An Dreasacht Athchóirithe Tí

Réamhrá

Cuireann an Dreasacht Athchóirithe Tí (DAT) ar chumas úinéirí tí agus tiarnaí talún faoiseamh cánach a éileamh ar dheisiúcháin, ar athchóirithe nó ar obair feabhsaithe a dhéanann conraitheoirí atá cáin-chomhlíontach ar a gcuid tithe, má tá an dreasacht sin faoi réir CBL ar ráta 13.5%. Le héifeacht ó 1 Eanáir 2017 tá DAT leathnaithe go tionóntaí na n-údarás áitiúil a bhfuil cead acu ón údarás áitiúil na hoibreacha a dhéanamh.

Íoctar an Dreasacht Athchóirithe Tí (DAT) i bhfoirm creidmheas cánach ar ráta 13.5% den chaiteachas cáilitheach, rud ar féidir é a chur i gcoinne do chánach ioncaim thar thréimhse dhá bhliain. Go h-éifeachtach, laghdaítear an ráta CBL go náid ar obair cháilitheach, suas go h-uasteorainn €30,000.

Chun bheith incháilithe don DAT, ní mór an obair a bheith déanta idir 25 Deireadh Fómhair 2013 agus 31 Nollaig 2018 más úinéir tí tú; idir 15 Deireadh Fómhair agus 31 Nollaig 2018 más tiarna talún tú; agus idir 1 Eanáir 2017 agus 31 Nollaig 2018 más tionónta an údaráis áitiúil tú.

Rialacha

Chun bheith incháilithe don DAT mar úinéir lonnaitheach ní mór an obair a dhéanamh ar do príomháit chónaithe phríobháideach. Mar atá thuasluaite d'fhéadfadh go mbeadh tiarnaí talún incháilithe maidir le hobair a dhéantar ar a réadmhaoine ar cíos, ar gá iad a chlárú leis an m Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.

Ní mór duit cáin ioncaim a íoc - trí IMAT nó trí fhéinmheasúnú - chun leas a bhaint as an DAT..

Más úinéir tí nó tiarna talún tú, ní mór duit bheith cothrom le dáta maidir le do cheanglais faoin gCáin Mhaoine Áitiúil.

Más tionónta an údaráis áitiúil tú, ní mór duit réamhchead i scríbhinn a fháil ón údarás áitiúil chun na hoibreacha a dhéanamh.

Ní mór d’aon chonraitheoir a úsáideann tú bheith cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) in Éirinn agus ní mór dó bheith cáin-chomhlíontach. Tá ceisteanna do chonraitheoirí foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Má thugann roinnt conraitheoirí éagsúla, amhail tógálaí, pluiméir agus leictreoir, faoi obair cháilitheach ar do theach, is féidir leat costas na n-oibreacha a shuimiú chun an caiteachas cáilitheach íosta a bhaint amach – féach Rátaí thíos.

Obair cháilitheach

Is é an cineál oibre a cháilíonn don DAT ná obair dheisiúcháin, athchóirithe nó feabhsaithe atá faoi réir CBL ar ráta 13.5%. Áirítear leis an obair sin síntí, garáistí agus athchóirithe áiléir; cistineacha, seomraí folctha agus feistis ionsuite a sholáthar agus a fheistiú; fuinneoga a fheistiú; tírdhreachú gairdín; pluiméireacht, tíliú, athshreangú, plástráil agus péintéireacht.

Má tá d’umar seipteach á dheisiú nó á athsholáthar, nó má tá réiteach maolaithe gás radóin á shuiteáil agat, cáilíonn na cineálacha sin oibre don DAT freisin. Is féidir le hobair ar chabhsáin agus ar chórais bhailiú baistí bheith cáilitheach freisin. Tá tuilleadh samplaí foilsithe ar revenue.ie.

Mura bhfuil tú cinnte faoi cé acu a cháileoidh nó nach gcáileoidh do chuid oibreacha, déan teagmháil le hoifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim– féach Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh thíos.

Níl obair atá faoi réir CBL ar ráta 23% (ar nós táillí ailtirí) cuimsithe. Níl earraí amhail troscán, earraí bána ná cairpéad cuimsithe ach oiread.

Úinéirí tí: Go ginearálta, ní mór go ndéantar an obair agus go n-íoctar aisti idir an 25 Deireadh Fómhair 2013 agus an 31 Nollaig 2018. Caithfear le hobair cháilitheach a rinneadh idir an 25 Deireadh Fómhair 2013 agus an 31 Nollaig 2013 mar a dhéanfaí í agus mar a d’íocfaí aisti in 2014.

Tiarnaí talún: Go ginearálta, ní mór go ndéantar an obair agus go n-íoctar aisti idir an 15 Deireadh Fómhair 2014 agus an 31 Nollaig 2018. Caithfear le hobair cháilitheach a rinneadh idir an 15 Deireadh Fómhair 2014 agus an 31 Nollaig 2014 mar a dhéanfaí í agus mar a d’íocfaí aisti in 2015.

Tionóntaí an údaráis áitiúil: Ní mór go ndéantar an obair agus go n-íoctar aisti idir an 1 Eanáir 2017 agus an 31 Nollaig 2018. Tá réamhchead i scríbhinn ag teastáil ón údarás áitiúil chun na hoibreacha a dhéanamh.

Tuilleadh eolais

faisnéis ghinearálta faoin DAT agus faisnéis shonrach d’úinéirí tí agus do thiarnaí talún foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, chomh maith le treoir d’úinéirí tí agus do thiarnaí talún (pdf) agus treoir do chonraitheoirí(pdf). Tá mionsonraí le fáil freisin i lámhleabhar na gCoimisinéirí Ioncaim Tax and Duty Manual (pdf).

Beidh eolas ar fáil go luath maidir le conas gur féidir le tionóntaí na n-údarás áitiúil faoiseamh DAT a éileamh. Idir an dá linn ba chóir do thionóntaí na n-údarás áitiúil dul i dteagmháil le hoifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh eolais a fháil.

Rátaí

Ní mór €4,405 ar a laghad a bheith ar an obair cháilitheach sula gcuirfear CBL ar ráta 13.5% leis, rud a thugann iomlán €5,000, agus CBL san áireamh. Ní bhfaighidh tú an creidmheas cánach ach amháin i ndáil le méid uasta €30,000 (roimh CBL) le linn na tréimhse atá cuimsithe ag an DAT.

Is é €595 an creidmheas íosta, bunaithe ar an gcaiteachas cáilitheach íosta €4,405. Is é €4,050 an creidmheas uasta, bunaithe ar an gcaiteachas cáilitheach uasta €30,000.

Má tá deontas á éileamh agat i gcomhair na n-oibreacha, nó má tá na hoibreacha cuimsithe ag éileamh árachais, laghdófar an méid de do chaiteachas a cháilíonn don DAT - féach Ceisteanna Coitianta na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuilleadh sonraí.

Conas iarratas a dhéanamh

Creidhmeas a éileamh

Is féidir leat an creidmheas cánach DAT a éileamh tar éis dheireadh na bliana cánach má tá an méid íosta €4,405 roimh CBL (€5,000 san iomlán) bainte amach ag do chaiteachas cáilitheach agus má tá cáin ioncaim íoctha agat. Is féidir aon chreidmheas cánach neamhúsáidte a chur i bhfeidhm an bhliain ina dhiaidh sin.

Go ginearálta, beidh an creidmheas cánach iníoctha thar an dá bhliain a leanann an bhliain ina ndearnadh an obair agus inar íocadh aisti. Más cáiníocóir ÍMAT thú, cuirfear an méid den chreidmheas incheadaithe ar áireamh i do Dheimhnithe bliantúla Creidmheasa Cánach don dá bhliain a leanann an bhliain ina ndearnadh an obair. Más cáiníocóir féinmheasúnaithe thú, cuirfear é san áireamh i do mheasúnú cánach don dá bhliain a leanann an bhliain ina ndearnadh an obair.

B'í an bhliain 2015 an chéad bhliain ina raibh úinéirí príomháideacha in ann creidmheas DAT a éileamh.

B'í an bhliain 2016 an chéad bhliain ina raibh tiarnaí talún in ann creidmheas DAT a éileamh.

I gcás tionóntaí na n-údarás áitiúil. is í 2018 an chéad bhliain gur féidir creidmheas DAT a éileamh - Is le haghaidh íocaíochtaí a rinneadh i rith 2017 é seo. Beidh eolas ar fáil go luath. Idir an dá linn ba chóir duit dul i dteagmháil le hoifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh eolais a fháil.

Sonraí na hoibre

Chun go mbeidh tú in ann an creidmheas DAT a éileamh, ní mór do do chonraitheoir/chonraitheoirí sonraí na hoibre a chur isteach ar an gcóras riaracháin ar líne DAT. Níl an córas sin ar fáil ach amháin do chonraitheoirí atá cláraithe do CBL agus atá cáin-chomhlíontach.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim d'iarratasóirí logáil isteach ar DAT ar-líne (Féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos) chun a cinntiú go bhfuil sonraí cearta na n-oibreacha agus na n-íocaíochtaí curtha isteach ag a gconraitheoirí.

Seicliosta

Ba chóir duit an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

  • Cinntigh go bhfuil aon Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) nó aon Mhuirear Teaghlaigh atá dlite íoctha agat nó go bhfuil socrú déanta agat le iad a íoc
  • Seiceáil go bhfuil uimhir CBL ag do chonraitheoir agus go bhfuil sé/sí cáin-chomhlíontach
  • Cinntigh go gcáilíonn an obair don DAT – féach 'Obair cháilitheach'thuas
  • Más tionónta an údarás áitiúil tú, faigh údarú i scríbhinn ón údarás áitiúil roimh aon obair a dhéanamh.
  • Coinnigh gach doiciméad tacaíochta – deimhnithe imréitigh cánach, meastacháin, fáltais etc.
  • Tabhair Aitheantas Cháin Mhaoine Áitiúil do mhaoine do do chonraitheoir, ach ná tabhair d’Uimhir Aitheantais Phearsanta CMÁ ná d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chun an creidmheas DAT a éileamh, bain úsáid as córas ar-líne DAT, atá le fáil trín tseirbhís myAccount nó trí ROS.

Más tionónta an údarás áitiúil tú, ba chóir duit dul i dteagmháil le hOifig na gCoimisineirí Ioncaim chun eolas a fháil.

Is féidir Aimsitheoir Teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim a aimsiú má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait ar an DAT.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Meán Fómhair 2017