Billí na mBall Príobháideach

Réamhrá

Billí a bhíonn i gceist le gach togra do dhlíthe nua i dtosach. Caithfear an bille a rith sa Dáil agus sa Seanad (dhá Theach an Oireachtais – Parlaimint na hÉireann) sular féidir leis an Uachtarán an bille a shíniú isteach sa dlí.

Nuair a shíníonn an tUachtarán é, déantar Acht den Bhille agus cuirtear é leis an Leabhar Reachtanna.

Cuireann Aire Stáit (Billí Rialtais) nó TD nó Seanadóir nach cuid den Rialtas (Billí Comhalta Phríobháidigh) iad tús le billí.

Cad is Bille Comhalta Phríobháidigh ann?

Bille é Bille Comhalta Phríobháidigh a gcuireann aon bhall de ceachtar teach an Oireachtais (an Dáil nó an Seanad) tús leis, gan aird ar a gcleamhnú polaitiúil.

Ní féidir le haon bhall den Rialtas, Aire Stáit, Ard-Aighne nó ceannaire an Tí sa Seanad tús a chur le Bille Comhalta Phríobháidigh.

Cosúil le Billí Rialtais, caithfear an Bille Comhalta Phríobháidigh a rith in dhá Theach an Oireachtais. I gcleachtas, is minic go gcuireann an Rialtas in aghaidh Billí Comhaltaí Príobháideacha, agus is annamh, dá bharr, go ndéanfar reachtaíocht de Bhille Comhalta Phríobháidigh. Is amhlaidh atá seo mar gheall go bhfuil smacht ag an Rialtas ar an tromlach sa Dáil agus sa Seanad agus gur féidir leis vóta a chaitheamh in aghaidh an Bhille i ndiaidh gur cuireadh tús leis.

Cuireann baill den Oireachtas tús le Billí Comhaltaí Príobháideacha, amanna, le haird a tharraingt ar shaincheist nó le díospóireacht phoiblí a dhíriú ar bhearna sa dlí.

Is féidir níos mó a léamh faoi Bhillí agus conas a thosaítear agus a dhéantar díospóireacht ar reachtaíocht.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Márta 2022