Rialú cúraim chónaithe do dhaoine scothaosta

Eolas

Is é an tÚdarás um Cháilíocht agus Eolas Sláinte atá freagrach as gach seirbhís cúraim chónaithe i gcomhair daoine scothaosta a chlárú agus as cigireacht a dhéanamh orthu. Ní mór do sheirbhísí caighdeáin airithe atá leagtha síos sa reachtaíocht a shásamh agus áirítear leo rialacha maidir le caighdeán na cóiríochta agus an chúraim.

Tá na seirbhísí go léir lena n-áirítear tithe altranais idir phoiblí, phríobháideach agus dheonach faoi réir an cheanglais seo maidir le clárú agus cigireacht neamhspleách.

Bhíodh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as clárú agus cigireacht a dhéanamh ar sheirbhísí cúraim chónaithe idir phríobháideach agus dheonach go dtí Iúil 2009 agus as tuarascálacha cigireachta go dtí an dáta sin a chur ar fáil.

Clárú agus cigireacht

Ní cheadaítear do sheirbhísí feidhmiú mura mbíonn siad cláraithe ag ÚCES agus déantar cigireacht orthu go rialta le cinntiú go gcuireann siad cúram ardchaighdeáin ar fáil i gcónaí.

Déanann ÚCES cigireacht ar sheirbhísí cónaithe agus athchláraíonn sé gach ionad gach trí bliana. Bíonn cigireachtaí gan choinne agus cigireachtaí réamhfhógartha i gceist. Déantar iad i rith an lae agus san oíche, sa tráthnóna agus i rith an deireadh seachtaine.

Córas neamhspleách amach agus amach atá sa phróiseas cláraithe agus cigireachta agus foilsítear tuarascálacha tar éis gach cigireachta. Cuireann na cigireachtaí sin faisnéis ar fáil do na cónaitheoirí féin, dá dteaghlaigh agus don phobal i gcoitinne faoi chaighdeán an chúraim sna hionaid éagsúla.

Féadfaidh tú cláir na n-ionad cónaithe do dhaoine scothaosta agus na tuarascálacha cigireachta reatha a scrúdú ar láithreán gréasáin ÚCES.

Caighdeáin

Is é an aidhm atá leis na Caighdeáin Náisiúnta Cáilíochta um Ionaid Cúraim Chónaithe do Dhaoine Scothaosta in Éirinn (pdf) ná cabhrú lena chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais daoine atá ina gcónaí i gcóiríocht chónaitheach. Lena chois sin tá treoir maidir leis na caighdeáin (guide to the standards (pdf) agus bileog eolais maidir le clárú agus cigireacht (leaflet on registration and inspection) (pdf) ar fáil.

Tá 32 caighdeán i gceist agus iad curtha in eagar i 7 rannán:

Cearta cónaitheoirí: Áirítear leo sin go mbeadh tú in ann faisnéis agus comhairle a fháil, go spreagfaí tú do thuairimí a nochtadh, go mbeadh ceart toilithe agat maidir le cóireáil agus cúram, ceart a bheith agat conradh i scríbhinn a dhéanamh srl.

Cosaint cónaitheoirí: Áirítear leis sin cosaint ar bhulaíocht agus ar mhí-úsáid eile agus cosaint maidir leis an gcaoi a láimhseáiltear do chuid airgid.

Riachtanais sláinte agus cúraim shóisialta: Áirítear leo siúd go ndéanfaí measúnú ar do shláinte, ar do riachtanais phearsanta agus ar do riachtanais maidir le cúram sóisialta agus ar a bhfuil á dhéanamh agat féin maidir le do phlean cúraim.

Cáilíocht na beatha: Áirítear leis sin go mbeadh rogha agat faoi do shaol agus iad faoi do thoil agat, agus rogha agat faoi do neamhspleáchas agus faoi theagmháil le cuairteoirí.

Foireann: Áirítear leis seo cáilíochtaí na mball foirne agus go ndéanfaí grinnfhiosrúchán agus maoirsiú orthu.

An timpeallacht chúraim: Airítear leis seo an timpeallacht fhisiciúil, a bheith in ann dul amach faoin aer, sláinteachas agus earraí pearsanta.

Bainistiú agus rialachas: Áirítear leo sin beartais agus nósanna imeachta a bhaineann le sábháilteacht agus le leas cónaitheoirí agus ráiteas i scríbhinn ag cur síos ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil san ionad.

Seirbhísí do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu

Baineann na caighdeáin thuas go léir le haonaid ina dtugtar aire do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu ach go bhfuil critéir bhreise i gceist sa chás sin. Baineann siad sin le;

  • Diagnóis néaltraithe
  • Cabhrú le cónaitheoirí agus a mball teaghlaigh tuiscint níos fearr a bheith acu ar nádúr an néaltraithe
  • Pleanáil cúraim agus measúnaithe i gcomhair daoine a bhfuil néaltrú orthu
  • Cúram a sholáthar atá dírithe ar an duine féin
  • Leas a bhaint as teiripí agus teicnící a éascaíonn cumarsáid socruithe foirne, forbairtí cleachtais agus oiliúint foirne, agus
  • Dearadh fisiceach, leagan amach agus cumraíocht na n-aonad atá curtha ar fáil do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu.

Gearáin

Má tá imní ortsa, nó ar bhall do theaghlaigh, nó ar dhuine atá ag gníomhú ar do shon faoin gcúram atá á fháil agat, ba chóir iarracht a dhéanamh an scéal a réiteach ar an leibhéal áitiúil le lucht bainistíochta na seirbhíse cúraim.

Conradh cúraim
Déantar conradh cúraim idir tú féin agus an teach altranais sula dtéann tú isteach ann. Leagann an conradh sin síos na téarmaí a bhainfidh le do chúram agus le do leas agus ní mór go mbeadh sonraí ann faoi na seirbhísí atá le soláthar agus na táillí atá le gearradh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Féadfaidh tú cláir na n-ionad cónaitheach do dhaoine breacaosta agus tuarascálacha cigireachta reatha a scrúdú ar láithreán gréasáin ÚCES. Iarr ar thithe altranais faoi leith sonraí a thabhairt duit faoi na costais agus na coinníollacha a bhaineann leo.

Féadfaidh tú tuilleadh eolais faoi chlárú agus cigireacht tithe altranais agus faoi na Caighdeáin Náisiúnta a fháil ó ÚCES.

An t-Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte

Aonad 1301,
Geata na Cathrach,
Machain,
Contae Chorcaí,
T12 W7CV

Teil: (021) 240 9300 or (01) 814 7400
Láithreán Gréasáin: http://www.hiqa.ie/
R-phost: info@hiqa.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Meán Fómhair 2015