Daonáireamh

Réamhrá

Is éard atá sa daonáireamh ná comhaireamh mionsonraithe ar gach duine atá ina chónaí in Éirinn ar dháta áirithe.

Déantar é gach 5 bliana agus is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a dhéanann é. Rinneadh an daonáireamh is déanaí in 3 Aibreán 2022.

Faoin Acht Staidrimh, caithfidh gach duine sa Stát an fhoirm daonáirimh a chomhlánú nó a bheith cuimsithe ar an bhfoirm daonáirimh.

Cén fáth a mbíonn daonáireamh ann

Deimhníonn an daonáireamh daonra an Stáit. Cuidíonn sé leis an Rialtas freisin maidir le pleanáil a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear seirbhísí poiblí ar fáil do mhuintir an Stáit.

Cuimsíonn an fhoirm ceisteanna ar ábhair mar shampla aois, stádas pósta, gnéas, áit bhreithe, gairm bheatha agus reiligiún. Úsáidtear na torthaí ansin chun bonneagar a phleanáil i seirbhísí cosúil le hiompar poiblí, cúram sláinte, tithíocht agus oideachas. Úsáideann údaráis áitiúla faisnéis daonáirimh chun éileamh ar a gcuid seirbhísí agus áiseanna a thuar.

Braitheann líon na suíochán i nDáil Éireann ar thorthaí an daonáirimh freisin. Faoin mBunreacht, ní mór TD a bheith ann do gach 20,000 go 30,000 duine. Tar éis gach daonáirimh cuirtear Coimisiún Toghcheantair ar bun chun dáilcheantair Dháil Éireann agus Pharlaimint na hEorpa a mheas.

Conas a dheantar an daonáireamh

Seachadann foirne áiritheoirí, nó maoirseoirí, foirm daonáirimh chuig gach teaghlach sa Stát roimh oíche an daonáirimh. Seachadtar foirm freisin ag aon réadmhaoin ina bhféadfadh duine a bheith inti oíche an daonáirimh.

Áirítear leis seo:

  • Óstáin
  • Tithe Aíochta
  • Ospidéil
  • Longa

Oíche an daonáirimh, caithfidh duine amháin i ngach teaghlach nó réadmhaoin gach duine atá i láthair a chomhaireamh agus an fhoirm daonáirimh a chomhlánú. Cuimsíonn sé seo cuairteoirí oíche agus iad siúd nach gcónaíonn ann de ghnáth. Ní mór dearbhú ar gach foirm a shíniú freisin.

Mura mbeidh aon duine i láthair ar an oíche, cuir do áiritheoir ar an eolas le do thoil agus tabharfaidh siad Foirm E duit le comhlánú. Tá an fhoirm ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Tá faisnéis faoin daonáireamh ar fáil i dteangacha eile agus tá leaganacha inrochtana den fhoirm ar fáil má tá siad ag teastáil uait.

Tar éis oíche an daonáirimh, fillfidh na háiritheoirí chun na foirmeacha comhlánaithe a bhailiú.

Tá an t-eolas uile a thugtar i ndaonáireamh faoi rún agus ní féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh é a úsáid ach chun críocha staidrimh. Ní thaifeadtar d’ainm ná do sheoladh ar aon bhunachar sonraí ríomhaire agus ní féidir le haon eagraíocht eile an t-eolas a rochtain.

Torthaí an daonáirimh

Eisíodh torthaí achoimre dhaonáireamh 2022 i mBealtaine 2023. Fuarthas amach gurbh é daonra na hÉireann ná 5,149,139. Ba mhéadú 8% é seo ar dhaonáireamh 2016.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar thorthaí daonáirimh roimhe seo, tabhair cuairt ar Láithreán Gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Daonáireamh 2022

Tharla an daonáireamh is déanaí in Éirinn ar an 3 Aibreán 2022. Bhí sé seo bliain níos déanaí ná mar a bhí beartaithe mar gheall ar COVID-19.

Tar éis próiseas comhairliúcháin agus suirbhé píolótach, d’fhógair an Phríomh-Oifig Staidrimh go dtabharfaí isteach ocht gceist nua don chéad daonáireamh eile.

Bainfidh siad le:

  • Foinsí fuinnimh in-athnuaite
  • Rochtain ar an Idirlíon agus gléasanna
  • Aláraim deataigh
  • Caitheamh tobac
  • Obair ón mbaile
  • Obair Dheonach
  • Cúram Leanaí
  • Taisteal abhaile ón obair, ón scoil nó ón gcoláiste

Aontaíodh athruithe freisin ar 25 cheist faoi mhíchumas, grúpaí eitneacha, reiligiún agus an Ghaeilge atá ann cheana.

Áiríodh leis an daonáireamh in 2022 ceist ‘taisceadán todhchaí’ roghnach don chéad uair. Chuir sé seo ar chumas an phobail teachtaireacht rúnda dá rogha féin a scríobh a stórálfar go slán ar feadh 100 bliain.

Tuilleadh faisnéise agus teagmhálacha

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Fiosrúcháin an Daonáirimh

An Phríomh-Oifig Staidrimh

An Phríomh-Oifig Staidrimh
Bosca PO 2016
Saorphost F4726
An Sord
Co. Átha Cliath
K67 D2X4

Lóghlao: 0818 202204
Láithreán Gréasáin: https://www.census.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Meán Fómhair 2023