Scéim chun lochtanna ar árasáin agus árasáin dhá urlár a dheisiú

Cad í an scéim a bheartaítear chun deisiú lochtanna ar árasáin agus árasáin dhá urlár a chistiú?

Tá lochtanna tromchúiseacha ar go leor árasán agus árasáin dhá urlár a tógadh idir 1991 agus 2013. Áirítear leo seo lochtanna sábháilteachta ó dhóiteán, lochtanna sábháilteachta struchtúraí agus lochtanna mar thoradh ar uisce ag teacht isteach sa réadmhaoin.

Soláthróidh scéim nua cistiú leis na lochtanna seo a dheisiú.

Tá reachtaíocht á dréachtú leis an scéim a chur i bhfeidhm agus beartaítear go mbeidh sé i bhfeidhm in 2024.

Ach cuirfear obair leis na saincheisteanna sábháilteachta ó dhóiteán sa réadmhaoin seo a tosaíodh i ndiaidh an 17 Eanáir 2023 san áireamh sa scéim, féach an mhír thíos ‘Cad faoi má tá obair á tosú agam ar mo réadmhaoin nó má dheisigh mé saincheisteanna cheana féin?’.

Conas a dhéanfar an scéim a oibriú?

D'fhorbair an rialtas togra maidir le conas a oibreofar an scéim. Teastaíonn reachtaíocht le hí a chur i bhfeidhm, áfach, agus d’fhéadfadh seo an scéim a bheartaítear a athrú.

Sa togra, riarfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta an scéim agus soláthróidh sé eolas agus comhairle do Cuideachtaí Bainistíochta Úinéirí (OMCanna) agus d’úinéirí tí fúithi.

Cé a gheobhaidh an cistiú?

Soláthróidh an scéim cistiú do Chuideachtaí Bainistíochta Úinéirí (OMCanna) chun tabhairt faoin obair feabhsúcháin. Déanfar breithniú ar an bhfoirgneamh iomlán in aon am amháin d’obair feabhsúcháin, agus déanfar measúnú ar limistéir choiteanna agus ar árasáin aonair le chéile, mar sin. Braithfidh méid an chistithe a sholáthrófar ar na lochtanna atá le cur ina gceart.

Cén réadmhaoin a cháileoidh?

Cáileofar árasáin agus árasáin dhá urlár a tógadh idir 1991 agus 2013 don scéim. Cumhdóidh an scéim obair leis na rudaí a leanas a dheisiú:

  • Lochtanna sábháilteachta ó dhóiteán
  • Lochtanna sábháilteachta struchtúraí
  • Lochtanna mar thoradh ar uisce ag teacht isteach i réadmhaoin

Ní bhíonn an scéim i gceist ach más dearadh, saoirseacht nó ábhair lochtacha ba chúis leis na lochtanna agus gur sháraigh siad na Rialacháin Foirgníochta a bhí i gceist nuair a tógadh an réadmhaoin.

Ní chumhdóidh an scéim lochtanna a tháinig aníos mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • Ní dhearnadh an foirgneamh a chothabháil go leordhóthanach
  • Níor phleanáil cistí fiachmhúchta cistiú chun córais an fhoirgnimh agus córais sábháilteachta a athsholáthar nuair a d’éag siad
  • Ní dhearnadh bainistiú ceart ar an obair thógála a rinneadh níos déanaí agus d’eascair lochtanna as seo

Cad faoi má tá obair á tosú agam ar mo réadmhaoin nó má dheisigh mé saincheisteanna cheana féin?

Obair chun lochtanna sábháilteachta dóiteáin a dheisiú

Cuimseofar obair feabhsúcháin sa scéim a thosaítear i ndiaidh an 17 Eanáir 2023 chun lochtanna sábháilteachta ó dhóiteán ar na hárasáin agus na hárasáin dhá urlár seo a dheisiú.

Cuimseofar an obair seo chomh fada agus go sásaíonn an obair coinníollacha áirithe, go n-aontaíonn tú leis an obair le Seirbhís Dóiteáin an údaráis áitiúil Seirbhísí roimh ré ina measc.

Tá seo á dhéanamh lena chinntiú nach gcuirtear deisiúcháin ar shábháilteacht ó dhóiteán siar fad a bhítear ag feitheamh leis an scéim tosú. Tá sonraí an phróisis seo á ndeimhniú go fóill agus beidh eolas breise ar fáil fúithi go luath.

Obair eile tosaithe nó críochnaithe cheana féin

Tá scéim lochtanna leagáide ar na bacáin le híoc as costas na hoibre feabhsúcháin a rinneadh cheana féin.

Cé a ndéanaim teagmháil leis maidir le lochtanna ar m’árasán nó m’árasán dhá urlár?

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an gCuideachta Bhainistíochta Úinéirí (an OMC) do d’árasán nó árasán dhá urlár, má cheapann tú go bhfuil locht ar do réadmhaoin. Ba cheart dóibh duine a fháil chun an tsaincheist a iniúchadh chun gur féidir í a dheisiú.

Nuair a bheidh an scéim ar bun, gheobhaidh an OMC cistiú tríd an scéim leis na hoibreacha feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar d’fhoirgneamh. Soláthróidh an Ghníomhaireacht Tithíochtaeolas agus comhairle freisin faoin scéim a luaithe a thosóidh sí.

Eolas breise agus teagmhálaithe

D’fhorbair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Ceisteanna Coitianta faoin scéim a bheartaítear.

Gníomhaireacht Tithíochta

53 Sráid an Mhóta Uachtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 KT73
Éire

Teil: +353 1 656 4100
Láithreán Gréasáin: https://www.housingagency.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Márta 2023