nó dearbhaisc nach féidir leo táille a ghearradh orthu mar Choimisinéir Síochána.

Conas bheith i do Choimisinéir Mionnaí

Ceapann an Príomh-Bhreitheamh Coimisinéir Mionnaí. Déantar iarratais trí achainí. Gabhann deimhniú oiriúnachta leis seo, ar gnách go síníonn seisear comhaltaí den lucht dlí agus seisear ceannairí den phobal gnó áitiúil é. Tá roinnt táillí (pdf) le híoc le hiarratas a dhéanamh.

Más Coimisinéir Mionnaí thú agus:

  • Más Aturnae thú – ní féidir leat do chumhachtaí a úsáid in aon imeachtaí ina bhfuil tú ag gníomhú thar ceann aon duine de na páirtithe nó ina bhfuil leas agat.
  • Murab Aturnae thú – níor cheart duit cleachtadh taobh amuigh den limistéar ar ceapadh thú dóibh.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Feabhra 2022