Comhlachais tithíochta

Cad é comhlacht ceadaithetithíochta (CCT)?

Eagraíochtaí neamhbhrabúsacha neamhspleácha iad Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna). Cuireann siad tithíocht inacmhainne ar cíos ar fáil do dhaoine nach bhfuil an acmhainn acu cíosanna san earnáil phríobháideach a íoc nó a n-áiteanna cónaithe féin a cheannach. Cuireann roinnt CCTanna tithíocht ar fáil go sonrach do ghrúpaí áirithe daoine, cosúil le daoine breacaosta nó daoine gan dídean. Tugtar comhlachais tithíochta freisin ar CCTanna.

Áirítear leis an téarma CCT freisin comharchumainn tithíochta. Eagraíochtaí tithíochta iad comharchumainn tithíochta atá á rialú ag a dtionóntaí. Leagtar an fhreagracht chéanna ar thionóntaí nó comhaltaí na gcomharchumann seo as bainistíocht agus cothabháil a n-áiteanna cónaithe.

Tugtar comhlachtaí ceadaithe tithíochta ar CFTanna mar gheall go bhfaomhtar iad faoi Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992. Ceadaíonn seo dóibh teacht ar chúnamh ó údaráis áitiúla chun tithíocht a sholáthar.

Cén seirbhísí a sholáthraíonnCCTanna?

Tá thart ar 500 comhlacht ceadaithe tithíochta (CCTanna) in Éirinn. Is éagsúil iad ó thaobh méide de agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad. Anuas ar thithíocht inacmhainne ar cíos a sholáthar, tá mar chuspóir ag CCTanna rannpháirtíocht agus forbairt an phobail a spreagadh agus a chur chun cinn.

Tugann údaráis áitiúla cistiú rialtais do CCTanna le tithíocht inacmhainne ar cíos a sholáthar. Úsáideann siad an cistiú seo leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Tithe nua a thógáil
  • Tithe atá ann cheana a cheannach
  • Tithe príobháideacha a léasú

Bhunaigh eagraíochtaí cúraim atá ann cheana roinnt CCTanna le seirbhísí a sholáthar do ghrupaí ar leith, cosúil le daoine breacaosta, daoine faoi mhíchumas nó daoine gan dídean. Cuireann roinnt díobh seirbhísí neamhthithíochta ar fáil, ar nós grúpbhéilí, gníomhaíochtaí sóisialta agus comhairle ar leas.

Cabhraíonn roinnt CCTanna le daoine ar mian leo filleadh ar Éirinn le cónaí sa tír. Mar shampla, cabhraíonn Safe-Home Ireland le heisimircigh a rugadh in Éirinn a chónaíonn i gcóiríocht ar cíos thar lear ar mian leo filleadh abhaile ar Éirinn ach nach bhfuil an acmhainn acu íoc as a gcóiríocht féin.

Conas iarratas a dhéanamh arthithíocht le CCT

Más mian leat go gcuirfidh CCT tithíocht ar fáil duit, caithfidh tú a bheith ar liosta feithimh tithíochta an údaráis áitiúil i do cheantar. Tá ort iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta agus ceadú a fháil don tacaíocht sin le háit a bhaint amach ar an liosta feithimh.

Chun cáiliú do thacaíocht tithíochta sóisialta, caithfidh tú a bheith incháilithe do thithíocht shóisialta agus caithfidh go dteastaíonn sé uait. Caithfidh gur féidir leat a bheith in ann an méid seo a leanas a thaispeáint:

  • Tá d’ioncam faoi leibhéal áirithe
  • Níl cóiríocht mhalartach oiriúnach agat
  • Níl do chóiríocht reatha oiriúnach

Is féidir níos mó a léamh faoi cháiliú do thacaíocht tithíochta sóisialta agus conas iarratas a dhéanamh ar ár leathanach iarratas a dhéanamh ar thithíocht údaráis áitiúil.

An fhoirm iarratais ar thithíocht shóisialta a líonadh

Más mian leat go ndéanfar breithniú ort le haghaidh tithíocht a sholáthraíonn CCT, cinntigh go gcuireann tú tic sa bhosca atá marcáilte amhail 'comhlacht ceadaithe tithíochta (CCT)' sa mhír ‘Riachtanais Tithíochta’ ar an bhfoirm iarratais tithíochta sóisialta.

Beidh d’údarás áitiúil in ann a insint duit an bhfuil comhlachtaí ceadaithe tithíochta i do cheantar. I bhformhór na gcásanna, atreoróidh an t-údarás áitiúil thú chuig CCT má thagann áit chónaithe oiriúnach aníos. Is féidir le líon an-bheag CCTanna glacadh le hiarratais dhíreacha.

Má theastaíonn cabhair uait chun an fhoirm iarratais ar thithíocht shóisialta a líonadh, déan teagmháil, le do thoil, le d’Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil nó le d’údarás áitiúil chun cabhair a fháil.

Conas a rialaítear CCTanna agus cénfreagrachtaí atá orthu?

Déanann 2 eagraíocht comhlachtaí ceadaithe tithíochta a rialáil. Déanann an tÚdarás Rialála Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (an ÚRCCT) maoirseacht ar bhainistiú agus feidhmíocht CCTanna, a chinntíonn go gcosnaítear infheistíocht an phobail i dtithíocht CCT. Cinntíonn an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (an BTC) go gcosnaítear cearta agus freagrachtaí tiarnaí talún agus tionóntaí CCT.

An tÚdarás Rialála Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (an ÚRCCT)

Bunaíodh an tÚdarás Rialála Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (an ÚRCCT) in 2021. Tá sé freagrach comhlachtaí ceadaithe tithíochta a rialáil. Déanann sé maoirseacht ar riarachán, bainistíocht airgeadais agus feidhmíocht CCTanna. Áirítear lena fheidhmeanna:

  • Clár CCTanna a choimeád
  • Caighdeáin do CCTanna a fhorbairt agus a chinntiú go sásaítear iad
  • Monatóireacht agus imscrúdú a dhéanamh ar CCTanna

Clárú leis an ÚRCCT

Ghlac an ÚRCCT le freagracht as an gclár CCTanna an 1 Eanáir 2022. Choimeád an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta clár CCTanna roimhe sin. Aistríodh CCTanna a bhí ar an seanchlár go huathoibríoch go dtí an ceann nua agus ‘measadh go raibh siad cláraithe’. Tá ar na CCTanna seo clárú go díreach go fóill leis an ÚRCCT, mar gheall go bhfuil riachtanais bhreise ann maidir leis an gclár nua. Ach, tugadh amfhráma sínte dóibh leis seo a dhéanamh. Braitheann an fad ama a thugtar do ‘CCT a mheastar atá cláraithe’ chun clárú leis an ÚRCCT ar an líon áiteanna cónaithe a sholáthraíonn nó a bhainistíonn siad. Is féidir leat teacht ar an eolas seo i mBeartas Clárúcháin an ÚRCCT.

Tá próiseas clárúcháin an ÚRCCT beagán éagsúil i leith CCTanna nua a dhéanann iarratas chun clárú leo.

Ba cheart do CCTanna nua agus a mheastar atá cláraithe teagmháil a dhéanamh leis an ÚRCCT chun plé a dhéanamh ar a n-iarratais sula gcuireann siad tús leis an bpróiseas clárúcháin. Is féidir leis an ÚRCCT comhairle a thabhairt faoin bpróiseas clárúcháin, critéir cháilitheachta, foirmeacha iarratais agus riachtanais eolais.

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (an BTC)

Tá an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (an BTC) freagrach as an earnáil chíosa a rialáil. Coimeádann sé clár náisiúnta tionóntachtaí agus cuireann sé seirbhís réitigh díospóide ar fáil do thionóntaí agus tiarnaí talún.

Bíonn na cearta agus oibleagáidí céanna ag CCT a bhíonn ag tiarnaí talún príobháideacha. Mar shampla, caithfidh siad a dtionóntachtaí a chlárú gach bliain leis an BTC. Bíonn na cearta agus oibleagáidí céanna ag tionóntaí CCT a bhíonn ag tionóntaí príobháideacha, ach roinnt eisceachtaí a bheith ann.

Thug an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2015 tionóntachtaí CCT faoi shainchúram an BTC agus ciallaíonn sin go bhfuil na tionóntachtaí seo cumhdaithe ag an reachtaíocht um thionóntachtaí cónaithe.

Teagmhálaithe áisiúla

None

11/12 Plás Warrington
Baile Átha Cliath 2
D02 E221
Éire

Teil: (01) 661 2877
Facs: (01) 661 4462
Láithreán Gréasáin: http://www.cooperativehousing.ie/

An tÚdarás Rialála Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe

Teil: (01) 2243900

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe

Bosca PO 47
Cloich na Coillte,
Contae Chorcaí
Éire

Uaireanta Oscailte: 9rn go 5in
Teil: 0818 303 037 or 01 702 8100
Facs: 0818 303 039
Láithreán Gréasáin: http://www.rtb.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Iúil 2022