Tionól na Saoránach

Cad is Tionól na Saoránach ann?

Tugann Tionól na Saoránach saoránaigh le chéile chun saincheisteanna tábhachtacha dlí agus beartais in Éirinn a phlé agus a bhreithniú. Déanann an Tionól moltaí ansin agus tuairiscíonn sé ar ais chuig an Oireachtas (parlaimint na hÉireann).

Tionól na Saoránach ar dhrugaí

Cuireadh tús le Tionól na Saoránach ar dhrugaí i mí Aibreáin 2023. Tháinig an Tionól le chéile don uair dheireanach an 22 Deireadh Fómhair 2023.

Chuir an Tionól a thuarascáil deiridh i láthair an 25 Eanáir 2024 lena n-áirítear 36 moladh maidir le múnla nua chun an dochar a dhéantar de bharr úsáid drugaí aindleathacha in Éirinn a laghdú.

Tionóil na Saoránach roimhe seo

2022

Reachtáladh dhá Thionól Saoránach in 2022. Rinneadh breithniú ar an dá ábhar seo a leanas lena linn:

  • Méara Bhaile Átha Cliath a thoghadh go díreach
  • Conas freagairt do chailliúint bithéagsúlachta

Tháinig an Tionól Saoránach maidir le méara Bhaile Átha Cliath a thoghadh go díreach le chéile don uair dheireanach ar an 1 Deireadh Fómhair 2022. Vótáil an Tionól i bhfabhar méara a toghadh go díreach a mholadh, agus chuir sé a thuarascáil deiridh lena n-áirítear a moltaí i láthair ar an 27 Eanáir 2023.

Tháinig Tionól na Saoránach maidir le cailliúint bithéagsúlachta le chéile don uair dheireanach an 21 Eanáir 2023. Chuir an Tionól a thuarascáil deiridh lena n-áirítear a mholtaí i láthair ar an 5 Aibreán 2023.

2020-2021

Bunaíodh Tionól na Saoránach, 2020-2021 le breithniú a dhéanamh ar chomhionannas inscne. Chuir an Tionól a thuarascáil deiridh, lena n-áirítear a moltaí i láthair ar an 2 Meitheamh 2021.

2016-2018

Idir 2016 agus 2018, bunaíodh Tionól na Saoránach chun na nithe seo a leanas a bhreithniú:

Comhaltaí Thionól na Saoránach

De ghnáth bíonn 99 ball den phobal a roghnaítear go randamach agus cathaoirleach ceaptha amháin i dTionól na Saoránach.

Roimh 2022, roghnaíodh comhaltaí Thionól na Saoránach go randamach ó chlár na dtoghthóirí.

Ó 2022 ar aghaidh, tá duine fásta ar bith a bhfuil cónaí air/uirthi sa Stát i dteideal bheith ina c(h)omhalta de Thionól na Saoránach. Áirítear leis seo daoine nach saoránaigh Éireannacha iad agus nach bhfuil cláraithe ar chlár na dtoghthóirí.

Seoltar cuirí chuig teaghlaigh a roghnaítear go randamach. Ó na daoine a thugann freagra ag rá gur mhaith leo a bheith páirteach, roghnaítear baill chun sochaí na hÉireann a léiriú i dtéarmaí aoise, inscne, aicme sóisialta agus scaipeadh réigiúnach.

Mar a oibríonn an Tionól

Comhaontaíonn gach Tionól a rialacha agus a nósanna imeachta féin maidir leis an gcaoi a gcuirfidh sé a ghnó i gcrích. Comhaontaíonn an Rialtas agus an tOireachtas Téarmaí Tagartha sula gcuirtear tús le Tionól Saoránach, ar treoirlínte iad a chuidíonn le hobair an Tionóil a shainiú.

Féadfaidh an Tionól aighneachtaí a lorg agus a ghlacadh ó dhaoine ar spéis leo aon cheann de na saincheisteanna atá á bplé, amhail shainghrúpaí comhairleacha.

Nuair a bheidh breithniú déanta ag an Tionól ar gach saincheist ar leith, forbraíonn sé sraith dréachtmholtaí agus vótaí maidir le gach saincheist. Tuairiscíonn sé ansin do Thithe an Oireachtais agus déanann sé moltaí. Is é an chéad chéim eile don Rialtas freagra a thabhairt ar gach moladh agus díospóireacht a shocrú san Oireachtas.

Má ghlacann an Rialtas le moladh gur cheart an Bunreacht a leasú, áireofar ina fhreagra san Oireachtas fráma ama chun reifreann a reáchtáil.

Tuilleadh eolais

Is féidir sonraí a fháil faoi chruinnithe Tionóil roimhe seo ar shuíomh gréasáin Thionól na Saoránach. Is féidir féachaint ar fhíseáin agus ar shruthanna de chruinnithe an Tionóil ar chainéal YouTube Thionól na Saoránach.

An Tionól Saoránach

16 Cearnóg Parnell,
Baile Atha Cliath,
Éireann,
D01 A2W2

Teil: 01-6194110
Láithreán Gréasáin: https://www.citizensassembly.ie/en/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Feabhra 2024