Ceistiúchán agus Faireachán
Réamhrá
Nuair atá an Garda Síochána i mbun imscrúdaithe agus ag brath coireanna, tá siad i dteideal breathnú ar ghníomhartha aon duine ar leith. Ní mór do na Gardaí, áfach, fanacht taobh istigh de chríocha an dlí nuair atá baill den phobal á gceistiú acu. Ionas gur féidir leo é seo a dhéanamh, tá cumhachtaí áirithe tugtha do na Gardaí chun baill den phobal a stopadh agus a cheistiú.
Nuair atá Garda ag imscrúdú cion coiriúil, tá an Garda i dteideal comhoibriú a lorg ó dhuine ar bith trí cheisteanna a fhiafrú den duine faoina bhfaca nó faoinar chuala sé/sí. Cé go bhfuil na Gardaí i dteideal ceisteanna a chur ar bhaill den phobal, áfach, níl aon oibleagáid dlíthiúil ann a leithéid de cheisteanna a fhreagairt ná comhoibriú leis na Gardaí.
Ceistiúchán
Cumhachtaí dlí coiteann
Tá formhór na gcumhachtaí a thugtar do na Gardaí chun baill den phobal a
stopadh agus a cheistiú leagtha síos sa dlí (tugtar cumhachtaí reachtúla
orthu seo). Tá roinnt cásanna, áfach, ina bhfuil Garda i dteideal tú a
stopadh agus a cheistiú ach nach bhfuil aon chumhacht reachtúil ann ina
leith. Tugtar cumhacht dlí coiteann air seo.
Sampla de seo ná má thugann Garda faoi deara go bhfuil rud éigin amhrasach
faoi do ghníomhartha go deireanach san oíche, i gceantar ina bhfuil go leor
coireanna ar bun. Tá an Garda i dteideal tú a stopadh chun coir a bhraitheadh
agus a sheachaint. Níl aon oibleagáid dlíthiúil ort comhoibriú leis an
nGarda, agus ní féidir leis an nGarda fórsa a úsáid chun do shaoirse a
shrianú faoin dlí coiteann, seachas tú a
ghabháil.
Má tá foras réasúnta ag an nGarda a cheapadh go bhfuil coir déanta agat,
is féidir leis an nGarda cumhacht reachtúil a úsáid chun d'ainm agus do
sheoladh a iarraidh. Má dhiúltaíonn tú iad a thabhairt, is féidir leis an
nGarda tú a ghabháil ansin.
Tá cumhacht dlí coiteann ag na Gardaí chun tiománaithe a stopadh go
randamach chun coir a bhrath agus a sheachaint. Is féidir an chumhacht seo a
úsáid, mar shampla, chun carranna a stopadh gar do thithe tábhairne chun
tiománaithe atá ar meisce a aithint nó chun carranna atá ag dul trí
cheantar ina bhfuil go leor coireanna déanta a sheiceáil.
Cumhachtaí reachtúla
Mar a leagtar síos thuas, tá Garda i dteideal tiománaí a stopadh faoin dlí coiteann chun coir a bhrath agus a sheachaint. Tá an Garda i dteideal tiománaí a stopadh faoi chumhacht reachtúil atá tugtha faoi Alt 109 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, a chuireann an dualgas ar thiománaí a f(h)eithicil a stopadh nuair a iarrann Garda air/uirthi é sin a dhéanamh. Tugtar an chumhacht reachtúil seo do na Gardaí chun cáin fheithicil, teastais árachais, ceadúnais tiomána agus ród-acmhainneachta feithiclí a scrúdú. Tá sé teoranta do chiontaí trácht bóithre, rud nach bhfuil fíor faoin gcumhacht dlí coiteann.
Tá líon suntasach cumhachtaí reachtúla ann a cheadaíonn do na Gardaí daoine a stopadh ar chúiseanna ar leith, ach níl ach ceann amháin a thugann cead ar leith do Gharda duine a stopadh agus a cheistiú, gan an duine a ghabháil.
Tugann Alt 30 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939 cead do Gharda duine ar bith a stopadh agus a cheistiú má cheapann an Garda go bhfuil coir déanta acu nó go bhfuil siad ar tí coir a dhéanamh faoi Acht 1939, nó coir atá sceidealta chun críocha an Achta. (Tá roinnt cionta liostáilte mar chiontaí sceidealta, mar shampla, cionta arm tine agus cionta pléascáin). Tugann sé seo an chumhacht do na Gardaí duine atá faoi amhras a stopadh in áit phoiblí. Tugann sé an ceart dóibh freisin aon fheithicil, nó aon long, aon bhád nó aon soitheach eile a stopadh chun an duine atá faoi amhras a cheistiú, a chuardach, agus, más gá, a ghabháil.
Faireachas
Is gnáthrud do na Gardaí faireachas a úsáid ar dhaoine agus ar
shuíomhanna ina n-iarrachtaí coireanna a bhraith agus a chosc. Úsáidtear
faireachas i roinnt staideanna éagsúla. Mar shampla, má tá amhras ann go
bhfuil baint agatsa le gníomhartha coiriúla, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí
faireachas ort. Mar an gcéanna, nuair atá faisnéis ag na Gardaí go bhfuil
coir chun tarlú ag áit ar leith, b'fhéidir go socróidh siad faireachas a
dhéanamh ar an áitreabh nó an suíomh sin. Is faoi na Gardaí den chuid is
mó atá an cinneadh faireachas a dhéanamh ar dhuine nó ar áitreabh, ach
caithfear an cinneadh seo a dhéanamh taobh istigh den dlí.
Tá an saoirse ag gach duine in Éirinn gluaiseachtaí dhaoine eile a thabhairt
faoi deara, agus, go deimhin, maoin dhaoine eile a thabhairt faoi deara. Cé go
bhfuil an méid sin fíor, ní féidir an faire seo a dhéanamh ar bhealach a
chuirfidh imní nó tochsal ar dhuine eile. Tugann Alt
10 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine 1997 cosaint
duit ó stalcaireacht nó ciapadh. Cé go bhfuil a leithéid seo de chosaint
ann, ní dócha go bhféadfaí an chosaint seo a úsáid chun stop a chur le
faireachas na nGardaí, os rud é nach iondúil go mbeadh a fhios agat go
bhfuil faireachas á dhéanamh ort.
Ceart eile atá agat i leith fhaireachas ná an ceart
chun príobháideachta atá agat faoin mbunreacht, atá ina cheart
bunúsach ag gach duine. Baineann an sárú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an
gceart chun príobháideachta seo le faireachas atá á dhéanamh ag
comharsana, mná nó fir céile, imscrúdaitheoirí príobháideacha nó
stalcaire. Níor thaispeáin na cúirteanna aon toilteanas go dtí seo maidir
leis an gcosaint seo a úsáid i gcásanna ina raibh an faireachas ar bun ag na
Gardaí in imscrúdú, brath nó cosc coireanna.
Forálann an tAcht um Cheartas Coiriúil (Faireachas) 2009, a tháinig an dlí i mí Iúil 2009, creat reachtúil ar fhianaise a fhaightear trí fhaireachas rúnda. Tá sé i gceist go faireachas den sórt sin a úsáid chun dul i ngleic coiriúil tromchúiseach, gníomhaíocht threascrach nó sceimhlitheoireachta. Forálann an tAcht do nós imeachta údaraithe maidir le faireachas agus breithiúnach nós imeachta gearán.
Tascradh ar ghlaonna teileafóin agus pacáistí
Faoin Acht um Tascradh den Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide (Rialáil) 1993, tá forálacha reachtúla ann a thugann an chumhacht do Ghardaí teicneolaíocht a úsáid chun faireachas a dhéanamh ar dhaoine. Sampla de seo ná an chumhacht a thugtar do na Gardaí glaoch teileafóin a thascradh chun imscrúdú a dhéanamh ar chionta coiriúla. Tá an chumhacht seo arna thabhairt ag an an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Is féidir leis an Aire údarú a thabhairt i gcomhair trascradh agus oscailt litreacha agus pacáistí poist freisin. Ní féidir le haon duine ach Coimisinéir na nGardaí iarratas a dhéanamh ar údarú dá leithéid seo i leith chionta coiriúla. Is féidir le Coimisinéir na nGardaí agus le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann (an tArm) iarratas a dhéanamh ar údarú i leith slándáil an stáit.
Bíonn monatóireacht á dhéanamh ar oibriú na dtascradh seo ag Uachtarán na hArd-Chúirte, atá freagrach as a chinntiú go bhfuil siad teoranta dóibh siúd atá údaraithe ag an Aire.
Is cion coiriúil é glaoch teileafóin, litir nó pacáiste le duine eile a thascradh, gan údarú dlíthiúil.