Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine

Cad is Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine ann?

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar gach comhlacht poiblí in Éirinn an comhionannas a chur chun cinn, an t-idirdhealú a chosc agus cearta an duine a chosaint i gcás na ndaoine seo a leanas:

  • A gcuid fostaithe
  • A gcuid custaiméirí
  • Úsáideoirí a seirbhíse
  • Aon duine a bhfuil tionchar ag a seirbhís orthu

Baineann Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine leis an eagraíocht iomlán. Is freagracht leanúnach é ba cheart a bheith mar chuid de phlean straitéiseach an chomhlachta phoiblí.

Chun a n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, ní mór do chomhlachtaí poiblí:

  1. Measúnú a dhéanamh ar na saincheisteanna um chearta an duine agus comhionannas a chreideann sé a bhaineann lena fheidhmeanna
  2. Aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo, agus cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo ina phlean straitéiseach
  3. Tuairisciú a dhéanamh ar fhorbairtí agus ar dhul chun cinn

An dlí agus na comhlachtaí a mbaineann sé leo

Leagtar amach an dualgas in alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014. Luaitear ann go gcaithfidh comhlacht poiblí, le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, aird a thabhairt ar an ngá atá ann:

  • an t-idirdhealú a dhíchur
  • comhionannas deiseanna agus córa dá fhoireann agus do na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chur chun cinn, agus
  • cearta an duine atá ag a chomhaltaí a chosaint• cearta an duine atá ag a chomhaltaí a chosaint

Baineann an Dualgas le feidhmeanna uile an chomhlachta phoiblí. Mar shampla, baineann sé le fostú foirne, soláthar seirbhísí, seirbhísí corparáideacha, deontas a dhámhachtain agus seirbhísí a sholáthar.

Comhlachtaí Poiblí

Baineann an dlí le raon leathan eagraíochtaí, lena n-áirítear:

  • Ranna Rialtais
  • Údaráis Áitiúla
  • FSS
  • Ollscoileanna agus coláistí teicniúla
  • Boird Oideachais agus Oiliúna(BOOanna)
  • Aon eagraíocht eile a bhunaítear faoi reacht nó faoi scéim arna riar ag aire rialtais
  • Cuideachtaí arna maoiniú ag roinn stáit, faoi chumhachtaí a thugtar don Aire faoi reacht
  • Cuideachtaí ina bhfuil tromlach na scaireanna i seilbh an Rialtais

An Dualgas um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chomhlíonadh

Is é an chéad chéim do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Dualgas um Chomhionannas agus Cearta an Duine measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna ar bith atá ag daoine a úsáideann a seirbhís, agus a fhoireann, maidir le cearta an duine agus comhionannas.

Measúnú

Molann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas gur cheart do chomhlachtaí poiblí na nithe seo a leanas a bhreithniú agus an measúnú á dhéanamh acu:

  • Cén reachtaíocht um chomhionannas agus cearta an duine is ábhartha d’fheidhmeanna agus do chuspóir na heagraíochta?
  • Conas a thomhaiseann d’eagraíocht a tionchar?
  • Cad atá ar eolas ag d’eagraíocht faoina húsáideoirí seirbhíse, maidir leis na 9 bhforas faoi chosaint sa dlí comhionannais?
  • Cad iad na tionscnaimh atá i bhfeidhm san eagraíocht cheana féin chun tacú le cearta an duine agus comhionannas?
  • Cad iad na saincheisteanna um chearta an duine agus comhionannas is gá tús áite a thabhairt dóibh le haghaidh gníomhaíochta?

Aghaidh a thabhairt

Is é an dara céim ná beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna comhionannais agus cearta daonna a sainaithníodh sa mheasúnú. Ba cheart na gníomhaíochtaí a chomhtháthú i bplean straitéiseach na heagraíochta.

Tuairisciú

Is é an tríú céim ná tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na heagraíochta ar bhealach atá inrochtana don phobal. Molann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas go nglactar cur chuige bunaithe ar fhianaise maidir le tuairisciú, agus ba cheart tuairisciú a dhéanamh i gcomhairle leis an bhfoireann agus le húsáideoirí seirbhíse.

Ról Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

treoir curtha ar fáil ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas maidir le conas an Dualgas a chur i bhfeidhm.

Má cheapann an Coimisiún sé go bhfuil ag teip ar chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh i gcomhréir le Dualgas um Chomhionannas agus Cearta Daonna na hEarnála Poiblí, féadfaidh sé na bearta seo a leanas a ghlacadh:

  • Cuireadh a thabhairt don chomhlacht poiblí athbhreithniú a dhéanamh nó
  • Plean gníomhaíochta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm don chomhlacht poiblí sin maidir lena oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh

Féadfaidh sé ceachtar de na céimeanna thuasluaite nó iad araon a ghlacadh.

Cearta an Duine

Is iad cearta an duine na bunchearta uilíocha a bhaineann le gach aon duine, beag beann ar chine, gnéas, náisiúntacht nó stádas ar bith eile. Áirítear leo cearta sibhialta agus polaitiúla amhail an ceart chun na beatha nó an ceart chun trialach cothrom, agus cearta eacnamaíocha agus sóisialta, amhail an ceart chun oibre agus an ceart chun oideachais.

Níl cearta iomlána iad cuid de chearta an duine. Ciallaíonn sé seo gur féidir iad a theorannú de réir an dlí.

Tá cearta an duine leagtha amach sa dlí. In Éirinn, tá cearta an duine cosanta ag:

  • Bunreacht na hÉireann agus dlíthe náisiúnta a chosnaíonn cearta an duine
  • An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine
  • An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
  • Conarthaí na Náisiún Aontaithe atá daingnithe ag Éirinn

Bunreacht na hÉireann

Caithfidh gach píosa reachtaíochta a ritheann an tOireachtas (parlaimint na hÉireann) a bheith i gcomhréir le Bunreacht na hÉireann. Leagtar amach sa Bhunreacht roinnt cearta bunúsacha lena n-áirítear:

  • An ceart chun na beatha
  • Comhionannas faoin dlív
  • Ceart chun triail chóir a fháil
  • Ceart chun saoirse
  • Saoirse cainte
  • Saoirse comhthionóil agus comhlachais
  • An ceart chun nósanna imeachta cothroma

An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR)

Bhí Éire ina ball bunaidh de Chomhairle na hEorpa agus tá an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine sínithe aici. Tá Éire tar éis ECHR a chur ar bhonn reachtúil freisin tríd an Acht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 2003.

Is féidir le cúirteanna na hÉireann a dhearbhú go bhfuil dlíthe ar neamhréir leis an ECHR, ach ní féidir leo a dhearbhú go bhfuil an dlí neamhbhailí ar an gcúis seo.

Má sháraíodh do chearta ECHR, féadfaidh tú cás a thabhairt chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin tar éis na gcéimeanna dlíthiúla ar fad atá ar fáil in Éirinn a ghlacadh.

An Chairt um Chearta Bunúsacha

Tugann an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le chéile na saoirsí agus na cearta pearsanta is tábhachtaí atá ag saoránaigh an AE in aon doiciméad amháin atá ceangailteach ó thaobh dlí. Fógraíodh an Chairt in 2000, agus tháinig sí i bhfeidhm i mí na Nollag 2009 in éineacht le Conradh Liospóin.

Tá an chumhacht dhlíthiúil chéanna ag an gCairt agus atá ag Conradh AE. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé níos láidre ná dlí baile na hÉireann. Ní bhaineann sé, áfach, ach amháin nuair atá comhlachtaí Éireannacha (go háirithe Rialtas na hÉireann) ag cur dlí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm.

Conarthaí na Náisiún Aontaithe

Tá Éire ina ball de na Náisiúin Aontaithe agus dhaingnigh sí roinnt conarthaí de na NA um chearta an duine, lena n-áirítear:

  • An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla
  • An Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir (ICESCR)
  • Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (CERD)
  • An Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW)
  • Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach (CAT)
  • An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh
  • An Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD)

Comhionannas

Cuireann dlí na hÉireann cosc ar idirdhealú trí na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann faoi 9 bhforas cosanta. Is iad sin:

  • Inscne
  • Stádas sibhialta
  • Stádas teaghlaigh
  • Gnéaschlaonadh
  • Míchumas
  • Cine, náisiúntacht san áireamh
  • Creideamh, lena n-áirítear a bheith gan reiligiún
  • Duine den Lucht Siúil

Cosnaíonn an tAcht um Stádas Comhionann in aghaidh idirdhealú maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí. Chomh maith leis na forais chosanta thuasluaite, cuireann an tAcht um Stádas Comhionann cosc freisin ar idirdhealú i gcoinne daoine a fhaigheann Forlíonadh Cíosa nó Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus iad ag lorg cóiríochta.

Tuilleadh eolais

treoir mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta Daonna curtha ar fáil ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionanna.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Iúil 2023